Author |
Message |
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 655 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, December 19, 2007 - 05:55 am: | |
Seo nath atá feicthe agam i gcúpla áit le déanaí: "bíodh an fheamainn acu." An é an planda féin atá i gceist, nó an bhfuil an focal ina mhalairt ar "dheamhan"? Agus más é an planda é, cén fáth? I bhfad ó fharraigí a tógadh mise... Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6679 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 19, 2007 - 06:11 am: | |
Buille faoi thuairim (fear cathrach mise): Spiteannaí feamainne atá i gceist, seans. Bhíodh sé de cheart ag teaghlaigh feamainn a bhailiú ar mhaithe le leasú. Bhíodh an cósta roinnte idir teaglaigh ar léith. Ba mhinic achrann dá bharr. |
|
Seanfhear
Member Username: Seanfhear
Post Number: 49 Registered: 08-2007
| Posted on Wednesday, December 19, 2007 - 07:18 am: | |
Sea, measaim go bhfuil an ceart agat, bhí an fheamainn an-thábhachtach ar fad do na feirmeoirí lá dá raibh, chun na torthaí a leasú. Bhídís á dtarraingt ón dtráigh le capaill agus cartanna t'réis stoirm, suas go dtí tosach na seascadaí déirfinn. Seanfhear |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 656 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, December 19, 2007 - 08:41 am: | |
Is ea, ach más ea nár mhaith an rud é an fheamainn a bheith agat? Bhí an chuma air seo ón gcomhthéacs gur chiallaigh sé "ná bac leo siúd" nó "bíodh an diabhal acu", a bheag nó a mhór. Sin an fáth go raibh mé ag cuimhneamh ar "dheamhan." Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6683 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 19, 2007 - 08:56 am: | |
Agus tá mise ag ceapadh gur "Fág futhu é, ní fiú bheith in achrann leo" atá i gceist. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 372 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, December 19, 2007 - 10:11 am: | |
" bhí an fheamainn an-thábhachtach ar fad do na feirmeoirí lá dá raibh, chun na torthaí a leasú. Bhídís á dtarraingt ón dtráigh le capaill agus cartanna t'réis stoirm, suas go dtí tosach na seascadaí déirfinn." Tá sí fós tábhachtach. Tá feamnach fós á cur ar na goirt in iarthar Shligigh. Ach baineann siad úsáid as cuadrothair seachas asail is capaill chun í a tharraingt suas ón gcladach. Déarfainn gurb amhlaidh an scéal timpeall na tíre go léir |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 138 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, December 19, 2007 - 11:50 am: | |
Mar leathbhreac Gaeilge ar 'let them eat cake' atá sé agam féin a chairde. Mar sin a shamhlaíos é ar aon chuma, in áit an tsleabhaic, an duilisc, an charraigín srl. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 775 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, December 19, 2007 - 01:37 pm: | |
Bíodh sé acu le n-ithe (in ionad aon rud níos fearr), is dócha. Bhí imní orm go raibh famine i gceist. Ar shlí, tá, is dócha. |
|