Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4103 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, August 15, 2008 - 01:26 pm: | |
Tá mé ag dul i dtaithí ar theanga nua: Centigrade. Tá mé i dteagmháil rialta le cairde sa Fhrainc, san Eastóin, sa Spáinn agus in Éirinn. Ní thuigeann siad cad is 75ºF ann. Ní thuigeann éinne ar domhan cad is Fahrenheit ann -- ach muide, na Meiriceánaigh (agus lucht Bhelize, de réir Wikipedia). Ach tuigeann mo chairde uilig 24º gan stró. Is muide, na Meiriceánaigh, atá as céim leis an gcuid eile den chine daonna lenár gcuid tomhas ársa. Dála an scéil, deir réamhaisnéis na haimsire go rachaidh an teocht suas go 32º inniu. Tá sé sin i bhfad ró-the! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Nach ea? (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, August 15, 2008 - 05:12 pm: | |
Celsius faoi dho agus 30 leis sin Farenheit. 32 + 32 = 64 + 30 = 94/ró-the! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4107 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, August 15, 2008 - 08:46 pm: | |
Go raibh maith agat as an algartam / foirmle sin! (Cén focal atá ceart sa chomhthéacs seo?) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, August 16, 2008 - 06:03 am: | |
Táim chomh sean sin gur cuimhin liom an tráth nach mbíodh ach ach °F in úsáid in Éirinn. Bhíodh pinginí móra donna agus gnúis bhanríon an ghorta buailte orthu in úsáid an tráth sin chomh maith. Má fheictear cloigeann ríoga ar bhonn airgid na laethanta seo, is é Juan Carlos de Borbon a bheidh i gceist níos dóichí ná a mhalairt. Is mór idir na haimsirí. Seo í an fhoirmle chruinn mar a múineadh dom ar scoil í: (°F x 1.8) + 32 = °C Mar shampla, seo é pointe reoite an uisce: 0 °C = (0 x 1.8) + 32 = 32 °F Agus seo é pointe fiuchta an uisce: 100 °C = (100 x 1.8) + 32 = 212 °F |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, August 16, 2008 - 06:07 am: | |
Tá brón orm, bhí an 'C' agus an 'F' droim ar ais agam. Seo é an leagan ceart: (°C x 1.8) + 32 = °F |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4109 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, August 16, 2008 - 11:49 am: | |
quote:Má fheictear cloigeann ríoga ar bhonn airgid na laethanta seo, is é Juan Carlos de Borbon a bheidh i gceist níos dóichí ná a mhalairt. Tá Euro amháin ar a laghad ann a bhfuil ceannaithe Homer Simpson forshuite ar aghaidh an rí! http://uk.reuters.com/article/oddlyEnoughNews/idUKL872708020080808 "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|