Author |
Message |
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 806 Registered: 11-2004
| Posted on Saturday, February 02, 2008 - 05:59 pm: | |
Is pian sa tóin é nach féidir teachtaireacht atá sna carlanna a fhreagairt! Bíonn sé orm téad nua a thosnú i gcónaí. Ní bhíodh sé amhlaidh. |
|
Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, February 03, 2008 - 04:10 pm: | |
An clár seo D’éirigh ‘na baill scoite’ neamhshuimiúil ann, measaim! Cad é an cineál aimsire atá sa bhaile-Babylon!? Tá sé te agus grianmhar anseo en La Habana del Norte! Slán, |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 807 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, February 04, 2008 - 10:39 am: | |
Bhí sé go breá inné. Chuir sé sneachta ar maidin inniu, a mheá ar an talaimh nuair a thit. Beidh báisteach againn sa tráthnóna, deirtear. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 830 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, February 04, 2008 - 10:46 am: | |
" a mheá"?? Cad a mheáigh sí? ;-) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 808 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, February 04, 2008 - 02:56 pm: | |
a mheáigh. Bhí mé ró-leisciúil chun sin a dheisiú, cé go raibh a fhios agam go ndearna mé botún ansin. Beidh mé níos cúramaí amach anseo, a mhúinteoir! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2249 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, February 04, 2008 - 04:55 pm: | |
’S dócha gur "leáigh" a bhí i gceist agad ;-) Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6840 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, February 04, 2008 - 04:58 pm: | |
Ní hea. Bhí an sneachta ina ualach trom ar an talamh. Ní ceart gach focal a mheá ró mhion ans(e)o... |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3470 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, February 04, 2008 - 08:12 pm: | |
Chuala mé ó chara liom, Parisien ó dhúchas, a bhí ag téacsáil inné ó bhaile beag sna sléibhte i dtuaisceart na Liobáine (tír dhúchais a mháthar), agus dúirt sé go raibh méadar sneachta ar an talamh. Ag déanamh beagán áibhéile a bhí sé is dócha, ach mar sin féin... Agus cuid mhaith den tSín thíos leis an sneachta freisin! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 810 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, February 05, 2008 - 01:42 pm: | |
Tá an ceart ag Lughaidh. Bhí mé trína chéile ar fad! Maidir leis an sneachta, tá cara agam in Alaska, agus tá breis is 11 céim sneacht acu cheana féin an geimhreadh seo. |
|