Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3799 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 09, 2008 - 10:48 pm: | |
Tá nead ag péire iolar maol i gcrann cottonwood ag bun an chnoic a bhfuil mé i mo chónaí air. Ní amuigh faoin tuath atá seo ar chor ar bith, ach i lár Seattle. Nuair a bhí mé ag siúl thar bráid na gcrann seo tráthnóna inniu, ar chosán na sráide, chuala mé rírá agus scréachach os mo chionn. Bhí iolar ag teacht i dtreo na nide agus francach (nó ainmhí eile mar sin) ina ghob, agus is iad na scalltáin, na héin óga, a bhí ag screadach le teann cíocrais. http://en.wikipedia.org/wiki/Bald_eagle Dála an scéil is é éan náisiúnta na Stát Aontaithe an t-iolar maol. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3800 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 09, 2008 - 10:58 pm: | |
Agus an bison fresin! Bhí mé ag ithe mo choda linn dom an tcht thuas a scríobh: bison burgers a rinne mé go scioptha. Cheannaigh mé feoil mhionaithe bison san ollmhargadh arú inné, $6.75 an punt. Tá an fheoil seo níos lean* agus níos sláintiúla na mairteoil, gan a bheith mórán níos daoire anois. Seo ainmhí eile a bhí endangered tráth, nach bhfuil anois. * maidir le "lean meat", "feoil thrua" atá ag De Bhaldraithe air. Ach níl an aidiacht sin feiliúnach sa chás seo ar chor ar bith! (Message edited by dennis on May 09, 2008) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 341 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, May 10, 2008 - 01:45 am: | |
Scéal suimiúil, Dennis. Bhíomar i dtuaisceart British Columbia tuairim is dhá bhliain déag ó shin ar Loch Francois. Fuaireamar canú agus chuaigh amach ar an loch. Tá nead iolar ar an mbruach thall agus chuamar an-ghar dó sa bhad. Níor chreid mé méid na n-éan sin! Tá siad an-mhór agus, mar a dúirt tusa, an-ghleoch chomh maith. Chonaic mé ceann i lár Wisconsin mí ó shin. Tá neadacha ar bhruach Abhann Wisconsin. Agus tá neadacha in aice leis an bhfarraige anseo. Feicim na n-éin ó ham go ham óna fuinneoga i mo theach. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1437 Registered: 06-2005
| Posted on Sunday, May 11, 2008 - 06:59 pm: | |
Cén fáth go bhfuil bhur n-éan náisiúnta i mbaol mórbháis? Nach bhfuil daoine ann agus aire a thabhairt don éan? Cén chaoi gur thosaigh an meath? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3808 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, May 11, 2008 - 07:25 pm: | |
Níl siad i mbaol anois. Ach tamall ó shin bhíodh. DDT ba chúis lena lán den díobháil agus den mheath; sin agus póitseáil. Tá a gcuid cleití an-luachmhar, le haghaidh war bonnets agus le regalia eile de na Plains Indians a dhéanamh. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7102 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 12, 2008 - 06:02 am: | |
Arbh iad bundúchasaigh na machairí féin a bhí á scrios, nó dreamanna a bhí ag athchruthú saol na mbundúchasaigh? Tá's agam go bhfuil cúpla dream dá léithéid sa Ghearmáin - thug mé mo ghasúr go pow wow dá gcuid i Pankow tráth; sílim go bhfuilid fairsing thall, nach bhfuil? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3809 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, May 12, 2008 - 11:22 am: | |
quote:Arbh iad bundúchasaigh na machairí féin a bhí á scrios, nó dreamanna a bhí ag athchruthú saol na mbundúchasaigh? Na bundúchasaigh sin, bundúchasaigh eile, agus daoine nach iad a dhíol iad leis na hIndiaigh iad, nó le "bailitheoirí". Níl cead ag éinne nach Indiach é na cleití nó aon chuid eile den éan a bheith aige. Tá cur síos ar an dlí seo anseo: http://en.wikipedia.org/wiki/Eagle_feather_law "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 833 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, May 12, 2008 - 04:15 pm: | |
Maidir le trua mar aidiacht, cé go bhfuil dara brí aige, is é fós an focal ceart: trua [aidiacht den tríú díochlaonadh] a thuilleann nó a tharraingíonn trua (gáir thrua, duine trua; is trua liom sin); (le feoil) dearg. Ach is dócha gur níos deirge atá sé, freisin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7105 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 12, 2008 - 05:14 pm: | |
Tá an leagan truafheoil ag de Bhaldraithe chomh maith, rud a sheachnaíonn an debhrí. Is cosúil go raibh feidhm éigin ag an dlí, má tá na hiolar ag teacht chucu féin. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3811 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, May 13, 2008 - 12:12 pm: | |
quote:truafheoil Is deas an comhfhocal é. Ach conas a déarfá é? Tá an iomarca gutaí i ndiaidh a chéile ann! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7110 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 14, 2008 - 05:17 pm: | |
Foghraíocht. Ní heol dom! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3813 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, May 14, 2008 - 10:27 pm: | |
Is focal é nár chuala tú riamh mar sin? Ceapaim go ndéarfainn, go cúramach, "trua-óil" dá mbeadh iallach orm é a rá. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7113 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 15, 2008 - 06:17 am: | |
Ní raibh an leagan trua ar "lean" agam ar chor ar bith. Is dóigh liom gur tru-óil a bheadh ann, áfach. |
|
An Canúnaí Úd (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 15, 2008 - 07:49 am: | |
GRMA as an eolas faoin mbiseach i scéal an iolair mhaoil a Dennis. Tharla go raibh mé an-ghar don scréachóg reilige aréir, lastuaidh de Dhroim Dhá Thiar i gCo. Liatroma, mheas mé gur cheart líne nó dhó a leagan isteach anseo daoibh. http://www.ehsni.gov.uk/wg006irish.pdf Tá mé in amhras ar scréachóg reilige an t-éan a chonaic mé aréir, nó ar éan éalaithe é de chineál eile. Ag tiomáint abhaile a bhíos nuair a nocht an t-éan ollmhór seo amach de thaobh na ciotóige agus lean ar aghaibh an treo céanna liom féin ar feadh leathchéad slat is chas isteach ar an taobh eile den bhóthar. Bhí orm maolú ar an luas i dtosach, nó bhí sé i gcontúirt a bhuailte. Tá sé i mbaol: http://www.npws.ie/ga/AnBhitheagsulacht/Eire/Ein/ i ngeall ar an nimh a leagtar roimh na luchóga móra. Aimrítear le feoil nimhithe na luchóige an scréachóg, má thagann sé slán i gcéad uair. Tuairim is bliain ó shoin, bhí mé ag tiomáint sa cheantar céanna nuair a chonaic mé madadh ollmhór, dar liom ag an am, ag imeacht isteach de leataobh an bhóthair. Ar an tslí a chaith sé léim isteach thar sconsa mheas mé nár mhadadh é ar chor ar bith, ach leon dubh de chineál éigin. Shíleas ag an am gur cheart a insint do chara liom san áit a bhfuil clann mhac óg aige a mb'fhéidir a bheith i gcontúirt, ach céard a cheapfadh sé dá dtosóinn ag trácht ar an leon dubh nach bhfaca mé ach sracfhéachaint de i ndoircheacht oíche? Naoi mí nó mar sin dar gcionn bhí trácht sna meáin ar chat fiáin ollmhór a bheith thart ar Cheann an Droichid i dTír Chonaill. B'fhéidir gur Euroasion Eagle Owl a d'eitil amach romham aréir. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3815 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, May 15, 2008 - 09:19 am: | |
Aon chaint in Éirinn ar na mic tíre a thabhairt ar ais? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7117 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 15, 2008 - 09:55 am: | |
Tá siad sna cúirteanna. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 939 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, May 15, 2008 - 10:20 am: | |
.........agus sna háiteanna rince. Stadaigí, a bhuachaillí, coinnigí bhur mbosa allasacha libhse fhéin. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3993 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, June 20, 2008 - 07:17 pm: | |
An t-eolas is deireanaí, a fuair mé ó fhear a raibh gloine fhéachana ar thríchosach aige, i gceartlár an chosáin, agus é ag breathnú orthu léi: tá dhá ghearrcach sa nead, iad beagnach chomh mór le préacháin anois. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, June 20, 2008 - 08:13 pm: | |
Is maith do scéala a Dennis. Shíleas nuair a lonnaigh mo shúil ar an teideal go raibh Arm na hEorpa nó Brian Cowan ag teacht go hÉirinn le cás a throid sna cúirteanna! Na hiolair - seabhaic... - hawks! An iomarca den ábhar duairc sin a chonaiceamar le hais gnóthaí dúlra ar na mallaibh. |
|