mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Ceist « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, January 04, 2008 - 11:33 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A chairde,

Ceist bheag do mo chrá, an défhoghar atá in @i, leithéid g'r'@im? (comharthaí caola iad sin, ní comharthaí béime)
(@ = schwa, ó tharla nach ndeachaigh agam an siombal cuí a aimsiú).

GRMA

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3432
Registered: 02-2005


Posted on Friday, January 04, 2008 - 09:29 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Más é an focal "greim" atá i gceist agat, mar "grím" a deirim féin é. Tá a fhios agam go gcloistear /g'r'@im/ ó dhaoine a bhfuil blas Muimhneach acu, áfach, agus déarfainn gur défhoghar atá ann. Fan go bhfeice mé an bhfuil aon treoir dúinn in Stair na Gaeilge.

Ceart go leor. Fuair mé an méid seo ó Nicholas Williams sa chaibidil "Na Canúintí a Theacht Chun Solais" (lch 449):

"Is mar /ai/ a deirtí siolla aiceanta na bhfocal seo in áiteanna sa Mhumhan san 17ú haois: coill, moill, poill, greim, faill, grinn agus is le /au/ a deirtí fann, greann, lom, com, bonn, ceann, poll... Tá an dá dhéfhoghar lena n-aithint go flúirseach i gcóras rímeanna Bhriain Merriman...."

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 255
Registered: 11-2004
Posted on Tuesday, January 08, 2008 - 06:41 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Má chloiseánn sibse le taiftetai o Diamuidin ó Suillebahin os Mhuscrai is mhinic do cloisfea an rudai ceanna. Thugas faoi ndeara gur chan seisean an focal "lom" in ionad "liom" sa port airithe. Mar shampla sa port "Bruach na carraige bana" sa triu versa, chan se rud eigin cosuil leis, mas buan lem'cuimhne.

"Do leathfhaluinge duitse a oigfear lean mura mbeadh ann ach leathcuinoige,
da mbeadh a fhios agam do mbeifea "lom"
is tu dar ndoigh b'fearr liom"

b'feidir go meadh nios mo shampla le duine eile.



©Daltaí na Gaeilge