Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6724 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 01, 2008 - 04:00 pm: | |
Is dóigh liom gurbh anseo a bhíomar ag cíoradh brí an fhocail Fúbún san dán "fúbún fúibh, a shlua Gaeil" Tá fonóta ag Breandán Ó Doibhlín i "Manuail de Litríocht na Gaeilge, Faisicil II": "Focal é seo nach bhfaightear in aon áit eile. Glactar leis gurb ón Fhraincis "faux bond" é. Ciallaíonn "faire faux bond" duine a ligean síos, a fhágáil san fhaopach" |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 764 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, January 03, 2008 - 12:26 pm: | |
Bain sult as an leabhar seo. An bhfuil faisicil III léite agat go fóill? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6732 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 03, 2008 - 02:58 pm: | |
Fuair mé an trí chinn acu le chéile um Nollaig - bhí siad ar mo liosta le tamaill. Tá sé i gceist agam giota a léamh astu anois agus arís seachas iad a léamh ó chlúdach go clúdach. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 768 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, January 04, 2008 - 10:15 am: | |
Is maith liom an plean agat. |
|