Author |
Message |
Tuigim (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, March 16, 2008 - 04:24 pm: | |
Sinne Fianna Fáil Atá fé gheall ag Éirinn, Buíon dár slua Thar toinn dár tháinig chugainn, Fé mhóid bheith saor Seantír ár sinsir feasta Ní fhagfar fén tíorán ná fén tráil Nuair atá ar gcultúr sa bhearna bhaoil, Tá gean ar Ghaeil í a thabhairt ar ais chun saoil Le grá is le meas, bí lách is sinn go léir Anseo ag canadh Amhrán na bhFiann. ? |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 36 Registered: 10-2007
| Posted on Sunday, March 16, 2008 - 05:49 pm: | |
Well I'm not too sure what you are asking for here but the translation is on http://en.wikipedia.org/wiki/Amhr%C3%A1n_na_bhFiann Tír gan teanga, tír gan anam. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, March 16, 2008 - 07:04 pm: | |
Déarfainn gur deise an leagan leis na gunnaí. Níor dhíbir muid na Sasanaigh ag caitheamh bláthanna leo. |
|
Uptherepublic (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, March 16, 2008 - 07:29 pm: | |
If you rewrite history. it still doesn't change what happened. Freedom wasn't won by giving poetry readings to the Sasanach. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, March 16, 2008 - 09:00 pm: | |
Gaeilge amháin ar an dtaobh seo den bhfóram, má sé bhur dtoil é, a dhaoine uaisle. Seanfhear |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, July 30, 2008 - 11:55 am: | |
le gunnaí scréach faoi . . . . . |
|
Tomás_Ó_hÉilidhe
Member Username: Tomás_Ó_hÉilidhe
Post Number: 70 Registered: 05-2008
| Posted on Wednesday, July 30, 2008 - 08:51 pm: | |
Caithfidh mé "faggot" a thabhairt ar dhuine ar bith a chananns an leagan a léirítear thuas. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 423 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, July 31, 2008 - 05:05 am: | |
"Tá gean ar Ghaeil í a thabhairt ar ais chun saoil Le grá is le meas, bí lách is sinn go léir" Cailleann tú rithim an amhráin sna líne seo |
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 13 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, July 31, 2008 - 05:47 am: | |
An chuid is measa den Ghaeilge atá in Amhrán na bhFiann -spágach, strambánach, cnapánach, lán leaganacha nach raibh sa Ghaeilge ó aimsir an Chéitinnigh. Ní chuireann leaganacha mar 'gunnascréach' a dhath i gcuimhne dom ach lagaithris ar Sheán Ó Ríordáin. Ba chuma liomsa athscríobh ar bith a dhéanfaí ar Amhrán na bhFiann ach níl leagan 'Tuigim' thar mholadh beirte. Focal firinscneach atá i 'cultúr', mar shampla, agus níl ciall ar bith leis an fhorainm 'í' a lua leis. Is deacair ciall a bhaint as 'bí lách is sinn go léir'. Molaimse go gcuirfí focail nua leis an seanamhrán galánta úd 'Mo Ghiolla Mear'. Is deas an t-amhrán náisiúnta a dhéanfadh sin. |
|
Tomás_Ó_hÉilidhe
Member Username: Tomás_Ó_hÉilidhe
Post Number: 71 Registered: 05-2008
| Posted on Thursday, July 31, 2008 - 06:58 am: | |
quote:leaganacha nach raibh sa Ghaeilge ó aimsir an Chéitinnigh Tá daoine go fóill inniubh ag troid in aghaidh phionós an bháis le fógraíbh a deir "Thou shalt not kill". Níl sé thar a bheith aisteach. |
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 14 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, July 31, 2008 - 10:31 am: | |
Is ea, i gcomhthéacsanna áirithe úsáidtear Béarla a bhfuil blas na seanaimsire air. Ní fhágann sin go bhfuil ceangal orainne glacadh le 'anocht a théam'ná 'thar toinn do ráinig chugainn'. Níl a fhios agam ach an oiread an inmholta an t-amhrán náisiúnta a bheith chomh canúnach is atá. Ach, thar aon locht eile, is aistriúchán ón Bhéarla atá in 'Amhrán na bhFiann'. Tá a shliocht air. Drochfhilíocht atá ann. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7309 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 31, 2008 - 10:40 am: | |
Is beag amhrán naisúnta ar dea fhilíocht atá ann. Agus is beag amhrán naisúnta a bheadh inghlactha inniu. Ach dá olcas iad is fearr iad ná na leaganacha coillte a chumtar san iarracht gan olc a chuir ar aoinne - Ireland's Bawl, abair. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 1005 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 31, 2008 - 10:54 am: | |
Chuir sin cuimhne i mo cheann faoi am a raibh mé i mo mhalrach, is mar a dhéarfadh mo mhamó, gan adhmad a bhaint as an mbéarla agam go fóill. Mar mhalrach ar bith chuirfinn spéis i ngach truiflis. Lá casadh dom Amhrán Náisiúnta na Seapáine. Mheas mé go n-oirfeadh sé go paiteanta d'Éire. Is cuimhin liom an chéad líne go fóill: 10 000 years of happy reign mar a dúirt an leagan béarla ag moladh an Impire. Dar ndóigh, thuig an malrach 10 000 years of happy rain. Anois, an bhfuil aon rud níos Gaelaí ná báisteach shona a mhaireann an deich míle bliain? |
|