mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Cin lae « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 262
Registered: 11-2004
Posted on Thursday, June 12, 2008 - 10:05 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhios ag rá fé gaeluinne as ciall choinnigh tamall bhfaid o shin. Nilim cinnte ce a bhi sé a rá ach is cuimhin liom gurb luigh duine agaibh mar gheáll an t-udár Humphrey O Sullivan agus an leabhair "Cin Lae Amhdlaoidh?" (SIC). Bhuel fuaras ceann coip den leabhair sin 's bhi sí agam le coicís 'nois. Is docha go mbeadh an rud is suntasach a bhuail liom mar gheall an obair sin, bhi alan cuid ag dealail leis nithe nadura agus a bheith ag dul amach faoin speir nior raibh alan cuid ag dealail le cursai daoine. ceist comaith a thainaig chugam, ce mhead don leabhair sin ata i ngaeluinne laighean?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From: 77.95.162.203
Posted on Friday, June 13, 2008 - 06:59 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní fhaca thart le tamall thú a Bhric na Báine, cibé áit a raibh tú.

Is cuimhin leat an snáithe seo is dóigh:
http://www.daltai.com/discus/messages/13510/14080.html

Maidir le canúint an údair is an leabhair, mholfainn súil a chaitheamh ar lch. xi, ón mbarr anuas, agus síos in íochtar leathanaigh chéanna, ar nóta an eagarthóra, Tomás de Bhaldraithe.

Féach an tríú ceann thíos anseo: http://bill.celt.dias.ie/vol3/singleindexes.php?IndexID=5230&IndexTypeID=5

http://ga.wikipedia.org/wiki/Amhlaoibh_%C3%93_S%C3%BAilleabh%C3%A1in An té a scríobh an méid seo, ní raibh sé ag an uaigh i gCill Bhríde, feictear dom, mar is lú go mór an leagan Béarla ná an leagan 'Amhlaoibh O Sviliobháin'. Is fiú a ghabháil ann le breathnú ar an ngearrscríobh inar greanadh an leacht ar fad (seachas an abairt Bhéarla amháin ag an deireadh). Tá caoi mhaith ar an uaigh agus is léir go bhfuil meas mór ag an bpobal air.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 263
Registered: 11-2004
Posted on Friday, June 13, 2008 - 10:24 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhuel chonacas ar na notai ata ann ar dtosach an obair ach ni raibh se solier dhom ar aon nos. Duradh go mbeadh meascann gaeluinne idir cill cainnigh 's ciarrai ina shaothar féin. B'feidir go mbiodh se fior ach ni chuir se aon soilse ar an abhair seo. Tá suim mhor agam sa gailge laighean mar is an ait seo o Dhucas mé, ach ni feadhar ce acu gaelige mumhama no gailge laighean ata i gceist sa leabhair sin. Is minic do feaca me focal cosuil le "bhios" 's "chonactharas" sa cin Lae ach cen ait ina preabadh siadsan on gCiarrai no Ciall Cainnigh?
Ba coir dom a rá go fuarais dhom focal cosuil leo aneas sa "Leabhar Branach" ceanna. Ma tá se sín fior b'feidir go chuifir in iul einne dhom mar gheall air. Ar cuireadar na crioch ceanna don m-briathar sa laighean 's sa mhumamh mar shamplá?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From: 77.95.162.203
Posted on Friday, June 13, 2008 - 05:09 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní shamhlaítear foirmeacha táite briathair le Cúige Uladh a Bhric, is ní shamhlaítear ainmfhocal Ghleann Fhinne Thír Chonaill, (go) sea, le Cúige Mumhan ach bhíodar sna bólaí eile trí chéile ina dhiaidh sin. Is fánach an obair í tarraingt línte idir chanúintí, leathchanúintí, leathleathchanúintí nó ceathrúchanúintí, 'isosglosses' a thabhairt orthu agus siúl amach chuig seomra eile in aice láimhe le haghaidh tae is brioscaí. Go leor de fhocail chanúintí na linne seo, bhíodar suas síos na hÉireann le gach spailpín a raibh bróg nó deis ag bád farra ar an tSionainn aige san am a chuaigh thart.
Is féidir leat theacht ar do thuairim féin faoin méid ar mhaith leat a mhaíomh le caint Osraí ach roinnt de na hailt seo a léamh http://bill.celt.dias.ie/vol3/classifications.php?ClassificationID=139 , cluas a choimeád le logainmneacha na háite is le canúint Bhéarla agus Ghaeilge mhuintir an cheantair. Ní fhaigheann na cleasanna cainte bás leis na daoine. Mairid i mbéalaibh na mbeo, ach a bheith glic go leor lena gcaint a scagadh chucu.

Is fearr liom ná a dhath eile go bhfuil tú ag scríobh i nGaeilg.
Bain sult as an scríobh is as an léamh is as an gcaint le daoine i do cheantair féin a Bhric.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 264
Registered: 11-2004
Posted on Monday, June 16, 2008 - 04:55 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Feicfídh mé ar an nasc seo ach is duine closint me. B'fearr a bheith ag eisteach in ionad a bheith ag leamh.Closim go mbeidh taifeada on gaeluinne osrai ag teacht amach ar ball. Bhi alan taifeada on aitreabh eile ar fail anois. Seo é an faisneis firine, nuair a cloisfídh mé í ní beidh pé mearbháll ormsa sa t-abhar seo arist. Ceard ata se? B'eigan duinn ag fanacht go deo? Tabhair duinn ar taifeada! Is fua liom a foireann iomanatha ach i aobhinn liom a gcuid gaeluinne!



©Daltaí na Gaeilge