Author |
Message |
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 834 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, May 20, 2008 - 09:54 am: | |
A chairde, Bhí sé go brea roinnt mhór díbh a fheiscint ag an gcomhdháil. Sílim go raibh sé go hiontach, agus tá súil agam go mbeidh teagmháil níos fearr againn go léir lena chéile as seo amach. Beidh taifid agus grianghraif agam ar an idirlíon sul i bhfad, tá súil agam. Séamas |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3838 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, May 20, 2008 - 10:52 am: | |
quote:agus grianghraif agam ar an idirlíon Oh boy! Gailearaí na Rógairí! Ní féidir liom fanacht. Cuir suas inniu féin iad! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 835 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, May 20, 2008 - 04:02 pm: | |
Seo rud níos fearr fós: Físchraoladh! Níl anseo ach an chéad chuid go fóill. http://philo-celtic-feesh.blogspot.com/ |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3846 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, May 21, 2008 - 11:24 am: | |
Chuir cuid den fhís tinneas farraige orm: na pictiúir ag casadh isteach ó thaobh an scáileáin. Níl an fhuaim thar mholadh beirte ach oiread. Tá obair le déanamh agaibh go fóll. Ba mhaith liom a bheith níos moltaí. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 836 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, May 21, 2008 - 03:42 pm: | |
Buiséad: $0.00 |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3849 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, May 21, 2008 - 04:48 pm: | |
Cuir thart an hata? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 837 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, May 21, 2008 - 07:22 pm: | |
Radharc agus taifid atá ann nach bhfuil ar fáil seachas uaimse. Tá súil agam go mbeidh daoine eile sásta leis. Táimse. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 838 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, May 22, 2008 - 07:43 pm: | |
Tá an dara cuid ann. Níos mó agus níos measa... http://philo-celtic-feesh.blogspot.com/ |
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 22, 2008 - 07:59 pm: | |
An-obair a Shéamais. Tá tú chun tosaigh ar na meáin abhus, mar ní fhaca féin ar aon nós, aon mhír scannáin ar an gcomhdháil sin ar an taobh so den deán go fóill. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3856 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, May 22, 2008 - 09:18 pm: | |
quote:agus níos measa... Ní hea. Ní raibh aon rud ann a chuir meadhrán ionam an t-am seo! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7136 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 23, 2008 - 06:09 am: | |
Tá píosa a scríobh Séamas i Lá inniu. Níl ag éirí liom é fhail ar líne, ach beidh sé san leagan PDF ag www.nuacht.com |
|
Kelly_d
Member Username: Kelly_d
Post Number: 8 Registered: 02-2008
| Posted on Friday, May 23, 2008 - 02:15 pm: | |
Tá an píosa siúd le fáil i nGearrthóga ag www.gaelport.com freisin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7140 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 23, 2008 - 03:45 pm: | |
|
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, May 25, 2008 - 02:35 pm: | |
Áiméan a deirim. Comharthaíonn an t-alt san go leor. Duine ar thaobh amháin na teiscinne, an taobh thiar an t-am so, a bheith ag soláthar eolais don dá thaobh. Ní hé amháin gur nascadh aitheantas níos fearr idir na heagraíochtaí ar an dá thaobh, ach tá an comhoibriú sciobtha tras-Atlantach ag feidhmiú go breá, d'fhéadfaí a rá. Tharla altanna, cláir is míreanna nuachta thall is abhus i rith na mblianta, ach braithim go bhfeicfimid an teagmháil ag tarlú an-sciobtha feasta. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 839 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, May 27, 2008 - 09:13 am: | |
GRMA. Rud beag amháin: Scríobh mise: "Tháinig oifigigh Ghlór na nGael agus leas-ardchonsal na hÉireann Breandán Ó Caollaí, agus bhí oíche bheag dheas againn go léir." Agus seo mar a d'athraigh an t-eagarthóir é (chun é a dhéanamh mícheart): "Tháinig oifigeach Ghlór na nGael, Breandán Ó Caollaí, agus bhí oíche bheag dheas againn go léir." Rinne mise na grianghraif (ach an ceann díomsa, a rinneadh le mo cheamara é), freisin. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3880 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, May 27, 2008 - 03:03 pm: | |
quote:Rinne mise na grianghraif Cén áit a bhfuil siad anois? An dtabharfaidh tú an tURL dúinn? (Sea, is leisciúil an duine mé: cliceáil is ceangail atá uaim i gcónaí!) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 840 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 11:34 am: | |
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3885 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 12:08 pm: | |
GRMA! Cé hiad na fir ar an gcéad leathanach? An tusa atá ann leis an gcroiméal ollmhór (agus an triúir Stooges)?!? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 841 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 01:05 pm: | |
Ní hea. Sin Tomás Mac Gearailt agus Traolach Ó Riordáin. Tá an-aithne agat ar Thomás thar na blianta. Gaeilgeoir ó dhúchas, as an gClár (sílim) is ea Traolach, atá ag obair in Montana anois. Má chuirtear an luch ar aon ghrianghraf, bíonn eolas le feiscint ann. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3889 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 01:26 pm: | |
Níl seift na luiche ag obair domsa. Safari atá agam mar bhrabhsálaí. quote:ach an ceann díomsa, a rinneadh le mo cheamara é Cá bhfuil tú mar sin? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 842 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 04:13 pm: | |
Is mise an duine le carbhat na dtrí giolla amaideach orm (nach bhfuil ar an gcéad leathanach - níor thuig mé do cheist, sílim): http://scoilgaeilge.org/events/FGMT/Sathairn/img_3969.jpg |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 843 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, May 28, 2008 - 08:19 pm: | |
|
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 29, 2008 - 05:31 am: | |
An-mhaith a Shéamais. An fad ceart sna míreanna sa gcaoi go mothófá go raibh rud éigin ag titim amach ar feadh an ama. |
|