Meon na mBan
Is clár é Meon na mBan a bhfuil sé pháirt leis atá á dhéanamh ag WADDELL MEDIA faoi choinne TG4 a mbíonn ag scrúdú ábhar éagsúla a bhaineann le mná ag am amháin nó ag am eile. Déanfaidh na téamaí, mar shampla; grá, pósadh, caidrimh, áilleacht, airgead, colscaradh, bainis, dul faoin scian agus slí bheatha s’acu mar aon le scéalta láidre tagairt do ghnáthshaol na mban sa lá atá inniu ann.
Tá muid ag cuartú ban atá sásta a gcuid scéalta féin a insint a bheadh suimiúil do dhaoine eile, go háirithe do mhná eile.
Beidh dhá scéal á chlúdach againn i ngach clár agus maróidh siad seo 4 bhómaite an cheann. Le linn an chuid eile den chláir, beidh muid ag díriú isteach ar mhná a bhfuil clú agus cáil orthu agus ag fáil amach cad é a mbarúil faoi na fíorscéalta a bhaineann leis na téamaí áirithe atá sa chlár sin.
Beidh muid ag cur liosta scéalta le chéile agus beidh TG4 ag roghnú na cinn is cumhachtaí acu.
Is iad seo na téamaí a bheidh á bplé again;
∑ Mná agus Caidrimh
∑ An Bhean Singilte
∑ Mná agus a Slí Bheatha
∑ Mná agus Sláinte
∑ Mná agus Íomhá Coirp
∑ Mná agus Baniseacha
Tá muid ag cuartú ban le páirt a ghlacadh sa chlár, mná suntasacha a bhfuil barúlacha láidre acu ar na téamaí agus a bhfuil táithí acu ar na hábhair cuí.
Mar shampla: Bean áirithe atá ag cuartú fir go trean nó bean atá sásta nach bhfuil fear aici, nó atá sásta lena post agus sásta léi féin!
Tá an sraith seo ag iarraidh mianta na mban sa lá atá inniu ann a nochtadh. An bhfuil muid ag dúil le barraíocht ó na mná? An bhfuil siad sásta lena gcuid agus muna bhfuil cad é atá de dhíth orthú? Níl aon ábhar coiscthe anseo- collaíocht, éad, dul faoin scian, caidrimh na mban. Tá muid ag iarraidh ban a léiriú ar an dóigh is oscailte le taispeáint cad é go díreach a shíleann siad.
labhair liom ar 04890 624802