Tháinig Einar Eimhjellen's Gammaldans Orkester as Naustdal san Iorua go Bellingham an Domhnach seo caite agus chuaigh mé go dtí a gceolchoirm ag Norway Hall.
Is ceoltóirí den scoth iad na fir sin agus bhain na damhsóirí an-sult as a gcuid ceoil.
Tá col ceathair ag ceann de na ceoltóirí in a cónaí anseo agus, le linn a gceolchoirme d'iarr Einar uirthi teacht ar an stáitse agus fonn Ioruach a sheinm in éineacht leo. Tá a fhios aici go bhfuil an fonn seo agamsa freisin agus tharraing sí mise chuig an stáitse chomh maith. Bhí sin ar eolas agam roimh ré agus bhí m'fhidil ar mo ghlúin.
Cheap mé go mbeadh craic mhaith againn gur thug mé faoi deara nach raibh an leagan seo againne den phort ag na fir. Rinne mé mo dhícheall iad a leanúint ar an bhfidil ach ní raibh mo chuid ceoil ró-mhaith.
Bhí ceathrar againn ar an stáitse -- beirt fhear den ghrúpa, a gcol ceathair, agus mise.
I ngan fhios domsa, cuireadh mise in aice leis an microfón go díreach. Chonaic mé é i m'aice go tobann.
A thiarna!!! ...Bhog mé as an áit agus chúlaigh go deireadh an stáitse go tapaidh.
Is fearr cleachtadh le grúpa ná ceol gan choinne.
Seo chugaibh pictiúir de na fir má tá suim agat iontu:
http://www.nisswastamman.org/stamma/eego.html