Don chéad uair riamh, tá Fulbright Éireannach ag Ollscoil Chathair Nua Eabhrac. Is í sin Ailbhe Ní Ghearbhuigh, cainteoir dúchais ó Chiarraí. Tá Iníon Ní Ghearbhuigh ag múineadh Gaeilge do mhic léinn ag Coláiste Lehman (Bronx, NY), ag Coláiste Queens (Queens, NY) maraon le rangannna ar-líne agus ag Ionad Aisling don Phobal Éireannach in Yonkers, NY. Beidh sí ag tabhairt léachta poiblí saor in aisce ar an ábhar "Louis de Paor, File Gaeilge san 21ú Aois" Dé Céadaoin, an 7ú Samhain ag 7pm. Beidh an léacht seo ar siúl in Ionad Iar-Chéimithe CUNY (trasna ón Empire State Building, NY) i Seomra C205. As Béarla a thabharfar an léacht ach déanfar tagairt do na bundánta as Gaeilge. Glac leat cárta aitheantais a bhfuil griangraf air le do thoil. Cuir sinn ar an eolas má tá tú ag teacht, 718-960-6722 nó
.