Author |
Message |
Jenny
Member Username: Jenny
Post Number: 34 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, April 15, 2008 - 11:46 am: | |
A chairde, Táim ag scríobh léirmheasa. Ba mhaith liom a rá ... déanann sé sin an dán níos láidre ach níl mé cinnte ó thaobh an ghramadach de. Cúnamh le do thoil! GRMA, Jenny Jenny |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 727 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, April 15, 2008 - 12:23 pm: | |
Is féidir é sin a rá, ach ní bheinn ró-thógtha leis. Airím blas an Bhéarla air, ar chúis éigin. Is dócha go ndéarfainn "cuireann sé sin le neart an dáin" nó rud éigin den sórt sin. Go n-éirí leat agus tú ag scríobh! Dála an scéil, is é an tuiseal ginideach ar "gramadach" ná "gramadaí" - focal baininscneach atá ann. (Tá súil agam nach gcuirfidh an leide seo as duit... más ag scríbhneoireacht atá tú cheap mé nár mhiste leat é.) Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3643 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, April 15, 2008 - 12:29 pm: | |
Ní fheicim aon locht air. Nó "neartaíonn sé sin an dán". Nó déanann sé "níos eifeachtaí" é? Braitheann sé ar an gciall atá le "láidir" sa chomhthéacs seo, is dócha. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3644 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, April 15, 2008 - 12:34 pm: | |
Ní fhaca an méid a scríobh Abigail. Is maith liom "cuireann sé sin le neart an dáin"! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Jenny
Member Username: Jenny
Post Number: 35 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, April 15, 2008 - 05:59 pm: | |
Go raibh maith agaibh as chuile fhreagra!, tá rogha agam anois, agus is fearr liom iad sin seachas an cheann a bhí agam (an-chosúil leis an mbéarla). tá mé an-sásta ag fáil na gceartúchán, is maith liom a bheith ag foghlaim rud nua gach lá!. GRMA arís! Jenny :-) Jenny |
|