mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Tá an locht ar dhaoine ramhra! « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3827
Registered: 02-2005


Posted on Friday, May 16, 2008 - 06:07 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post


"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Saturday, May 17, 2008 - 05:55 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is teoiric an-chonspóideach an méid sin, gan amhras a Dennis. Níor chuimhnigh mé air ar an dóigh sin.

D'athraigh m'intinn i leith an dreama ramhair roinnt blianta ó shoin nuair a chonaic mé duine a tháinig trí mhaidhm inchinne de mhaoil a mhainge. Bhí orthu an cloigeann a oscailt agus thug an máinlia 50-50 dó ar a theacht as. Mhol sé dó glaoch ar a mhuintir agus aon ní a bhí le socrú aige a dhéanamh. Bhí mé ann nuair a chuir sé scairt ghutháin ar a iarbhean chéile agus ar a mhac. Fear ar aon aois leis, as an taobh céanna tíre a chuaigh faoi scin san ospidéal céanna leis, fuair sé bás faoin scin an lá céanna. Chonaic mé a mhac seisean, tuairim is deich mbliana d'aois, ag siúl roimhe, ag brú doras an díonchúraim amach chugam, é faoi bhrón an tsaoil is a dhá shúil líonta le deoir.

Ba léir dom gur athraigh a dhearcadh i ndiaidh na sceanairte. Fear eile ar fad a bhí ann. Ba bhlasta leis gach móiméad is gach lá dá shaol feasta. Chuir sé spéis thar na bearta i gcúrsaí bia agus i luibheanna ar an mbia. Buaileann taom trua mé am ar bith a fheicim duine ramhar ó shoin i leith, mar is féidir go bhfuil a scéal féin aige/aici siúd chomh maith. Níl a fhios ag a leath againn cad é mar a luíonn an bhróg ar an duine eile. Más ramhar féin iad, b'fhéidir go bhfuil siad ag déanamh an-leas don chomhluadar ina gcuid oibre féin cúig lá na seachtaine.

Agus taobh eile an domhain ag cailleadh le hocras. An gabháltas beag a bhfuil mé anois, ba í seo an chéad áit a raibh barr prátaí i ndiaidh na dúchana sna bólaí seo. Baintreach a bhí anseo san am. Tharraing sí póiríní amach nuair a bhuail an dúchan i dtosach. Choinnigh sí faoi chlúdach sa teach iad. Chuaigh sí amach faoi choim oíche lena cuid gasúr nuair a bhí an ráig spíonta, is chuireadar póiríní sna hiomairí, gan a gcóiriú, i ngan fhios na gcomharsan. Níor thug éinne aon aird ar an áit nuair a chonaic siad na seanghais ag lobhadh ar na hiomairí, ach bhí borradh faoi na póiríní.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3831
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, May 17, 2008 - 11:12 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá cúpla cara agam atá ramhar, agus cara amháin atá FÍOR-ramhar. Tá fadhbanna acu atá ceangailte lena meáchan agus b'fhearr leo gan a bheith chomh mór. Níor mhaith liomsa bheith suite in aice le duine acu ar eitleán, cé gur maith liom iad. Tá taithí agam ar a leithéid, faraor.

Tá teoiric eile ann anois maidir leis an raimhre: gur "víreas" atá ann. Is é sin, má tá a lán cairde ramhra ag duine, is baolach, nó níos probable go dtitfidh sé i bhfeoil freisin. Faigheann sé "cead" ó na daoine eile. Tá sé sin feicthe agam. Bhí mé ag bainis ar na mallaibh, in Alabama. Tháinig an buachaill óg agus a chuid cairde ó bhaile beag. D'fhás siad aníos le chéile, agus anois tá siad uilig ag éirí ramhar le chéile. Níl na mná óga ramhar ar chor ar bith, ach tá "cead" ag na lads sin gan aon aclaíocht a dhéanamh agus i bhfad an iomarca beorach a ól.

Le linn don lánúin nua mí na meala a chaitheamh san Iodáil, thug an fear óg seo faoi deara go raibh sé ag éirí ramhar. "Chubby cheeks!" a dúirt sé agus é ag féachaint ar phictiúr ón mbainis. Tá régime nua aige anois: níos lú beorach, níos mó reatha.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Saturday, May 17, 2008 - 06:39 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cúpla lá ar an bportach, nó obair éigin mar é. Garraíodóireacht chomh maith, is iontach an chaoi é le meáchan a chailleadh. Siúl is dóigh an tslí is fearr ar fad.

Thiocfainn leis an tuairim sin faoin gcomhluadar a bheith ag ceadú a chéile. Glactar leis chomh maith go dtitfidh tú chun feola de réir mar a rachfas tú in aois. Is cuimhin liom an t-iarthiománaí bus a bhíodh againn fadó, go bhfeictí é ag rothaíocht thart go minic ina sheanaois i bhfad i ndiaidh dó gabháil amach ar scor. Bhí cuma an-mhaith air agus ba mhinic daoine ag caint ar a fheabhas a raibh sé at breathnú d'ainneoin na haoise. Chonaiceamar a chéile trasna reilige lá amháin ag sochraid. Thosaigh an chaint. "Cé chaoi a bhfuil tú á dhéanamh a Joe?" a deirimse leis. "Ar ndóigh, seachnaím an seandream agus téimse thart in éineacht leis an dream óg atá thart ar an trí scór go leith nó níos óige" a dúirt sé! Ní raibh aon bhrí sa dream ar a aois féin agus chuirfidís aois ort a dúirt sé.

Bhí air gabháil isteach faoi chúram in ionad seandaoine ach déarfainn go bhfuil sé ag baint spraoi as an áit fós féin. Is mór an feall nach ndeachaigh mé ar cuairt chuige go fóill.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3833
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, May 17, 2008 - 08:37 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Siúl is dóigh an tslí is fearr ar fad.

Aontaím go hiomlán leis sin! Agus tá sé i bhfad níos saoire ná tiomáint. Eiseamláir dúinn uilig é do dhuine, an t-iarthiománaí bus, bail ó dhia, ó na déithe, ó na lares, ó na penates, ó na genii loci agus ó na héisc bheaga air! (Bhíodh an nath "ye gods and little fishes" ag mo mháthair. Níl a fhios agam cá bhfuair sí é.)

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3855
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, May 22, 2008 - 08:57 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Agus más fíor go n-éiríonn daoine ramhar le chéile i ngrúpaí, is cosúil go n-éiríonn siad as an tobac ar an modh céanna. Bhí alt ar an NYTimes inniu: Study Finds Strong Social Factor in Quitting Smoking. Más fíor do na taighdeoirí, éiríonn daoine as an tobac i ngrúpaí, mogaill chairde uile le chéile. Fágtar ar an imeall ansin na daoine nach bhfuil in ann éirí as, beagnach gan chairde uaireanta.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Sunday, May 25, 2008 - 02:12 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

B'fhéidir go bhfuil leigheas ar ghalar an Bhéarla aimsithe agat a Dennis!

Béarlóirí gan Baiste! Is mithid cumann úr a bhunú.

Baineann an ghné sin le muintir Bhéarla na hÉireann a bheith ag maíomh go bhfuil cathú nó téisiúlacht sa nGaeilg feasta. A luaithe a fhógraítear rud éigin a bheith 'cúl' i measc aicmí áirithe, bíonn ráchairt air ina dhiaidh sin. Caithfidh siad a leithéid a mhaíomh ar feadh fada go leor, á misniú féin, sula dtosóidh an móramh de bheith ag gabháil dí.



©Daltaí na Gaeilge