Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 207 Registered: 10-2004
| Posted on Friday, January 25, 2008 - 10:07 am: | |
Bhí mé ag an gcruinniú ar an gCeathrú Rua ar an gCaedaoin. Bhí breis is 80 i láthair. Tugadh an-léiriú ar an staidéar seo. Bhí sé roinnte i gceithre codanna. 1. Staidéar ar "Cad is Gaeltacht ann?" 2: Bunaithe ar an Daonáireamh (2002) agus SLG (Scéim Labhairt na Gaeilge). Bhí cineál comparáid idir dhá thuairisc a bhí neamhspleach ar a chéile. Rinneadar comparáid le staidéar eile a deineadh timpeall 1970 (Ó Riagáin?). Nuair a deineadh an comparáid idir an daonáireamh agus staitisticí an SLG thanathas ar an fhreagra céanna nach mór. Ach nuair a rinneadar an comparáid idir na figiúirí sin bhí athraithe le feiscint. Roinneadar an Gaeltacht i dtrí codanna nó catagóir: A: Gaeilge a labhairt go laethúil ag níos ná 67% B: Gaeilge a labhairt go laethúil ag 44% go 67% C:Gaeilge a labhairt go laethúil ag níos lú ná 44% Ní raibh mórán athrú ar na figiúirí i gcatagóir A (Timpeall 30%) ó 1970 ach bhí beagnach teipo glan ar na ceantreacha a bhí i gcatagóir B agus d'athraigh an cuid is mó síos go catagóir C i rith na tréimhse sin. 3. Staidéar ar úsáid na Gaeilge i measc daltaí scoile san séu rang (Árd Teist). "Tá ábhar dóchais áirithe le sonrú i gcuid de na tréithe sochtheangeolaíocha a bhaineann leis an nglúin reatha daoine óga Gaeltachta, go háirithe mar a bhaineann lena ndearcadh i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Léirigh 94% de na daoine óga atá ina gcónaí i limistéir Chatagóir A go bhfuil siad go láidir i bhfabhar na Gaeilge nó fabhrach go leor, agus is iad na céatadáin chomparáideacha i gcás Chatagóirí B agus C ná 92% agus 80% faoi seach. Ina theannta sin, léirigh breis agus 80% acu go mbeidís míshásta dá mba é an Béarla amháin a bheadh in úsáid sa Ghaeltacht amach anseo nó dá mbainfí an stádas Gaeltachta den cheantar a bhfuil cónaí orthu ann. Tógadh 53% de na daoine óga a bhfuil cónaí orthu i limistéir Chatagóir A trí Ghaeilge amháin nó Gaeilge den chuid is mó, agus laghdaíonn sé sin go dtí 22% agus 3% i gcás Chatagóirí B agus C, faoi seach. In ainneoin chéatadán íseal na ndaoine óga a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga bhaile acu, tuairiscíonn siad go bhfuil Gaeilge líofa nó Gaeilge mhaith ag a bhformhór. Thuairiscigh 91% de na daoine óga a bhfuil cónaí orthu i limistéir Chatagóir A go bhfuil Gaeilge líofa nó Gaeilge mhaith acu, agus thuairiscigh 74% agus 50% de na daoine óga a bhfuil cónaí orthu i limistéir Chatagóirí B agus C an rud céanna. Léiríonn sé sin go bhfuil tábhacht ar leith leis an ról atá ag na hinstitiúidí oideachais, go háirithe iad siúd atá i limistéir Chatagóirí B agus C, i bhforbairt chumas Gaeilge ghlúin óg reatha na Gaeltachta. Nuair a bhreathnaítear ar na patrúin úsáide teanga a bhaineann le gréasáin aitheantais chomhaoisigh na ndaoine óga, tugtar dhá thréith shuntasacha faoi deara. Ar an gcéad dul síos, tá céatadán na ndaoine óga a thuairiscigh go n-úsáideann siad Gaeilge den chuid is mó lena gcairde san am i láthair (9% sa Ghaeltacht go náisiúnta agus 24% i gcás Chatagóir A) i bhfad níos ísle ná mar atá i gcás úsáid na Gaeilge ina gcuid gréasáin teaghlaigh agus chomharsan. Ina theannta sin, tá sé suntasach go dtagann laghdú ar leibhéal úsáide na Gaeilge i measc na ndaoine óga lena gcomhaoisigh de réir mar a théann siad in aois, ó aois na bunscoile go blianta deiridh na hiar-bhunscoile. Thit an céatadán ó 17% in aois 5–8 mbliana go dtí 9% sa Ghaeltacht go náisiúnta sa tréimhse aoise 15–18 mbliana; agus i gcás Chatagóir A, thit sé ó 41% go dtí 24% sa tréimhse chéanna aoise." Is cosúil gur anseo a bheidh an troid. Teaspáineann an staidéar go bhfuil an córas oideachas go íontach ag múineadh Béarla sa Ghaeltacht. Rud nach cuireadh mórán íontas ormsa. Tá mé ag smaoineamh ar "Murder Machine" an Phiarsaigh. 4. Rineadar dian scrúdú ar an gcóras pleanála sna ceantracha Ghaeltachta ar fad agus fuaireadar nach raibh aon chóras cinnte nó faoi leith ag aon údarás pleanála. I ndairíre ní raibh polasaí pleanála ag aon údarás seachas Comhairel Chontae na Gaillimhe. "Ní léir go dtuigeann cuid de na háisíneachtaí Stáit atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht an raison d’être a bhaineann lena ról sa Ghaeltacht; i gcás cuid díobh is cuid imeallach dá gcúram í an Ghaeltacht, níl na polasaithe atá á bhfeidhmiú acu in oiriúint do staid shochtheangeolaíoch na Gaeltachta agus is iomaí cleachtas dá gcuid atá diúltach nó féinchloíteach do na haidhmeanna teanga atá ag an Stát i leith na Gaeltachta." Tá moltaí réabhlóideach anseo, agus is gá iad a chuir i bhfeidhm go luath mar má leanann rudaí mar atáid beidh deireadh le Gaeltacht ina labhraítear Gaeilge mar theanga phobal go luath - taobh istigh de 20 bliain. Is mór an dushlán atá romhainn mar Éireannaigh - mar is le muintir na hÉireann uilig an teanga ársa seo agus í beo. E Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 208 Registered: 10-2004
| Posted on Saturday, January 26, 2008 - 01:09 pm: | |
Táid liostáilte ar an leagan gearr den tuairisc ar timpeall 20 leathannach (ó llch 31 ar aghaidh). Go bunúsach moltar go mbeadh gach mír den chóras pleanála, oideachas, sláinte 7rl eagraithe chun tús áite a thabhairt don teanga agus iad seo a bheith faoin Roinn PT&G agus ÚnaG. Molaim an gearr thuairisc a léamh. Níl ach píosaí beaga de luaite agam anseo. Tá sé le fáil anseo: http://www.pobail.ie/ie/AnGhaeltacht/AnStaidearTeangeolaioch/ Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |