Author |
Message |
áthanurchair
Member Username: áthanurchair
Post Number: 1 Registered: 01-2008
| Posted on Thursday, February 07, 2008 - 04:36 pm: | |
Bhuel gach duine, An bhféadfadh duine ar bith a rá liom cá bhféadfainn liricí an bhailéid seo a fháil; seo é tús an amhráin "Nuair atá tú i bhfad ó bhaile, sin an t-am chun teacht abhaile, is ann a gheobhaidh tú síochán go deo..." Dúirt bailéadghrúpa ó Chiarraí (Glenfesk creidim) an t-amhrán seo i gCraobh na hÉireann i Scór na nÓg i 2007. Ní raibh mé in ann teacht air ar an idirlíon. Go raibh maith agaibh... Áth an Urchair... |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, February 11, 2008 - 09:25 pm: | |
Níor chuala mé riamh é ach de réir dealramh tá 'Country & Irish swing' air. ;- Seanfhear |
|
áthanurchair
Member Username: áthanurchair
Post Number: 2 Registered: 01-2008
| Posted on Monday, March 10, 2008 - 05:10 am: | |
Ceart! Céard faoin gceann seo "Peata beag do mháthar", amhrán le Cathie Ryan? "Cheannaigh mise bagún duit, cheannaigh mise bagún duit..." rud éigin? Níor aimsigh mé na liricí in áit ar bith. grma. Áth an Urchair. |
|
Seanfhear
Member Username: Seanfhear
Post Number: 62 Registered: 08-2007
| Posted on Tuesday, March 11, 2008 - 09:20 pm: | |
Bhuel, arís caithfidh mé a rá nár chuala mé éinne ag canadh an amhráin sin. Tá liricí agam ar 'Is Trua Gan Peata An Maoir Agam', agus críochnaíonn an curfá leis an líne: "Is ó gairim gairim thú, is tú peata beag do mháthair". An é sin an t-amhrán atá uait? DAS níl aon trácht ar 'bagún' sa leabhar so agamsa :-) Seanfhear |
|
áthanurchair
Member Username: áthanurchair
Post Number: 3 Registered: 01-2008
| Posted on Wednesday, March 26, 2008 - 09:14 am: | |
Leaids, ná bígí buartha faoin gceann sin, Peata Beag do Mháthar; tá na liricí aimisithe agam. Ach an ceann eile: jeepers tá sé deacair teacht ar na liricí. "Nuair atá tú i bhfad ó bhaile... Tá an ghrian ag taitneamh in ard sa spéir...mná... ag caint le chéile..." rud éigin... Uch! Dála an scéil, an bhfuil spéis ag aon duine agaibh i Scór, an comórtas (rince, amhránaíocht, drámadóireacht, ceol) de chuid an CLG? Tá an-chraic ag baint leis. Áth an Urchair. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, August 08, 2008 - 09:43 pm: | |
Ar eagla nach bhfuil na liricí fós agat, cuir ceist ar CIC nó Gael Linn. Bheadh suim agamsa i bpé ar bith freagra a gheobhaidh tú. Seanfhear |
|