mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Imeacht na nIarlaí : Feabhra 1608 « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 828
Registered: 06-2006
Posted on Friday, February 01, 2008 - 11:59 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dar ndóigh, timpeall an ama seo bhí coinscríobh saighdiúirí i bhfeidhm i Sasana le haghaidh a iliomad feachtas cogaíochta:

Bliain Coinscríobhach
1594 2.800
1595 1.806
1596 8.840
1597 4.835
1598 9.164
1599(sé mhí) 7.300

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 829
Registered: 06-2006
Posted on Monday, February 04, 2008 - 10:27 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dar ndóigh in aimsir Éilise, bhí an t-airgead suas agus dá raibh an t-airgead agat, b’fhéidir leat an t-arm a bhreabadh is saoirse d’fháil ó do choinscríobhadh. Ba chuma don oifigeach, gheobhadh sé coinscríobhach eile.

Cás eile ab ea na hoifigigh. Cheannófá coimisiún san arm. Eachtránaithe is mó a dhéanfadh. Tar éis an tsaoil, bhí faill eachtraíochta is maoine ann, fiú dá raibh baol báis nó ciorraithe ag baint leis.

Ach bhí buntaistí ag baint leis. D’fhéadfadh oifigeach a maíomh go raibh níos mó fear aige ná mar a bhí is choinneodh sé fuíoll an tuarascail, nó earcaigh níos saoire d’fháil in Éirinn. Bhí an-chuid Gael ina shaighdiúirí leis na Sasanaigh, maítear.

Rud eile dhe: i Sasana ní raibh cead ach ag an bhanríon ridirí a dhéanamh; ach le linn feachtas cogaíochta sa gcoigríoch, bhí cead ag ceannaire an airm ridirí a dhéanamh. Bhí an cháil seo amuigh ar Roibeard Dúibhrúis/Eiseics . Rinne sé timpeall 100 ridirí nuair a bhí sé san Fhrainc timpeall 10 mbliain roimh buaileadh le Aodh Mór: agus in Éirinn dó, rinne sé timpeall 100 ridire eile. Anois, céim suas mór sa saol ab ea seo do bhoic uaillmhianacha Shasana is ghlac mórán a ndeis dul san arm go hÉireann.

Buntaiste eile do Roibeard: go raibh na daoine seo buíoch choiche le Roibeard : agus cogar mé seo leat: cé a bhí ag súil le teacht i gcomharba Eilíse ós ise a bhí gan sliocht? Cé eile ach ár mbuachaill bán: Roibeard fhéin?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 831
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, February 05, 2008 - 02:26 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Mar sin, truailliú a bhí suas in arm Shasana, Éilis ag caitheamh airgid agus gan aon rud a fháil air ach daoine slíománta ag dul i seibhreas da bharr.

Seo sliocht ó taifidí Shasana ón am. [Gabh mo leithscéal ach béarla a bhí suas ag an am sin I sasana:]

“Of all the captains in Ireland, Sir Thomas North hath from the beginning kept a most miserable, unfurnished, naked and hunger-starven band. Many of his soldiers died wretchedly and woefully at Dublin; some whose feet and legs rotted off for want of shoes”

Roimh filleadh ar ais go Sasana, “dhíol” North a chuid saighdiúirí Shasanacha le caiftín nua Shasana.


Ní ba dhéanaí, thug Éilís pinsean £40 sa bhliain don North seo “in consideration of the good and faithful service done unto us”


Ag an am, bhí ar na saighdiúirí fhéin díol as a gcuid bídh fhéin, a gcuid éide, a gcuid arm is armlón. Dá ndéanfadh an gnáthshaighdiúir gearán, d’fhéadfadh an t-oifigeach é a chrochadh de dhroim muirthéachta.

An é seo an sort daoine a raibh Aodh Mór ag troid ina gcoinne?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 832
Registered: 06-2006
Posted on Friday, February 08, 2008 - 07:47 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní raibh gach caiftín Sasanach chomh dona sin, agus i ndomhnach, b'iomaí saighdiúr proifiúnta orthu.

Bhí cead ag Aodh ó Éilís Shasana 600 saighdiúir a bheith faoi ag am ar bith. An rud a ndearna sé, dar ndóigh, iad a bheith ag sealaíocht ar a chéile sa mhéid gur faoi 1595 go raibh suas le 7.000 saighdiúil oilte ag Aodh: iad oilte ag oifigigh Shasana díolta ag Éilís, dar ndóigh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 833
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, February 12, 2008 - 08:48 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní raibh sé éasca áfach riamh dúshlán Éilís Shasana a thabhairt.

Bhí Brian na Múrtha Ó Ruairc ar na taoisigh a ba neamhthuilleamaí intinn i leith na Sasanach. Bhí sé ar an bheagán de na huaisle a raibh sé de mhisneach acu teacht i gcabhair ar iarmharáin Armada na Spáinne, agus ní raibh sé mór aige ceap magaidh a dhéanamh de dhealbh den Bhanríon Eilís Shasana. Thuill an méid sin fuath na Sasanach. B'éigin dó a Bhreifne dhúchais a fhágáil agus imeacht ar a sheachnadh go hAlbain in 1590, áit ar thug an rí Séamas VI ar lámh do na Sasanaigh é. Crochadh é i Londain in 1591.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 834
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, February 13, 2008 - 08:21 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí lagaí ar na nGaeil ó thaobh cogaíochta de, dar ndóigh. Ní raibh fáil acu ar airm ach iad a cheannacht ón gcoigríoch: ón Albain is ón Spáinn de ghnáth. Ní raibh gunnaí móra acu .i. artilire. Ba bheag traenáil a bhí acu ag dul i ngleic le díormaí oilte innealta airm.

De bharr sin, ní raibh dul ag an Gael léigear a chur ar chaisleáin nó aon daingean cheal na gunnaí seo.

Is féidir a rá fiú go raibh a gcuid caisleáin féin ina míbhuntáiste acu, cionn is go raibh an Sasanach in inmhe iad a ghabháil cionn is go raibh gunnaí níba mhó aige, agus iad a choimeád cionn is nach raibh na gunnaí ag na Gaeil le iad a athghabháil.

Le éirí amach Uí Dhonaill i dTír Chonaill, bhris sé fhéin trí chaisleán déag dá chuid ar eagla go ngabhadh na Sasanaigh iad agus é ar slógadh in áit eile. Bhí Ó Donaill ar slógadh faoi Shlighigh agus garasún Sasanach i nDoire timpeall an ama seo.

Bhris Ó Néill a chaisleán fhéin i nDún Geanainn in 1595 ar eagla go ngabhfadh na Sasanaigh é.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 835
Registered: 06-2006
Posted on Friday, February 15, 2008 - 10:12 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níl na staraithe ar aon fhocal ar an méid ban céile a bhí ag Aodh, gan na mná luí a bhí aige a lua: triúr nó ceathrar idir cholscaradh, scaradh is síothlú, is dócha.

Ach faoi Lúnasa 1591, d'éalaigh sé le Mábla is pósadh iad ag easpag na Mí, a mhaigh go ndearna sé an pósadh dóibh ar mhaithe le ónóir na mná.

An Mábla seo, deirfiúr ab ea í do Mhearscal Sior Énrí Bagnal a raibh cónaí air faoi Iúr Chinn Trá. Sílim go raibh Aodh faoi na bólaí sin ag cuidiú leis an Bagnalach ag cur smacht ar Chlann Dhónaill Aontrioma.

Dar ndóigh, seo an Bagnalach céanna a bhí i mbun arm na Sasanach a chuir Aodh cath orthu is a bhris iad ag Cluain Tiobraid faoi Bealtaine 1595, a luaigh mé cheana.

Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 836
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, February 21, 2008 - 09:19 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dhá bhliain i ndiaidh a phósadh, bhí Aodh ag cuidiú lena dheartháir chéile smacht a chur ar Aodh Maguír.

10 Deireadh Fomhair, 1593,ag Béal Leice, ar bhruach theas na hÉirne, chuir Aodh Mór agus an Bagnalach i dteannta 1.000 coisí is 200 marcach cath ar an Maguíreach agus a 1.200 saighdiúir.

Briseadh ar an Maguíreach agsu maraíodh 300 den a saighdiúirí. Maraíodh triúr Sasanach.

Ba mhairg do éinne a chuirfeadh cath ar an Sasanach gan fios an lámh in uachtar d'fháil.

Bhí seanchleachtadh ag Aodh Mór troid ar son na Sasanach faoi seo, ach bhí sé deas ar a n-oileadh is a n-oirbheartaíocht.

Go hioróineach, goineadh Aodh Mór sa chath seo ar son na Saaanach, ag sleá sa leis.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 837
Registered: 06-2006
Posted on Friday, February 22, 2008 - 09:43 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Thug an Maguíreach na cosa leis ach ghabh na Sasanaigh a chaisleán in Inis Ceithleann.

Chuir an Maguíreach léigir faoi na Sasanaigh ansin, agus chuaigh deartháir Aodha Mhóir, Cormac Mac an Bharúin; agus Aodh Ó Domhnaill i bpáirt an Mhaguírigh.

Níor bhog Aodh Mór áfach.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 838
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, February 26, 2008 - 10:50 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

2 Feabhra 1594, a ghabh na Sasanaigh caisleán an Mhaguírigh in Inis Ceithleann.

Bhí Aodh fós ina Thadhg an dá thaobh ag an aimsir seo: Sílim go raibh ordaithe faighte aige ó Bhaile Átha Cliath na Sasanach dul i ngleic leis an "éirí amach" ach is léir go raibh sé ag gníomhú go mall.

Chuir sé a dheartháir le cuidiú an Éirí Amach áfach.

B'fhéidir gur treith na nGael é seo, óir bhí lucht an aon theaghlach ar an dá thaobh d'aon ghnó in iomaí cás, ag Cath Chuil Odair, a troideadh in 1746 in Alban. Bhí cinn na muintire ag iarraidh bheith cinnte go raibh daoine acu a thoid ar chibé dream a chuir an cath.

Bhí Cuil Odair ina chath deireannach a d'fhéadfá a rá a troideadh ar son siabhialtacht na nGael

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 839
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, February 27, 2008 - 08:00 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Roinnt míosa ina dhiadh sin a chuireadh na Sasanaigh faoi léigir ag an Maguíreach agus Aodh Rua Ó Domhnaill, cliamhain Aodha Mhóir in éineacht le Cormac mac an Bharúin, deartháir Aodha Mhóir.

Ar 7 Lunasa 1594, bhris an triúr thuas ar arm Shasana a bhí ag déanamh ar an gcaisleán ag áth ar a dtugtar "Áth na mbrioscaí" siocair an lónadóireacht a bhí scaipthe ar fud na háite i ndiaidh an chatha.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 841
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, February 27, 2008 - 12:06 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Mar a mhínigh mé, bhí fuacht mhór ann faoi eanáir 1608: mórchuid de aibhneacha sa bhFlondras Spáinnach faoi reothalach ach sa mhí seo tháinig an choscairt.

Ghlac Aodh Mór an deis cuairt a thabhairt ar Antuirp, agus más fíor don Cianánach is ina sásra cosanta is mó a chuir Aodh Mór spéis ann

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 842
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, February 28, 2008 - 08:39 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ar ais chuig Déardaoin, 28 feabhra, 1608.

Le 32 duine ar muin eacha, agus na mná i gcóiste, d'fhág Aodh Mór an Lobháin is thug sé an Iodáil air fhéin.

D'fhan cuid de na fir ag mac Aodha, ceann reisimint na nÉireannach, le bheith ina shaighdiúirí, agus an chuid eile a raibh an tsagartacht rompu, bhí siad ar an gcliarscoil ann cheana.

Dar ndóigh, in ainneoin achainí Aodha, níor lig Pilip na Spáinne don dream dul chun na Spáinne. Bhí an tsíocháin le Sasana róthabhachtach.

I ndiaidh an gheimhreadh ba fhuaire le cuimhne na ndaoine, bhí siad ag déanamh ar thíortha níba theo



©Daltaí na Gaeilge