|
|
|
Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3975 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, June 16, 2008 - 09:34 pm: | |
... na buachaillí báire!" An cuimhin libh amhrán leis an gcurfá seo, a tháinig amach sna nóchaidí? An bhfuil sé le fáil ar an idirlíon? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, June 27, 2008 - 06:16 pm: | |
Is cuimhin liom é cinnte a Dennis. Rith sé liom go mb'fhéidir iarratas a sheoladh isteach chuig RnaG lena chasadh sa gcaoi go gcuirfí amach ina dhiaidh sin é ar an bpodchraoladh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7250 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, June 28, 2008 - 03:45 am: | |
N'fheadar. De bharr cúrsaí cóipchirt is an focal labhartha is mó a phodchraoltar. http://www.rte.ie/radio/podcast/rnag.html Tá Rónán Beo den aer don samhradh, agus níl fhios agam an mbeadh clár eile feiliúnach. Ach seans go mb'fhiú r-phost a chuir chuig Casla. Is dócha go bhfuil sé sa chartlann acu, agus go bhfeadfaí é scaoileadh amach más acu atá an cóipcheart. |
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, June 30, 2008 - 04:42 am: | |
Is mór an lear eolais sin a Aonghuis, grmma. Is maith liom Focal Faire go háirithe a bheith ar fáil ar an gcaoi sin. Is maith liom éisteacht leis gach maidin Domhnaigh. Na hathchraoltaí seo i rith an tSamhraidh, cloisim eolas leo a bhí dearmadta agam ón gcéad chraoladh. Níl Aogán Ó Muircheartaigh, dar liom, éagosúil leat féin a Aonghuis. Ní bheadh smearachán gaoil agat leis meas tú? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7257 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 30, 2008 - 06:06 am: | |
Má tá, is gaol fada amach atá ann. Is as Trá Lí d'athair mo mhathair, agus sin a bhfuil de ghaol agam leis an Ríocht. |
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, June 30, 2008 - 07:21 am: | |
Ní fheadar nárbh as Cúige Laighean an Muircheartach nó duine éigin a bhain leis. Ag cuimhneamh siar breis is fiche bliain atáim anois. Chuala ag caint ar an raidió é am éigin mar gheall air. Gan na spéaclaí ná an fheasóg ar ndóigh, is beag cosúlacht eile agaibh lena chéile. Táimid go léir muinteartha ar bhealach amháin nó eile ach a ghabháil siar 10 nó fiche glúin ar aon nós. Do chonac mé féin, d'fhéadfá a rá, ag teacht ar bord bus in oirthear na Polainne blianta ó shoin. Bhí an fear eile seo go díreach cosúil liom in airde, dath, cosúlacht súile is ceannaghaidhe ar fad. Ní fhaca sé ar feadh tamaill mé. Nuair a bhreathnaíodh mo dhuine i mo leith, chaithinn súil amach an fhuinneog. De réir mar a dhruidinn mo chloigeann thart ar ais, thugas faoi deara go mbreathnaíodh mo dhuine uaidh ar ball éigin eile, le dea-bhéas is gan a bheith ag stánadh. Ba léir nár mise amháin a chonaic an chosúlacht. Bhí sé dochreidte. Nuair a d'imigh mé den bhus, chaith mé súil suas arís ar an mbus is rinne an bheirt againn cineál beannú is gáire dá chéile faoi. Níor casadh dom arís é is níor labhraíos leis riamh. Caithfidh sé go raibh cúpla duine ar m'aithnese ag siúl suas chuige chun cainte leis in iomrall aithne an bhliain sin. |
|
|
|