Is fíor go ndeirtear "chat à neuf queues" i bhFraincis freisin. Ach níl an bhaint idir an t-ainmhí agus an uirlis chéasta cinnte ar chor ar bith. Is cosúil go bhfuil foinsí eile sa Fhraincis a mhíneodh an abairt seo:
quote:L'association du chat et de fouetter est ancienne, puisqu'elle date au moins du XVIIe siècle.
On disait qu'une personne était "éveillée comme un chat qu'on fouette" ou on employait déjà l'expression bien connue "il n'y a pas de quoi fouetter un chat" pour parler d'une faute bénigne ou d'une chose sans importance.
Ina theannta sin tá an nath Iodálach atá an-chosúil leis, "Ho altre gatte da pelare", ach ní lascadh atá i gceist ach feannadh... agus leis sin tá muid ar ais ag "(ways to) skin a cat" an Bhéarla!