Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 40 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, August 12, 2008 - 08:42 am: | |
Gach bh'fhéidir níos fearr ná a chéile gur ghoill an snáithe Béarla thall ar Asarlaí le gur thug sé an sonc lena 'sorry orm'. Tuigim dó. Ní dóigh liom gur airigh an dream a bhí ag scríobh i dtaobh an oileáin chéanna nár mhaise do éinne é duine ar oileán nó ar tír mór a chur i bprofadán is a iniúchadh mar le líofacht i dteanga seachas a chéile, gan trácht ar ainm an oileáin Ghaeltachta a thraslitriú go Béarla nó go teanga ar bith eile mar ba rogha leo féin. Fágtar nósanna tomhas géige, tomhas cloiginn agus altanna ar visiting husbands leis an Royal Society for Measuring the Insular Celtic Natives nó a leithéid sa chéad so caite. |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7359 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 12, 2008 - 10:24 am: | |
Fós fíor, faraor...: Tabhair a dhóthain den ardléann do Ghaeilgeoir agus ní Gaeilgeoir a thuilleadh é ach SCOLÁIRE. Agus, a chairde mo chléibh, is iontach na héanacha iad na scoláirí nuair a bhaineann siad amach beanna arda an léinn mhóir. Tugann siad gráin don uile fhocal den teanga Ghaeilge ach na focla a bhfuil seacht sreama na seanaoise orthu. Níl canúint is fearr leo ná an chanúint atá marbh le céad blian. Bíonn a chanúint fhéin ag gach duine acu agus murar féidir leat í sin a labhairt leo go clocharach pislíneach mar is dual labhróidh siad Béarla leat. Bíonn Béarla an-bhreá acu go hiondúil. Le fírinne agus leis an gceart bíonn sé acu chomh maith nó níos fearr ná an Ghaeilge féin. Béarla gan chanúint a chleachtan siad, rud a chuireann ar a gcumas labhairt le formhór chuile Bhéarlóir. Buntáiste mór é seo gan dabht. Breandán Ó hEithir, Feabhra 1958 |