mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Imeacht na nIarlaí : Bealtaine 1608 « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 934
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, May 06, 2008 - 07:39 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Arú inné, 4 Bealtaine 1608, bhuail na hÉireannaigh lenA Naofacht, an Pápa Pól a Cúig ag a trí a chloig sa tráthnóna in Monte Cavallo.

Ina dhiaidh labhair siad le nia an Phápa an Cairdinéal Borghese.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 935
Registered: 06-2006
Posted on Monday, May 12, 2008 - 06:36 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Rinne Aodh cuairt ar seacht gcairdinéal tríochad as éadan.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 938
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, May 15, 2008 - 09:04 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Inniu, Déardaoin Deasghabhála, 1608.

Tá ár gcairde ag tabhairt cuairt ar an gCairdineál Asconi a bhfuil cónaí air taobh Ardeaglais Pheadair.

Feiceann said Beannú an Phápa agus a mhórshiúl mhaiseach faoin phoimp is mhustar

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1030
Registered: 06-2006
Posted on Friday, August 29, 2008 - 10:10 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Faoi samhradh 1599, agus Eisics ag tabhairt cuaird an hÉireann air féin, is air a chuid fear, cad a bhí ar bun i Londain?

Faoi Iúil, bhí spiairí ag déanamh scéil do rialtas Shasana, go raibh suas le 60 long ag na Spáinnigh mar arm ionradh Shasana, lán mairnéalach is 25 000 saighdiúir le teacht i dtír i Sasana. Aon bhliain déag roimhe seo, in 1588, an uair deireannach a d'fhéach an Spáinneach le arm mór a chuir i dtír i Sasana

Mheas na Sasanaigh go dtiocfadh an ionradh i ndá bheann comhaimsirseacha: áit éigin ar cósta theas Shasana agus suas na Tamaise go Londain. B'é seo an leagan amach a bhain Diúc Palma amach nuair a ghabh sé Antuairp ar son na Spáinneach roinnt blianta roimhe seo agus a ndeachaidh Aodh Mór le feiceáil anuraidh. B'é an Diúc Palma seo a chuir fáilte roimh Aodh is a thairise sna Ísiltíortha Spáinneacha.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1035
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, September 02, 2008 - 07:54 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An samhradh seo, fuaireadh ciarsúr ar an sráid i Londain ag beirt brícadóir. Tharla go raibh litir istigh ann. Thug siad go fear scríte litreacha í, ní raibh léamh ag an bheirt.
Thug seisean go constábla í, a thug go giústas í, a thug do Chomhaire na Banríon í.

Litir a bhí ann ón Iarla Deasmumhain do Rí na Spáinne ag impí air an creideamh caitliceach a thabhairt ar ais i Sasana!

Ní inniu nó inné a thosaigh cumadh is plandáil "fianaise".

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1036
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, September 03, 2008 - 10:10 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí drochamhras ar chaitlicigh agus ar "recusants" mar a deir béarla na hamsire sin, "séantaigh", caitlicigh a dhiúltaigh athrú creidimh a thabhairt orthu fhéin agus a d'íoc na fíneálacha as gan freastal ar na heaglaisí cuí.

Coigeartadh a gcuid capall uathu: dá raibh siad le dul i bpáirt leis an Spáinneach nuair a thiocfadh sé, déanfaidis é ar a mbonn!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1041
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, September 16, 2008 - 10:03 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

B’iomaí ráfla a bhí timpeall Londan an bhliain seo: 1599.

“Bhí an bhanríon marbh” : aon bhliain déag roimhe, in 1588, le teacht na hArmáide Spáinnigh, bhí Eilís Tútor in éineacht lena trúpaí ag Tilbury, síos na haibhne ó Londain, ag tabhairt uchtaigh dóibh siúd a bhí ag feitheamh ar an Spáinneach. Bhí sí 55 bliain d’aois ag an am.

An bhliain seo, ní raibh Eilís i súil an phobail, ach dar ndóigh , ní raibh sí marbh. Tá sí 66 bliana d’aois anois.


Bhí sé i mbéal an phobail anois, go raibh ag Rí na Spáinne:
150 bád seoil
70 birling
Le haghaidh 30 000 saighdiúir le teacht i dtír i Sasana

Go raibh 20 000 saighdiúir eile ón pápa aige

Go dtabharfadh Rí Danmhairge 100 bád don ionradh

Go dtiocfadh Rí na hAlban aníos le 40 000 saighdiúr don ionradh

Go gcuirfeadh Rí na Spáinne Rí na hAlban i gcoróin i Sasana

Ba bheag spéis ag bhí ag rialtas Shasana in Éirinn an bhliain seo ach go mbainfeadh an Spáinneach úsáid as le hionsaí ar Shasana fhéin, nó dallamallóg a chuir orthu

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1042
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, September 18, 2008 - 11:03 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Faoi Lúnasa, bhí prapáil cosanta ar chois timpeall Londan, ar feadh na Taimse, agus ar an gcósta.
Coinscríobhadh deichniúr, nó dosaen as gach barda sa chathair don mhilíste. Chuir na 25 bharda 3375 fear ar fáil. Ordaiodh do bhardas Londan 16 bhád as a loingeas a dhéanamh réidh le 10 000 fear.
Bhí faoin rialtas 25 000 fear a shlógadh go náisiúnta.
Ordaiodh do Sior Francis Vere, ceannaire Arm Shasana sa Thír fo Thoinn, 2 000 saighdiúir a chuir abhaile. Fágadh a chuid saighdiúir ag Eisics in Éirinn.
Iarradh ar 12 chontae timpeall Londan na mílte coisithe a chuir ar fail.
Iarradh ar 15 chontae timpeall Londan marcaigh a chuir ar fail do Londain.
Bhí plean 1500 muscaedaeir a lonnadh ar bhruach ag Gravesend, ar bhac na Taimse, trasna ó Tilburí, le chosc a chuir ar na Spáinneach, ach ós rud é gur theip ar an leagan amach sin ag lucht cosanta Antuairpe in 1585 roimh na Spáinneach, níor leanadh é.
Bhí plean eile ann, 83 bhád a chuir go tóinn poill d’aon ghnó le bac a chuir roimh an Spáinneach. Agus bruacha na haibhne a bhriseadh le nach bhféadfadh an Spáinneach teacht i dtír ar thalamh slán. Níor leanadh é. Bhí sé ró chostasach.
D’fhan said le teacht an Spáinnigh: bhí tuairiscí gach re seal go raibh an Spáinneach in aice láimhe. Níor tháinig sé.

Ar 20 Lúnasa, 1599, d’ordaigh an bhanríon go scorfaí na saighdiúirí a chonscríobhadh. Ba bheag uirthi costas an airm riamh, agus bhí sé ag cur isteach ar chruinniú fhomhar na mbarra a dhéanfadh easpa bidh ar ball .

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1043
Registered: 06-2006
Posted on Friday, September 19, 2008 - 09:51 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ach bhí an rialtas fós ag fail tuairiscí go raibh an Spáinneach in aice láimhe is rún ionraidh faoi. Ní raibh fhios ag an rialtas cad a chreidfeadh said.

De Sathairn 25 Lúnasa 1599, chuireadh slógadh arís ar na saighdiúirí a scoradh, ach fós níor tháinig an Spáinneach. Scoradh arís na saighdiúirí ar 4 Meán Fomhair.

I ndáirire, ní raibh fhios ag éinne cad a bhí ar bun agus cén fáth. Mheas Francis Bacon gur chuireadh an slógadh ar bun leis nach dtiocfadh Eisics as Éirinn lena arm agus an choróin a ghabháil dó fhéin.

Dar ndóigh, bhí an chinsireacht i dtaobh a bhí ag tarlú in Éirinn fós ar bun.

Níor tháinig an Spáinneach choiche.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1044
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, September 23, 2008 - 06:47 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Seo an léarscáil a rinne Baptista Boazio d'Éirinn a chuireadh i gcló in 1599.

Tá sonraí go leor ann, ach an áit is gainne sonraí: Ulaidh, dar ndóigh;

http://www.archivalmaps.com/saleprint.php?PrintID=1457

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1045
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, September 23, 2008 - 08:55 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Seo léirscáil an domhain, a chuireadh amach sa bhliain chéanna 1599, mar ba léir do Shasanaigh é.

Tá dhá bhaile luaite in Éirinn, Baile Átha Cliath agus Gaillimh, agus trí oileán: Oileán Chléire agus "Blasques", .i. na Blascaedí, agus oileán siar amach ó Ghailleamh nó Mhaigh Eo, darb ainm "Blackrock". Níl fhios agam cad dó a bhfuil sé.

http://en.wikipedia.org/wiki/Image:WrightMolyneux-ChartoftheWorld-c1599.jpg

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1046
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, September 24, 2008 - 06:37 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

1600.

Seo an chéad bhliain a thosaigh ar 1 Eanáir.
Ba nós roimhe seo an bhliain a thosú ar 25 Márta.

Bheadh 50 bliain d'aois ag Aodh Mór i mbliana

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1047
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, September 25, 2008 - 08:02 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níl na staraithe ar aon fhocal i dtaobh aois Aodha Mhóir, 45 bhliain d'aois, déarfadh cuid.

Sílim gur rugadh é in aon bhliain le Tadhg Óg Ó hUiginn, file do Ó Conchubhair Shligigh, an gcuimhin sibh eisean? an ceannaire a bhí liom leat le Aodh Rua, ach go bhfuair Tadhg Óg bás in 1591.

Daoine eile a rugadh sa bhliain seo:
Padraigín Haicéad (1600 - 1654 ) agus
Piaras Féirtéir (1600 - 1653 )

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1048
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, September 25, 2008 - 10:41 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Anois cé a thiocfadh le lá a bhreithe a cheiliúradh le Aodh Mór i mbliana?

Cearúll Ó Dálaigh, Cearúll Buí na nAmhrán? Níl ach trí bliana aige.

Tá prionsiasach ann, Micheál Ó Cléirigh a scríobhfadh anála. Tá sé 25 bliana d'aois

An bheirt shagart
Aodh Mac Aigeal Mac Cathmhaoil agus
Roibeart Mac Artúir, séiplíneach Aodha.
Tá siad araon 29, agus beidh siad araon ina nOllamh i Lobháin ar ball.

Cé eile?
Tá siad comhaoiseach le sagart ón "taobh eile", Sasanach darb ainm Uilliam Bedell, 29 i mbliana, fear an bhíobla Ghaeilge.

Cé eile?
Sagart eile, Seathrún Céitinn, tá sé 30 i mbliana, an aois céanna agus beirt fhile chlúiteach:
Eoghan Rua Mac an Bhaird, príomhfhile ag clann Dálach agus
Eochaidh Ó hEodhusa, príomhfhile ag clann MhagUidhir

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7542
Registered: 08-2004


Posted on Friday, September 26, 2008 - 06:31 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

B'shin comhluadar arbh fhiú freastal uirthi!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1049
Registered: 06-2006
Posted on Friday, September 26, 2008 - 06:54 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tuilleadh le teacht!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1050
Registered: 06-2006
Posted on Monday, September 29, 2008 - 07:40 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

28 a bheadh ag Aodh Rua Ó Domhnaill i mbliana, an comhghuaillí is mó ag Aodh Mór, agus ocht mbliana ó thug sé na cosa leis ó phriosún Chaisleán Bhaile Átha Cliath, i ndiadh a fhuadach in aois a seacht mbliana déag dó.

40 atá ag Dónal Cam Ó Suilleabháin Bhéarra.

Tá Flaithre Ó Maolchonaire 39 i mbliana, ach tá seisean i Salamanca anois, cé go dtiocfaidh sé in éineacht na Spáinneach i gceann dhá bhliana mar fhear teanga agus taidhleoir.

36 atá ag Uilliam Shakespeare i mbliana

Níl mé cinnte cén aois atá ag file eile, An Fearflatha Ó Gnímh, ach tá sé ina phríomhfhile ag Niallaigh Chlann Aodha Bhuí san áit a bhfuil contae Aontroma ann anois.

Ach ní raibh siad ar fad ansin ag aimsir sin.
Ní bhéarfar Dáibhí Ó Bruadair go ceann cúig bliana fichead agus beidh deich mbliana is trí scór thart ó beidh Aogán Ó Rathaille ann.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1051
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, September 30, 2008 - 09:57 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí Eisics imithe ar ais go Sasana agus cuireadh Searlas Blount, nó Moinseo, mar a b'fhearr aithne air, a bhí in arm Eisics, i mbun an airm, agus rinneadh leasrí de. Rinneadh uachtarán na Mumhan de Seoirse Carú.

Saighdiúr seanoilte a bhí in Moinseo, bhí taithí aige i gcoinne na Spáinneach san Ísiltír agus san Fhrainc. Ní gaige a bhí ann amhail Eisics ach fear cróga, bheadh sé ag marcaíocht ar thús a chuid fear, áit baoil de thoradh luíocháin. Chuir sé meanma arís sa saighdiúr singil Sasanach a bhí faoi greadadh na nGael.

Ar 1 Márta, 1600, maraíodh Aodh Maguidhir in scirmis marcshlua leis an Sasanaigh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1052
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, October 01, 2008 - 08:33 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí fhios ag Moinseó nach raibh ag éirí le cogaíocht na nGall i gcoinne oirbheartaíocht na nGael, mar sin chuir sé tús le straitéisí eile.

Bhí brúidiúlacht i gceist.

Thosaigh siad ag déanamh scrios ar tháilte éinne a bhí ina gcoinne le ocras is gorta le géilleadh a spreagadh.

Thosaigh siad ag fadú na seanfhaltanas idir na nGael, m.sh. Uí Néill Chlann Aodha Bhuí agus Uí Néill; agus Niall Garbh Ó Domhnaill a spreagadh le taoiseacht na nDálach a bhaint ó Aodh Rua.

Fiú amháin, d'fhostaigh siad file, Aongas Rua Ó Dálaigh, Aongas na nAor, leis na taoisigh a bhí i gcoinne na Sasanach a aorú. Abair bollscaireacht is síltheagasc, agus croí is aigne a ghnóú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1053
Registered: 06-2006
Posted on Friday, October 03, 2008 - 07:34 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sliocht ó litir Aodha Mhóir chuig Mac Cochláin a scríobhadh sa bhliain seo agus é ag iarraidh comhghuaillíochta:

"Ár mbeannacht chugaibh, a Mhic Cochláin.
Ghlacamar bhur litir, agus is é a thuigimid uirthi nach bhfuil agaibh a dhéanamh ach milseacht bhriathar agus sínteoireacht aimsire."

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1054
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, October 07, 2008 - 09:05 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Faoi Bealtaine, thug Moinseo a chéad fogha isteach ar chríocha Aodha Mhóir tríd an bhearnais ag An Mhaighre roinnt cileaméadair ó thuaidh ó Dún Dealgan.

Ní dhearna sé mórán ach é ag iarraidh aird Aodha Mhóir a tharraingt air.

Ag an am chéanna, chuaig Sior Énrí Docwra i dtír in Loch Feabhail is bhunaigh sé daingean ag Doire Cholm Chille. Bhí ceann talún ag na Sasanaigh ó thuaidh ar Ó Néill.
Bhí Sior Artúr Siotseastar i gCarraig Fhearghais ar Loch Cuain agus é ag fadú fhaltannais idir Niallaigh Chlann Aodha Bhuí is clann Dómhnaill

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1056
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, October 08, 2008 - 10:18 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí fhios ag Aodh Mór cad a bhí Moinseo ag déanamh is go raibh sé a thimpealliú le dúin. Bheadh sé deacair do na Spáinnigh teacht anois agus Loch Feabhail i lámha na Sasanach. Bheadh sé deachair Gallóglaigh a fháil ón Albain agus Sitsistar i gCarraig Fhearghais. Bhí sé beartaithe ag Moinseo dún saighdiúirí a bhunaigh in Ard Mhacha.
Chuir Aodh Mór in iúl go mbeadh thiar ar Mhoinseo dá mbainfeadh sé trial as.
Bhí Moinseo chuige.
Shroich Moinseo Dún Dealgan, ar imeall na Páile, ar 14 Meán Fomhair 1600 le 2 400 coisí agus 300 marcach. Ina dhiadidh sin, shuigh sé a arm i bhFochaird Bhríde ar bhéal bhearnas an Mhaighre, an bearnas céanna a thaisteal sé ceithre mhí roimhe sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1058
Registered: 06-2006
Posted on Friday, October 10, 2008 - 08:21 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Shuigh Moinseo a champa i bhFochaird Bhríde ar 20 Meán Fomhair is chuir sé buíon fir ag iarraidh uisce is brosna ann, bhí an áit ar fad faoi choillte ag an am. Bhí ceithearnaigh Uí Néill rompu is mhair scirmis idir na Gaeil is na Sasanaigh ar feadh dhá uair a chloig.

An lá ar na mhárach, tháinig fiche marcach Ghaelacha faoi fad urchar muscaed an champa. Ghlac an Sasanach é seo mar éadán, chrom ochtar marcach Shasanacha dul ina ndiaidh is an ruaig a chuir orthu.

Dar ndóigh, bhí luíochán rompu. Maraíodh Sasanach sular theith siad.

Bhí an chéad fhuil ag an Gaeil

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1059
Registered: 06-2006
Posted on Monday, October 13, 2008 - 11:27 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí Moinseo ar a fhaiceall.
Ar 25 Meán Fomhair, faoi choim ceo, chuir sé buíon saighdiúirí ag promhadh chosaint na nGael.
Toisc gur tháinig siad aniar aduaidh ar an Gaeil, bhí ag eirí leo go ceann tamaill, ach ar a bhfilleadh dóibh, bhí sé dian orthu.
Maraíodh 12 acu agus goineadh 30, ach d'admhaigh siad gur dóigh ná a mhalairt gur rinne siad mórchuid den dochar orthu fhéin cionn a tibhe is a bhí an ceo.
Ní fios cé mhéad de na Gaeil a mharaíodh.

I ndiaidh an cheo, bhí síon agus doineann anuuas ar na Sasanaigh agus laetha bhuana fearthana. Deirtear gur leagadh poball an Leasrí le linn na haimsire seo.

Níor troideadh go ceann sé lá.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1060
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, October 14, 2008 - 10:31 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí an oirbheartaíocht chéanna a chur i bhfeidhm ag Aodh Mór agus a bhain sé gaisneas aisti ag cath an Átha Bhuí. Agus anois bhí an talamh ard faoi.

Dar ndóigh, bhí ar an Sasanach teacht tríd an bhearnais, bhí air tógáil chuige agus bhí sé clúdaithe le choillte.

Bhí baraicéidí tógtha ag Aodh Mór roimhe,iad déanta as clocha, úir is fóid, agus trinsí is díoga tochailte, agus sonnaigh roimh an tSasanaigh.

Chuirfeadh siad bacanna roimh lucht ionsaithe agus áit fholaigh ar fáil do lucht cosanta.

D'fhighfidís craobhacha na gcrann le chéile le gluaiseacht a bhaint ó lucht ionsaithe, iad a chur i gcúnglach ina mbeadh buntaistí ag an Éireannach

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1061
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, October 23, 2008 - 09:06 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ar 2 Deireadh Fomhair,1600, nuair a ghlan an aimsir, tháinig na Gaeil chuig campa an tSasanaigh is thosaigh siad ag spochadh is ag greannadh na Sasanaigh.

Thug na Sasanaigh faoi na Gaeil an lá úd. Dianthroid a bhí ann an lá ar fad.

Mhaígh na Sasanaigh gur maraíodh 55 díobh an lá úd, agus 105 loite.

Níl figiúr agam don taobh Ghelach cé gur mhaígh na Sasanaigh gur mharaigh siad 400. Beag an baol go raibh an figiúr sin fíor, bíodh is go mbeadh dochar mór déanta cionn is go raibh airm ní b'éifeachtúla ag na Sasanaigh. Níor éirigh leis na Sasanaigh dul tríd an bhearnais.

Ar 8 Deireadh Fomhair, chuaig Moinseo ar ais go Dún Dealgan.

Níor lean Aodh Mór é, ach d'fhág seisean a dhúnchlaí is a áiteanna cosanta sa Mhaighre freisin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1062
Registered: 06-2006
Posted on Monday, October 27, 2008 - 07:56 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níl na staraithe ar aon fhocal i dtaobh cé'n taobh a thug an chraobh leo i gcoimhlint an Mhaighre.

Níor thóg Muinseo dún ag Ard Mhacha mar a ba mhian leis. Ach rinne sé promhadh ar Aodh Mór, féachaint cad iad na hachmainní fear is cogaidh a bhí aige, cé mar a bhí Aodh Mór i gceann cogaidh, a láidreachtaí is a laigí, agus an cumas is an achmainn a bhí aige.

Chuir Aodh fuil shróine ar arm Mhuinseo, ach níor chroig sé orthu. Níor éirigh leis, is léir, arm Mhuinseo a mhealladh go hiomlán isteach sna cúnglaigh ina raibh fhios ag Aodh Mór gur aigesean a bhí an buntáiste.

Ní fios againn cé'n fáth ar tharrraing Aodh siar ón Maighre. B'fhéidir gur mheas sé go dtiocfadh an t-ionsaí ar a mhalairt d'aird, thar Cairlinn abair, nó thar Charraig Fhearghais, nó thar Dhoire Cholm Chille fiú. Ná déan dearmad gur iompaigh Niall Garbh Ó Domhnaill agus a chuid fear ar thaobh na Sasanach, beart a lig dona Sasanaigh teacht i dtír i Loch Feabhail is dún a thógáil i nDoire, agur gur bhain Muinseo gaisneas as cleas an philibín chun an "ceann droichid" sin a dhaingnú.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1063
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, October 28, 2008 - 11:52 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níos déanaí sa mhí seo, chuaig Muinseo amach ar an Uladh ar an Mhaighne agus Aodh Mór áit éigin eile. Níor éirigh leis dún a thógáil in Ard Mhacha áfach, doineann is easpa soláirthaí an leithscéal oifigiúl aige, ach chuir sé dún ar bun in Achadh na Cranncha/Mountnorris an bhéarla, is timpeall 500 fear ann deirtear.

Bhí Aodh Mór ar ais sa Mhaighre faoin am seo ag feitheamh ar Mhuinseo nuair a thiocfadh sé ar ais le filleadh ar Bhaile Átha Cliath. Ach ní dheachaidh Muinseo an bealach sin, chuaigh sé bealach Na Pointe, is chuaigh sé trasna Loch Cairlinne i mbáid le Aodh Mór a sheachaint. Cé go ndearna fir Aodha Mhóir iarrachtaí Moinseo a mhealladh chuig cath mór, níor éirigh leo.

D'fhill Moinseo is a arm go Baile Átha Cliath

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1064
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, October 30, 2008 - 08:53 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Baineadh a chloigeann d'Eisics ar chéadaoin an luaithrigh 1601 cionn is nach raibh eisean ná Éilis Túdor buíoch dá chéile.

Bhí dearfiúir Eisics ina bean luí ag Muinseo, ach níor mhaith leis teacht salach ar a bhanríon. Lean sé leis ag scriosadh talún naimhde na Corónach Sasanaigh is ag scaipeadh gorta is ainnise.

Faoi Bhealtaine 1601, bhuail Muinseo amach as Baile Átha Cliath le feachtas na bliana sin a chur ar bun. Faoi Iúil, bhí sé ag gabháil trasna na hAibhne Móire ag an áth a raibh an cath ann i 1598. Chuaig sé chomh fada agus An Bhinn Bhorb i gcríocha Aodha Mhóir.

Faoi Lúnasa, fuair sé scéal go bhfaca báid Shasanacha 50 long Spáinneacha ag déanamh ar Éirinn ach gur chas stoirm ar ais iad

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1065
Registered: 06-2006
Posted on Friday, October 31, 2008 - 09:05 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá an Sasanach is an Spáinneach in earraid a chéile le fada an lá.

Dar ndóigh tá Sasana Prodastúnach is an Spáinn Caitliceach: rud a cruthaíonn teannas sa 16ú aois.

Thosaigh eirí amach san Ollainn i gcoinne a máistrí Spáinneacha in 1560. Bhí na Sasanaigh ag cuidiú leis na hOllainnigh.

Le fada an lá bhí foghlaithe mara is eachtránaithe Shasanacha ag ionsaí is ag robáil longa is áiteacha Spáinneacha i Meiriceá. Ba le chead, nó cúlchead, nó neamhshuim ina bpionósú ag Éilís na heachtraí seo.

In 1562, thosaigh Sior Deon Hácions tionscal sclábhaíochta Shasana sa Chairib. Ní raibh an Spáinneach buíoch de.
In 1568, d'ionsaigh na Spáinnigh longa Sior Deon Hácions agus Sion Prionsias Dréic agus iad i mbun sclábhaíocht gar do Veracruz na Meicsiceo. Chaill na Sasanaigh roinnt longa. Mar dhíoltas, chuir an Sasanach cosc ar roinnt longa taisce ag riaradh ar arm na Spáinne san Ísiltír. Lean an geamhthroid.

In 1585,bliain iarlacht Aodha Mhóir, shocraigh Éilís dhá bhuille a thabhairt don Spáinneach. Bhí Dréic sa Chairib is scrios sé roinnt lonnaíochtaí Spáinneacha : Santo Domingo, Cartagena de Indias agus San Agustín. Sa bhlian céanna, chuir sí arm go dtí an Ollainn.

Shocraigh Pilib II ar Shasana a ionradh is thosaigh sé ag bailiú longa fá choinne. In Aibreán 1587, áfach, d'ionsaigh Dréic caladh Cadiz is chuir sé 37 long ar barr lasrach. Dhá mhí roimhe sin, bhain Éilís a cloigeann de Máire Banríon. D'fhág Máire ina tiomna ríocht Shasana ag Pilib na Spáinne. Faoi Iúil, thug an pápa údaras do Philib a rogha dhuine a chuir ar ríchathaoir Shasana : bhí Éilís faoi choinnealbhá cheana.

Faoi Iúil 1588 shroic 122 long Philib na Spáinne cósta Shasana. An plean a bhí ag Pilib ná a chuid saighdiúirí a chur i dtír ar an gcósta theas; ansin na longa a chuir go dtí an Ísiltír Spáinneach a bhí faoi Diúc Palma is a thuilleadh saighdiúirí a thabhairt ar bord is dul ar ais go Shasana.

Bhí cúpla iarracht ag an Sasanach dul i ngleic le loingeas Philib ach theip orthu.

Bhí loingeas iomlán Shasana i bPlymouth nuair a tháinig na Spáinnigh gan choinne: níor chreid éinne, Dréic, ná fiú an Diúc Palma fhéin go sroisfeadh an loingeas Spáinneach Sasana choiche. Na saighdiúirí is mairnéalaigh a bhí faoi Palma, fiú, bhí obair eile tugtha dóibh agus iad i bhfad ón chósta. D'éalaigh na longa Shasanacha amach ar an port, 66 acu is lean siad na Spáinnigh ag iad ag déanamh ó thuaidh Muir Inis nIocht. Ní raibh sé sna pleananna ag Pilib go mbeadh cath mara ann roimh an teacht i dtír.

Shocraigh an tAdmiréal Madina Sidonia dul ar ancaire le Calais is thug sé seo deis ag an Sasanach ceithre long ar barr lasrach a chuir isteach i measc na Spáinneach a chuir scaipeadh na mionéan orthu. Níor chailleadh ach ceithre long Spáinneacha ansin, agus cionn is go raibh gaotha aniar ann, bhí ar an Spáinnigh dul ó thuaidh amach ar an Mhuir thuaidh is filleadh ar an Spáinn timpeall na hAlban is na hÉireann. Chailleadh 35 long eile ar an tslí abhaile .

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 70
Registered: 04-2008
Posted on Saturday, November 01, 2008 - 06:49 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Thosaigh eirí amach san Ollainn i gcoinne a máistrí Spáinneacha in 1560. Bhí na Sasanaigh ag cuidiú leis na hOllainnigh.




Seantraidisiún de shaoirse náisiún beag is dócha?

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1066
Registered: 06-2006
Posted on Monday, November 03, 2008 - 07:10 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Seantraidisiún de shaoirse náisiún beag is dócha?"

Tagairt anseo do fhimínteacht na Breatainne agat? Ag moladh na hÉireannaigh a dhul isteach ina harm le linn an chéad chogadh domhanda "ar mhaithe leis an Bheilg bheag"?

Teannas idir Sasana is cumhacht na Spáinne ba bhun leis: "namhad mo namhaid mo chara", teannas idir an seanchreideamh is an leagan athleasaithe, agus gearrthaí fáis na náisiún-stát.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1067
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, November 04, 2008 - 10:17 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is beag dochar a ndearna an íonsaí seo, scrios an Sasanach ceithre long dá chuid fhéin ar mhaithe le ceithre long an Spáinnigh a scriosadh.
Cailleadh 35 long eile leis an tsíon ach filleadh ós cionn 80 long ar ais don Spáinn. Mar sin bhí mórchuid a longa fós ag Pilib II.

Thaispeáin sé áfach nach mbeadh a leithéid de fhiontar ina scéal i mbarr bata mar a mheas go leor ag an am. Bhí loingeas Spáinneach ina bhagairt chruthanta.

An bhliain dar gcionn, bhí loingeas na Spáinne á dheisiú is á athchóiriú faoi Santander , Coruna agus San Sabastain i dtuaisceart na Spáinne.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1068
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, November 06, 2008 - 06:56 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Mar b'eol don Seapánach in 1941, sé an chaoi is fearr le loingeas a scriosadh ná teacht aniar aduaidh air agus é le port gan slí éalaithe aige.

Rinne loingeas faoi Dréic is Norrys dochar do chabhlach na Spáinne agus iad faoi dheisiú sna poirt seo.
Rinne siad iarracht loingeas taisce na Spáinne a ghoideadh agus é i ndiaidh teacht le port i Liospóin agus an Spáinneach a ruaigeadh as an Phortaingeáil ach theip orthu taisce a ghoideadh ná rauig a chur air. Rinneadh dochar mór do loingeas an tSasanaigh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1069
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, November 11, 2008 - 09:01 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Thug Dréic scuaidrín chuig na hAsóir, ach scaip stoirm iad mar a scaip stoirm loingeas na Spáinne an bhliain roimhe sin.

De réir mar a bhí an Spáinneach ag tógáil is ag deisiú a chuid longa, bhí sé ag cur barr feabhais orthu. Thóg an Spáinneach dhá ghailleoin mhór déag a raibh an t-ainm "An Dá Aspal Déag" orthu. Bhí siad rímhór. Shocraigh sé ar córas nua scuainí dona gcuid long agus chuir sé barr feabhais ar a choras fáisnéise. Bhí sé níba dheachair ar an Sasanach eachtránaíoch na longa Spáinneacha a ionsaí is a ghoid.

Rinne loingeas Sasana iarracht luíochán a chur roimh loingeas taisce na Spáinne taobh leis an hAsóir arís an bhliain dar gcionn, 1591, ach buaileadh an Sasanach go dian is ghabhadh longa dá chuidne

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1070
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, November 11, 2008 - 01:31 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

1595: Cuireadh tús le cogadh an dá Aodha

1595: Chuir Sasana tús le feachtas i gcoinne lonnaíochtaí Spáineacha, Panama agus Puerto Rico san áireamh. Theip ar an bhfeachtas agus b'iomaí long is fear a chaill an Sasanach, Dréic agus Hácins san áireamh.

Chuaig ceithre long faoi Don Carlos de Amesquita feadh cósta theas Shasana ag faire na faille. 23 Iúl, 1595, chuaig siad i dtír i bPensans, Corn Shasana is ghoid siad soláthraí is scrios siad an baile agus na sráidbhailte mórthimpeall. D'imigh siad leo ansin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1071
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, November 12, 2008 - 10:38 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Thug loingeas, idir Sasanaigh is Ollainnigh, faoi Cadiz arís is scrios siad an áit, cé nár ghoideadh an taisce a bhí ansin.

Chuaigh an Spáinneach i dtír sa Bhriotáin ansin, is chuir sé ruaig ar na Sasanaigh. Bhí an Fhrainc agus Sasana i bpáirt a chéile ag an am. Choinnigh na Sasanaigh/Fraincigh Brest ach ghabhadh Calais ag an Spáinneach.

1596: Scriosadh loingeas Spáinneach ag stoirm taobh leis an Spáinn agus é ag déanamh ar Shasana.

1597: Srois loingeas eile Spáinneach fhad le Sasana ach choinnigh stoirmeacha cúl leis is d'fhill sé ar an Spáinn.

Bhí Aodh Mór fad an am ag impí ar Philip II cabhair a chuir ina threosa.

1598: Scriosann Aodh Mór Baganal ag Cath an Átha Bhuí.

1598: Tiontaíonn Rí na Fraince ina chaitliceach is déantar síocháin leis an Spáinn. Tá Sasana ag cailleadh cairde.

1598: Faigheann Pilip II bás is tagann Pilip III i gcoróin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1072
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, November 13, 2008 - 10:13 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

1599: Faitíos raoimh teacht na Spáinneach i Londain (pléite)

1599: Eisics ar a chamchuaird ( seanphléite)

1599: Rinne Aodh Mór iarracht taoisigh Ghaelacha na Mumhan a thabhairt leis. Bhí thiar air.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1073
Registered: 06-2006
Posted on Monday, November 17, 2008 - 05:12 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Seo an cúlra lenar chuala Moinseo ráflaí faoi 50 long Spáinneacha ag déanamh ar Éireann ar 14 Lúnasa 1601 ag é ag scriosadh táilte Uí Néill.

Shrois sé Cill Chionnaigh ar 14 Meán Fomhair agus seachtain ina dhiadh sin, chuala sé go raibh Spáinnigh i dtír i gCinn tSáile Chorcaí.

Ní ba luaithe sa bhliain, d'fhág 33 long Liosbóin faoin Aimearáil Don Diego Brochero le 4 464 coisí, 6 ghunna móra lena núsáid ar talamh agus airm is armlón do lucht an Éirí Amach. Faoi dheireadh rinne Pilib II mar a bhí Aodh Mór ag impí is ag feitheamh air leis an blianta : seo an seú bliain a raibh an dá Aodh ag cogaíocht. Bhí siad le dul go Uladh ach ní raibh na gaotha cóir agus shocraigh an tAimearáil dul i dtír in aice Cinn tSáile mar a mbeadh fothain mhaith dona chuid longa.

Bhí Aodh Mór 51 bliain d'aois. Deir foinsí áirid go raibh sé 61.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1075
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 09:08 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Rinne Muinseo ar Cheann tSáile agus tharraing sé saighdiúirí Shasanacha ó Chonnachta agus Laighean leis.

Bhí Baile Cheann tSáile, atá taobh abhainn na Bandan gafa ag an Spáinneach agus roinnt caisleán timpeall ar an mbaile.

Ar 1 Samhain, 1601, ghabh Muinseo Caisleán Rinn an Chorráin, míle síos an abhann ón mbaile, ón Spáinneach, Don Juan del Aguilla, a bhí ina cheannaire ar shaighdiúirí na Spáinne. Bhí an baile timpeallaithe ag an Sasanach agus an Spáinneach ann. Léigear agus bascadh le gunnaí móra na Sasanach a lean é.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1080
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, November 19, 2008 - 09:35 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Caidé an Mhumhain seo air a tháinig an Spáinneach i dtír?

Tá sé 20 bliain ó bhí eirí amach na nGearailteach ann, Iarla Deasmhumhan. Bhí Aodh Mór ag marcaíocht ar thaobh na Sasanach ansin, deirtear. Ach marbhadh é is rinneadh roinnt ar a chuid talún.
Tá an Mac Carthaigh Mór, "Rí Deasmhumhan" marbh gan oidhre.
Tá Iarla Urmhumhan,.i. de Buitléir, Iarla Tuamhumhan,.i. ceann Mhuintir Uí Bhriain, agus Clann Riocaird anois go dílis daingean do na Sasanaigh.

De réir dealaraimh, níl ach Mac Carthaigh Dhubh Ealla agus Muintir Uí Shuilleabháin ag coineáil go dluth le nósanna is dlithe na nGael.

Tá Mac Carthaigh Rua agus Mac Carthaigh Mhuscraí (.i. Sior Cormac MacCarthaigh, Lord Muskerry) liom leat ar a mhéad.

Tá muintir de Barra agus de Róiste agus fuíoll Gearailteach Deasmhumhan go dílis daingean don Shasanach

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1085
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, November 20, 2008 - 10:37 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

D'imigh sé long ar fán ó loingeas Bhrochero le linn na stoirme mara agus tháinig siad i dtír ag caladh Dhún Baoi, i ndúiche Uí Shuilleabháin Bhearra.

Ghabh siad roinnt caisleán Shasanacha ansin.

Is ag an pointe seo a bhogtar stuaic na Mumhanach dul i bpáirt na nUltach agus an Spáinneach i gcoinne na Sasanach.

Cé go raibh Lord Muskerry ar son na Sasanach, is beag muinín a bhí ag Carú, uachtarán na Mumhan ina "dhílseoirí" Ghaelacha.
Thug Cormac díorma saighdiúirí le haghaidh léigéir Chionn tSáile.
Ba bhreá le Carú miotal a "dhílseoirí" a fhéachaint. D'iarr sé ar Chormac agus a chuid fear dul faoi dhéin an bhaile agus troid a dhéanamh leis na Spáinnigh.
Chuaigh siad ach ní dhearna siad aon rud ach screadadh ar na Spáinnigh agus ruaille buaille a dhéanamh.
Cúpla lá ina dhiadh sin, áfach, tháinig díorma Spáinneach amach ón bhaile ag iarraidh an dochar a bhaint as gunnaí na Sasanach.
Bhí na Sasanaigh ag greadadh is ag scaoileadh an bhaile lena gunnaí mhóra. Chuir fir Chormaic cúlú ar na Spáinnigh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1091
Registered: 06-2006
Posted on Monday, November 24, 2008 - 10:14 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Anois tá Aodh Mór i strapa anois.
An chabhair a bhí sé á lorg le fada ó Philip, tá sé tagtha i lár an gheimhridh, i lár na haoise bige oighir a luaigh mé .i. idir 1550 agus 1700, agus fad na tíre idir an Spáinneach agus eisean, agus an t-arm Sasanach agus na Gaeil a chuaig le Muinseo agus na Gaeil liom leat eatharthu, agus ordaithe ag del Aquila gan bhogadh go dtagadh Aodh Mór.

Déanann Aodh a mharana, eisean an fear stuama fadcheannach: ach is é Aodh Rua fear meargánta an ghnímh. Eisean is túisce a bhuaileann ó dheas faoi Nollaig 1601, ag creachadh roimhe mar a théann. Ní bheadh aon tslí eile acu solátharthaí a fháil le linn an gheimhridh san dúichí eascháirdiúla.

Buaileann Aodh Mór ó dheas ina dhiaidh. Sílim go raibh ar Aodh Mór feitheamh ar Ghallóglaigh Inse Ghall na hAlban.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1095
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, November 26, 2008 - 10:27 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sheol Muinseo Carú le bac a chuir roimh Aodh Rua. Chuir sé bac in Ard Máil faoi Sliabh Eibhlinne.

Ach de thoradh fuacht na hamsire, bhí na seiscinn reoite is d'éirigh le Aodh Rua dul timpeall arm Charú.

Chuaigh Carú ar ais go Muinseo ag léigear Chinn tSáile ar 25 Samhain.

D'fhan Aodh Rua go mbeirfeadh Aodh Mór air.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 1099
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, November 27, 2008 - 10:02 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Shrois an Dá Aodh Cionn tSáile ar 21 Nollaig 1601 ( Féilire Iúlach ) nó 2 Eanair 1602 ( Féilire Ghreagóireach ): Thiontaigh Albain ar an bhféilire nua in 1600: níor thiontaigh Sasana go 1745. Sílim go raibh an dá fhéilire i bhfeidhm in Éireann: An seancheann i measc na Sasanach agus an ceann nua i measc na nGael.

Bhí na Spáinnigh faoi léigear sa bhaile mór le ocht seachtainí anois.

Bhí na Sasanaigh taobh amuigh á bplancadh le airtilire.

Rinne na Gaeil campa i gCúil Cearrán, seacht gciliméadar ón mbaile mór, agus campaí na Sasanach eatarthu.

Bhí timpeall 3 000 Spáinneach sa bhaile mór.

Timpeall orthu, bhí arm Muinseo, in ainm is a bheith 11 000 saighdiúir: ach bhí an t-arm scriosta ag tinneas agus tréigint, seans go raibh 6 000 fear aige. Is ar éigean a bhí an dé deiridh ina gcuid capall, ceal fodair is féir, ach bhí airtilire agus armlón aige. Bhí na Gaeil "dhílseacha" leis freisin, cé gur beag muinín a bhí ag Muinseo iontu

Timpeall orthu sin anois, bhí timpeall 6 500 fear ag an Dá Aodh, a bhí i ndiaidh fad na hÉireann a chur díobh i lár an gheamhridh de chois. Orthu sin bhí 500 fear a thug Ó Suilleabhán Bhéarra leis agus 200 Spáinneach faoi del Campo ó loingeas a chuaigh le port i nDún Baoi. Is beag Mumhanach eile a ndeachaidh leo.

Cad a dhéanfaidís?



©Daltaí na Gaeilge