Author |
Message |
Caoimhe Ni Chuirrin (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, April 12, 2008 - 03:54 pm: | |
Dia dhaoibh go léir! Thángthas trasna ar an suíomh so díreach de sheans agus theastaigh uaim haló a rá! Bhíos ag lorg eolais faoi bheith i mo mhúinteoir Gaeilge i Meiriceá. An bhfuil aon eolas ag éinne faoin topaic so? Is cainteoir ón gcliabhán mé is táim in Éirinn faoi láthair ach táim ag smaoineamh ar dhul sall 'dtí Mheiriceá ar feadh thréimhse an bhliain seo chughainn. Tá's agam go bhfuil an Ghaeilge ag dul chun cinn ann agus ba bhreá liom páirt a ghlacadh san fhorbairt. Bhfuil cumainn faoi leith ann a fhostaíonn múinteoirí Gaeilge? Ní féidir liom teacht ar mhórán eolais le google! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1413 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, April 16, 2008 - 04:42 pm: | |
Dia is mhuire a Chaoimhe! Ar mhaith leat Gaeilge a mhúineadh do pháistí do scoláirí nó do mhic léinn?? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 71 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, April 16, 2008 - 05:24 pm: | |
Fáilte! Bhfuil tú i do chónaí sa Ghaeltacht i bPort Láirge? Tír gan teanga, tír gan anam. |
|
Sean_o_conraoi
Member Username: Sean_o_conraoi
Post Number: 9 Registered: 03-2008
| Posted on Sunday, April 20, 2008 - 09:15 am: | |
A Chaoimhe, chonac me do phiosa sa suiomh seo,agus is frusta aithne gor as an g-cliabhann a thog tu do chuid Gaeilge mar,ce gor Gaeilge Chonnachta a ta a'm fheinn ni raibh blas faib agam le do Ghaeilge a leamh. Ta bron orm nach bhuil aon eolas agam le tabhairt dhuit. Agus tugaim faoi deara na'r thug einne eile freagra duit a chuirfeadh ar bhealach an eolais thu. Beidir go bhuil siad fheinn ag smaoineadh ar an job a thogail! Go n-eirigh an bothar leat a chailin og. Taim cinnte go n-deanfadh tu muintoir maith la eicint! |
|