mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Imeacht na nIarlaí : Eanair 1608 « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 767
Registered: 06-2006
Posted on Friday, January 04, 2008 - 10:14 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níl fhios agam cad é mar a chaith ár gcairde an Nollaig 1607. Sé bliana roimhe seo, lá Oíche Nollag, bhí ár gcairde ag cur troid ar an Sasanach ag Cath Chionn tSáile. Briseadh orthu. ( Dar ndóigh, troideadh Cath Chluain Tairbh ar Aoine an Chéasta, 1014). Gnáth lá oibre a bhí sna féiltí creidimh do shaighdiúirí.

Chuaigh Ó Néill ar ais go hUladh.

D'fhág Aodh Rua Ó Dónaill Cuan an Chaisleáin ( Iarthar Chorcaí? ) ar an 6ú Eanair 1602 agus ar 14ú Eanair bhain sé Cruinne na Spáinne amach (Coruna mar a deir an Spáinnis).

Is dóigh gurb é sin an plean: iarrfadh sé a thuilleach cabhrach ar Philib na Spáinne, agus sheasfadh Aodh Ó Néill an fód in Éirinn. Cé go bhfuair sé gealladh cabhrach ón rí, fuair sé bás ar an 10ú Meán Fomhair 1602, cúig bliana go leith ó shoin.

Is dóigh go raibh an rún chéanna faoin Néilleach ach go raibh an aimsir ina choinne agus bhí air teacht i dtír san Fhrainc.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 773
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, January 08, 2008 - 07:07 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is trua liom nár thug Tadhg Ó Cianáin níba mhó cuntas ar meon is obair thaidhleoireachta Aodha timpeall an ama seo. Ach níorbh é sin an saghas duine é Tadhg.

Dúirt duine áfach gur ghabhadh sealúchas na nImiriceoirí ag an Sasanach i ndiaidh imeacht dóibh.

Ní taise do Thadhg é: "coigistíodh" a shealúchas go léir:
15 bhó
8 ngamhain
gearrán
capall marcaíochta
25 mhuc
Luach iomlán: dhá phunt is fiche, sé scilling is dhá phingin.

Ó sea, agus amhail Cúchonnacht Ó Donaill, a luaigh mé cheana, d'fhág sé a bhean ina dhiaidh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 775
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, January 08, 2008 - 09:34 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Seo rud eile nach dtugann Tadhg cuntas dúinn agus é ag breathnú uaidh i bhFlondras. Tá dóiteán na gCailleacha Dubha fós i réim ann.

Níor chuala mé riamh go raibh an "nós" seo riamh in Éirinn ach go raibh aon chás amháin luaite i gCill Cheannaigh na céadta bliain roimhe seo. Dar ndóigh, baile Normannach a bheadh ann.


http://www.kuleuven-kortrijk.be/facult/rechten/Monballyu/Rechtlagelanden/Heksenv laanderen/Witches%20burned%20in%20Flanders.htm

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6747
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, January 08, 2008 - 10:04 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cailleach Dubha?

Níor cheap mé go raibh siad ag dó mná rialta, seachas mná (agus fir) ainrialta.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 776
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, January 08, 2008 - 11:20 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

is annamh focal aontoiseach sa ghaeilge

is dual meabhair an éisteora luí ar an mbrí. ;-0


( Ní Gearmáinis an Ghaeilge: mar a dúirt Alan Titley, níor dhorchaigh an Soilsiú ar an nGaeilge riamh )

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6748
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, January 08, 2008 - 12:26 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá "cailleacha dubha" san chiall a bhí agamsa leis ag na Ceithre Maistrí.

Ach bhí, gan amhras, teanga i bpluc agam.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 781
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 11:14 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Rith sé liom gur duine as ceathrar a bhí ionat, ceart go leor! ;-)


Tá an chiall sin fós ag Gaeilge na hAlban ach ní fios dom an bhrí sin sa teanga labhartha in Éirinn, cé nach gcuirfeadh a léithéid ionadh orm

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 783
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 12:43 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is léir go raibh an-obair ag dul ar aghaidh le Aodh. Bhí na Sasanaigh ag iarraidh a eiseachadadh ón Spáinn. Bhí an Spáinn ag iarraidh gan cholg a chur ar an Sasanach,( d'fhág na Sasanaigh an Ollainn le conradh 1604 agus stop siad a gcuidiú leis an Ollainneach in aghaidh an Spáinneach ); ach fós gan talamh a ghéilleadh dó.Níl mé cinnte cad é an comhfhreagras a d'imigh idir Fear Ionad Rí na Spáinne sa Bhruiséil agus Pilib III fhéin. Arú anuraidh a d'aistrigh príomhchathair na Spáinne ó Valladolid go Maidrid, mar sin, bhí a chiotrainn fhéin air.

Is dóigh timpeall an ama seo a mholadh d'Aodh oilithreacht a thabhairt ar an Róimh cionn is go raibh sé in ainm is a bheith ag troid ar son a chreideamh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 786
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, January 10, 2008 - 08:44 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Timpeall an ama seo b'ionchas saoil ocht mbliana daichead ar an mhéan ag an Sasanach.
Céad bliain roimhe sin ionchas saoil dhá bhliain déag fichead a bhí aige.
Méadú 50% i rith céid bliain.

Ní mé cad iad na figiúrí i dtaca le hÉireann!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 794
Registered: 06-2006
Posted on Monday, January 14, 2008 - 09:27 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ba in Alban sa bhliain 1567 a chuireadh an chéad leabhar Gaeilge i gcló: tiontú a rinne Seán Carsuel ar Leabhar Ghinéibhe nó Liotúirge John Knox mar chuid de athleasú Cailbhíneach na hAlban. Sa Ghaeilge Chlaisiceach a chuireadh é.

An chéad leabhar Gaeilge a chuireadh i gcló in Éireann, ba é “Aibidil Gaoidheilge agus Caiticiosma” a chuireadh i gcló in 1571, seacht mbliana déag fichead ó shoin, ag Seán ó Cearnaigh, mar chuid den Athleasú Creidimh.

Sa leathdeireadh den chéad, bhí foireann scoláirí ag gabháil de leagan Gaeilge den Tiomna Nua. Uilleam Ó Dónaill a thug an obair i gcríoch is cuireadh i gcló é cúig bliana ó shoin in 1603, an bhliain céanna is a shínigh Aódh Mór conradh na Mainistreach Móire.

Cuireadh “Leabhar na nUrrnaightheadh cComhchoitcheann” I gcló i mbliana .i. 1608.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 801
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, January 15, 2008 - 09:34 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sa bhliain 1581, fuair Fearghal Óg Mac an Bhaird £100 as filíocht a scríobh don Rí Séamus VI na hAlban, atá anois ina Rí Séamus I ar Shasana.

Seo an file atá in éineacht le Aodh Mór in Lóbháin anois



[Cé a dúirt nach raibh airgead i bhfilíocht?] ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 806
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, January 16, 2008 - 08:23 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

maítear go raibh an aimsir fuar faoi bhun idir 1500 agus 1650, agus is iomaí uair a bhí Tadhg ag déanamh tagairt don fhuacht agus é sa bhFlondras. Tá sa taifead freisin go raibh leac oighir idir bruacha na Taimse sa Londain roimh Nollaig 1598.

Ní deirtear an rud céanna faoi Éire na linne seo, ach dúradh nach raibh coisbheart ag saighdiúirí Shasanacha a bhí oiriúnach do aeráid na hÉireann. Sílim go raibh sé i bhfad níb fhliche ná a raibh cleachtadh acu air. Nó an raibh na hÉireannaigh a mealladh isteach in áiteanna taise?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 807
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, January 17, 2008 - 08:20 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Mo dhearúd: Bhí Aois bheag an Oighir mar a thugadh air idir 1550 agus 1700.

Maith an rud go bhfuil sibh go léir i bhur gcodladh ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 810
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, January 17, 2008 - 11:05 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tuigfidh lucht na gearmáinise anseo cé chomh dona is a bhí an geimhreadh 1607/08 :

"* Gleich der Anfang dieses Jahrhunderts zeichnete sich durch einen äußerst strengen Winter, nehmlich den von 1607 auf 1608 aus.
Er fing schon, namentlich in Holland, den 16. December 1607 an, und dauerte bis zum 26sten; doch trat der eigentlich Frost erst den 1ten Januar 1608 ein, und dauerte bis zum 25sten fort, dann thauete es ein paar Tage, fror aber wieder von neuem, und der Frost hielt den ganzen Februar an. Die kältesten Tage in Holland waren der 14te, 15te, 16te und 19te Januar.
In Frankreich fing der starke Frost mit dem 1ten Januar an und nahm immer zu und dauerte ununterbrochen bis zum 23sten dieses Monats.
Den 20sten Januar äußerte Heinrich IV., daß ihm sein Knebelbart im Bett neben der Königin gefroren sey, auf seine Tafel kam das Brod gefroren (Messier).
Alle Flüsse, auch die reißendsten und tiefsten in Frankreich, den Niederlanden, namentlich auch die Schelde, in Holland, und in Deutschland, alle inländische Gewässer waren zugefroren, so daß man sie sämmtlich mit Wagen passirte.
In Holland passirte man die Zuydersee zu Fuß, Pferd und Wagen.
Dieses Jahr bekam vorzugsweise in allen damaligen Nachrichten den Namen des großen Winters. Eine Menge Menschen kamen vor Frost um, noch mehrere erfroren ihre Füße, Hände, Nase, Ohren. Eine Menge Vieh ging zu Grunde, namentlich auch in England, das beynahe ganz davon entblößt wurde, da es das Jahr vorher durch das Austreten des Meers schon viel davon verloren hatte. Wild und Vögel kamen tausendweise um. Die Weinstöcke erfroren in Frankreich bis an die Wurzel, Cypressen und Nußbäume gingen ebenfalls zu Grunde.
Selbst Italien war von der Strenge dieses Winters nicht ausgenommen, und Ueberschwemmungen richteten daselbst, namentlich in Rom, großen Schaden an.
Dieser Winter kam in jeder Hinsicht mit dem von 1709 überein. Der Eisgang der Flüsse richtete großen Schaden an. Der darauf folgende Frühling war sehr kalt. [Quellen: "Messier inden Memoires de 'l acad. des sciences. A. 1776 Tome I. Edit. in 8vo. S. 156", "Van Swinden lettres sur les grandes hivers im Journal de Physique Tome I. Première Lettre. S. 276 bis 296." und "Mercure de France 1608."]. > (Pfaff, 1809, S. 23-24)*

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 812
Registered: 06-2006
Posted on Monday, January 21, 2008 - 06:58 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

1567:Tháinig Séamus VI i réim in Alban sa bhliain chéanna agus an chéad leabhar Gaeilge i gcló.

1578: Ghlac sé cúraimí rialtais

1587: Dícheannaídh Máire Banríon na nAlbanach ag Eilís Shasana

1589: Pósann Séamas Áine Dhanmhairge

1597: Scríobhann sé a leabhar: Demonologie: leabhar i gcoinne Cailleach Dhubha

1598: Scríobhann sé a leabhar : Basilikon Doron: leabhar i dtaobh monarcachta

1603: Déantear Séamas I Shasana de

1608: Tús Phlandáil Uladh le Albanaigh is sasanaigh

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6799
Registered: 08-2004


Posted on Monday, January 21, 2008 - 08:28 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Féach go bhfuil téarma níos beaichte ann:

http://www.focal.ie/Search.aspx?term=fia-chailleach&lang=2

Braithim nach oireann cailleach in aon chor anseo, ó tharla gurbh fir sciar mór dóibh siúd a bhí thíos leis an ngéarleanúint úd ar fud na hEorpa.

Cad dearfá le "hasarlaí"?



B'é seo Seamas a' Chaca, nó a athair?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 816
Registered: 06-2006
Posted on Monday, January 21, 2008 - 01:07 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

maith an fear thú, a aonghuis, agus an comhfhocal seo a aimsiú.

Ach tá ioróin sa scéal a raibh mé chuige, cionn is nach raibh a léithéid ann riamh, ach in aigne na ndaoine i dtíortha nach Éire. Spléachadh a bhí mé ag iarradh a tháispeánadh ar mheon áirithe.

Anois, seanmhná is mó a chiontaíodh, ach an raibh siad fiáin? Ní mé. Sin an fáth a thug mé cailleacha orthu, cionn is, dar liom, sin uile a bhí iontu ach iad faoi their nó faoi iomard.

Ach dar ndóigh tá gá le focal le cur ar charactaer na scéalta miotasaíochta is na síscéalta anall.[cad a dhéanfadh na páistí ina n-éagmuis?]. Níl lá loicht agam ar an bhfocal a luaigh tú


Is ionadh dom go raibh siad in Alban, ár gcomhthír Ghaelach, ach is i measc lucht an bhéarla is na hAlbainise is mó a bhí siad.
"Buitseach" , sílim, a thugann ár gcoil ceatharacha ar an taobh eile de Sruth na Maoile orthu

(Message edited by Fearn on January 21, 2008)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 817
Registered: 06-2006
Posted on Monday, January 21, 2008 - 01:38 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"B'é seo Seamas a' Chaca, nó a athair?"

Os cionn ceithre fhiche bliana ina dhiaidh ? agus é ar mhuin eich ag fágáil catha ina dhiaidh?

Dála an scéil:
mac Shéamuis VI+I = Séamus VII+II

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6801
Registered: 08-2004


Posted on Monday, January 21, 2008 - 03:12 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

seanmhná is mó a chiontaíodh



Ní fíor! Aimseoidh mé na sonraí ar ball, ach fir is mó a bhí thíos le gealtacht na hasarlaíochta.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6802
Registered: 08-2004


Posted on Monday, January 21, 2008 - 03:22 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá an scéal níos casta fós ná mar a cheap mé:

http://www.dhm.de/ausstellungen/hexenwahn/aufsaetze/01.htm

Is mná, ach ní seanmhná, is mó a bhí thíos leis; agus daoine de gach aois buailte. Bhrath a lán ar chúinsí áitiúla.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6803
Registered: 08-2004


Posted on Monday, January 21, 2008 - 03:47 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí sé ceart agam fhios a bheith agam gurbh é Séamus nár séideadh a bhí i gceist.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6804
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, January 22, 2008 - 06:22 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ceist cigilteach inscneach atá ann:

quote:

Als nicht weniger bedeutsam für die Ausbildung der konfessionellen Unterschiede erwies sich die uneinheitliche Übersetzung der fatalen Bibelstelle Exodus 22 Vers 17 (Vers 18 nach älteren Bibelausgaben). Legitimiert durch das Tridentinum benutzte die katholische Vulgata das männliche Genus ("die Zauberer sollst du nicht leben lassen"), während Luther die aus dem hebräischen Original stammende - grammatikalisch richtige - weibliche Form anwandte. Damit ging für Protestanten als getreue Bibelexegeten die Hexerei grundsätzlich von Frauen aus.



Laidin: maleficos non patieris vivere
Luther: Eine Zauberin sollst du nicht leben lassen (Leagan 1905. Ní bhfuair mé an bunthéacs).

Feicim gur bandraoi atá ag Bíobla Mhá Nuad.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 818
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, January 22, 2008 - 09:22 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ceist chasta cinnte: agus sílim nach ionann maleficus agus Zauber(in) agus bandraoi, cionn is dócha nach bhfuil daoine ar aon fhocal ar cé hiad.

Anuas ar sin, sílim nach raibh a léithéid de choincheap riamh in Éireann.

Maidir le fir is mná, féach arís sa cheantar ina bhfuil Aodh:
http://www.kuleuven-kortrijk.be/facult/rechten/Monballyu/Rechtlagelanden/Heksenv laanderen/Witches%20burned%20in%20Flanders.htm

Is trua nach dtugann sé aois na ndaoine dúinn.

Tríd is tríd, bhí daoine ag plé na rudaí nár thuig siad is "chum" siad gabhair sceilpe, mar is nós don chine daonna.

maidir leis na seamaisí, bhí leathmagadh ann: ní athair is mac a bhí ann: ach fanaim i mbun Chogadh an Dá Aodh seachas Cogadh an Dá Gall

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 819
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, January 22, 2008 - 09:38 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Plándáil Uladh: an ceann a bhfuil a n-iarmhairt fós ina n-údar achrainn.

Timpeall 1580 a chuireadh tús le Plandáil na Mumhan: Bhí sé roimh an Sasanach 20.000 plandóir a lonnú ann; ach meastar nár tháinig ach 3.000 agus bhí binib eatarthu cionn is gur ghabh na chéad lonnaitheoirí an talamh is fearr is is mó.

Spencer, mar shampla http://en.wikipedia.org/wiki/Edmund_Spencer

sílim go raibh 20.000 acra aige ar chíos £20 an bhliain
{£10 sa bhliain a thuilleadh saothraí talún ag an am)

Idir an am sin is imeacht Aodha, dhíol Eilís Shasana £2.000.000, sea, dhá mhilliún ar chúrsaí mhíleata in Éirinn. Bhí duine éigin ag dul i saibhreas.

Ar a bás di sa 1603, bhí £20.000 sa státchiste aici

Níor tháinig daoirse na hÉireann go saor !

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6805
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, January 22, 2008 - 10:47 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is cosúil gur lean Flóndras Liútar sa chás seo.

Bhí sé de cheart agam smaoineamh go raibh cúpla cathail idir an dá Shéamas.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 820
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, January 23, 2008 - 10:00 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Is cosúil gur lean Flóndras Liútar sa chás seo"

Monuar go raibh dó na mban ann roimh ann do Liútar!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6808
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 23, 2008 - 10:43 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí dó draoithe ann i bhfad roimh Liútar gan amhras.
Ach san ré faoi chaibidil, bhí tabhacht leis an aistriúchán a luaidh mé thuas.

quote:

Damit ging für Protestanten als getreue Bibelexegeten die Hexerei grundsätzlich von Frauen aus



"Da bharr sin, is ó Mhná amháin a bhí baol na hasarlaíochta don Protastúnach a bhí ina eisigéisí dílis bioblata"

Níl ansin ach cuid den scéal, is léir.

Is léir fosta go raibh cursaí níos fearr san áit ina raibh Rialtas stuama seasamhach, a raibh ar a gcumas cur i gcoinne ainmhianta an daoscarslua agus a gcuid "Brandstifter".

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 821
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, January 23, 2008 - 10:52 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Má tá Liútar ciontach níl sé ina aonar.

Léigh mé in áit éigin gur chuireadh 5.000.000 bean chun báis idir 1250 is 1750 ar fud na hEorpa cionn is gur dhuireadh ina leith go raibh cumhachtaí osnadúrtha acu.

Bhí bean( ar a laghad) acu in Éirinn.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6809
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 23, 2008 - 12:28 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bheadh an amhras orm faoin figúir úd.

Ón DHM:
quote:

Längst widerlegt ist die Annahme, während der großen Hexenverfolgungen seien neun Millionen Menschen verbrannt worden. Vorsichtige Schätzungen gehen inzwischen von europaweit 60.000 Hinrichtungen aus.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 822
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, January 24, 2008 - 10:14 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níl fhios agam ar chuir Aodh spéis ina leithéid, ach tá cuntais ann gur thug scoileanna míolta móra rith cladaigh orthu fhéin ar a laghad 30 turas san Ísiltír idir 1530 agus 1700. Tá péintéireachtaí díbh ar feiscint sa Musaem Oidhreacht na Mara, Mass, SAM. Tá Flondras san Ísiltír Spáinneach.

http://www.guardian.co.uk/environment/2008/jan/23/conservation

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 823
Registered: 06-2006
Posted on Friday, January 25, 2008 - 06:34 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A aonghuis, ní raibh fhios sin agam i dtaobh Liútar, ach ón spléachadh beag atá agam ar a charachtaer, ní chuireann sé ionadh orm, slán an tsamhail.

In Alban, sa 1563, a ritheadh Acht i gcoinne na hEalaíne Duibhe, trí bliana i ndiaidh glacadh leis an Chailbhíneachas mar an creideamh stáit. Is eol dom nach beag idir Cailbhín agus Liútar ach níl siad i bhfad ó chéile ó thaobh smaointeachais. Aisghairmeadh an tAcht seo sa 1736. Idir an dá linn breith báis a bhí sa chiontú. Dar ndóigh, bhí Séamas VI/I suas.

Dar liom, ní raibh fadhb seo na gCailleach Dubh in Éirinn siocair go raibh fhios ag an Gael go raibh an t-aosán freagrach as gach drochghníomh nach ndearna an duine. Bhí fhios ag pobail eile gur ainspiridí a bhí ann , ach shíl siad ghur ghairm duine éigin iad .i. an chailleach, nó aon duine as an gnáth, is dócha.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 824
Registered: 06-2006
Posted on Friday, January 25, 2008 - 09:25 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Luaigh mé costaisí Éilis Shasana don chogadh in Éirinn i rith abair 20 bliain ar £2.000.000 = £ i luach an lá inniu: abair £100.000.000 sa bhliain.


B'fhéidir nach mórán é sin.
Cosnaíonn heileacaptar apache lán-armáilte £47.000.000.

Tá timpeall 65 ar ordú anois ag Sasana na linne seo a bhfuil cogaí fós ar bun aige

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 825
Registered: 06-2006
Posted on Monday, January 28, 2008 - 09:06 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tír pharanóiach go leor a bhí i Sasana Éilís. Chaith sí í féin na blianta i mbraighdeanas agus i mbaol a báis roimh a ríú.

Chuir na Spáinnigh cabhlaigh a hionsaithe sa 1588, sa 1596 agus sa 1597 agus taobh amuigh de na hionsaithe sin, ní raibh fhios ag an an Sasanach cá háit a raibh an Spáinneach ar tí a ionsaí.

Is iomaí comhcheilg Shasanach ina coinne go háirithe i measc na gCaitliceach; agus ba iomaí deoraí Sasanach ar an mórroinn in arm na Spáinne ag feitheamh le teacht ar ais.

Bhí comhcheilg feillmharaithe ina coinne.

Bhí an Sasanach i ndiaidh cabhlach a chur chuig na hIndiaigh Thiar agus arm a chur i dtír san ollainn in 1585 ag cur isteach ar an Spáinneach. Ár gcara Roibeard Dúibhrúis, Iseics, throid sé san Ollainn: bhí a athair Uailtéir i ndiaidh bás d'fháil in Éirinn, leis "an fhiabhras Éireannach", an tíofús, agus bhí Roibeard i gceann léigir na Sasanach ar Rouen, an bhaile ar thaistil Aodh tríd, cúpla mí ó shoin.

Bhí Dúibhrúis fós ag cuidiú le hionsaí na Sasanch ar an hoileáin Ásóir: bhí rí na Spáinne ina rí Phoirtingéil freisin ag an am seo.

Chuidigh sé seo uilig le Aodh ina chogadh, bhí an Sasanach gnóthach in áiteanna eile; ba bheag spéis a chuir Éilís i gcúrsaí na hÉireann; mheas sí gur chosnaigh sé an iomarca di agus ba bheag brabús a bhí le baint as ( i dtaca le óir an oileáin Úir, is dócha ); agus ba bheag spéis ag Státsheirbhísigh dul go hÉireann : ní chuidfeadh sé lena ré gairme agus de bharr sin, ba bheag éifeachtúlacht a bhí sa riarachán Sasanach in Éirinn.

Nuair a bhí Aodh ag troid, ní raibh sé ag troid le scothshaighdiúirí Shasana, go háirithe sa bhua ag Cath Chluain Tiobraid sa 1595

(Message edited by Fearn on January 28, 2008)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 826
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, January 29, 2008 - 09:11 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An mhí seo chuaigh daoine nua chun cónaí sa lonnaíocht Sasanach Jamestown atá ann ón meitheamh seo chaite. mairfaidh an lonnaíocht seo fhad is a theip ar na lonnaíochtaí roimhe seo.

Tá síochán ann anois idir an sasanach is an spáinneach mar sin, ní baol don sasanach nó don ollainneach cur faoi san oileán úr. Beidh an francach ag cur faoi i Quebec i mbliain freisin.

le fada an lá tá an Poirtingéileach is an Spáinneach ag dúshaothrú leo ó theas.

anois go bhfuil síochán, a bheag nó a mhór, idir na mórnáisiúin eorpacha, scuabfaidh siad rompu pobail uile Mheiriceá, na hAfraice is na hAstráile.

"Scuabfar" na hÉireannaigh freisin.



©Daltaí na Gaeilge