7ú Samhain, 6:00i.n.
Tá Raidió na Life ag reachtáil comhdháil ar an 7ú Samhain ag a 6:30 i.n i Halla Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2. Díreoidh an chomhdháil ar spriocanna agus ar fhís Raidió na Life agus ar an ngaol atá ag an stáisiún le pobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Pléifear na ceisteanna agus na riachtanais atá agaibhse i dtaobh an seirbhís a sholáthraíonn Raidió na Life. Tugtar cuireadh do ghrúpaí Gaeilge agus do dhaoine aonair freastail ar an ócáid agus páirt a ghlacadh sa chomhdháil seo.
Is é Cillian Fennell, bunaitheoir an chomhlachta Stillwater Communications, iar-léiritheoir RTÉ agus iar-chlár reachtaire le TG4, a bheidh mar chathaoirleach ar an gcomhdháil.
Is deis é seo daoibhse le plé a dhéanamh linne ar an tslí a oibríonn Raidió na Life, ar cad a theastaíonn uaibh ón stáisiún, ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an stáisiún, agus is deis atá ann daoibh le bhur gcuid tuairimí a nochtadh go hoscailte.
Bígí ag smaoineamh. Conas mar atá Raidió na Life ag freastal ar do cheantar/d'eagraíocht? Conas go bhféadfaí feabhas a chur ar an seirbhís atá á soláthar againn?
Cuirfear sóláistí ar fáil roimh agus i ndiaidh na comhdhála.
Dáta: 7ú Samhain 2007
Am: 18.00
Láthair: Halla Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
RSVP, roimh Dé Luain 5ú Samhain, do agus tuilleadh eolais ar fáil ó Aoileann:
> nó cuir glaoch ar 01 6616333.