Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3899 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, May 29, 2008 - 03:10 pm: | |
Cad é an focal is mó aithne ar fud an domhain a thosaigh i nGaeilge? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 29, 2008 - 08:12 pm: | |
Sláinte! ? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3901 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 30, 2008 - 01:20 am: | |
Ní hea. Ach tá baint ag an bhfocal sin leis an bhfocal atá ar intinn agam! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 195 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, May 30, 2008 - 06:55 am: | |
Whiskey? Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 30, 2008 - 07:57 am: | |
Déarfainn go bhfuil an ceart a Mhícheáil. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3902 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 30, 2008 - 11:18 am: | |
Tá, gan dabht. Agus ceann -- nó dhó -- eile a thaistil i bhfad? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 199 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, May 30, 2008 - 11:45 am: | |
Bhuel, tá "smithereens" agus "galore" agus cúpla ceann eile sa Bhéarla, ach ní hionann focal a bheith sa Bhéarla agus é a bheith ar eolas go hidirnáisiúnta, dár ndóigh. Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3904 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 30, 2008 - 11:54 am: | |
Cad mar gheall ar "clan"? An bhfuil sé in úsáid i do theanga féin? Tá sé feicthe agam i bhFraincis, i Spáinnis, agus i nGearmáinis. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 200 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, May 30, 2008 - 01:59 pm: | |
Tá an ceart agat! Focal é seo a bhí ar eolas agam sula raibh Béarla nó Gaeilge agam. Feictear dom go bhfuil brí níos speisialaithe ag an fhocal seo sna teangacha eile ná mar atá sa Ghaeilge. Sa tSeicis, nuair a deirtear i leith grúpa daoine gur "klan" atá iontu, tá brí chomhcheilgeach leis. Tugann sé le fios gur ar thóir a leasa féin atá an grúpa sin beag beann ar dhaoine eile. Ní gá go mbeadh caidreamh clainne eatarthu ar chor ar bith. Tá mé tar éis é seo a sheiceáil i roinnt foclóirí Seicise agus sin é go díreach an sainmhíniú a thugtar. Shamhlóinn go bhfuil an scéal mar a chéanna i dteangacha eile. Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 27 Registered: 04-2008
| Posted on Friday, May 30, 2008 - 02:55 pm: | |
Tá "hooligan" ann leis, ach níl a fhios againn cé acu gan amhras is é sin focal Gaelach. Tá "slogan" in úsáid i níos mó ná dosaen teangacha, lena n-áirítear Spáinnis (eslogan, Ungáiris (szlogen), agus Cóiréis (슬로건). |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3905 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 30, 2008 - 03:54 pm: | |
quote:Tá "hooligan" ann leis Ach cén focal Gaeilge atá taobh thiar de? Tá "bard" le fáil i bhFraincis ("barde") agus i Spáinnis ("bardo"). Níl a fhios agam faoi na teangacha eile. Agus céard faoi "carrageen(an)"? Is dóigh liom go nglactar le "carrageen / carragheen / Karrageen / etc." mar ainm an fheamainne sin ar fud an domhain. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3906 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 30, 2008 - 05:25 pm: | |
"An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 259 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, May 30, 2008 - 06:06 pm: | |
Oscar? |
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, May 31, 2008 - 06:09 am: | |
Tuigim do cheist a Ghaeil, ach is focal eile é an t-ainm 'Oscar' thar lear, d'ainneoin an os+car> Oscar seo againne féin a bheith ar aon litriú leis. Is ionann an t-'os-' acusan agus 'dia'. Is ionann an t'Oscar' acusan agus ainm an bháid san iarsmalainn, an 'Asgard'! Tá i bhfad níos mó d'obair Calvert Watkins ar fáil sa leabhar 'Indo-European Roots' ná mar atá le fáil anseo ar an idirlíon: http://www.bartleby.com/61/s191.html |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3910 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, May 31, 2008 - 11:37 am: | |
Is dóigh liom go bhfuil abairt iomlán ann, "whiskey galore" ~ "uisce [beatha] go leor" atá intuigthe ar fud dhomhan an Bhéarla. An mbeadh daoine eile, Rúisigh nó Seapánaigh cuir i gcás, in ann é a thuiscint? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 205 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, June 03, 2008 - 01:36 pm: | |
Tá an focal 'whiskey' idirnáisiúnta go leor, ach ní dóigh liom gurbh amhlaidh leis an fhocal 'galore'. Ní dóigh liom go dtuigfeadh duine gan Béarla é. Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|