Author |
Message |
Colm_Ó_broin
Member Username: Colm_Ó_broin
Post Number: 1 Registered: 07-2007
| Posted on Wednesday, January 30, 2008 - 06:47 am: | |
A chairde, Seans go mbeidh spéis agaibh san ábhar seo. Tá taifeadtaí de chainteoirí dúchasacha Gaeilge a rinneadh timpeall na tíre idir 1928 agus 1931 curtha ar fáil don phobal ar shuíomh idirlín Lá Nua.
Is féidir éisteacht le taifeadtaí a rinne teangeolaí Gearmánach, an Dr Wilhelm Doegen, ar chainteoirí dúchasacha Gaeilge as Aontroim, Doire, Tír Eoghain, An Cabhán, Ard Mhacha, An Lú, Liatroim, Sligeach, Ros Comáin, An Clár agus Tiobraid Árainn ar an suíomh. Tá athscríbhinn de chúig thaifead ar fáil faoi láthair, ó Ros Comáin, Liatroim, An Cabhán, Doire agus Tír Eoghain, agus tá súil ag Lá Nua cur leis seo de réir a céile. Tá an nasc do na taifeadtaí, faoin teideal ‘An Ghaeilge: Teanga Náisiúnta na hÉireann,’ ar fáil ar an taobh chlé de phríomhleathanach shuíomh idirlín Lá Nua, www.nuacht.com. le meas Colm Ó Broin |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 827 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, January 30, 2008 - 07:07 am: | |
Sonas oraibh, a lucht LÁ NUA |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 377 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, January 30, 2008 - 08:25 am: | |
Tá an friggin ceart agat a Choilm bheadh spéis nach beag agam san ábhar sin. gura míle. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 801 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, January 30, 2008 - 09:33 am: | |
Scéal iontach é seo. GRMA! Le cúnamh Dé, beidh níos mó ar fáil ó chartlanna na hÉireann lá éigin. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 802 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, January 30, 2008 - 10:29 am: | |
DAS, tá rud eile suimiúil ar l. 13 inniu... |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 378 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, January 30, 2008 - 11:13 am: | |
Maith thú a Shéamais |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 379 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, January 30, 2008 - 11:59 am: | |
“Go gcaithfidh tú cloigeann gabhair a chur ar mo (leas) mháthair go gceann míosa.” Ní thuigim an trácht sin thuas? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 803 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, January 30, 2008 - 01:39 pm: | |
An dtuigeann nó nach dtuigeann? Baineann mo cheist leis an gcomhartha ceisteach sin. Cad as an abairt sin? Cén bhaint aige leis an téad seo? |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 380 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, January 31, 2008 - 07:19 am: | |
Deir ceann de na seandaoine é sna taifeadtaí |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6830 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 31, 2008 - 08:44 am: | |
B'fhiú dhuit níos mó den comhthéacs a thabhairt. An ceann des na giotaí é atá trasscríofa? |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 381 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, January 31, 2008 - 09:08 am: | |
“An mbeidh cluiche cártaí agat, Mac Rí Chonnachta?” “Is cuma liom,” arsa Mac Rí Chonnachta. Shuí siad síos. Chuir Mac Rí Chonnachta an chéad chluiche air. “Cad-éard, cad-éard an geall?” “Go gcaithfidh tú cloigeann gabhair a chur ar mo mháthair go gceann míosa.” Ar maidin, casadh dhó arís é. “Ar chonaic tú sin,” arsa an sean-fhear. “Chonaiceas, agus tá stró ar mo chroí, mar bhí sí ina droch-cheann dom.” |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 804 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, January 31, 2008 - 09:42 am: | |
Níos aistí fós! Agus Gaeilge aisteach, leis. Scéal ón mbéaloideas atá i gceist, b'fhéidir? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6831 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 31, 2008 - 10:39 am: | |
Is ea. Ní thuigim an cloigeann gabhair - ach ní dóigh liom gur meafar atá i gceist an uair seo. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 382 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, January 31, 2008 - 11:30 am: | |
Tuigim na focail ach ní thuigim na nathanna: “Go gcaithfidh tú cloigeann gabhair a chur ar mo mháthair go gceann míosa.” Céard sa deabhal atá i gceist aige anseo? Agus ansin an mhaidin dar gcionn: Ar maidin, casadh dhó arís é. “Ar chonaic tú sin,” arsa an sean-fhear. “Chonaiceas, agus tá stró ar mo chroí, mar bhí sí ina droch-cheann dom.” Céard? Chonaic sé céard go díreach!? An cloigeann gabhair ar mháthair mo dhuine an ea? (Message edited by Mise_Fhéin on January 31, 2008) |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 383 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, February 01, 2008 - 10:10 am: | |
An bhfuil barúil ag éinne eile faoin "cloigeann gabhair"? |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 256 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, February 04, 2008 - 08:03 am: | |
Nach bhfuil se sin nuacht go hiontach ar fad. Bhios ag tnuth leis an taifeadtaí seo a fail. B'feidir go mbeadh na cuamachtach a bheith ann ag eisteach linn ar deireadh dar fia. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2248 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, February 04, 2008 - 08:57 am: | |
’Bhfuil áit in Éirinn ina n-abartar "ar chonaic tú", dáiríre ??? Bhí ’s agam fá "gur chuaigh", ach char chualaidh mé trácht ar "gur chonaic" ariamh... Bhfuil ’s aige duine ar bith? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 385 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, February 04, 2008 - 09:13 am: | |
Go pearsanta ní shílim go raibh "Gaeilge fhoirfe" ann ariamh, agus níl iontas orm faoin "ar chonaic tú" |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 257 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, February 06, 2008 - 05:16 pm: | |
cloigeann gabhair = goats head. Ach nilim cinnte cen sord cuamhact speisialta ag baint leis an ainimhe seo seachas drochrudai. Sord raimeis is ea b'feideir. Is minic go bfaigheann tu rudai mar sin sa bhealoideas. |
|