mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Laoch áitiúil i gCranford, Nua-Jersey « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Paul (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, February 20, 2008 - 01:17 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Laoch áitiúil...

Chuala mé drochscéal seachtain ó shin:

Tá siopa Gaelach i mo cheantar (Cranford, Nua-Jersey), dar ainm The Emerald Cottage. Tá na gnáth-rudaí le fáil ann: geansaithe déanta ar na hOileáin Árann; dlúthdhioscaí; boscaí tae Lyons, srl. Ach is saghas ionad cultúir é. Bíonn ceoltóirí ag seinm ann Déardaoin; bíonn ranganna Gaeilge ar siúl ann (is mise an múinteoir); bhí scríbhneoirí mar Roddy Doyle, Peter Sheridan, agus Peter Behrens ag tabhairt léachtaí ann.

Dar leis an t-únéir, Joe O’Halloran (Gael-Meiriceánach ó Jersey City), beidh an siopa ag dúnadh i gceann tamaillín. Tá an geilleagar ag dul in olcas na laethanta seo, agus níl sé ag díol faic le tamall anuas.

Bhuail mé le Joe thart feadh trí bhliain ó shin ag a chóisir mór ar Lá ‘le Pádraig...trádaire lán le mairteoil shaillte, píobaire ag seinm, Éireannaigh ag ceoil “Trasna na dTonnta,” an siopa beag lán go béal. Nuair a bhí an cóisir thart, bhí teachtaireacht ar m’ineall fón ó Joe ag rá “ar mhaith leat rang Gaeilge a theagasc sa siopa?” Bhuel, ba mhaith, agus rinne mé amhlaidh ar feadh trí bhliain.
D’fhreastail Joe ar an rang chomh maith.

Go raibh míle maith agat, Joe. Is laoch thú.

Má tá suim agaibh sa siopa, tá sé suite ar

25 Alden Street
Cranford, NJ 07016
(908) 272-7770





Le meas,

Paul

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1352
Registered: 06-2005


Posted on Wednesday, February 20, 2008 - 06:34 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An bhfuil an cogadh thart?

Nach féidir leigheas a chur ar an scéal?

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Paul (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, February 21, 2008 - 12:38 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá, a Dhomhnaill, tá an cogadh thart, ar an drochuair. Rinne Joe a dhícheall, go deimhin.
Níor mheall na himeachtaí sin custaiméirí nua go dtí an siopa. I mí na Nollag 2006, bhí tine sa foirgneamh agus bhí siopa Joe agus chuile rud a bhi ann scriosta. Do bhrí sin, bhí an séasúr siopadóireachta Nollag caillte aige. Fuair sé spás nua a bhí suite ar sráid difriúla, agus ní raibh an méid tráchta céanna ann. D’oscail sé arís ar Lá ‘le Pádraig 2007 ach ní raibh an gnó mar a bhí sé. Sin ráite, is siopa álainn é, agus chruth Joe atmaisféar deas réidh ann. Tá saghas seomra suite ann, le cúpla cathaoir chompordach, lampaí, agus sean-ráidio.

Paul



©Daltaí na Gaeilge