Author |
Message |
Dranoel
Member Username: Dranoel
Post Number: 9 Registered: 06-2007
| Posted on Tuesday, November 27, 2007 - 02:47 pm: | |
Tháinig mé trasna an frása 'An ólann tú siúcra?' le haghaidh 'do you take sugar?' sa leabhar 'Irish Phrase Book' ag Paul Dorris. An bhfuil na daoine sa Ghaeltacht ag úsáid an frása seo? |
|
Joselito (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, November 27, 2007 - 04:26 pm: | |
An gcaitheann tú siúcra?? |
|
Dranoel
Member Username: Dranoel
Post Number: 10 Registered: 06-2007
| Posted on Thursday, November 29, 2007 - 07:04 am: | |
Go raibh maith agat a Joselito ach tá mé ag iarraidh a fháil amach an bhfuil "an ólann tú siúcra?" ceart nó mícheart. Tá cuma aisteach air do Bhéarlóir mar mise. An bhfuil mé in ann mo mhuinín a chur sa leabhar seo? |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 362 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, November 29, 2007 - 07:48 am: | |
ólann daoine sna Gaeltachtaí chuile rud feictear dhomsa. D'ól sé a phíopa, d'ól sé na focail siar srl srl |
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 368 Registered: 08-2006
| Posted on Thursday, November 29, 2007 - 10:30 am: | |
Bhuel, nach ólann tu siúcra agus e i do chuid tae? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6558 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 29, 2007 - 10:50 am: | |
Ní ólaim. D'éirigh mé as siúcra i'm thae. ól [ainm briathartha][ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] deoch mheisciúil (is daor an t-ól é); claontacht chun óil, ólachán (imithe ar an ól; teach óil); deoch ar bith a shlogadh nó a ligean siar (ól braon tae; ag ól go trom); caitheamh (ag ól tobac). |
|
Hugo Nofadas (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, November 29, 2007 - 07:58 pm: | |
Seo chugaibh comhra beag as "Taisce Focal" (Gearrscealtai scriofa i ngaeilge Dhun an nGall d'fhoglaimeoiri): "Rita, ta me ag dul suas a dheanamh tae domh fein," arsa Caitriona. "Ar mhaith leat braon? An olann tu bainne agus siucra?" "Chan olaim ceachtar acu," arsa Rita. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 184 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, December 04, 2007 - 08:09 am: | |
De réir cosúlachta, tá nós sa Ghaeilge gan mórán d'idirdhealú a dhéanamh idir rud a ól agus rud a chaitheamh. Má chuireann tú ionat é trí do bhéal, is féidir ceachtar den dá bhriathar a úsáid. Thug mé féin é seo faoi deara cheana. Is rud saghas ait é, ar an chéad amharc, ach tá sé ann agus tá loighic áirithe leis. N'fheadar an bhfuil sé seo teorannta do chanúintí áirithe amháin, nó an mbaineann sé leis an teanga ar fad. Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6595 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 04, 2007 - 08:30 am: | |
Má aistrítear "ól" mar "consume" tá ciall leis. |
|
brn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, December 05, 2007 - 07:35 am: | |
Thug mé faoi deara go mbíonn dhá leibhéal i mórán focal, "ostensible" agus "metaphoric" |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 713 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, December 05, 2007 - 11:29 am: | |
Cad deir fear na Gaeilge leis sin ach: Muastais barbed wire ort, a mhac, nó is tú a thug an béarla leat |
|