Author |
Message |
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 33 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, July 31, 2008 - 07:27 am: | |
Faoi láthair. Fear na Liotuáine, Róman, tá sé ar chlár as Ball na nGall faoi láthair. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7307 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 31, 2008 - 08:32 am: | |
Cén clár? Seans go mbeadh podchraoladh ann dúinne nach bhfuil gar do radio nó foinse fuaime. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 34 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, July 31, 2008 - 10:05 am: | |
B'fhéidir é. An Saol ó Dheas a bhí ann a Aonghuis. 12:08 An Saol o Dheas Clar irise, a chur i lathair o Bhaile na nGall ag Micheal O Se. Labhair sé go maith, bail ó Dhia air. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7308 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 31, 2008 - 10:33 am: | |
Bhuel, níl sé ann fós ach ba cheart go mbeadh ar ball - anseo: http://www.rte.ie/radio1/podcast/podcast_ansaolodheas.xml |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 35 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, July 31, 2008 - 12:38 pm: | |
Ana-mhaith a Aonghuis. Beidh ionadh air féin nuair a bhuailfidh sé isteach anso ar shuíomh Dhaltaí agus a ghuth féin a bheith le clos ann roimhe. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7310 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 31, 2008 - 02:47 pm: | |
Ann anois: quote:Romanus Bulatovas ón Liotuáin ó dhúchas & an Teachta Dála Máire de Faoite, Beirt atá ag freastal ar chúrsa Gaeilge le hOidhreacht Chorca Dhuibhne. Píosa ceoil ó Rose Halsall & Gearóid Ó Croimín |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7312 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, August 01, 2008 - 06:02 am: | |
D'éist mé leis an gclár ar maidin ar an mbus. Do labhair an "tOllamh" Romas go fíor mhaith, bail ó Dhia air. Deacair a chreidiúnt nach bhfuil sé ag dul don Ghaolainn ach le dhá bhlian. Níos deacra fós glacadh leis gur baincéir é! Tá sé an Teachta Faoiteach in áit na leathphingine. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 37 Registered: 06-2008
| Posted on Friday, August 01, 2008 - 06:31 am: | |
Is cliste an buachaill é an fear céanna, tá mé a rá leat. Cé go ndeachaigh sé leis an mbaincéireacht, bhraitheas air go bhfuil a chroí áit éigin sa teangeolas níos mó ná aon ní. Nuair a dhéanfaidh sé cúpla milliún dó féin is nuair a bheas bun faoi, b'fhéidir go mbainfeadh sé a fhaic amach as an ábhar is rogha leis an t-am san. |
|