Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, December 06, 2007 - 12:12 pm: | |
A Lughaidh, nó duine ar bith arbh fhéidir leis/léi cuidiú liom, Chonaic mé cúpla seachtain ó shin, más buan mo chuimhne, gur inis tú dúinn go bhfuair tú leagan leictreonach de 'Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí 1999' ón Ghúm. Rinne mé iarracht an rud céanna a dhéanamh, ach dheamhan freagra a fuair mé go dtí seo. An mbeifeá sásta sin a sheoladh chugam, ó tharla tú in áit na garaíochta? GRMA. I.S. Cad iad na rialacha a bhaineann le d(h)eamhan - ó thaobh an chlásail choibhneasta de? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 647 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, December 06, 2007 - 12:34 pm: | |
Is dócha gur cuireadh an t-iallach céanna ar chuile dhuine eile a bhfuair é is a chuireadh ormsa, .i. gan an comhad a scaipeadh d'aon duine eile. Maidir le "deamhan," níl na rialacha féin ar eolas agam ach ní bhfaighinn locht dá laghad ar d'abairt seo thuas. (Is rud sách canúnach é an "deamhan" céanna ar aon chaoi; nílim cinnte an ndéanann na Bráithre ná lámhleabhar an Chaighdeáin cur síos air beag ná mór.) Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6626 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, December 06, 2007 - 01:01 pm: | |
|
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, December 11, 2007 - 10:55 am: | |
GRMA beirt, ach níl fuascailt m'fhaidhbe agaibh ar an drochuair dom (nach trua mé!). A Lughaidh, cá bhfuil tú?! Bheinn buíoch díot dá dtiocfá leat insint dom cé acu an bhfuil nó nach bhfuil leagan leictreonach agat, lena chinntiú nach mbeidh 'dóchas ag bolgadh i mo sheolta' gach lá a théim air seo! GRMA! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2201 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, December 19, 2007 - 04:22 pm: | |
Haigh! Gabh mo leithscéal, is fada ó tháinig mé anseo, siocair gur minicí a bíos na hábhair shuimiúla ar an fhóram eile... Cé chuige ar scríobh tú leis an leagan a dh’fháilt? Más buan mo chuimhne, chuir mé ceist ansin: eolas @ forasnagaeilge. ie Agus fuair mé freagar gasta (lá i ndiaidh domh ’n cheist a chur). Muna bhfaghann tú freagar, abair liom agus tchífidh mé an dtiocfaidh liom cuidiú a thabhairt duid. Cib bith, d’úrt an duine liom fosta go ndéanfaí atheagrán don leabhair sin i dtús na bliana 2008. Tchífidh muid... (Message edited by lughaidh on December 19, 2007) Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Dranoel
Member Username: Dranoel
Post Number: 19 Registered: 06-2007
| Posted on Wednesday, January 02, 2008 - 10:18 am: | |
Sheol mé teachtaireacht chucu roimh Nollaigh ach níor chuala mé aon rud. Tá mé chun iarraidh eile a dhéanamh. |
|