mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Dhá ní. « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 1
Registered: 06-2008
Posted on Thursday, July 17, 2008 - 07:09 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An dá ní:

1. Togha na Gaeilge a bheith ag Abigail, mar is léir ar phost dá cuid amuigh ar thaobh an Bhéarla. Is iontach an rud é.

2. Is réidh stiall de chraiceann an duine eile acu amuigh ar an taobh eile chomh maith, más leideadh ar bith an tslí gur tugadh sonc an tsloinne ghallda do Thomás bocht. Is measa an sonc san ná soncanna na dornála féin!
Tá an saol róghearr. Ní fiú a bheith le cur is cúiteamh den chineál san, measaim. Is é for agus fónamh cuid den dream san amuigh ar thaobh an Bhéarla, mo léan, cuid agaibh a choinneáil leis an mBéarla ar eagla go n-éireoidís féin uaigneach i bhur ndiaidh!

Ní miste a rá, go gcuireann sé ionadh orm gur éirigh le hAbigail oiread den teanga a thabhairt léi in achar chomh gairid. Ní hé gur cruinn ceart í ina cuid Gaeilge faoin am so. Bhí an pointe sin sroichte aici faoi am an Oireachtais anuraidh, ach tá sí imithe chomh fada anois leis an teanga go bhfuil sí ag roghnú idir dulanna cainte den scoth. Ba léir dom an méid sin deich mbomaite ó shoin nuair a léas ceann de na poist dá cuid amuigh thall anocht.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 2
Registered: 06-2008
Posted on Thursday, July 17, 2008 - 07:18 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An méid a scríobh sí:

Posted on Thursday, July 17, 2008 - 12:32 pm:
Níor mhó mo mhuinínsa i ngramadóir de chuid Mhicreabhog ná i bhfoclóir oirirc Ocsfoird, ach gach neach ar a chomhairle féin mar a deirtear.

Maidir le focla Gaeilge, tá an dá shórt ann, agus táid ann a bhí ina n-ainmfhocail toirt fadó is nach bhfuil anois: "eachtra" agus "glasra" na samplaí is túisce a ritheann liom.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 793
Registered: 06-2006


Posted on Friday, July 18, 2008 - 10:53 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is ea, tá seanfhocal ag muintir Mheiriceá faoi iomrascáil le muic...

Tá tú ró-chineálta ar fad - ach cogar mé seo, cén dul cainte sa bpost sin ar thóg tú ceann de ar chor ar bith? Níor mhiste dom a leithéid a chur i dtaisce, 'dtuigeann tú, ar fhaitíos go dtabharfaí orm an Ardteist a dhéanamh anseo amach nó rud! Tá an sliocht seo thuas léite agam in athuair áfach agus caithfidh mé a rá nach n-airím féin ann ach gnáth-Ghaeilge faoi mar a scríobhfadh éinne.

Tá mo chaisleán á thógáil agus beidh go brách, ach airím go bhfuil dúshraith anois faoi, agus oiread den bhunurlár tógtha is go mb'fhéidir liom dul chun cónaí ann.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 3
Registered: 06-2008
Posted on Friday, July 18, 2008 - 07:32 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

.... i bhfoclóir oirirc Ocsfoird,

- Ní rómhinic a chloisim/fheicim 'oirirc' agus is deas mar a réitigh sé le 'Ocsfoird'. Léirigh ginideach Ocsfoird an díograis a thugann droim láimhe do neamhchlaonadh an fhocail iasachtaigh le hinfhilleadh. Déanann cuid againn é. Infhillimid na focail sin nuair is mian linn.


... gach neach ar a chomhairle féin mar a deirtear.

- A bheith in ann tarraingt as tobar na cainte, na litríochta, na hamhránaíochta srl.
'Gach neach mar a oiltear é is an fhuiseog in san mhónaidh' a bhí ag Sinéad Nic Mhaongail ina hamhrán diamhair, 'Ceol Loch Aoidh'.


... táid ann a bhí ina n-ainmfhocail toirt ...

- An-spéisiúil. Chomh maith leis an bhfoirm tháite den bhriathar, tá 'ina' agat. Cloisim agus feicim tuairisceoirí ag inseacht dúinn go bhfuil 'X mar uachtarán'. Ní hionann is a ra gurb é X an tUachtarán. Is uachtarán mar dhea é X!
An ghné a dhealaíonn do chuid Gaeilge le go leor eile, measaim, is é 'toirt' in áit na haidiachta, 'toirtiúil'. - Is cuma liom litir fánach ar fán. Is teanga í an Ghaeilg a bhfuil luiteamas láidir aici leis an ainmfhocal - a nominally inclined language. Tá sí sa dúshraith agat, mar a deir tú, is níl aon amhras orm ach go mbeir ag spraoi léi feasta.

Cibé slí a rinne tú é, sin é an tslí is inmholta don duine eile atá ag foghlaim as féin i dtír thar lear. Tá sé aimsithe agat. B'fhiú staidéar a dhéanamh ar an gcaoi a rinne tú é!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Tomás_Ó_hÉilidhe
Member
Username: Tomás_Ó_hÉilidhe

Post Number: 56
Registered: 05-2008


Posted on Friday, July 18, 2008 - 09:34 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Thabharfainn freagra ach ní féidir liom codanna a thuiscint, tá an friotal róchasta dom.

(Message edited by Tomás_Ó_hÉilidhe on July 18, 2008)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 4
Registered: 06-2008
Posted on Saturday, July 19, 2008 - 04:36 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní dóigh liom go gcamfar d'ainm ort ar an taobh abhus ar aon chuma a Thomáis. Tá fáilte romhat anall.

Ní minic a chloistear '... réidh stiall de chraiceann an duine eile ag ...' ar ndóigh. Ciallaíonn sé gur breá leo léasadh nó leadradh, nó 'drocham' mar a deir Gaeilg na linne, a thabhairt do dhuine eile ar mhaithe le spraoi éigin dóibh féin.

Is focal maith é an 'sonc' do fhear dornála.

Ritheann sé liom go mb'fhéidir corrdhuine ar nós Do Chinniúint a lua ar an taobh abhus mar atá déanta agam anois díreach agus d'fhéadfaidís aghaidh a thabhairt anall anseo lena gcuid luiteamais gramadaí a fhéachaint! - Rud ar bith lena mealladh go léir aníos as tóin an chupáin chaife.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Saturday, July 19, 2008 - 04:39 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Léirigh ginideach Ocsfoird an díograis a thugann droim láimhe do neamhchlaonadh an fhocail iasachtaigh le hinfhilleadh.


'Áth an Daimh' agus 'Droichead na Caime' (agus na hAspail i gceist) adeirtí le linn m'óige, an tan do bhíodar Gaedheil in Éirinn beo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 5
Registered: 06-2008
Posted on Saturday, July 19, 2008 - 04:52 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tuigim duit agus chuala is dúras féin a leithéid a Ghruimp, ach ghlacas Rhydychen (yr heniaith annwyl i mi) chugam féin le himeacht ama.

Cén taobh den domhan nó d'Oileán Iathghlas na Naomh a bhfuil tú féin ar maidin a Ghrumpy OF?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2453
Registered: 01-2005


Posted on Saturday, July 19, 2008 - 09:02 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Aibí, is cosúil go bhfuil an fear sin i ngrá leat ! :-)

Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Saturday, July 19, 2008 - 12:40 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Cén taobh den domhan nó d'Oileán Iathghlas na Naomh a bhfuil tú féin ar maidin a Ghrumpy OF?


Is é Maigh nEalta cois Life, idir Breágh agus Cuala, mo cheantar dúchais agus is ann atá cónaí orm.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 10
Registered: 06-2008
Posted on Saturday, July 19, 2008 - 02:44 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dá mbeinn i ngrá lenar mhol mé in imeacht na mblianta a Lughaidh, bheinn i ngrá leis na mílte.
Cén cineál aimsire atá agaibh i mBreizh? Déarfainn go bhfuil a ndóthain den bháisteach feicthe ag Dennis agus ag Róman, beirt de na Daltaí atá in Éirinn faoi láthair. Bheadh Róman siar as deisceart Laighean ar a bhealach go Corca Dhuibhne inniu is bheadh Dennis ar an Scoil Samhraidh i mBÁC go fóill.

Nach deas na hainmneacha sin. Maigh nEalta cois Life, idir Breagh agus Cuala.
An chaoi a bhfuil Éire, d'fhéadfadh duine den ainm Enda Coyne (Éanna Ó Cadhain) a bheith ag siúl na sráide i Maigh nEalta is a bheith dall ar an mbun céille a bhí leis an ainm. Bíonn an tÉireannach dall go minic ar a bhfuil ina sheoladh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 797
Registered: 06-2006


Posted on Saturday, July 19, 2008 - 04:42 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Hmph. Chuir mé na háiteanna seo thuas isteach in Google Maps agus thacht siad é. A Ghrumpy, an amhlaidh go raibh malairt ainm ar chuile cheard faoin spéir le linn d'óigese?

Lughaidh: Creidfidh mé ann nuair a fheicfeas mé bláthanna agus dreas filíochta scríofa uaidh. Go dtí sin ní chreidfidh. ;-) Óigemholadh atá ar siúl aige má tá rud ar bith.

- Ní rómhinic a chloisim/fheicim 'oirirc' agus is deas mar a réitigh sé le 'Ocsfoird'. Léirigh ginideach Ocsfoird an díograis a thugann droim láimhe do neamhchlaonadh an fhocail iasachtaigh le hinfhilleadh. Déanann cuid againn é. Infhillimid na focail sin nuair is mian linn.
Is ea... taom beag nósmhaireachta a bhuail mé, is dóigh (ach féach gur éirigh liom é a chloí tar éis ráitis amháin!) Tharla go bhfuil mé sáite isteach i gCín Lae Amhlaoibh faoi láthair agus is léir go bhfuil sé ag dul i bhfeidhm orm.

An ghné a dhealaíonn do chuid Gaeilge le go leor eile, measaim, is é 'toirt' in áit na haidiachta, 'toirtiúil'
Á! Grma as é a mhíniú dom, mar is cinnte nach ndéanfainn amach dom féin gur b'shin a bhí i gceist. Dar liom nach raibh sa méid sin ach gnáthchruinneas teanga - ciall eile ar fad a bhainfinn as "ainmfhocal toirtiúil" .i. lán béil d'fhocal.

Maidir le slí foghlama níl a fhios agam féin céard a rinne mé (nó "atá mé a dhéanamh") go baileach. Bhí múinteoirí den scoth agam le bliain go leith, ach taobh amuigh den scathamh sin ní á foghlaim-le-F-mór atá mé ar chor ar bith ach á tabhairt liom ar an iarach is ar an árach.

Ar aon nós, seo atá déanta agam: foghlaim asam féin seal go meidhreach fánach, cúrsaí a dhéanamh ina dhiaidh sin, agus teacht in inmhe léitheoireachta chomh luath in Éirinn is ab fhéidir dom. Bheith i mo léitheoir cíocrach ó shin i leith.

Tá sé chomh éagsúil sin ón ngnáthbhealach (togh canúint agus cloígh léi, togh téacsleabhar agus cloígh leis, caith dua is dúthracht is rúndaingne) gurb eagal liom é a mholadh le daoine, ach d'fhóin sé domsa.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 12
Registered: 06-2008
Posted on Saturday, July 19, 2008 - 06:36 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An léitheoireacht thar aon ní a rinne duit é, déarfainn, cé go bhfuil imeachtaí tábhachtacha eile, múinteoirí maithe, cúrsaí srl. luaite agat leis.

Is cuimhin liom gur inis taighdeoir foghlama dúinn, ag comhdháil roinnt blianta ó shoin, gur léirigh a raibh feicthe acu ina gcuid taighde go dtí sin, gur ghá don fhoghlaimeoir fásta focal úr a FHEICEÁIL is a THUISCINT 19 uaire éagsúla sula mbeadh sé greanta ina chuimhne. Leag sé béim ar an léitheoireacht agus mheas sé go raibh an-chuid de na foghlaimeoirí teanga millte ag tuairimí a leagadh amach do dhéagóirí céasta a bhí sáinnithe sa chóras oideachais.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Sunday, July 20, 2008 - 06:01 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Hmph. Chuir mé na háiteanna seo thuas isteach in Google Maps agus thacht siad é. A Ghrumpy, an amhlaidh go raibh malairt ainm ar chuile cheard faoin spéir le linn d'óigese?


Is ea go deimhin, táim mar Oisín i ndiaidh na Féinne.

Is ionann 'Maigh nEalta' agus an machaire lastuaidh den Life atá suite idir Páirc an Fhionnuisce thiar agus an fharraige ag Cluain Tairbh thoir. 'Denortsyd' a thugann an t-aos óg ar an limistéar sin anois. Ba cheantar é Breágh a chuimsigh tuaisceart Cho. Átha Cliath agus oirthear Cho. na Mí sula bhfuair na Lochlannaigh forlámhas ar Fhine Gall an lae inniu. Ba cheantar é Cuala a chuimsigh deisceart Cho. Átha Cliath agus tuaisceart Cho. Chill Mhantáin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 798
Registered: 06-2006


Posted on Sunday, July 20, 2008 - 01:41 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ah, go raibh maith agat. D'aithin mé Cuala (toisc go maireann sé sa leagan "Brí Chualann"), ach ní raibh tuairim dá laghad agam faoi Bhreágh nó Maigh nEalta.

An seaninscne neodrach atá i "Maigh nEalta", nach ea, fearacht "Sliabh gCua" agus "Loch nGarman"?

quote:

Is cuimhin liom gur inis taighdeoir foghlama dúinn, ag comhdháil roinnt blianta ó shoin, gur léirigh a raibh feicthe acu ina gcuid taighde go dtí sin, gur ghá don fhoghlaimeoir fásta focal úr a FHEICEÁIL is a THUISCINT 19 uaire éagsúla sula mbeadh sé greanta ina chuimhne.


Níl sé sin cloiste agam ach tá dealramh léi mar theoiric. Is é "Cré na Cille" an chéad leabhar Gaeilge a léigh mé agus is cinnte gur rinne an t-athráiteachas maith dom, raibiléirí agus scollacháin ghránna agus 'ba chríonna an té a déarfadh' greanta go glé glinn ar mo chuimhne ina dhiaidh. Is fíor freisin nach gcuimhním ar fhocal nua go deo mura féidir liom litriú a fheiceáil nó a shamhlú leis, ach ghlac mé leis i gcónaí gur m'inchinn féin a bhí lag sa méid sin.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 13
Registered: 06-2008
Posted on Monday, July 21, 2008 - 04:29 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is diabhalta an ráiteas é a Abigail, gurb 'é CnaCille an chéad leabhar a léigh mé'! Ábhar machnaimh do na sluaite nach ndeachaigh tríd an leabhar san go fóill. Ba fhurasta gach leabhar ina dhiaidh, d'fhéadfaí a rá, ach tá a fhios agam nach fíor an méid sin. Nuair a bhíos féin thar lear, thosaigh mé lena ghlanmhalairt de leabhar Polainnise. Leabhar do ghasúr ceithre bliana d'aois a bhí ann! A shliocht orm, tá Gaeilg agatsa is níl Polainnis agam féin.

Fear ar m'aithne as an tSúdáin, mhol sé leabhair ghasúir mar áis foghlama, tharla go bhfuil caighdeán leagtha amach dóibh de réir aoise, 4-6, 6-8 bl. is mar san. Nuair a bhí sé ar tí imeacht ón gcuntar leabharlainne le glac leabhar do ghasúir faoin ascaill aige lá amháin, dúirt an leabharlannaí leis go gcaithfeadh sé go raibh Gaeilge an-mhaith ag a chuid gasúr. Mheangaigh sé. Fear gorm a bhí ann agus b'fhéidir gur shamhlaigh an leabharlannaí nach mbeadh spéis aige féin sa teanga agus ar ndóigh, an gnáthdhearcadh faoin nGaeilg a bheith srianta don scoil amháin. Níor lig sé tada air féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 800
Registered: 06-2006


Posted on Monday, July 21, 2008 - 05:32 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dá dtuigfinn go raibh sé in ainm a bheith chomh deacair sin tá chuile sheans nach dtosóinn féin leis ach oiread! Ach níor thuig, agus bhí ag teip orm ciall a dhéanamh as na dlúthdhioscaí RTÉ den scéal toisc na cainte a bheith ró-scafánta ró-Chonamarach dom. (Le Gaeilge Uladh a bhí mé ag dul ar dtús.) Níor rud ba nádúrtha liom mar sin ná tabhairt faoin leabhar clóite. Bhí mé ag léamh corrailt de chuid Bheo nó Fhoinse cheana agus mar a dúirt mé níor tuigeadh dom gur dheacra é seo ná iad nó go raibh mé ceangailte ann.

Mar is eol duit féin níl CnaC chomh dubh deacair sin i ndáiríre, taobh amuigh de bheith an-chanúnach an-fhriotalach ar fad. Bhí i bhfad níos mó de dheacrachtaí agam le leabhra eile ina dhiaidh (gearrscéalta ó pheann an Chadhnaigh chéanna, cuirim i gcás) a bhí níos casta ó thaobh gramadaí de.

Nuair a thosaigh mé ar léitheoireacht na Gearmáinise le déanaí rinne mé de réir an ghnáthchomhairle: leabhar gasúir, leabhar don fhoghlaimeoir fhásta agus ansin gnáthleabhar (ach ceann a bhí léite agam cheana féin i mBéarla.) Tá sé ró-luath go fóill a rá an mbeidh an éifeacht chéanna leis.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7271
Registered: 08-2004


Posted on Monday, July 21, 2008 - 08:40 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Phioc mé suas sean leabhar áit éigin ag trácht ag Logainmneacha Chontae Áth Cliath mar atá anois, agus Maigh nEalta Éadair no leagan de a bhí mar theideal air.

Más féidir liom lámh a leagan air, scaoilfidh mé an scéal bealoidis a bhain leis libh.

Táimse thar nais ag sclabhaíocht in Inbhir Domhnann, nó mar a thug Dinneen air i leabhar Bhdiiy Jenkinson - Mullach Íde na Muc is na Madraí!

Ceobhránach a bhí mo sheal thiar in Iarthar Duibhneach faraor.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 16
Registered: 06-2008
Posted on Monday, July 21, 2008 - 10:00 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Fear slán. Shamhlaíos gur thoir sa nGearmáin a bhís nuair nár chuala aon uaill asat anso le tamall anuas. Creidim go raibh na héin féin ar stailc le donas na haimsire le scathamh agus mo thrua éinne a chaith airgead mór ar laethe saoire in Éirinn na hiathghlaise is na síthbháistí. Ní hionadh ar bith ár gcuid machairí a bheith glas, tá oiread mianraí anuas as na spéartha acu. Glac an chéad chúpla lá sclábhaíochta go deas réidh. Deir siad gur minic an cú mall sona.

B'fhéidir gurbh é GOFogey féin a scríobh an leabhar san a Aonghuis!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7272
Registered: 08-2004


Posted on Monday, July 21, 2008 - 10:36 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní dóigh liom go bhfuil GOFogey chomh hO sin.
Sna 1920í nó 30í a foilsíodh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7274
Registered: 08-2004


Posted on Monday, July 21, 2008 - 05:39 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Chuir mé mo lámh ar an leabhar ceart go leor, ach ní ar an scéal. Má tá sé ann, theip orm é fháil.

Tagairt i leabhar eile d'Étar, agus don Mháigh a bheith ar aonmhá Éirinn nuair a tháinig Partalán i dtír.

Táimse traochta anocht - breis oíche eile, lcd.

An Bhinn bháin mo sprioc anois!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 19
Registered: 06-2008
Posted on Monday, July 21, 2008 - 06:37 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is é tosach na sláinte: luigh le huain is éirigh le héin.

Seachain mallacht Cholm Cille: Mall ag luí is mall ag éirí.

D'fhan go leor den mhallacht faoina Ghleann féin, Cholm Cille, le muintir Oideas Gael sa Samhradh agus chuimil cuid den mhallacht díom féin i rith na mblianta.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Saturday, July 26, 2008 - 02:01 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Ní dóigh liom go bhfuil GOFogey chomh hO sin.


Is cuimhin liom Éamon de Valera agus Earnán de Blaghd; is cuimhin liom Myles agus an Beachánach (agus an óráid bhreá Ghaelach a thug Maitiú Ó Néill an lá a adhlacadh é); is cuimhin liom Misneach agus Cumann Cearta Sibhialta na Gaeltachta; is cuimhin liom an Riadach agus an Cadhnach ... is sine mé ná TG4, ná Foras na Gaeilge, ná Foinse, ná RnaG, ná Údarás na Gaeltachta, ná foclóir de Bhaldraithe, ná an Caighdeán Oifigiúil ... m'anam go bhfuilim O go leor.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7288
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, July 26, 2008 - 03:49 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

O go leor, cinnte.

Magh Ealta Éadair
Caitlín Nic Ghabhann do sgríob
Foilsithe ag
Maire Ní Raghaillaigh
87 Sraid Uach. na Driseoige
Baile Átha Cliath.

Níl dáta luaite.



©Daltaí na Gaeilge