Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, June 27, 2008 - 07:26 am: | |
Is é an taobh abhus is fearr do mo leithéid. Tá curtha isteach agam ar athbhallraíocht, tharla go bhfuil bun ceart faoi mo sheoladh is nach mbeidh athrú air feasta, mar a bhí ceaptha. Tá tairbhe nach beag leis an taobh so, thar thaobh an dá theangachais thall. Scaoilfear isteach do scéala ar an gclár comhrá 'Gaeilge Amháin' lom láithreach a bhrúfas tú an cnaipe abhus. Má shíl cuid agaibh go raibh mé sliobarnach sa gcaoi a rabhas ag cur le snáitheanna thall, is i ngeall ar ghnóthaí eagair a tharlaíodh moill, nuair nár bhall a sheoladh an scéal isteach. Chiallaigh sé sin go mbeadh freagra ceiste roinnt laethanta mall in amanna. Ní hé go raibh sinne, aos na neamhbhallraíochta, níos liopasta ná an chuid eile agaibh, ná níos boirbe sa gcur chuige! An lucht méarchláir go léir a scríobhfas faoi ainm cleite thall, beidh an mhoill sin lena gcuid freagraí ar an gclár comhrá Bé-Gaeilge thall. Ar eagla nach dtuigfeadh sibhse, a mhuintir na ballraíochta, a scríobhaim an méid seo. |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7249 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 27, 2008 - 07:50 am: | |
Bhuel, is pobal níos lú (agus níos seimhe, uaireanta) muid abhus. Is minice an bhladhm i measc an Bhéarla. |
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, June 27, 2008 - 05:58 pm: | |
Níor chuimhníos ar an méid sin, ach oibríonn sé amach gur mar san atá, measaim. An pobal beag ar ndóigh. |