Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, March 12, 2008 - 10:03 am: | |
Cad é a shíleann sibh faoin chlár 'Fairtytale in Kathmundau?' |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 859 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, March 12, 2008 - 10:15 am: | |
Ní fhaca mé é! an raibh fiúntas ann? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3519 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, March 12, 2008 - 11:26 am: | |
http://www.irishblogs.ie/search/fairytale%20kathmandu/ Agus cad mar gheall ar Elliott Spitzer, Gobharnóir Nua-Eabhraic? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3521 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, March 12, 2008 - 12:14 pm: | |
Dála an scéil, ní maith liom an teideal a chuir sí ar an gclár. B'fhéidir go bhfuilimid ró-PC abhus anseo, ach is focal maslach é "fairy" sa chomhthéacs seo, chomh tarcaisneach le "bog trotter" nó a leithéid. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 861 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, March 13, 2008 - 12:25 pm: | |
Sílim go bhfuil sibh ró-PC (ró Phairtí Cumannach ;-) ), PPC? PCC? PPCC? {PC}x2 ? Ní hea, ach ró dhubh bán!!!!!!!!! Sílim i measc lucht béarla Mheiriceá go bhfuil an focal fairy ar nós an fhocail nigger .i. níl cead ag daoine "eile" a úsáid chionn is gur achasán é; ach ina measc fhéin is focal ioróineach é. Dar ndóigh tá idir ioróin is imeartas focal ag baint le teidil an chláir seo sa bhéarla |
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 401 Registered: 06-2007
| Posted on Thursday, March 13, 2008 - 12:44 pm: | |
Tréis mo léamh an t-alt, chuir sé léim orm ("WTF!?" arsa, mise). Cén sort chláir atá sé? Ach ina dhiaidh sin, filí ag ceannach ngaraíochta -nach bhfuil sé traidisiúnach? le díol |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, March 15, 2008 - 06:59 pm: | |
An rud a chuireann isteach go mór orm ná gur fhan Iníon Uí Chianáin dhá bhliain roimh an t-eolas a bhéiceadh amach agus a chur faoin ár mbráid. Is ait liom, dá bhrí sin bheith ag béiceadh faoi staid na mbuachaillí thall sa Neipeal tar éis na tréimhse sin. Caithfidh mé a fhíofrú an raibh cuspóir eile ag feidhmiú sa chás. Cibé an scéal i dtaobh Mhic uí Shearcaigh, ní dóigh liom, de réir an t-eolas atá ar fáil agam anseo sa bhFrainc gur gníomhíocht mídhleathach a bhí ar siúl aige. Ní hionann sin le rá gur gníomhíocht oiriúnach í ach oiread. Ach feictear dhom go raibh macántacht in easnamh go hiomlán sa scéal. Dá mba rud é go raibh duine buartha faoin méid thromcúiseach a bhéas á dhéanamh ag cara, go háirithe in ábhar dli agus cirte éilítear dhá rud: an cara a cháineadh faoi, ar an bpoinnte, agus tuarascáil a thabhairt gan mhoill chuig na húdaráisí cuí. Tugann staid mar seo deis ag siúd atá réamhchlaonta cás a dhéanamh i gcoinne hómógnéisigh/na daoine gay. Agus titeann tromcheo ar an éagsúlacht idir hómógnéisigh aus siad siúd a dheineann seilg nó fiach ar bhuachaillí agus cailíní óga mar íobartaigh gnéis. Cheana féin tugaim faoi deara go bhfuil aois na n-ógánach ag éirí níos lú... Ábhar imní. Agus tá cionntacht Uí Shearcaigh socraithe cheana. Ach nach rud sin gur chóir socrú a dhéanamh air i gcúirt dlí? Is ait an scéal é go hiomlán. |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 203 Registered: 03-2006
| Posted on Saturday, March 15, 2008 - 07:02 pm: | |
Gabhaigí mo leithscéal. Mise a scríobh an píosa thuas mar unregistered guest - rinne mé dearmad ar shíniú isteach. |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 222 Registered: 10-2004
| Posted on Sunday, March 16, 2008 - 01:50 pm: | |
Ní faca mé an clár. Ag breathnú agus ag éisteacht dom ar an méid stuif atá ráite agus scríofa faoin scannán seo chuir sé an scéal sa soiscéal faoi Íosa agus an cailín ar rugadh uirthi in adhaltranas a thagann chun cuimhne. Bhí na Fairisínigh ag iarraidh í a chur chun bháis le clocadh... (Eoin Caib 8) Tá an fear bocht seo daortha ag an gclár seo. Más ciontach nó neamh chiontach é níorbh ceart é a thrialadh tré chlár teilifíse a thaispeáint! Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 204 Registered: 03-2006
| Posted on Friday, March 21, 2008 - 08:17 pm: | |
An méid atá ráite agat, a Eoin, san alt deireannach, sin an fhírinne. De réir an dlí, táthar neamhchionntach go daoradh i gcúirt. Agus an té nach dtugann ómós don gcórás sin, tá sé/sí i mbaol bheith cionntach de de choir de shaghas eile... |
|
Tuigim (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 24, 2008 - 02:45 am: | |
Deireann sé féin go bhfuil sé ciontach. Agus an méid pian a bhí ag na daoine sa tír seo cheana fhéin agus atá acu anois! An gceapann tú gur féidir leat do rogha rud a dhéanamh, a Chathail! Ní gá ach dul go Megan's Law go bhfeicfidh sibh an méid daoine atá cosúil leis. Féach ar Deliver Us from Evil Tá súil agam go dtiocfaidh an lá nuair is féidir leis pian a íobartaigh a thuiscint. Pian uafásach nach bhfuil leigheas air go deo. Coinnigh an fear seo i bhfad ó ghásúir: i bpríosún más gá. Chonaic mé daoine, tuismitheoirí agus múinteoir eile, i gCalifornia ag tabhair cosaint do mhúinteoir a bhí ag múineadh rincí gaelacha anseo. Níor labhair siad amach ina choinne mar bhí grá acu don chultúr Gaelach. Saolta páistí óga millte mar níor labhair siad amach..! Bhí sé fós ag múineadh agus an GPS anklet air anseo. Tá sé ag múineadh páistí sa Ghearmáin anois. An ndearna Cathal drochrud? Rinne. An féidir linn an méidir dochar atá déanta aide a thuiscint? Tá súil agam nár fhulaing éinne anseo an méid sin. Cosain na páistí ar son Dé, is cuma cé mhéid dánta deasa a scríobhann sé. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3553 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, March 24, 2008 - 11:53 am: | |
quote:Deireann sé féin go bhfuil sé ciontach. Ní fíor. Féach: http://bonhom.ie/2008/02/statement-from-cathal-o-searcaigh.html If my gay lifestyle and relationships in Nepal has offended anyone, I am sorry. But to suggest that I in any way coerced or preyed upon these young men is untrue and distasteful. My relationships in Nepal have allways been open and loving and above board. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Tuigim (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 24, 2008 - 03:49 pm: | |
Seo a deireann na daoine ón Rape Crisis Centre i mbaile Atha Cliath a scrúdaigh an cás: "no doubt in our minds but that this film was about their [the boys'] exploitation". Éist le Cathal é féin sa scannán. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3556 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, March 24, 2008 - 06:40 pm: | |
An bhfuil an scannán ar fáil anois i gcartlann RTÉ? Caithfidh mé a rá nach fean mór de chuid Chathail mé agus ní raibh riamh. Ach is é a ghlór agus a thuin chainte a chuireann isteach ormsa, sin an méid. Agus, bhuel, an silly hat sin. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6850 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, March 25, 2008 - 07:19 am: | |
Ní fhaca mé an scannán. Agus bheadh ceisteanna agam faoi cé chomh "open agus loving" a bheadh caidreamh ar bith idir duine meanaosta Iartharach agus duine óg Oirthearach, cuma cén claonadh gnéis atá i gceist. Ach ní dóigh liom go bhfuair Cathal cothrom na féinne ón scannán, ó na glaonna go Liveline, agus maidir le conairt na nuachtáin dearg bhrollacha - an dream atá ar bís ag scaipeadh meirdreachas agus ró mhacnas ó tháinig ann dóibh - níl an focal fimínteacht láidir go leor. Bhí tráth ann gurbh arm mharfach in Éirinn an buama leis an focal "intellectual" scríofa air. Anois, más féidir leat buama tarra leis an blas is lú de "paedofile" a chaitheamh le duine nó eagraíocht, tá leat.... |
|