(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 21, 2008 - 04:10 am: | |
Inis dom más é do thoil é, cad é do thuairim faoi staid na Gaeilge sa tír seo go háirithe sna bhunscoileanna agus sa tsochaí I gcoitinne? Cad ba mhaith leat a dhéanamh chun Gaeilge neamhfhoirmiúil a úsáid chomh minic agus is féidir sa tír seo? |
BrendanRiley (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 21, 2008 - 05:05 am: | |
taimid ag cailliuint teanga ar fad an domhain gach dara la, áit éigean ar an domhain; sin cupla teanga ar a laghad gach seachtain. Agus i ngach cás tá an patrún céanna soléir; is fearr le na mná an teanga nua-aimseartha a usaid ata ceangailte le airgead agus seanseacha nios fearr ar obair agus deiseanna srl. Ar an dtaobh eile, bionn na fir nios mo coimeádach maidir le teangacha duchasacha. Nios mó; cathain a bhfuil cailte "cumann na bhfear" ta an teange cailte, b'fheidir nach inniu, ach amaireach! Bhíodh cumann na bhfear laidir go leor (agus an teanga freisin) sna treibheacha, réigiúin agus náisiúin le tionscail mar mionadóireacht nó iascaireacht (an Bhreatan Beag mar shampla). Ach anois sa tsochai is againne, ta muid ag cailliuint ait na bhfear, agus gan e, ta muid i dteannta. I mo shaol fein, chonaic me an sceal seo ni i dteanga amhain, ach i dá theanga. Tháinig mo mhuintir ar dtús as Iarthar na hEireann, as breaGhaeltacth, ach rugadh is tógadh me i Northumberland ar an teorainn Albanach-Shasanach, agus feicim na cursai seo chuila la. Mas í an fhírinne, nach bhfuil seans ar thodhchai aon teanga duchais gan "locus virum", agus i ndiaidh na aiteanna tradisiunta na bhfear a chailliuint (tionscal, obair, spórt), an cheist na an féidir aiteanna fir a chrúthú anua? Ta suil agam nach mothaionn aon duine go bhfuil me ag maslú na mná. Nil me ach ag rá rudai mar atá ann. Agus bionn a lan mna an-ghníomhach i gcúrsaí athbheochan mionteangan. Brendan |