Author |
Message |
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 30 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, October 17, 2007 - 01:58 pm: | |
Níl a fhios agam an rachaidh Aonghus, Fearn agus an chuid eile agaibh atá ar an oileán iathghlas, siar chuig an Oireachtas i gCathair na Mart? Ba dheas buaileadh le duine éigin agaibh ann. Beidh mé féin ann i gcomhluadar mhuintir Liatroma. Tá teach curtha in áirithe againn le fanacht le chéile ann is le sos a ghlacadh ón síorlabhairt Gaeilge agus ón síthsheasamh ar bhallaí i mbun nathanna dúchasacha dorcha doilbhthuigthe díograiseacha gránna greannmhara griandóite gréas-snoite. Go maire an rí i bhfad. (rí mo láimhe a chairde) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6343 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 17, 2007 - 02:59 pm: | |
Ní nós liom, agus idir cúrsaí oibre agus clainne, ní bheidh an deis agam. Amach anseo, b'fhéidir. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 563 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 17, 2007 - 03:14 pm: | |
Beidh mise ann! Ar an drochuair ní féidir liom teacht le haghaidh tús na féile, ach beidh mé i láthair Dé hAoine is Dé Sathairn, cibé ar bith. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 34 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, October 17, 2007 - 03:44 pm: | |
Feicfidh mé ann thú a Abigail mar sin, le cúnamh Dé. Dé hAoine a bheas mé féin ag tabhairt aghaidh síos ann. B'fhéidir go n-aithneoidh mé thú as an ngrianghraf sin. Sin, nó as turas éigin go Gleann Cholm Cille. Beidh mé isteach chuig Club na Féile Dé hAoine agus isteach chuig an scéalaíocht maidin Dé Sathairn. Caithfidh mé buaileadh leatsa am éigin i mBÁC a Aonghuis. (Riona agus Róman an bheirt eile a casadh dom roimhe seo, measaim.) Mar atá leagtha amach agam an babhta so: Dé hAoine 10.00 p.m. Club na Féile IONAD: An Halla Mór, Óstán Castlecourt DÉ SATHAIRN, 3 SAMHAIN 2007 10.00 a.m. Comórtais Ardáin do Dhaoine Fásta Scoraíocht Scéalaíocht Dreas Cainte IONAD: Óstán Westport 11.00 a.m. Seimineár Chonradh na Gaeilge Téama: ‘Stáisiún Náisiúnta Raidió don Aos Óg’ IONAD: Seomra Walnut, Óstán Westport Plaza 1.00 p.m. Seoladh DVD ar Mháirtín Ó Cadhain – Cló Iar-Chonnachta Á sheoladh ag Cathal Goan, RTÉ IONAD: Seomra Walnut, Óstán Westport Plaza 7.00 p.m. PRÍOMHCHOMÓRTAS: Corn Uí Riada Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta IONAD: An Halla Mór, Óstán Castlecourt Agus Club na Féile is dóigh arís. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 567 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 05:24 am: | |
Aithneoidh tusa mise, b'fhéidir, ach ní dóigh liom go n-aithneoidh mé tusa! Agus ní raibh mé i nGleann Cholm Cille riamh. Níl sceidéal socraithe agam dom féin go fóill, ach tiocfaidh mé ar thraen na maidne ó BhÁC Dé hAoine, beidh mé i láthair ag cuid de na himeachtaí tráthnóna - na comórtais amhránaíochta go háirithe! - agus ansin i gClub na Féile nó i gClub Chasadh an tSúgáin san oíche. Dé Sathairn beidh mé ag dul chuig an scéalaíocht ar maidin, agus chuig comórtas Chorn Uí Riada gan teip. Níl mé cinnte fós céard a dhéanfas mé idir an dá linn, ach mura mbriseann an misneach orm tá mé ag ceapadh go ngabhfaidh mé go dtí an díospóireacht Gàidhlig - bheadh sé sin suimiúil go leor (cé nach leomhfainn mo bhéal féin a oscailt...) Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6344 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 06:12 am: | |
quote:Caithfidh mé buaileadh leatsa am éigin i mBÁC a Aonghuis Bheadh sin thar barr. Maidir le daoine anseo, tá buailte agam le hAbigail, Colleen, Peter na Rúise, agus Ríona (in órd aibitre). Agus bím ag ól le MBM. |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 38 Registered: 10-2007
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 06:12 am: | |
Ag doras na scéalaíochta mar sin, cinnte, fanfaidh mé thart agus is cinnte go n-aithneod an folt gruaige gan stró. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 608 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 06:23 am: | |
Monuar, ní raibh mé ar oireachtas riamh agus nílim ag cur fúm in Éirinn! Beid mé "as láthair" mar sin, mar a déarfadh mo sheanmhúinteoir. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1252 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 10:34 am: | |
Más féidir liom féin lóistín a fháil i gCaisleán An Bharraigh bead ann.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 39 Registered: 10-2007
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 10:46 am: | |
Am éigin amach anseo a Fhirn. Má bhír i Maigh Eo, bí ag an Oireachtas a Dhomhnaill is má bhír ag an Oireachtas, bí ag an scéalaíocht. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 611 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 11:18 am: | |
Le cúnamh Dé. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 103 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, October 18, 2007 - 06:51 pm: | |
Cé go bhfuil mé i mo chónaí sa tír seo ó tháinig mé ar an saol - seachas cúpla babhta in Euskal Herria srl - cha raibh mé riamh ag an Oireachtas ach beidh mé ann i mbliana! Ag dúil go mór leis... |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 48 Registered: 10-2007
| Posted on Friday, October 19, 2007 - 03:30 am: | |
Is maith do scéala a Chuain. Más féidir leat a bheith ag doras na scéalaíochta maidin amárach, beidh buíon bheag Daltaí thart chun buaileadh leat. |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 49 Registered: 10-2007
| Posted on Friday, October 19, 2007 - 07:50 am: | |
Táim coicís chun tosaigh orm féin thuas, is léir. Scinneadh agus fuadar oibre is máthair dó. |
|
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 196 Registered: 12-2004
| Posted on Tuesday, October 23, 2007 - 03:10 pm: | |
Beidh mise ann ar an Aoine le cuidiú Dé. Colleen |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 52 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 03:24 am: | |
Mar chuidiú do mo lucht ainaitheantais, is mé an dara duine isteach ar taobh do dheasóige anseo: http://apublishersblog.blogspot.com/2007/01/lios-na-mbrthar-and-green-jewel-in-w est.html Sin cúigear againn ar a laghad ar bith, má áiríos ceart sinn. Aithneofar Cailín gan dua, mar ní féidir í a choinneáil as an Oireachtas, bail ó Dhia ort a Chailín. |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 53 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, October 24, 2007 - 03:27 am: | |
mo leithscéal, lucht anaitheantais. |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 64 Registered: 10-2007
| Posted on Thursday, November 01, 2007 - 10:49 am: | |
Tá siad ag bailiú isteach ag an Oireachtas cheana féin ar ndóigh, agus cuid eile againn ag obair linn go fóill. Cloisim Nikki Ragsdale as California ag caint le Máirtín Tom Sheáinín ar RnaG anois. Tá teach glactha ar cíos ag cuid de mhuintir Liatroma is beidh mé ann leo. Tá a fhios agam triúr den dream óg as Sligeach nach bhfuil acu ach campaí (puball) agus sraideoga (málaí codlata). Tá ar intinn acu síneadh amach sa gcarr má bhíonn an talamh róchrua dóibh. Ní bheidh mórán ag gabháil a luí roimh a 3.00 nó a 4.00 ar aon chuma! |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 15 Registered: 10-2007
| Posted on Thursday, November 01, 2007 - 03:13 pm: | |
Ní bheidh mé ann :( Ach ba mhaith liom a beithe ann nuair a bhíom in Éirinn. Tír gan teanga, tír gan anam. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 654 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 08:41 am: | |
Aon scéal ó lucht fhreastal an Oireachtais? |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 76 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 09:08 am: | |
Tá scéala aniar as an gCathair Mhairtiúil anseo a Fhirn: http://www.daltai.com/discus/messages/20/28768.html?1194255053 Caithfear an tOireachtas a reachtáil faoi na cathracha móra feasta, measaim. Slua an-líonmhar atá ag iarraidh gabháil ann ar na saolta seo. Cuid acu is mar chaitheamh aimsire an Ghaeilg acu agus iad ag gabháil ann. Ní mar sin a bheas siad glan beann is iad ag pilleadh chun an bhaile, measaim. Tá mé ag cuimhneamh ar roinnt a chas liom ann i mbliana. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 656 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 10:51 am: | |
Dia leat, a sheosaimh. Ach ó ba shiúlach thú, tuige nach bhfuil tú scéalach? |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 77 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 11:32 am: | |
An té a bhíos róghnóthach, ní bhíonn róscéalach! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 657 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 12:09 pm: | |
Is leor scéalach !!!! |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 83 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, November 06, 2007 - 01:31 pm: | |
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 658 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 10:41 am: | |
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 334 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 11:39 am: | |
Fearn. Na rudaí a tharlaíonns san Oireachtas, fanann siad san Oireachtas. An dtuigeann tú mé |
|
Seosamh
Member Username: Seosamh
Post Number: 87 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 12:03 pm: | |
Thugas an nasc contráilte thuas, tharla faoi dhriopás mé. Trácht ar an Oireachtas: http://www.daltai.com/discus/messages/20/28768.html?1194441577 |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 595 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 04:11 pm: | |
Tagaim le Mise_fhéin! Ach seo tuarascáil ghairid ar m'eachtraí féin ansin - nó ar chuid acu, ar aon nós. Bhí mise istigh i gClub Casadh an tSúgáin chuile oíche mar go bhfuil dúil nach beag agam sa sean-nós. Déarfainn go raibh breis agus daichead duine i láthair i dtús an tseisiúin oíche Sathairn, ach bhí an codladh - nó fonn ragairneachte eile, ní fhéadfainn a rá! - dár gcloí le himeacht na hoíche. Ní raibh ach b'fhéidir dáréag againn a d'fhan go dtí an deireadh thiar (.i. a cúig ar maidin.) Chuir RTÉ dlúthcheirnín amach tamall ó shin, "Buaiteoirí Chorn Uí Riada." Tá sé as cló le fada, mór an trua, ach nuair a bhí mé ag tosú leis an nGaeilge tugadh cóip dom agus is uaidh sin a d'fhoghlaim mé cuid de na hamhráin mhóra i dtús baire. Bean an Fhir Rua, Contae Mhaigh Eo, an Droighneán Donn, Amhrán Rinn Mhaoile... ansin a casadh orm an lota acu. Ar aon nós, bhí mé i mo shuí ag an seisiún mar sin agus deir bean an tí go ndéarfaidh "Joe Pheait Mháire" - nó rud eicínt mar sin - ainm Gaeltachta gan sloinne a luann sí - go ndéarfaidh an Joe seo amhrán dúinn. Tugtar an micreafón don seanfhear atá trasna an bhoird uaim, agus tosaíonn sé ag gabháil fhoinn. "Bean an Fhir Rua" atá aige, agus níl an chéad líne ráite aige nó baintear preab asam. É féin atá ann, an Seosamh céanna a ghnóthaigh Corn Uí Riada leis an amhrán céanna fadó. Ní rinne mé aon screadaíl ná níor thit i bhfanntais ar an bhfód - is cailín réasúnta stuama sofaisticiúil mé - ach b'aoibhinn amach a bheith ansin ag éisteacht leis. Agus a lán daoine nach é freisin: Eilís Ní Shúilleabháin, Meaití Jo Shéamuis, Josie Sheáin Jeaic féin... amhránaithe den chéad scoth iad agus daoine a bhíonn de bharr a gcuid taifeadtaí mar réaltaí eolais an tsean-nóis d'fhoghlaimeoirí in imigéin mar mise. Casadh orm Maidhc Dainín Ó Sé - tá sé an-chairdiúil ar fad - agus bhí sé do mo chur in aithne do scata beag dá chuid cairde. Is oth liom nach cuimhin liom a n-ainmneacha anois! Ach ní raibh sé ag lua sloinnte leis an mórchuid acu, agus is deacair liom na hainmneacha Gaeltachta seo a chuimhneamh ar chúis eicínt. Bhí mé i láthair ag comórtas scéalaíochta freisin i gcaitheamh an lae - is ansin a casadh orm Seosamh s'againne - agus fuair mé lán mo chluasa de Ghaeilge bhinn shaibhir. Seanscéalta b'fhéidir gurbh iad, ach bhí siad úrnua domsa agus bhain mé taitneamh astu. Rud eile a thug mé faoi deara: nuair a bheinn ag caint le daoine (is é sin, gan éinne dár gcur in aithne dá chéile roimh ré) is é an chéad cheist a mbeinnse ag súil léi ná "cén t-ainm atá ort", ach ní hamhlaidh a bhí anseo. D'fhiafraíodh "cé as thú?" ar dtús, "cén t-ainm" i bhfad níos déanaí sa gcomhrá má tharla sé riamh. Ní mé an nós coitianta é seo, nó an nós é a chleachtaítear ag féilte móra amháin (mar ní dócha go bhfeicfidh sibh a chéile arís), nó an raibh - agus b'fhéidir gurb é seo an míniú is dealraithí - an raibh blas aisteach coimhthíoch ar mo chuid cainte a chuir iontas ar dhaoine. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6432 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 07, 2007 - 05:24 pm: | |
Níl faic cearr le do bhlas. Ach seans go bhfuil sé níos fusa duine a nascadh le háit. Is cuimhin liom scéilín grinn maidir le Nuala Ní Dhomhnaill agus í an óg thiar. Cuireadh an cheist "Cé leis thú?" uirthi (i. cé hiad do mhuintir). "Is liom féin mé!" a dúirt sí. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 335 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 04:19 am: | |
Roinnt spraoi ó Des Mac a'Easpaig ag an Oireachtas http://www.youtube.com/watch?v=texAVU4a3bk |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 659 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 08:18 am: | |
Nára laga Dia thú, a abaigail, Is tú a thug blas an Oireachtais dom. A Mhise-fhéin, Níor shíl mé riamh gur díol rúin an tOireachtas nó go raibh béal faoi scáth, 'omerta,' molta ;-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6436 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 08:21 am: | |
Feicim gur chuir tú sceoin ar do thuairisceoir, a Fhirn: http://spanishexposition.blogspot.com/2007/11/busted-by-gaeilge-police.html quote: Scríobhaim faoi ainm cleite chun go mbeidh saoirse agam mo rogha rud a rá (go pointe áirithe, ar aon nós) ach cailltear an saoirse sin tapaigh go leor má scríobhann tú i nGaeilge, mar is furasta do dhaoine tú a aithint. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 338 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 08:28 am: | |
Fearn , an chéad riail faoin Oireachtas ná ní labhraíonn tú faoin Oireachtas. Agus an dara riail faoin Oireachtas ná, ní labhraíonn tusa faoin Oireachtas. Omertà go deo, ar eagla na heagla |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 660 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 08:31 am: | |
Á! Club na troda ? Is leor nod!!!!!!!!! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 339 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 08:34 am: | |
"Á! Club na troda ? Is leor nod!!!!!!!!!" ;) Cibé adeir thú, ná habair faic |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 661 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 08:36 am: | |
"Feicim gur chuir tú sceoin ar do thuairisceoir, a Fhirn:" Beag an baol, déarfainn. Girseach gan scáth ise!!!!!!!!!!! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 764 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, November 08, 2007 - 11:26 am: | |
Tá dearg-éad orm anois, a Abigail. Ní mór dom an pas damanta a fháil! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 672 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, November 09, 2007 - 09:43 am: | |
Scríobh Abaigil: "Rud eile a thug mé faoi deara: nuair a bheinn ag caint le daoine (is é sin, gan éinne dár gcur in aithne dá chéile roimh ré) is é an chéad cheist a mbeinnse ag súil léi ná "cén t-ainm atá ort", ach ní hamhlaidh a bhí anseo. D'fhiafraíodh "cé as thú?" ar dtús, "cén t-ainm" i bhfad níos déanaí sa gcomhrá má tharla sé riamh. Ní mé an nós coitianta é seo, nó an nós é a chleachtaítear ag féilte móra amháin (mar ní dócha go bhfeicfidh sibh a chéile arís), nó an raibh - agus b'fhéidir gurb é seo an míniú is dealraithí - an raibh blas aisteach coimhthíoch ar mo chuid cainte a chuir iontas ar dhaoine." Is dóigh gur nós Éireannach, agus nós ag go leor pobal eile, fiafraí duit "cé de dhíobh thú?" .i. cén treibh lena mbaineann tú? É sin socair ina gceann acu, "cé hé thú fhéin" .i. cén ball den treibh thú ? Is cuimhin liom bliana ó shoin, agus na heachtrannaigh ag teacht ina rabhartha go hÉirinn don chéad uair, go raibh seanfhear ar a mharana ag cuimhniú cad é mar a mbeadh fhios aige cé de dhíobh iad agus cad é mar a gcuirfeadh sé aithne ceart a chur orthu agus gan aithne a sinsir aige!!!!!!!!!! Is dóigh go bhfuil an cuimhneamh seo sa phobal go fóill go fochomhfhiosach! |
|