mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Conradh Liosbóin « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3957
Registered: 02-2005


Posted on Friday, June 13, 2008 - 09:55 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is cosúil go bhfuil vótálaithe na hÉireann tar éis sabot sách mór a chaitheamh i measc ghiaranna na hEorpa.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, June 13, 2008 - 10:27 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is cosúil gur fearr leo a mBunreacht féin a choinneáil i bhfeidhm in áit a umhlú roimh mhaorlathas nach dtoghfar agus maorlathas a d'fhéadfadh a bheith gan srian amach anseo.

Murach Patricia Mac Kenna ní bheadh an deis reifrinn féin fanta acu.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 953
Registered: 06-2006
Posted on Friday, June 13, 2008 - 10:39 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dheara,
Dá athródh an daonlathas aon rud, chuirfeadh na maorlathaigh críoch leis.

Beidh an darna reifreann ann i gceann tamaill!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3959
Registered: 02-2005


Posted on Friday, June 13, 2008 - 10:41 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ach fan leis an díoscán fiacla ó mhórthíortha an Chomhphobail!

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 954
Registered: 06-2006
Posted on Friday, June 13, 2008 - 11:12 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dheara,
Dhiúltaigh an Danmhargach conradh.
Dhiúltaigh an Francach bunreacht.
Dhiúltaigh an tOllainneach bunreacht.


Fanfaidh mé le scread chailleach an uafáis

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3960
Registered: 02-2005


Posted on Friday, June 13, 2008 - 09:19 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí mé ag caint le cara liom tráthnóna inniu a bheas ag dul ar ais go dtí an Eastóin an tseachtain seo chugainn tar éis dó deich mí a chaitheamh anseo mar "Fellow" san Evans School of Public Affairs ag Ollscoil Washington. An dearcadh atá aige, mar dhuine ó cheann de na tíortha nua sa Chomhphobal, ná go bhfuil dearcadh doicheallach ag na hÉireannaigh anois, tar éis dóibh a ngeilleagar a fhorbairt le hairgead ón gComhphobal. Is olc an chomaoin dóibh gan cuidiú leis na tíortha nua, dar leis. Tá mé cinnte nach bhfuil sé chomh simplí sin, ach sin mar a thuigtear an vóta in áiteanna.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 955
Registered: 06-2006
Posted on Saturday, June 14, 2008 - 11:13 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sampla maith e sin den mhi-eolas ata timpeall an chonartha.


Is beag baint ata ag an conradh nua le cur leis no baint de chuidiu na mball nua .

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7218
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, June 14, 2008 - 11:46 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is beag baint a bhí ag toradh an reifreann leis an gconradh!

Ach caithfear a admháil go bhfuilid ann go bhfuil meon an dorn iata acu.

Nóta anseo:

http://irlandinside.blogspot.com/2008/06/mein-lieblingsargument-gegen-lissabon.h tml

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 956
Registered: 06-2006
Posted on Saturday, June 14, 2008 - 11:52 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ni lia duine na tuairim, fiu i measc amadan

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 414
Registered: 11-2006
Posted on Monday, June 16, 2008 - 08:50 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"An dearcadh atá aige, mar dhuine ó cheann de na tíortha nua sa Chomhphobal, ná go bhfuil dearcadh doicheallach ag na hÉireannaigh anois, tar éis dóibh a ngeilleagar a fhorbairt le hairgead ón gComhphobal. Is olc an chomaoin dóibh gan cuidiú leis na tíortha nua, dar leis. Tá mé cinnte nach bhfuil sé chomh simplí sin, ach sin mar a thuigtear an vóta in áiteanna."

Is féidir leat a bheith go hiomlán cinnte nach bhfuil sé chomh simplí sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1486
Registered: 06-2005


Posted on Thursday, June 19, 2008 - 07:25 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Wahoo! :)

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Onu Vanja (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, June 20, 2008 - 08:32 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is deacair liom a chreisdiúint go bhfuil an oiread sin daoine in Éirinn éirithe chomh nimhneach faoin Aontas Eorpach, cé go bhfuil an-tairbhe bainte acu as, ní hámhain i gcúrsaí eacnamaíochta.

Má tá faitíos oraibh go gcuirfidh Conradh Liosbóin deireadh len'bhur neodracht, leis na rátaí canach isle do na comhlachtaí nó rud eicínt eile is ansa libh, mholfainn dhaoibh súil a chaitheamh ar an suíomh seo a leanas:
http://europa.eu/lisbon_treaty/faq/index_ga.htm#6

Tá freagraí ann ar neart ceisteanna a ardaíodh le linn na diaspóireachta agus iad uilig i nGaeilge bhreá shoiléir.

Feicfidh sibh nach mbaineann an Conradh le "saol na ndaoine i gcoitinne". Athruithe teicniúla atá i gceist a chuirfeas ar chumas an Aontais Eorpaigh feidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí. Nach 'in atá uainn?

Agus rud eile - an mbeadh rialtas Shasana nó an Fhrainc i bhfabhar an Chonraidh, dhá chuirfeadh sé a neamhspleáchas i mbaol?

Le meas,
O.V.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 418
Registered: 11-2006
Posted on Friday, June 20, 2008 - 10:07 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

OV
Tá tú beagáinín ródhéanach leis an tseafóid sin, agus gan a bheith ag dul síos an bóthar seo arís.!...

Cén fáth go mbeadh rialtais na Fraince nó na Breataine in aghaidh an Chonartha a thugann dhá oiread níos mó cumhachta dóibh, i do thuairim?

Cén fáth go mbeadh rialtais na Fraince nó na Breataine in aghaidh an Chonartha ina mbeidh gá níos mó airgid a chaitheamh ar chumas mhíleata i ngach uile bhallstát:

Ó gConradh:

“Gabhfaidh na Ballstáit ar láimh a gcumais mhíleata a fheabhsú go comhleanúnach.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht sa réimse a bhaineann le cumais chosanta a fhorbairt, le taighde, le soláthar agus le harmálacha (dá ngairtear “an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint” anseo feasta) riachtanais oibríochtúla a shainaithint, bearta a chur ar aghaidh chun na riachtanais sin a chomhall, rannchuidiú le haon bheart is gá do neartú bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch earnáil na cosanta a shainaithint, agus nuair is iomchuí, a chur chun feidhme, beidh sí rannpháirteach i mbeartas Eorpach chumas agus armálacha a shainiú, agus cuideoidh sí leis an gComhairle chun feabhsú ar a gcumais mhíleata a mheas.”

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7235
Registered: 08-2004


Posted on Friday, June 20, 2008 - 10:33 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A MF,
1) Tá an EDA ann cheana. http://www.eda.europa.eu/
2) Caithfear níos lú airgid ar airm dá bharr: toisc go mbeidh comhoibriú i gceist.
3) Dá mbeadh glactha againn leis an Reifreann (Liospóin I mar a thabharfair air amach asneo) bheadh reifreann eile de dhíth dá mba rud é go raibh ónár Rialtas páirt i ghlacadh i gcosaint coiteann.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 419
Registered: 11-2006
Posted on Friday, June 20, 2008 - 11:12 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Caithfear níos lú airgid ar airm dá bharr: toisc go mbeidh comhoibriú i gceist."

I do thuairim! Óir níl aon fhigiúr nó céatadán leagtha síos sa gconradh faoi cé mhéad airgid a ba chóir gach bhallstát a chaitheamh ag feabhsú a gcumas mhíleata.
Ar nós gach uile alt sa gconradh céanna tá sé lán oscailte go léirmhíniú dlíthiúil agus polaitiúil.

"Tá an EDA ann cheana"

Tá an EDA cheana féin, ach seo an céad uair a bhfuil sé leagtha síos i gconradh nó mbunreacht, conradh a cuireadh ós ár gcomhair.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Onu Vanja (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, June 20, 2008 - 12:11 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A Mhise_féin,

Maidir leis an "Arm Eorpach", séard atá i gceist go príomhá ná tascanna tarrthála agus choimeád síochána, rud atá chomh úsáideach leis an gcabhair dhaonnúil, déarfainn.

Is ar mhaithe na ndaoine atá ag cur fúthu sna tíortha ina bhfuil cogadh cathartha ar siúl (An tSúdáin, an Liobáin srl) atá an fórsa sin dhá chruthú. Agus mar sin, is deá-scéal é.

Ní féidir cur i gcoinne chuile athrú ar fhaitíos go mbainfidh duine eicínt mí-úsáid as. Sa gcaoi sin ní bheadh forbairt ar bith ann.

Más i gceart a thuig mé thú, déanann tú tagairt freisin don chóras nua vótála i gComhairle na nAirí. Ach ní deir tú gur féidir le cheithre Bhallstát stop a chur le cinneadh ar bith, bíodh siad beag nó mór. Mar sin tá coisint ann in aghaidh na dtíortha móra.

O.V.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, June 20, 2008 - 08:28 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá dhá ghné, measaim, luaite agat a OiV.

Sílim go dtuigimid in Éirinn céard tá i gceist le 'coimeád síochána'. Is rud é sin a leanann éileamh cead vótála na cosmhuintire is an cead vótála gan a bheith srianta le húinéireacht tí nó foirgnimh?
Na hEorpaigh seo a mhúinfeas síocháin thar lear, cé hiad féin? Sin ceann maith. Dá bhfuasclódh an Fhrainc an Ailgéir trí Vítneam a ionsaí ar maidin, d'fhéadfaidís an Bhriotáin a shaoradh an lá dar gcionn. Sasain? Tá go leor ráite, fág marbh é! B'fhéidir nach bhfuil oiread goile ag muintir na hÉireann do na 'pacification exercises' is a síleadh.

An ghné eile, fanacht sa mbaile is gan a bheith ag marú i dtíortha thar lear, is gar a chuadar i leith ceannasaíocht an Bhunreachta a chur de dhroim seoil; athrú amháin a bhí le cur isteach an iarraidh seo:

Alt 29, (ar Chaidreamh Idirnáisiúnta):

11° Nı´ dhe´anann aon fhora´il ata´ sa Bhunreacht seo dlı´the a d’achtaigh, gnı´omhartha a rinne no´ bearta a ghlac an Sta´t, de bhı´thin riachtanais na n-oibleaga´idı´ mar chomhalta den Aontas Eorpach da´ dtagraı´tear i bhfo-alt 10° den alt seo, a chur o´ bhail dlı´ na´ cosc a chur le dlı´the a d’achtaigh, gnı´omhartha a rinne no´ bearta a ghlac an
tAontas Eorpach sin no´ institiu´idı´ de, no´ comhlachtaı´ ata´ inniu´il faoi na conarthaı´ da´ dtagraı´tear san alt seo, o´ fheidhm dlı´ a bheith acu
sa Sta´t. http://www.referendum.ie/downloads/28thAmend08-as%20passed%20by%20both%20Houses% 20of%20the%20Oireachtas.pdf

Bearr anuas cruinn é agus glac staidéar air:

11° Nı´ dhe´anann aon fhora´il ata´ sa Bhunreacht seo dlı´the .....
... a chur o´ bhail dlı´ na´ cosc a chur le dlı´the ....
... o´ fheidhm dlı´ a bheith acu sa Sta´t.

Bíonn a loscadh féin i ngach coill. Ba chuma liom féin dá mbuafadh na Yesmen an ceann so. Níl ann ach ceist ama go scriosfaidh na hEorpaigh seo iad féin. Braithim go bhfuilid róshantach ina leith féin le tarraingt le chéile, gan trácht ar tharraingt le tíortha san Aifric mar a rinneadar scrios cheana.

Murach Crotty is Mc Kenna, ní raibh an deis ag na daoine sna 26 co. an rogha a dhéanamh. Bheadh siad ar nós na dtoghlach balbh fud fad na hEorpa nach raibh cead cainte acu. (Seachain an Béarla anseo!!! http://www.wiseupjournal.com/?p=96

Tuilleadh Béarla le hOV a choimeád ag léamh leabhair (lena choimeád ó choimeád síochána in aon tír nár iarr is nár oir a síocháin a choimeád ag seansaineolaithe an chos ar bholg): http://www.notlimitednyc.com/folio/pmckenna/pdf/AmTrBook.PDF

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Joselito (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, June 20, 2008 - 08:54 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dheara,
Dá athródh an daonlathas aon rud, chuirfeadh na maorlathaigh críoch leis.

Beidh an darna reifreann ann i gceann tamaill!**

------------------------------------------
**Cén fáth? Bhí vóta tromlaigh in aghaidh an Chonartha!...agus ní fheictear trácht ar bith ar ‘darna reifreann’ sa Bhunreacht na hÉireann…cé go bhfuil an Taoiseach,Brian Cowen, ag rá lá inniu,(20/06/08)” Ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh sin a bheith amhlaidh!”

Is mise le barr ar an mearbhall,

Joselito

---------------------------------------------------
Ní féidir leis an rialtas reachtaíocht a thabhairt isteach má tá sí in aghaidh an bhunreachta mar sin amanna bíonn athruithe nó leasuithe ar an mBunreacht ag teastáil.

Gach uair atá an Rialtas ag iarraidh athraithe nó leasaithe a dhéanamh ar an mBunreacht, ní foláir dó é sin a dhéanamh trí reifreann a eagrú. Tugann reifreann deis do mhuintir na hÉireann vótáil ar son nó in aghaidh an athraithe nó an leasaithe atá beartaithe.

Chun reifreann a fhógairt, ní foláir an moladh chun athrú a dhéanamh ar an mBunreacht a thabhairt isteach sa Dáil mar Bhille. Déanann an Bille cur síos ar an leasú bunreachtúil atá beartaithe. Caithfidh an Dáil agus an Seanad araon glacadh leis an mBille.

Ansin cuirtear an Bille os comhair an phobail ionas go mbeidh siad in ann vótáil ar a shon nó ina aghaidh. Má tá tromlach na vótaí a caitheadh sa Reifreann i bhfabhar an athraithe, síníonn an tUachtarán an Bille agus déantar leasú ar an mBunreacht ansin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Onu Vanja (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Sunday, June 22, 2008 - 07:14 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A chanúnaí,

Aontaím leat go gcaithfear a bheith cúramach le hobráidí choimeád siochána i gcónaí mar ní ceart cúnamh a "bhrú" ar mhuintir na háite.

Mar sin féin, ní dóigh liom gur féidir na trúpaí Briotánacha a cuireadh anall go Tuaisceart Éireann le linn na dTrioblóidí a chur i gcomparáid leis an obair atá ar bun ag an Aontas Eorpach. Sa gcéad chás ní raibh i gceist ach cinneadh aontaobhach a rinne tír amháin ar a leas féin. Sa dara cás, áfach, fórsa idirnáisiúntach cosúil leis na Clogaid Ghorma de chuid an UNO a bheadh i gceist. Mar gheall air sin, bheadh sé ag brath ar chomhaontú na 27 dtír uilig (Éirinn ina measc), bheadh critéir ní ba shoiléire leagtha amach agus bheadh chuile shórt i bhfad ní ba thrédhearcaí. Sin difríocht mhór, creidim.

Deir tú: "Bíonn a loscadh féin i ngach coill." Ní dóigh liom gurb'in é an chaoi sa lá atá inniu ann agus an domhandú le sonrú i chuile ghné ár saoil.

Seans go bhfeictear do roinnt dhaoine in Éirinn gur féidir leo fadhbanna an domhain mhóir a chur ó dhoras le "ná bac le Mac an Bhacaigh agus ní bhacfaidh Mac an Bhacaidh leat" agus iad ina gcónaí i gcéin ar imeall na hEorpa... Ach nach bhfuil an dearcadh sin rud beag ró-chúng?

Le meas mór,

O.V.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, June 23, 2008 - 11:24 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is eagal liom a OV go síleann tú go n-athraíonn an duine nuair a thagann athrú ar an saol. Mo léan, d'athraigh gach ní is beidh gach ní mar a bhí. Is Francach Francach, is Rúiseach Rúiseach agus is Tseitneach Tseitneach ach nach leis an Tseitneach aon cheart amháin dá bhfuil ag an mbeirt eile. Saibhreas is saint a rialófas píopaí ola, uisce, talaimh, lonnaíocht, díbirt is tithíocht agus smachtú pobal i ngach aird. Tá fad mo sciatháin de rúin na NA a bhaineann leis an bPailistín ó 1947 i leith ar an saol agus tosaíonn Eorpaigh ag caint ar Arm a bhunú le hathruithe a chur i gcrích. Is fada an t-úll ón úllort acu. An meas a shaothraigh Na Forsaí Cosanta (an t-ainm Bunreachtúil atá orthu go fóill; ní 'Arm' ná 'Fórsaí Slándála' iad) sa Liobáin, scaoilfear uilig le sruth feasta é. Ba dhream iartharach iad a léirigh tuiscint le Muslamaigh an Mheán-Oirthir. Tá a fhios agam roinnt acu agus níor baineadh feidhm as an mbá san riamh, go bhfios dom.

Nuair a léireofas an dream beag oileáin sin 'ar imeall na hEorpa' go bhfuilid in ann cuimhneamh ar an gceart uilíoch seachas cuimhneamh ar a mbeifear ag súil uathu óna gcomharsana EORPAcha, is ansin a thitfidh sé isteach i gcloigeann daoine eile gur fiú éisteacht leo. An ea nach bhfuil méid éigin le foghlaim aniar san Eorpa agus an amhlaidh nach bhfuil aon seasamh ar cheart an duine le tabhairt soir ag aon Éireannach amháin in ár measc? Níl sé mórán thar fiche bliain ó bhí na hEorpaigh in éineacht le flotilla Mheiriceá ag síochánú fúthu is tharstu i sráideanna Beirut.

Tá sé dualgas ar an duine seasamh de leataobh is machnamh go doimhin má chreideann sé an iomarca dá shlogann sé as na meáin. Molaim éisteacht le daoine 'simplí'. Daoine a oibríonn lena lámha. Saol eile ar fad a fheicid siúd, saol fíor, agus feicid a lán den éigeart san áit nach bhfeiceann an duine eile ach cur amú ama le mír nuachta roimh an gcéad sobalchlár eile.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Onu Vanja (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, June 23, 2008 - 05:02 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhuel, a Chanúnaí, is dóigh go bhfuil cuid dhá bhfuil scríofa agat thuas fíor ceart go leor, ach mar sin féin tá mé den bharúil gur mó deárud a bhaineanns leis an Aontas Eorpach ná drochrud. Agus níl ach bealach amháin lena chinntiú go ngabhfaidh sé i dtreo ceart - sin a bheith páirteach ann. Sin a d'iarr mé a chur in iúl.

"I rest my case". Maithigí dhom an Béarla, níl a fhios agam cé hí an Ghaeilge atá air.

O.V.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, June 24, 2008 - 06:07 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tuigim duit a OV.

(B'fhéidir: Sin í mo thuairim ar son na cúise.)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, June 25, 2008 - 05:01 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní fhéadfadh teachtaireacht an reifrinn a bheith mórán níos soiléire: táimid sásta le haontas eacnamaíoch ach nílimid sásta in aon chor le haontas polaitiúil ná le haontas míleata. Tá rún daingean againn greim a choinneáil ar an gcuid sin dár neamhspleáchas atá fágtha againn agus an daonlathas a chosaint.

Más mian leis an bhFrainc agus leis an nGearmáin cónaidhm Eorpach a bhunú (polaiteoirí na Fraince atá i gceist agam, ar ndóigh - níor thug pobal na Fraince an freagra "ceart" nuair a cuireadh an cheist orthu agus ní ligfear dóibh labhairt arís) tá cead a gcinn acu, ach ní tharraingeoidh siad Éire ina ndiaidh.

"Ach bheadh Eoraip an dá luas againn sa chás sin" arsa polaiteoirí na bpáirtithe móra agus uafás an domhain orthu. Agus cad a bheadh cearr leis sin? Nach bhfuil "Eoraip an iomaí luas" ann cheana: níl an Danmhairg páirteach sa chomhaontú faoi chúrsaí míleata atá ann cheana; níl an Bhreatain ná Éire páirteach i gcomhaontú Schengen; tá lear mór ballstát nach bhfuil an euro in úsáid acu; de réir na socruithe a bhí á moladh ag an rialtas féin sa reifreann ní bheadh Éire páirteach sa chomaontú faoi chúrsaí dlí agus cirt fiú dá nglacfai leis an gconradh, agus mar sin de ar aghaidh.

Fágaimis tógáil na n-impireachtaí fúthusan a bhfuil suim acu ina leithéid!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Joselito (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, June 25, 2008 - 10:46 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

I rest my case". Maithigí dhom an Béarla, níl a fhios agam cé hí an Ghaeilge atá air.

O.V.
-----------------------------------------------------
A chara O.V.--Cuid iontas is mó!…tá Gaeilge go deas agatsa…ach níl a fhios agat cé hí an Ghaeilge atá air “I rest my case!??”


Deirtear “Sin mar atá ag an scéal go dtí seo!”

Maithigí dhom as mo ghob a shá sa chomhrá!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Onu Vanja (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, June 27, 2008 - 03:31 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ab é an chaoi? Go raibh míle maith agat, a Joselito! Is iomaí dráma cúirte feicthe agam as Béarla, ach faraor, ní dheachaigh mé roimh bhreitheamh le Gaeilge ariamh... :)

O.V.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7248
Registered: 08-2004


Posted on Friday, June 27, 2008 - 06:07 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Faraor?

Bí buíoch! Is fearr gan bheith sa chúirt, agus flúirse púint sa sparán!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Joselito (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, June 27, 2008 - 03:31 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ab é an chaoi? Go raibh míle maith agat, a Joselito! Is iomaí dráma cúirte feicthe agam as Béarla, ach faraor, ní dheachaigh mé roimh bhreitheamh le Gaeilge ariamh... :)

O.V.
---------------------------------------------------

Má tá tú i do dhlíodóir, déarfá:
Sin a bhfuil mo phlé a shonrú!!

Cogar! Is fearr dlíodóir agat sa chúirt
Ná bean chéile ina suí san áiléar an ghiúiré!

Is leor nod don eolach!!



©Daltaí na Gaeilge