mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Ceist faoi aistriúchán do dhuine a rugadh go maith « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member
Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg

Post Number: 28
Registered: 04-2008
Posted on Monday, June 23, 2008 - 11:11 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Fuaireas iarratas ar aistriúchán ar na mallaibh agus dheineas mo dhícheall é a chur i gcrích, ach tá a fhios agam gur gá feabhsaithe dhó. Tá súil agam go mbeidh aithne ar an bhfoinse ag mórán díbh:
Ní chaithfidh faitíos orm.
Is faitíos marfóir na hintinne
Is faitíos an bás beag a chuireann i gcrích lándiothú.
Bhéarfad aghaidh ar m'fhaitíos.
Ceadóid de dul tharam agus tríom.
Agus tar éis a dhul thart casfad an tsúil laistigh chun a bhealach d'fheiceáil.
Nuair a bheidh an faitíos imithe ní bheidh dada ann.
Ní fhanfaidh ach mise.
Aon moltaí agaibh?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3996
Registered: 02-2005


Posted on Monday, June 23, 2008 - 11:56 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

D'aithin mé é ach ní raibh mé in ann mo mhéar a leagan air go dtí go ndearna mé cuardach Google. Chuir sé focail an amhráin No Creo en el Jamás le Juanes i gcuimhne dom freisin:

...
Que dar la cara al miedo
Es una forma de vencerlo

No voy a darme por vencido
No voy a darle mi vida al miedo
El miedo es un asesino
Que mata a los sentimientos
...


http://www.youtube.com/watch?v=mp8k0hkCkKE

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3997
Registered: 02-2005


Posted on Monday, June 23, 2008 - 02:04 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Ní chaithfidh faitíos orm.

"I must not fear. Fear is the mind-killer. Fear is the little-death that brings total obliteration..."

Is deacair Gaeilge a chur ar an gcéad abairt. Tá an briathar Béarla "I fear" níos "gníomhaí", níos "volitional" ná "tá scanradh/faitíos orm". Ní féidir liom é seo a phlé níos mó anois díreach... tá orm imeacht... ach beidh Aonghus is Seosamh ("Canúnaí") anseo, is dócha, agus daoine eile nach iad.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7238
Registered: 08-2004


Posted on Monday, June 23, 2008 - 03:00 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is dóigh liom go mbeadh Eagla níos fearr na faitíos.

Ná bíodh Eagla orm
Eagla a mharaíonn an intinn
Eagla an bás bheag a scriosann gach ní
Beirfidh mé aghaidh ar m'eagla
Scaoilfidh mé trím agus tharam é
Agus é imithe, casfaidh mé an súil laistigh ar a chosán,
san áit ar imigh an Egala ní bheidh faic
Ní fhanfaidh ach mise

Seo atá i gceist, nach ea?
http://en.wikipedia.org/wiki/Litany_against_fear

Níl muinín agam asam féin leagan canúnach a dhéanamh!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7239
Registered: 08-2004


Posted on Monday, June 23, 2008 - 03:57 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ná bíodh Eagla orm
Eagla a mharaíonn an intinn
Eagla an bás bheag a scriosann gach ní
Béarfaidh mé aghaidh ar m'eagla
Scaoilfidh mé trím agus tharam é
Agus é imithe, casfaidh mé an súil laistigh ar a chosán,
san áit ar imigh an Eagla ní bheidh faic
Ní fhanfaidh ach mise


Táim amhrasach faoin giota gorm sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3998
Registered: 02-2005


Posted on Monday, June 23, 2008 - 10:39 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An-deas ar fad, a Aonghuis! Is maith liom "scaoilfidh mé tríom is tharam í" go háirithe. Is dóigh liom go bhfuil cúpla mionrud le feabhsú ann, rudaí a bhaineann le hinscne den chuid is mó:

Ná bíodh eagla orm.
Eagla a mharaíonn an intinn.
Eagla an bás beag a scriosann gach ní.
Bhéarfaidh (tabharfaidh) mé aghaidh ar m'eagla.
Scaoilfidh mé tríom agus tharam í.
Agus í imithe, casfaidh mé an tsúil laistigh (nó: "inmheánach) ar a cosán.
San áit ar imigh an eagla ní bheidh faic.
Ní fhanfaidh ach mise. (nó: Ní bheidh ann ach mise.)

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7240
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, June 24, 2008 - 06:05 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is fearr liom "inmheánach" agus "Ní bheidh ann ach mise"

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, June 24, 2008 - 06:44 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An t-idirlíon gearrtha anseo inné leis an stoirm. Rug mé ar an ngloine pháirce nuair a ghlan an spéir, féachaint an bhfeicfinn lorraí thuas ag an aeróg 11 míle ó thuaidh ag na Caológaí Buí. Ní raibh, ach deisíodh na línte talún áit éigin eile. Chonaic mé éanlaith na farraige thart anseo, don chéad uair le bliain.

Ar aon chuma, is an-amhrán é sin, ach ar nós na dea-fhilíochta ar fad, tuigim na focail agus is doiléir liom chuid mhaith de gan a léamh mall faoi dhó! Molaim an leagan san agaibh. Aon mhaith i 'súil m'intinne'?

(As grianghraf amháin leis an nasc amhráin thuas, shíl mé go bhféadfadh mo dhuine a bheith muinteartha do Pheadar Ó Riada!)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7242
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, June 24, 2008 - 08:56 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

súil m'anama, senas - is dóigh liom go bhfuil níos mó ná intinn i gceist.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, June 24, 2008 - 09:23 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is ea go deimhin a Aonghuis. Is maith liom é.

súil m'anama.



©Daltaí na Gaeilge