Author |
Message |
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 114 Registered: 10-2007
| Posted on Friday, November 30, 2007 - 05:50 am: | |
Tá snáitheanna iomlána Gaeilge taobh thall ar thaobh an Bhéarla. B'fhearr dúinn machnamh seal roimh shnáithe a thosú ar cheart a bheith abhus nó thall. Comharthaíonn sé an iomarca luiteamais leis an mBéarla, measaim, nuair shnámhann duine isteach ar thaobh an Bhéarla thall, a chéad uair, le gné éigin nach mbeidh oiread sin spéise ag muintir an Bhéarla ann. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6560 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 30, 2007 - 06:24 am: | |
Pléadh seo go minic cheana. Má tá ní thall, is mó seans go ndeanfaidh lucht an bheagáin Gaeilge iarracht. Bíonn eagla ortheu teacht abhus! |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 188 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, November 30, 2007 - 06:42 am: | |
Aontaím le hAonghus. Bíonn cuma iontach údarásach ar na focail sin 'Irish Only' agus seans go gcuirfeadh sé eagla ar dhaoine nach bhfuil ar mhórán Gaeilge. |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 115 Registered: 10-2007
| Posted on Friday, November 30, 2007 - 07:26 am: | |
Tagaim libh, tá an taobh sin ar an scéal, ar ndóigh, ach d'fhéadfaí a mhaíomh leis gur mó de scaoll a chuireann snáitheanna fada iomlána Gaeilge cúl ar dhream ba laige fós a chaolaíonn amach ar ais as taobh Béarla Dhaltaí na Gaeilge. Ag ithe slí an Bhéarla roimhe ar an bhfoghlaimeoir lag lúbach atá an dalladh Gaeilge amuigh ansin thall ar bhealach. Is cuimhin libh go lochtaítí sinn ó am go chéile as a bheith ag iompú snáitheanna chun na Gaeilge. Caithfidh sé go bhfuil an corrdhuine nach bhfuil ach spéis an 'póg mo thónachais lá Fhéile Pádraig' a chúbann amach le haduaine na Gaeilge. Dá mb'fhéidir iad a shú isteach le treise Béarla agus laghad na Gaeilge amuigh thall, b'fhéidir go ndéanfaí leas. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 768 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, November 30, 2007 - 09:59 am: | |
Tuigim an dá argóint. Mo dhá phingin: ní minic a fheicim na snáitheanna Gaeilge thall, mar ní bhíonn an t-am ná an suim agam na cinn go léir as Béarla a léamh. Má tá siad abhus, feicimse iad, agus is fearr liomsa sin! |
|