mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Imeacht na nIarlaí : Márta 1608 « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 850
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, March 05, 2008 - 06:02 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Inné d'fhág ár gcairde Flondras na Spáinne is tá siad anois sa Lóráin, tír neamhspléach ag an am.

Inniu agus iad ag trasnú abainn, baineadh beirt óna gcapall, an t-Athair Tomás Strong and Magbhethadh Ó Néill, agus bhí orthu dul i muinín snámha

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 851
Registered: 06-2006
Posted on Friday, March 07, 2008 - 08:09 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Beagnach 10 mbliana roimhe seo, scríobh Sior Uailtéir Ralegh, an fear a thug prátaí agus tobac go hÉireann, faoi Deireadh Fomhair 1598, chuig Sior Robert Cecil, Rúnaí Bhanríon Eilíse Shasana, macsamhail Príomh-aire ag moladh feallmharú Aodha:

"[It] can be no disgrace if it were known that the killing of a rebel were practiced, for you see that the lives of anointed princes are daily sought and we have always in Ireland given head money for the killing of rebels."

Is dóigh nach raibh fhios ag Raillí gur ordaigh Sior Robert Cecil Sior Seathrún Ó Fiannachta Rúnaí Stáit na hÉireann i mBaile Átha Cliath, cúpla mhí roimhe seo, an Néilleach a fheallmharú.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 852
Registered: 06-2006
Posted on Friday, March 07, 2008 - 08:46 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Timpeall na deireadh seachtaine seo, buaileann ár gcáirde isteach i Nansaí, príomhchathair na Loráine agus caithtear go maith leo ag an Diúc. Ní ligeann an Diúc do na hÉireannaigh a n-airgead fhéin a chaitheamh le linn na cuairte, ach íocann an Diúc as gach rud.

Tugann an Cianánach cur síos réasúnta maith ar an tír, na mianaigh salainne atá leis an Diúc agus a chúirt leadóige san áireamh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 853
Registered: 06-2006
Posted on Saturday, March 08, 2008 - 10:37 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ar ais go hÉireann agus a tharla i ndiaidh Chath Áth na mBrioscaí.

Ar 16 Feabhara 1595, Ghabh Art Mac an Bharúin an daingean cois Aibhne Móire Uladh

Faoi Bealtaine 1595, d’athghabh Cormac Ó Néill agus an Maguíreach a chaisleán in Inis Cheathlainn.

Ar 27 Bealtaine 1595, bhí cath Chluain Tiobraid ann, mar a thagair mé dó cheana. Seo an chéad chath ina raibh Aodh ann go hoscailte ar son na nGael.Deartháir chéile Aodha a bhí i gceann na Sasanach .i. An Marascal Sior Énrí Bagnal.
Bhí 1750 fear faoi Bhagnal.
Mhair an cath ocht uair a' chloig thar 14 mhíle i dtreo Iúir Chinn Trá. Bhí na Sasanaigh i ndiaidh a ndaingean i Muineachán a athlónú. Mhaígh Bagnal ina dhiaidh gur chaill sé 43 fhear marbh, agus 139 bhfear gointe.
Ní fios cé mhéad a chaill Aodh.

Timpeall an ama seo, ghabh Aodh Ó Domhnaill Sligeach

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 854
Registered: 06-2006
Posted on Monday, March 10, 2008 - 06:36 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tír Chaitliceach a bhí sa Loráin. Sin an fáth a raibh Aodh ar a shuaimhneas ann. Ní raibh baol a eiseachadtha go Londain ar ordú Rí Séamas Shasana. Bhí cead ag saighdiúirí Spáinneacha dul tríd an tír, agus ní taise do dhaoine a bhí faoi choimirce Philib III.
Chuir an chaoi ar caitheadh le Aodh go mór as Rí Shasana nár tháinig sé go sochraid an Diúc nuair bhfaighfidh sé bás i gceann dhá mhí, faoi Bealtaine 2008.

Seo tír eile áfach, amhail Flondras ina chuireadh go rialta anchuid daoine chun bás de dheasca na healaíne duibhe nó an drochshúil a leagadh ar dhaoine.

"Fascinare" mar a deir an Laidin.

Ní luann an Cianánach é seo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 856
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, March 11, 2008 - 10:45 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhuail ár gcairde amach ó Neansaí, agus amárach mar a deir an Cianánach, buailfidh siad thar teorainn amach go dtí an Almáin .i. An Ghearmáin. [ i dtéarmaí an lae inniu, ní raibh siad ach ag imeacht ó Chúige Loráin na Fraince ag dul isteach ar Chúige Álsáis na Fraince]

Ag sroiscint na Réine dóibh, rachaidh siad ó dheas.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 860
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, March 13, 2008 - 12:17 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá Aodh rí-chúramach agus é ag taisteal trín Alsáis chun fanacht amach ó na "heiricigh" .i. na protastúnaigh.

Amárach sroisfidh sé Basal, cathair mhór neamhspléach ach protastúnach ina dhiaidh sin. Luann Ó Cianáin eaglais i lár na cathrach ina bhfuil pictiúrí de Liútar is Cailbhín agus "údar diabhalta" eile.

Cuirfidh siad fúthu i sráidbhaile taobh amuigh de, sráidbhaile Chaitliceach ar eagla "chomhchealg na n-eiriceach"


"Tempall ro-mór a gcert-mhedhón na cathrach i n-a ffuilit dealpa agus pictúiridhe Luter agus Caluuin agus mhóráin do droch-ughdaroip diabhlaidhi oile. An chathoir sin amne stát fo leith lé féin gan umhla nó cennus ag ríg fon domhan uirre. Is í amháin iss prímh-gepta do dúthaigh na Susser dar comhainm Eliuesia. D'imfhaitchess chomhaonta na n-eiritchedh fágbhait in chathoir ass a haithle. Eirgit dá léige clé-lámh risin ruibér go baile beg daingen, Leistel a ainm. Catoilce lucht a aittreptha. Is gnáth a m-Basalea gné chustaim do bhuain as eachroidh na ndeóradh agus na ttraibléir thairmchéimnigit triasan tír. Ba comchomthrom aoibhinn an slige ag com-chéimniugadh rissin ruibér a nglionn lán-fhada go n-imat ndegh-thoraidh. Dí shliap arda go n-imat fínemhna agus degh-thoraidh i n-a thimchuairt."

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 863
Registered: 06-2006
Posted on Friday, March 14, 2008 - 10:09 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An mhí i ndiaidh Chluain Tiobraid, Meitheamh 1595, chuaigh Sior Liam Rúiséil, Tiarna Deputí Sasanach na hÉireann is Sior Seán Noireas, ceannaire Sasanach Uladh fad leis an Abhainn Mhór le arm; ach níor threasnaigh siad é. Chas siad ar ais.

Rinneadh sos cogaidh a mhair dhá bhliain nach mór. Is dóigh go raibh faitíos ar an Sasanach arm a chur ó thuaidh a fhágfadh an chuid eile den tír gan "smacht".

Faoi 1596, d'éag Mábla, bean Aodha. Ar dheis Dé go raibh a hanam

(Message edited by Fearn on March 14, 2008)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 867
Registered: 06-2006
Posted on Monday, March 17, 2008 - 11:21 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Mar a ghoid an Diabhal airgead Aodha



“Lá Fheile Pádraig go díreach ( 1608 ), ghabh said go baile beag eile, Silenen a ainm. As sin dóibh trí Shliabh Alpa. Anois bhí an sliabh líonta lán de shneachta agus oighear, de shlite agus de chosáin caolchúnga corracha. Ráinig said droichead comhard i ngleann ródhomhain darbh ainm Droichead an Diabhail. Ceann d’eachtra Uí Néill ar a raibh páirt dá airgead a iompar, timpeall sé fichead éigin punt (£120: timpeall idir 100.000 agus 200.000 € nó $ na linne seo), thit sé síos le binn an alt imard oighreata sneachtach a bhí os comhair an droichid. Fuarthas saothar dearmháil ag tabhairt an eich amháin aníos, ach chin agud chomhairligh an t-airgead fanacht ag imchoimeád an tsrutha agarbh imchomhain ainairmhartach a ghabhann faoin droichead trí cheartlár an ghleanna. Bhí said an oíche sin i mbaile beag darbh ainm Piedimonte

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 868
Registered: 06-2006
Posted on Monday, March 17, 2008 - 11:34 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

18 Márta 1608:

“Arnamhárach, lean an tIarla leis thar Shliabh Alpa. D’fhan Ó Néill sa mbaile adúramar agus chuir dream dá dhaoine d’athiarraidh an airgid. Cé gur fhulaing said morán saothair, ba dhíomhaoin dóibh. De bharr sleas sneachtúil corrach oighreata an tsléibhe rompu, ní mó ná go raibh ar chumas dóibh arnamhárach bheith ag marcaíocht ach mar is gnáth thar Shliabh Alpa. Bhí daimh róláidre le sleamhnáin ina bhfoleanúint ag treorú gach dream nárbh inaistir díobh thar an doraidh.”

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3535
Registered: 02-2005


Posted on Monday, March 17, 2008 - 12:18 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post



(Message edited by dennis on March 17, 2008)

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 870
Registered: 06-2006
Posted on Monday, March 17, 2008 - 12:21 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Huth?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 873
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, March 19, 2008 - 09:58 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is údar ugaigh dom é, ar chúis éigin, fios a bheith agam go raibh uaisle na hÉireann ag marcaíocht leo san Éilbhéis ceithre chéad bliain ó shoin agus eachra faoi ualach airgid acu sula raibh bun curtha ag an Éilbhéiseach ar a thionscal bancaereachta go fóill.

Is dóigh nach raibh fonn ar Aodh cáin a dhíol le héinne, ríocht Shasana san áireamh.

Is minic an Cathánach ag clamhsán go mbíonn ar eachtrannaigh dleacht custaim a dhíol as gach each ualaigh acu agus iad ag treasnú na hÉilbhéise.

Is timpeall an ama seo a chuireadh bun leis an chéad banc, mar is eol dúinn iad anois. Sa Róimh a chuireadh ar bun é agus cé eile a bhí ina bhun ach an Pápa?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 874
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, March 19, 2008 - 11:00 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Timpeall an ama seo, fágann ár gcairde slán leis an Éilbhéis, téann siad ar bord báid ar Loch Lugano is téann siad isteach san Iodáil.



Is léir áfach go raibh an Cianánach, agus Aodh, b'fhéidir, tógtha le muintir na hÉilbhéise, na "Susers" agus a corás rialtas : corás comhshnaidhmthe ina raibh Caitlicigh is Protastúnaigh ag réiteach le chéile.




Is maith liomsa ainmneacha chathreacha na hÉilbhéise i nGaeilge:Luserna, Basillea, Ualis, Soluturum, Iug, Sesnort, Buriegh, Uernu, Uríí, Ueredinasdea, Glaris, Friburg, Siafusial, Appensel .i.Lucerne, Bâle, Valais, Soluthurn, Zug, Schwyz, Zürich, Bern, Uri, Stanz, Glarus, Fribourg, Schaffhausen, agus Appenzell.




"Assidhe dóib co n-a n-eachroidh a mbáttoip tria loch Lucana eidirdealaighess in Edáill agus Eliuesia, dúthaigh na Susers, re aroile. Trí léigi amáin tarsna agus leithet an locha. Sé léige is dá fichit issedh ro chéimnighsed do dúthaigh na Susers sí láidir ro-dhaingen aimhréidh sléptemail daoineachoir droich-shligtheach, gan cennus umhla nó uachtaránacht ag rígh nó ag prinnsa for talmain orra. Stát éxamail ingantach áirigthe iad badhdén. Toghait tra a rogha deissi do guibernóracht in tíre gacha bliadhna. A cethair dég immorro do prímh-chathrachaibh oirrdherca aca. A leith i n-a gcatoilcip, araill i n-a n-eiritchibh siad ó choinghioll agus ó mhinnoip móra coimhchengailte re aroile chom a n-imdhítin agus a n-imdheghla badhdéin ar in uile chomharsain fon doman do thriallfadh fuachtain nó frith-chétfaidh friú {ms page 41} an tarbha puiplidhi do chongbáil suass go messarrda imqubaidh. Anmanna na gcathrach remhráite immorro Luserna, Basillea, Ualis, Soluturum, Iug, Sesnort, Buriegh, Uernu, Uríí, Ueredinasdea, Glaris, Friburg, Siafusial, Appensel. Atá immorro do thuaruscbáil ar lucht an tíre si gurab íad is fírinnighi dhírghe neimhfhealltaighi nemhchoillemhnaighe ar a ffocloibh fon doman. Ní léicit tra slad nó duine-mharbhadh do dénomh i n-a ttír gan díghailt a gcétóir. Ass foirfeacht a ffírinne issíad amháin iss gárdae do ríghoip agus prínnsaighibh catoilce na crístaigheachta."

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 875
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, March 20, 2008 - 09:21 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Uaidh sin trí Chomo agus shroich ár gcáirde Milan, an triú chathair sa Chríostaíocht i ndiaidh Páras is Liospóin ag an am, de réir an Chathánaigh, Dé Domhnaigh 23 Márta 1608.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 876
Registered: 06-2006
Posted on Monday, March 24, 2008 - 11:09 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Faoi 1596 bhí na Sasanaigh ag cruinniú neart a n-airm.

Bhí Aodh ag cur teachtaire chun na Spáinne ag iarraidh idir dhá is trí mhíle fear, maille le airgead is airm

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 877
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, March 25, 2008 - 09:23 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Faoi earrach 1597, thug Sior Liam Rúiséil, Tiarna Deputí Sasanach na hÉireann, ruathar faoi Chill Mhantáin is bhris sé ar Fhiach mac Aodha Ó Broin a bhí páirteach san eirí amach i gcoinne na Sasanach is thug a chloigeann leis ar ais go Baile Átha Cliath

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 879
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, March 26, 2008 - 10:40 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

26 Márta 1608, buaileann Aodh leis an Cúnta de Fuentes, gobharnóir Spáinneach Mhilain.

http://en.wikipedia.org/wiki/Pedro_Henriquez_de_Acevedo%2C_Count_of_Fuentes



Deir an Cianánach linn go raibh 1.000 saighdiúir sa chaisleán agus 500 gunna airtilire ann agus go raibh sé ar chaisteáil mhóra an tsaoil.

Bhí Aodh le trí seachtaine a chaitheamh faoi Mhilan.

(Message edited by Fearn on March 26, 2008)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 882
Registered: 06-2006
Posted on Monday, March 31, 2008 - 09:36 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ar 31 Márta, 1608, fhad is a bhí rítheaghlach Aodha ag déanamh a sosa in Milan, bhí léiriú de “Hamlet” Shakespeare le compántas Shakespeare fhéin, The King’s Men, ar bord an “Red Dragon”, bád de chuid an East India Company ar Taimis Londan. Ní bheadh cead ag compántais dramaí a chur ar siúl le linn an Charghais i Londain, ach is dócha go mbeadh bád ar an Taimse, taobh amuigh de Londain ó thaobh dlí.

Toisc an Carghas a bheith ann is cúis le Aodh bheith ina chónaí in Milan le linn an tréimhse seo: agus sos a ghlacadh in ndiaidh cúig seachtainí ag taisteal ó Lobháin.

Cuid is mó de na heachtránaithe Sasana a bhí in Éirinn in éineacht le Eisics ar thóir Aodha, tá scaireanna acu sa East India Company. Seo nós úr atá tagtha isteach ón Ollainn .i. rachadh buíon duine i bpáirt a chéile agus bád a fhostú chun dul go dtí an Aigeán Indeach , spíosraí is earraí eile a cheannach agus iad a dhíol i Sasana . Agus bhí airgead rí-mhór le déanamh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 885
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, April 02, 2008 - 08:44 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Faoi Bhealtaine 1597, déanadh Tiarna Deputí Sasanach na hÉireann de Tomás Burgh, Tiarna, in ionad Rúiséil, is rinne sé plean nua tabhairt faoi An Dá Aodh. Bhí Burgh le dul soir ó Iúr Chinn Trá, agus bhí Sior Coniers Cliffort , Gobhanóir Sasanach Chonnacht le dul ó thuaidh bealach Shligigh agus thiocfadh an bheirt le chéile cois Loch Fabhail.

D’fhág an Burghach Iúr Chinn Trá le 3.500 fear is shrois sé an dún cois na hAibhne Móire ar 14 Iúil. Ní raibh aon dul ar aghaidh aige de dheasca saighdiúirí Uí Néill roimhe. Dheisigh sé an dún, nach raibh ann dáirire ach claífort, a scroiseadh in 1595.

Le 1.200 fear, ghabh Clifford Sligeach is shrois sé Mainistir an Easa Rua ar an Éirne ar 30 Iúil. Bhí Caisleán Bhéal Átha Sionaidh, Caisleán Aodha Rua Uí Dhomhnaill trí mhíle roimhe.

Ar 1 Lúnasa, chuala Clifford nach raibh Burgh ag buaileadh ar aghaidh chun Loch Fabhail ach gur theith sé ar ais go Iúr Chinn Trá. Chuala sé fós go raibh Cormac Ó Néill le mile fear ag teacht i gcabhair ar O Domhnaill i gCaisleán Bhéal Átha Sionaidh. Agus go raibh Aodh Maguír is Brian Ó Ruairc ag trasnú na hÉirne le teacht timpeall ar Chlifford. Chinn Clifford ar theitheadh, ní nach ionadh, ach bhí air troid feadh an ama. Cé gur ídeadh an púdar gunna uilig ag na Sasanaigh, bhí na fir phíce in ann cúl a choinneáil ar amais na nGael ar an dá thaobh.

Bhain Clifford sábháilteacht amach ar 2 Lunasa.

Casán na gCuradh a bhaist na Gaeil ina dhiaidh sin ar an áit a chuir said cath ar Chlifford, in onóir fear Chlifford

(Message edited by Fearn on April 02, 2008)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 887
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, April 03, 2008 - 07:49 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Nuair a theith Burgh ó dhún na hAibhne Móire, d’fhág sé an áit faoi Bhreatnach, an Caiptín Thomas Williams agus 150 fear.

Ar 2 Deireadh Fomhair, thug fir Uí Néill faoin chlaífort ach theip orthu. Bhí airtilire, cé beag, ag an Breatnach, ach ní raibh aon airtilire ag an Gael. Bhí na Gaeil i muinín dréimirí le briseadh isteach.

D’admhaigh Aodh ina dhiaidh sin gur chaill sé 400 fear san iarracht. Ní dhearna sé iarracht eile cé gur choinnigh sé dianléigear timpeall an dhúin.

Timpeall an ama seo, bhí Roibeard Deibhrúis/Eisics ag iarraidh tabhairt faoi chabhlach na Spáinne sna hoileáin Asóir. Theip ar an iarracht.

Ar 13 Deireadh Fomhair, fuair Burgh bás le tíofas agus glaodh sos cogaidh eile.

Ar 14 Deireadh Fomhair, d’fhág cabhlach Spáinneach Liospóin agus Vigo le teacht i gcabair ar an Dá Aodh., ach cuireadh ar ais iad ag stoirmeacha an fhomhair

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 888
Registered: 06-2006
Posted on Friday, April 04, 2008 - 07:31 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí saighdiúirí na nGall faoi Tomás de Buitléir, Iarla Urmhumhan anois.

Thosaigh sé ag cruinniú arm nua.Faoi márta 1598, sroiseadh 400 saighdiúir Sasanacha Loch gCarman i ndiaidh bheith ar fiannas i bPicardí. Saighdiúirí oilte cleachtaithe. Faoi Iúil, tháinig 1500 saighdiúir ghlasa i dtír i mBaile Átha Claith agus faoi Lunasa, tháinig 1400 eile

Bhí an sos cogaidh istigh faoi Meitheamh 1598.

Mheabhraigh Comhaire na nGall in Éirinn ar an dún cois na hAibhne Móire a thréigint, ach mheas said go dtabharfadh sé sin uchtach do Aodh agus go mbuailfeadh sé amach ar fud na Páile ansin agus b’fhéidir tabhairt faoi Bhaile Átha Cliath.

Dúirt Bagnal, deartháir chéile Aodha agus an fear ar a bhris Aodh trí bliana roimhe sin go rachfadh sé i gcabhair an dúin cois na hAibhne Móire dá mb’áil leis an Chomhairle. Bhí sé eolgaiseach ar an talamh, Iarla Iúr Chinn Trá a bhí ann agus bhí aithne aige ar Aodh. Saighdiúir oilte cróga a bhí ann.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 890
Registered: 06-2006
Posted on Monday, April 07, 2008 - 11:07 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ar 7 Lunasa tháinig arm Bhagnail le céile i mBaile Átha Fhirdia ; contae lú an lá inniu, nó an áit sa pháil is faide ó thuaidh ag an am.
320 marcach is 3.901 coisí agus 4 chanón bheaga a bhí ag Bagnal.
Chuaigh sé ó thuaidh bealach Ard Mhacha is faoi 13 Lúnasa, bhí Baganl ceithre mhíle go leith ón dúnfort. Bhí fhios ag Bagnal go mbeadh Aodh in oirchill roimhe is rinne sé iarracht bheith reidh dó agus dul an bealach nach mbeadh Aodh ag súil leis. Bhí an talamh bog go leor agus bhí coillte is coilltearnaigh ar fud an bhaill in raibh na Gaeil á bhforchoimheád.
Bhí Bagnal ag iarraidh go gcuirfeadh a saighdiúirí cliatha is craobhacha ar an talamh bog go mbeadh an t-airtilire, na capaill is an bagáiste in ann aistear.

Bhí a arm roinnte ina sé reisimint ag Bagnal, cúig chomplacht céad fear i ngach reisimint.

Bhí na reisimintí roinnte ina dtrí chorp máirseála: an Tosach, an Príomhchorp agus an Deireadh sa mhéad dá dtabharfadh faoi aon chuid de go dtiocfadh na coda eile ina chabhair.Timpeall míle ar fad a bhí an colún ó thús deireadh

Roimh an tosach, bhí an t-urthosach de dhá sciath muscaedóirí ag brú rompu agus Sior Risteard Persí, deartháir Iarla Northumberland ina gceannas.


Ar thaobh an dá Aodha, bhí 600 marcach is 4.000 coisí.

Bhí fhios ag Aodh go raibh Baganl ag déanamh ar an ndún, an bealach a bhí a ghabháil aige is an t-arm a bhí faoi.

Réitigh fir Aodha an bealach roimh Bhagnal: D’fhí said an scrobarnach is driseacha le chéile mar bhacanna is thochail said poill roimh marcaigh is airtilire

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 892
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, April 08, 2008 - 10:39 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Timpeall 8.30 ar maidin tugadh faoi Thosach Bhagnal. Nia Aodha, Brian Mac Airt is Raghnaill Mac Somhairle de chlean ‘ic Dhomhnaill a bhí i gceann na nGael ar an taobh clé.

An oirbheartaíocht chéanna a bhain Aodh gaisneas astu i gCluain Tiobraid a bhí ag na Gaeil. Ar an gcliathán clé, choinnigh fir Aodha talamh bogach idir iad is na Gaill is choinnigh muscaedéirí Aodha na Gaill faoi loisceadh fhad is a mheallfadh a marcaigh iad isteach sa talamh bogach

Thug Ó Domhnaill ar an gcolún ar an gcliathán deas. Ní raibh éalú ag na Gaill cionn an talaimh bhog timpeall orthu, agus ba doiligh dóibh dul ina ndiaidh cionn is go raibh clúdach ag an Gaeil nach raibh acusan.

De chionn na n-amas, d’agaigh na spás idir coda arm Bhagnal.

Faoi dheireadh thiar thall, shroic díorma Phersaí talamh ard agus shocraigh sé le fanacht ar an gcuid eile d'arm Bhagnal, ach bhí ionsaí na nGael ró-fhíochhar gur theith sé agus na fir a bhí fágtha aige go talamh ard eile.

Bhí Bagnal fhéin ina dhiadh, ach bhí gach chuid dá arm faoi loisceadh nach b’acmhainn dó dianthroid a dhéanamh áit ar bith. Bhí cúl ar choda an airm cionn is go raibh an chanóin ag dul i bhfastó sa talamh bhog gach re seal.

Bhí na Gaill ró scaipthe anois, is moladh plean an t-Urthosach a tharraing siar agus an Deireadh a tharraingt isteach leis na Gaill a chruinniú . Bhí na Gaill comh scaipthe nach raibh fhios ag Baganl go cruinn cá raibh a bhfir is cén cath a bhí orthu.

Agus é ag iarraidh radharc níos fearr d’fháil ar chúrsaí, buaileadh pileár Bagnal sa chláréadán. Marbhadh é.

Tháinig lagmhisneach ar an Gaill. Buaileadh Persaí fhéin sa lúireach, ach thug a eachlach Gaelach as an choimhlint é. Ní raibh an rath chéanna ar a chuid fear. Fear an Bhrataigh ag Persaí, Breatnach a bhí ann, d’fhill sé bratach Phersaí timpeall air fhéin is chosnaigh sé é sula stolladh as a chéile an fear bocht ag na Gaeil.

Ghlac Uingfield ceannas arm na nGall is shocraigh sé filleadh ar Ard Mhacha:
Ach bhí a chuid línte catha ar briseadh, bhí an chanóin fós ag dul i bhfastó, briseadh roth faoi, is bhí na daimh a tharraint maraithe ag an loisceadh. Anuas ar sin, pléascadh baraille púdar gunna trí thimpist ag na Sasanaigh is pléascadh ceann eile agus maraíodh an-chuid Sasanach.

Ach faoin am seo, bhí Tosach an airm fós ag dul ar aghaidh.

Ansin, shocraigh na Gaeil ar mórionsaithe le 2.000 fear is 400 marcach.

Bhí an cath ar siúl ar feadh ceithre uair an chloig ag an am seo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 896
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, April 10, 2008 - 10:16 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ghlac scaoll na saighdiúirí Shasanacha, go háirithe na saighdiúirí ghlasa. Bhí said timpeallaithe, an ceannaire marbh, an colún scaipthe ar feadh mile agus ag dul i bhfad ( ní raibh fhios ag daoine áirithe go raibh athrú staide ann anois), an chanóin mhór as gléas, talamh bog timpeall orthu, gan a chlúdach acu, oifigigh a marú, agus fir Uí Néill idir an colún is an claífort sa mhéad is nach dtiocfadh siadsan i gcabhair ar an gcolún. Ach throid na Gaill go cróga is bhain said amach teitheadh go dtí Ard Mhacha , agus shocraigh said seasamh i bhfothrach na hArdEaglaise.

Rinne na Gaeil lomairt ar chorpáin na nGall a bhí fágtha mar ba nós ag an am, is dhícheannaigh said na Gaill loite nach raibh ar a gcumas teitheadh.

Chaill na Sasanaigh 25-30 oifigeach is 800 saighdiúirí marbh. Bhí 400 loite ar a dtaobh. Chaill said an chanóin mhór is lónadóireacht, airm is armlón. Bhí claífort cois na hAibhne Móire maille lena mhuintir fós ann, áfach, ach gan deis chabhartha le teacht.

Chaill na hÉireannaigh : 200 marbh agus 600 loite.

B’shin Cath Bhéal an Átha Bhuí

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 897
Registered: 06-2006
Posted on Friday, April 11, 2008 - 09:21 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí na Gaill timpeallaithe anois Cois na hAibhne Móire agus in Ard Mhacha.
Bhí na Gaeil ag impí ar Aodh go scríosfaí na Gaill a bhí fágtha; ach lig sé dóibh imeacht le gach rud a bhéadh siad in ann iompú leo. D’fhág said.

Bhí fhios ag spiairí Aodha go raibh beartaithe ag na Gaill 2.000 saighdiúirí ó Shasana a chuir chur i dtír Cois Fabhail, chun teacht aniar aduaidh ar Ó Néill, agus ba mhian leis aghaidh a thabhairt orthusan seachas a chuid fear bheith sáite sna dhá áit eile.

Ach a luath is a chuala na Gaill i mBaile Átha Cliath i dtaobh Briseadh an Átha Bhuí, chuir sé na saighdiúirí seo go Baile Átha Cliath á choisint.

De bhua an chatha seo, chuaigh Eoghan mac Ruairí Ó Mordha is Risteard Tioral le 2.000 fear isteach sa Mhumhan ag scriosadh Gaill ansin.

Mar a luaigh mé cheana, scríobh Gaill Bháile Átha Cliath chuig Aodh ag impí air gan tabhairt faoi Bháile Átha Cliath

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 907
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, April 16, 2008 - 06:51 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Nuair a chonaic Eilís Shasana cóip den litir seo, thug sí meatacháin ar Ghaill Bhaile Átha Cliath.

Maitear gur maraíodh 400 "plandóir" ar fud na Mumhan is thosaigh "teifigh" ag filleadh ar Shasana.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 908
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, April 16, 2008 - 08:49 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sílim gurb é Cath Bhéal an Átha Bhuí an buille is láidre a thug na Gaeil ar Ghaill ó Chath Chluain Tarbh, Aoine an Chéasta,23 Aibreán 1014, i leith go dtí an lá inniu féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 909
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, April 16, 2008 - 11:29 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cuireadh Sior Risteard Bingham go hÉirinn le 8.000 saighdiúir agus lonnaigh sé iad sna bailte ar an chosta thoir idir Caisleán Fhearghais go Loch gCarman.


Bhí meáite ag Eilís Shasana an "tÉirí Amach" a bhriseadh agus cheadaigh sí airgead is saighdiúirí lena dhéanamh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 912
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, April 17, 2008 - 08:29 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Phléigh mé Eisics cheana.
Rinne Leasrí na hÉireann de is cuireadh go hÉirinn é ar 27 Márta, 1599.
Go teoiriciúil, bhí 16.000 coisí is 1.300 marcach faoi, ach cuimhnigh a scríobh mé cheana i dtaobh camastaíle uimhreacha na saighdiúirí.
Bhí ordaithe faighte aige óna chara Eilís Shasana Éirí Amach an Dá Aodha a scriosadh ó thuaidh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 914
Registered: 06-2006
Posted on Monday, April 21, 2008 - 10:15 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

In ionad dul ó thuaidh mar a ordaigh a bhanríon dó; agus tabhairt faoi an "base bush kern", mar a thug Eilís Shasana ar Aodh, ( ceithearn suarach coille ), Iarla Thír Eoghain, chuaigh an darna Iarla Eisics le 1.200 coisí is marcshlua de 200 siar go Uibh Fhallaí.

Is beag a bhain sé amach is d'fhill sé go Baile Átha Cliath.

Fuair Eisics go raibh Sior Donncha Ó Conchubhair faoi léigear ina chaisleán in Chúil Mhuine ag Aodh Rua. Bhí an fear seo ina thaoiseach ar muintir Chonchubhair: Ó Conchubhair Shligigh ab teideal dó: bhí Ó Conchubhair Donn agus Ó Conchubhair Rua ina cheannairí ar an mhuintir seo freisin.

Ach an fear seo, bhí sé ar thaobh na Sasanach.

D'ordaigh Eisics do Sior Conirs Cliford, eisean a thug faoi Béal Átha an Shionnaidh tamall roimhe sin, d'ordaigh sé dó imeacht ona cheanncheathrú in Áth Luain dul ina chuidiú

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 398
Registered: 11-2006
Posted on Monday, April 21, 2008 - 10:43 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí Donncha Ó Conchubhair Donn ar thaobh na Sasanach? :(

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 916
Registered: 06-2006
Posted on Monday, April 21, 2008 - 11:00 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cé a dúirt é sin :( ?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 399
Registered: 11-2006
Posted on Monday, April 21, 2008 - 11:08 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tusa?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 917
Registered: 06-2006
Posted on Monday, April 21, 2008 - 11:12 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Donncha Ó Conchubhair Shligigh a scríobh mé

cá raibh tú aimsir na súl?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 400
Registered: 11-2006
Posted on Monday, April 21, 2008 - 11:14 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Nárbh ionann iad?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 918
Registered: 06-2006
Posted on Monday, April 21, 2008 - 11:22 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Molaim scrúdú súl duit! ;-)

"Bhí an fear seo ina thaoiseach ar muintir Chonchubhair: Ó Conchubhair Shligigh ab teideal dó: bhí Ó Conchubhair Donn agus Ó Conchubhair Rua ina cheannairí ar an mhuintir seo freisin. "

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 401
Registered: 11-2006
Posted on Monday, April 21, 2008 - 11:25 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Mo leithscéal. Lean ort.
Cad a tharla leis an léigear?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 919
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, April 22, 2008 - 09:06 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Foighne ort is léifidh tú

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 921
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 07:38 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Seo sliocht de oráid Aodha Rua dona shaighdiúirí roimh dul os comhair Gall lá an Chorrshléibhe, Lúnasa 1599.


“Is amhlaidh atá sinne inár mbeagán ar son na fire agus , dar linn féin, na Gaill ina slua mór ar son na bréige, ag goid bhur n-athartha agus bhur ngléas beo oraibh. Is fusa go mór díbh cathú calma seasmhach séitreach a dhéanamh thar cheann bhur n-athartha agus bhur n-anama fad atá sibh ar bhur gcumas féin agus bhur n-airm in bhur lámha ná an tan a chaithfear i gcarcracha agus i gcimíocht sibh, tar éis bhur n-airm a ghoid oraibh, bhur mbaill a cheangal oraibh, bhur mbaill a cheangal le cordaí crua-righne cnáibe, cuid agaibh briste bloghréabtha, sibh beomharbh ar bhur gcomhcheangal agus bhur n-acomhal ar féin agus ar cairteacha trí shráidshlite chathracha na nGall faoi tharcaisne agus faoi ábhacht.

“Beannacht uaimse oraibh, a fhíormhuintir. Tugaigí in bhur meanma an dúthracht chalma a bhíodh libh nuair a thugtaí an mí-ádh agus an drochíde sin oraibh ( mar a tugadh ar morán de bhur gcineál). Is inniu sa lá catha seo a rigtear a leas cathú séitreach a dhéanamh , do chosaint bhur saoirse le neart bhur lámh agus le cruas bhur gcroí, an tan atá bhur gcoirp ar bhur gcumas agus bhur n-airm in bhur lámha, rud nach mbeidh go deimhin más iad slua na nGall a bheas coscrach. Ná gabhadh gráin ná imeagla sibh roimh líonmhaireacht laochra Londain, ná roimh allmharacht a n-inneall ná a n-arm, ach cuirigí bhur ndréim agus bhur ndóchas sa Choimhdhe forógra. Is dearbh liomsa, má thugann sibh do bhur n-aire a ndeirimse libhse, go sraonfar aar na Gaill agus gur libhse a bheas an bua”

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 926
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, April 24, 2008 - 06:30 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí campa ag Aodh Rua ar an taobh ó thauidh den Chorrshléibh agus bhí súil ghéar ag a chuid fear ar gach áit ann agus na bealaí isteach ann. Ní thiocfadh an Gall gan fios.


D'fhág Sior Conirs Cliford Áth Luain agus 1.500 fear faoi agus rinne sé ar Shligeach le chuidiú Sior Donncha Ó Conchubhair.

I measc fear Clifford, bhí eachtránaí agus scríobhneoir : John Harrington. Seo duine ar ndearna Eisics ridire dhe. Bhí an cead sin ag Eisics de réir nós na haimsire mar a scríobh mé ach thug Éilis rabhadh dó gan a scód a ligint leis sa nós. Níor mhaith lenA Mórgacht go mbeadh lucht cinsil buíoch de Eisics as a chéimníocht seachas aisti fhéin. Ar aon nós, an raibh Eisics le trust agus é ag déanamh praiseach is ag meilt airgid in Éirinn?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 403
Registered: 11-2006
Posted on Friday, April 25, 2008 - 11:04 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Abair liom, cá bhfuair tú óráid Uí Dhomhnaill?
Níl sé ar fáil sna hannála

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 928
Registered: 06-2006
Posted on Friday, April 25, 2008 - 11:15 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Beatha Aodha Ruadh Uí Dhomhnaill" más buan mo chuimhne.
Níl an leabhar ina aice láimhe agam ar ala na huaire.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 929
Registered: 06-2006
Posted on Friday, April 25, 2008 - 11:21 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Irish Texts Society Subsidiary Series Volume 12: Beatha Aodha Ruaidh: The Life of Red Hugh O'Donnell, Historical and Literary Contexts

SS12 Pádraig Ó Riain, ed., Beatha Aodha Ruaidh: The Life of Red Hugh Ó Donnell Historical and Literary Contexts,

The two-volume edition of the Life of Aodh Ruadh by Lughaidh Ó Cléirigh, which was prepared for the Society by Paul Walsh (Main Series 42, 45) was chosen for discussion at the Society’s annual seminar in 2001, held in conjunction with the Departments of Irish at University College Cork. One aim of the seminar was to mark the four-hundreth anniversary of the Battle of Kinsale. Another was to reopen debate on the historical quality and linguistic and literary nature of Ó Cléirigh’s text, and the several contributions to the seminar, published in this volume, by Hiram Morgan, Mícheál Mac Craith, Damian Mac Manus, Marc Caball, Nollaig Ó Muraíle and Pádraig A. Breatnach, bear eloquent and innovative witness to its value as a source.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 930
Registered: 06-2006
Posted on Monday, April 28, 2008 - 08:16 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ar leataobh tamall.

Faoi Bealtaine 1599, thug Eisics cuairt na hÉireann air féin. Bhí ordaithe aige an Dá Aodh a scriosadh ó thuaidh, mar sin, chuaigh sé Ó DHEAS: Áth Í, Port Laoise, Cill Cheannaigh is Cluain Meala.

An plean ag na hÉireannaigh ná rith rompu, na Gaill a ionsaí anois is arís, géilleadh dóibh, mar dh’ea, más gá, agus ligint do thinneas is gorta na Gaill a mhilleadh. Ghéill Cill Cheannaigh is Cluain Meala roimh Eisics.

B’é Cathair Dhún Iascaigh an t-aon áit a chuir suas de Eisics is ghabh sé an dún: an t-aon bua a bhí aige: ní raibh dul ag na Gaeil roimh léigear ná ionsaithe díreacha. 4.000 coisí is 500 marcach a bhí faoi Eisics ar an gcuairt seo.

Chuaig sé chomh fada le Luimneach is Eas Géitine agus ansin ar ais go Baile Átha Cliath trí Magh Ealla, Loch gCarman, an Inbhir Mhór is Cill Mheantáin. Shrois sé BÁC ar 2 Iúil.

Roimhe sin, chuir sé Sior Henrí Harrington ó Chill Mheantáin chun tabhairt faoi Gaeil Chill Mheantáin, muintir Uí Bhroinn is Uí Thuathail . Ní raibh cúig mhíle imithe acu nuair a thug na Gaeil futhu, agus amhail Cath an Átha Bhuí, chlis ar ord na nGall is chuireadh teitheadh orthu. Bhí Gall, Adam Loftus, a raibh saighdiúirí Gaelacha aige, faoi Harrington agus deirtear gur chuaigh siadsan ar thaobh na nGael. Maraíodh leath den 450 fear a bhí faoi Harrington.

Ar 11 Iúil, chuir Eisics armchúirt ar na Gaill a tháinig ón chath. Cuireadh Leifteanant Breathnach a bhí faoi Loftus chun bás de dheasca “meatachta”. Chuireadh oifigigh eile i bpriosún nó chuireadh as an arm iad. Chiontaigh sé gach gnáthshaighdiúir Gallda chun báis. Ansin thug sé pardún dóibh : níor chuireadh chun báis ach gach saighdiúr as deichniúr : cleas a léigh Eisics sna claisicí Laidne ach nós nach raibh riamh san arm Shasanach roimhe sin.

Bhí Eisics bréan d’Éireann. Ní raibh cleachtadh aige ar thírdreach na hÉirinn, coillte is talamh bog; ná an aimsir, báisteach nach raibh oiriúnach do iompar gunnaí móra. Ní thiocfadh lucht Éirí Amach roimhe is cath “ceart” a bheith acu. Bhí laghdú mór ar an arm trí thinnis is thréigint is drochmheanma. Ní raibh bua gasta glórmhar le fáil aige mar ba mhian leis is go bhfillfeadh sé ar ais go Sasana ina laoch is an chróin a bhaint amach i ndiadh bás Eilíse. Ní raibh a bhanríon sásta leis, ná lena thaicticí ná a mhoilleadóireacht ná na ridirí a bhí sé a chruthú. Ní raibh fonn air buaileadh le Ó Néill agus a thuilleadh saighdiúirí is cathanna a chailliúint.

Anuas ar sin, chuala sé go bhfuair a iníon Penelope bás agus go raibh a bhean tinn is ag iompar cloinne. Bhí baol breith amscaí ann.

Bhí ordú ar Eisics gan filleadh ar Shasana gan an tÉirí Amach a bheith curtha faoi chois. Ní raibh Éisics ar a shásamh.

An mhí dar gcionn d’fhág Cliford Áth Luain.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 940
Registered: 06-2006
Posted on Monday, May 19, 2008 - 06:12 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Seachtain i ndiaidh armchúirt Eisics, shroich ocht long Ollainneacha Amstardam.

Ar 19 Iúil, 1599, i ndiaidh dóibh filleadh ó Iábha, d’fhill na longa seo de chuid an Ostindies Compagnie (Comhlacht Ollainneach na nIndiacha Thoir ) agus iad lán de spíosraí is riachtainisí costasacha eile an Oirthir. Fuair na hinfheisteoirí 400% mar bhrabús ar a sciar. Bhí tús curtha le ré an chaipitalachais is na marsantachta.

Scríobhadh leabhar faoin eachtra agus cuireadh béarla air gan mhoill: A true Report of the Gainful, Prosperous and Speedy Voyage to Java in the East Indies, Performed by a Fleet of Eight Ships of Amstardam le Jakob van Neck agus bhí leabhair eile ann a fhoillseadh ag an am seo: Principal Navagations, Voyages, Traffics, and Discoveries of the English Nation le Richard Hakluyt.

Níor chuireadh Gaeilge air riamh: bheadh Éire in áit na leathphiginne amach anseo.

Chuir rath na nOllainneach borradh faoin Shasanach. Bhí ag teip ar choilíneachtaí Shasana i Meiriceá Thuaidh, bhí ag teip ar Shasana cosaint a thabhairt dona gcoilínigh in Éirinn, theip ar eachtránaithe Sasanacha cuid de thrádáil sclábhaíochta na Cairibe a tharraingt chucu fhéin, theip orthu caolas inseolta an Tuaiscirt a aimsiú thar Meiriceá Thuaidh chuig an “Oirthir”, agus theip orthu trádáil díreach a bhunú bealach Bhinn an DeaDhóchais

Gan mhoill, chuireadh achainí faoi bhráid Éilís Shasana macsamhail Shasanach a chuir ar bun agus gan tús tráchtála a fhágáil ag an Ollainneach. Bhí fhios ag na Sasanaigh go raibh an tOllainneach cheana ag cur longa nua soir. Nuair a tháinig sé,chuir níos mó ná leath de oifigigh Eisics airgead mar infheistíocht sa Chomhlacht nua.: Comhlacht Sasanach na nIndiacha Thoir

Bhí deireadh le Ré na Ridireacht is tús le Ré na hImpireachta

An mhí dar gcionn, d’fhág Cliford Áth Luain ag buaileadh ó thuaidh.



©Daltaí na Gaeilge