mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Mo thuras timpeall na hÉireann « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Saturday, May 24, 2008 - 12:05 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dia dhaoibh,

bhí me in Éireann ón 15ú go dtí an 22ú Bealtaine. Ar tús, bhí mé ag fanacht trí lá i gcathair na Gailimhe. Ansin, thaistil mé chun cathair Chorcaí agus d´fhan mé ansin ar feadh dhá lá. Tar éis dom fanacht i gcathair Corcaí, thaistil mé chun cathair Bhaile Átha Cliath agus mise ag fanacht ansin ar feadh dhá lá.

Bhí sé spéisiúil cad a tharla dom mar Ghaeilgeoir. Thug mé faoi déara go bhfuil i lán Gaeilge labhraithe i gcathair na Gaillimhe. Is féidir fógraí as Gaeilge a fheiceáil ar siopaí agus tithe ósta i gcathair na Gaillimhe. Chomh maith, cloistear daoine ag caint as Gaeilge go minic ar na sráideanna, go háirithe ma bhíon tu ag dul thar na tithe ósta sa tráthnóna. Bhí me ag baint úsáid as mo chuid Gaeilge sa chlub Chonradh na Gaeilge, i dteach ósta amháin agus i siopa leabhair san ionad siopadóirachta na Gaillimhe. Bhí mé ag lorg foclóir Béala-Gaeilge. Chuir an bhean fostaithe ceist orm cad tá uaim. Labhair mé as Gaeilge agus d´´fhreagair sí as Gaeilge liofa cathain atá na leabhair atá lorgtha agam.

Ach i gcathair Chorcaí tá beagán Gaeilge labhraithe. Ní chuala mé fógra as Gaeilge ach an-bheagán. Níorbh fhéidir liom caint as Gaeilge ach i gcaife idirlín amháin. Tá an-bheagán eagrachtaí ann atá ag oibriú ar son na Gaeilge. Tá i lan oibre le déanamh i gcathair Chorcaí!

I gcathair Bhaile Átha Cliath tá suí na Gaeilge beagán níos fearr thar mar atá sí i gcathair Chorcaí. Ansin, tá i lán deiseanna agat le caint as Gaeilge má tá an fonn ort. Níl easpa eagrachtaí ar son na Gaeilge ann i gcathair Bhaile Átha Cliath.

De réir Acht na teanga oifigiúil: Sin cúis gháire atá ann! Bhí mé ag iarraidh Gaeilge a labhairt sna hoifigí. Ach ní raibh Gaeilgeoir liofa faoi láthair ansin riamh! Chuaigh mé chuig na hoifigí turasóirí agus chuig na stáisiúin traenach gus busanna. Ní raibh mé in ann Gaeilge a labhairt ansin riamh! Bhí mé ag samhlú ar chainteoirí dúchais. Sin drochrud go deo do na cainteoirí dúchais.

Is mionlacht an dhaonra a bhfuil Gaeilge liofa aige ach níl an Ghaeilge marbh chomh maith!

Tá súil agam go mbeidh mo haiste bheag súimiúil dúibh.

Slán go fóill, beannacht, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3865
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, May 24, 2008 - 01:31 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go raibh maith agat as an gcuntas sin, Alex. Anois... cén chaoi a raibh an bia?

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Sunday, May 25, 2008 - 02:46 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Abair é, grmma. An-spéisiúil a Alex, go maire tú an iarracht mhisniúil Gaeilg a fhéacháil sna áiteanna san! Ní furasta a dhéanamh. Tuigeann cuid againn abhus an chaoi le háit a fhéachaint ó thaobh na Gaeilge agus an chaoi le seasamh siar gan samhnas a chur ar aon taobh nuair nach n-éiríonn linn. Tá tú le moladh go mór as an iarracht.

Agus cúrsaí costais an bhia?!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

AlexDietz (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 04:42 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A chairde gaelacha (ceart?),

tá brón orm go bhfuil mé a chur freagra ar bhur dteachtaireachtaí chomh déanach.

Bhí an bricfeasta go hiontach sna lóistíní a bhí muid ag fanacht. Bhí go leor bia le n-ithe ann. Ach bíonn na praghsanna an bhia sna bialanna Éireannacha i bhfiad níos airde ná sna bialanna Gearmáinise, timpeall 50% - 70% níos airde.

Bhain mé sásamh as mo chuid a dhearna mise mé féin le an Ghaeilge a choinneáil beo. De réir na habairte "Labhair í agus mairfidh sí!". Is féidir Gaeilge a labhairt sa chathair ach ní thagann na deiseanna chugat astu féin.

Slán go fóill, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 06:28 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

... ní thagann na deiseanna chugat astu féin. .... Alex.

Sin í an fhírinne.

An áit is fearr le haghaidh bia in Éirinn:
Bialann na Seanscoile, Mín an Aoire, Tír Chonaill.
An margadh is fearr in Éirinn, measaim. Cheistigh mé daoine san áit, cén fáth a raibh oiread ar an phláta Toigh na Seanscoile? Tá monarcha éisc in aice láimhe, insíodh dom, agus tá an bhialann dírithe orthu súd.
An áit a mbeidh obair throm ar siúl, beidh an pláta amhlaidh.
Tógadh teach na scoile sa mbl. 1890 http://www.president.ie/index.php?section=5&speech=382&lang=eng .

Luaitear anseo é chomh maith ach cáipéis fhada atá ann:
http://www.westbic.ie/GhleannCholmCille-Gailge.pdf Pictiúir dheasa lgh. 12, 20, 32.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3887
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 12:26 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhfuil margadh maith le fáil i gceartlár BhÁC, bia sláintiúil ar phraghas réasúnta? Beidh mé ar lóistín i gColáiste na Tríonóide ar feadh dhá sheachtain.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 01:12 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní thig liom a rá go bhfuil agus is dócha nach bhfuil!

Ceannaigh sa siopa is caith sa charr, mura bhfuil saineolas na háite ag Aonghus le scaoileadh linn.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7153
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 05:04 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bíonn margadh orgánach i mBarra an Teampaill de Satharn.Ach praghas réasúnta, sin scéal eile...

Ó tá Caifé Úna ar lár, tá sé sách deacair...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, May 29, 2008 - 06:47 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cén fáth, a shíleann sibhse, a bhfuil an Ghaeilge chomh lag sin i gcathair Chorcaí i gcomparáid leis an gcathair Bhaile Átha Cliath agus le cathair na Gaillimhe?

Go n-éiri libh, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, May 29, 2008 - 10:16 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní dóigh liom go bhfuil mórán eatarthu a Alex. An té nach dóigh leat Gaeilg a bheith aige, sin é an duine a bhfuil sí aige agus an rud céanna droim ar ais. Chuirfeadh sé ionadh ar dhuine an áit a bhfaighidh sé Gaeilg in am amháin ach dhá uair an chloig ina dhiaidh sin, go bhfuil athrú mór ar an scéal.

Tá sé cosúil le hábhar glas is ábhar uaithne. Tuigimid go bhfuil siad ann, de réir an tsaineolais, ach ní fheicimid ach ceann amháin acu. 'Feiceann súil ghlas saol glas' a deir an seanfhocal, agus ní féidir a bheith cinnte d'aon ní ar an gcéad amharc. Dá shiúlfá Corcaigh le duine ar an eolas ceart, b'fhéidir go gceapfá go raibh sé chun tosaigh ar Ghaillimh féin, ach ní dóigh liom go bhfuil aon bhaile eile chun tosaigh ar Chathair na Gaillimhe.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, May 30, 2008 - 12:44 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dhearmad mé na heaglaisí. Níor léigh mé faoi sherbhísí eaglaise as Gaeilge ach amháin sa Ghaeltacht agus i mBÁC. Ach ní chuala mé aon serbhís eaglaise ar bith as Gaeilge sna heaglaisí pratastúnacha. Is bocht an scéal é go bhfuil na heaglaisí ag déanamh chomh beagán ar son na Gaeilge. Beannacht, Alex

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cailín (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, October 10, 2008 - 11:40 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Wow, tá d'aiste beag (mar a deir tú!) an spéisiúil ar fad! Is Éireannach mé agus táim fós ag foghlaim na Gaeilge. Ní dhearna mé iarracht riamh labhairt le daoine sna cathracha as Gaeilge, tá sé suimiúil go ndearna tú sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1490
Registered: 06-2005


Posted on Wednesday, October 29, 2008 - 09:35 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cailín, cuir fáinne ort 's tú sna cathracha! Cuir in iúl do Ghaeilgeoirí gur Gaeilgeoir tú agus gach seans go bhfaighfidh tú níos mó den teanga álainn seo!

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river



©Daltaí na Gaeilge