mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Tírghrá « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seimi
Member
Username: Seimi

Post Number: 2
Registered: 08-2008
Posted on Sunday, August 17, 2008 - 05:51 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ceist a chloiseann muid go minic.
An bhfuil ár tírghrá marbh? An bhfuil an spiorad naisiunach hÉireannach imithe ar strae? Ceapaim go bhfuil. Tá an suim gus an dilseachtas sin imithe amach as chligeann daoine hEireannach.. I mo thuraim ta orainn ar aislingi ársa a togain amach aris, tá ár cultúir ag meath.

Cad a cheap sibh fé an stait a bhfuil ar cultuir gus cada le deanamh againn sa todhchai?

(Message edited by seimi on August 17, 2008)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 61
Registered: 06-2008
Posted on Monday, August 18, 2008 - 12:24 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níl éinne ag tabhairt aon aird ort a Shéimí.

Níl a dhath athraithe is ní athróidh a dhath. Bhí an saol mar a bhí, tá an saol mar a bhí is beidh an saol mar a bhí agus is iontach mar a bhíodh an saol ag athrú, is iontach mar a athraíonn an saol chuile lá agus is iontach mar a athróidh an saol arís ar ais!

Síleann a leath den saol go bhfuil an saol ag athrú agus síleann an leath eile nach bhfuil athrú an tsaoil ag athrú! Mar san a bhí, a tá agus is mar san a bheas.

Bíodh an diabhal ar mo chuidse fealsúnachta ansan a Shéimí - is tábhachtaí ná san a rá leat: tá fáilte romhat isteach ar an gclár so!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 844
Registered: 11-2004


Posted on Monday, August 18, 2008 - 01:35 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níl aon rud ann nach n-athraíonn ach an t-athrú féin mar rud.

Is iomaí duine (go háirithe ar an eite clé agus mar sin san Eoraip) a cheapann nach bhfuil aon chúis ann le náisiúin níos mó, go mbeadh sé ní b'fhearr dá mbeadh rialtas idirnáisiúnta i bhfeidhm (sin a rá, iadsan). Mar sin, an bhfuil aon tírghrá ann áit ar bith, dar lena leithéid? Nós seanfhaiseanta is ea é, ceaptar.

Táim den tuairim nach bhfuil an ceart ag a leithéid. Tá grá agam do mo thírse, agus tá súil agam go bhfuil ag an móramh fós in Éirinn. Ach níl aon fhios agam...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7389
Registered: 08-2004


Posted on Monday, August 18, 2008 - 02:37 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Rinne Eoin Pól II, ina leabhar, "Cuimhne agus Féiniúlacht" idirdhealú thábhachtach - idir "náisiúnachas" a chuireann náisiún an náisiúnaí fhéin chun cinn ar aon dream eile, agus "tírghrá", a éilíonn na cearta céanna do gach náisiún.


Is dóigh liom go bhfuil an saol ag éirí níos casta, agus is beag stát anois arbh ionann críocha an stáit agus críocha náisiún ar léith - má bhí sé riamh amhlaidh.

Agus iarmhairtí diúltacha ar choimhlint na náisiún, mar a chonaic muid i Seoirsia ar na mallaibh...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 62
Registered: 06-2008
Posted on Monday, August 18, 2008 - 04:28 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An grá tíre, sea. Is spéisiúil an dealú san. Dhealaigh Ó Conghaile an náisiúnachas ina dhá leath:
náisiúnachas an chos ar bolg agus náisiúnachas an éirí amach agus mhaígh sé, más cruinn mo chuimhne, go raibh gnéithe den dá chineál in gach éinne againn.

Cibé ar bith faoi na teoiricí, is dóigh liom nach gá ach an screamh a scríobadh le feiceáil go bhfuil meas ag gach dream daoine ar fhód a ndúchais.

Bhraith duine amháin abhus gur athraigh an tír seo as cuimse lena linn:

Ní hí an Éire seo a bhí in anallód ann
ach Éire lucht Béarla is beadaíocht Gall.

B'fhéidir go bhfaca an duine sin an iomarca claochlaithe lena linn agus d'admhódh gach duine againn gur mór an t-athrú é an t-athrú teangan. Is dóigh liom go sníonn comhbhá nó mothú na meithle faoin dromchla in amanna is go n-imíonn tuairim is dearcadh de leataobh trí chlann dearthár nó deirféar in áit a ghabháil díreach síos ó ghlúin go glúin. Is sinne na daoine a chuaigh romhainn go bunúsach fós féin:

.. Crot a athar thalmhaí,
do shúil ghrinn is léir,
ag teacht ar gach fear
atá i meán a laethe,
a chneadaíonn a shlí chun suíocháin
i mbus tar éis a dhinnéir ... - M. Ó Direáin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seimi
Member
Username: Seimi

Post Number: 3
Registered: 08-2008
Posted on Monday, August 18, 2008 - 04:56 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níol huile suim ag tromlach na hÉireann a chuid féiniúlacht a chomead go láidir. Níl ár cultúir ag athrú i gceart, tá cultuirí ach ag tógaint a chuid áit i saol na Gaeil.
I dtosach, caithfaidh mé a rá mo sainiú fén téarma seo. Cad is brí le "Tírghrá"?

Deannann biogóidí comhpháirteach idir tírghrá agus an pholaitíocht. Gus go mór mhór cogadh nó buammaí, gan deabht is bréag é sin. Déanann daoine eile comparaid idir tir ghra agus a bheith brodúil as ár tír dúchasach. Ach is cura amú é sin. Níl aon phointe duine hEireannach a bheith brodúil mura rud é go bhfuil na rudai seo i leanas láidir agat;

féiniúlacht, eolas fé do chuid cultúir agus TEANGA.

is fíor go bhfuil na rudai seo imithe inniu. Ceapaim nach bhfuil fhios ag daoine inniu fé a chuid stair. An tslí a bhfuil an rialtas ag chuir ár teanga chun cinn, chureann sé náire orm. Ta politeorí fimíneach againn,múineann siad an Ghaelainn dúinn le treise lámh, gus ag gearán fé daoine nach bhfuil ag déanamh iarracht ár gcultúir a chomeaid, ach níl aon fadhb acu bóthar a cruitaigh i lár ceann de na háiteanna is tábhactach sa Inis seo (Teamhair na Rí)

(Message edited by seimi on August 18, 2008)



©Daltaí na Gaeilge