Beidh Ceardlann na Múinteoirí 2008 ar 17ú - 18ú Feabhra in Esopus, Nua-Eabhrac. Socraíonn Daltaí na Gaeilge ceardlann gach Feabhra ar son Múinteoirí na Gaeilge. Tá an-áthas orainn i mbliana go mbeidh na húdair den leabhar nua "Speaking Irish - An Ghaeilge Bheo - Take Your Language Skills Beyond Basics", Siuán Ní Mhaonaigh agus an Dochtúir Antain Mac Lochlainn mar stiúrthóirí againn. Is príomhudair d'acmhainní teagaisc iad Siuán agus Antain. Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon.
Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe le fáil tríd an nasc seo:
http://www.daltai.com/events/ceard08.htm