Author |
Message |
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 175 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, October 05, 2007 - 08:21 am: | |
A chairde, Céard go díreach is brí leis an abairt "slán mar a n-instear é" (más ceart an litriú seo)? Tuigim go ndéanann sé cáiliú (qualification) de shaghas éigin ar a bhfuil ráite roimhe, ach ní léir dom cén saghas cáilithe. An gciallaíonn sé "tá sé fíor", go bunúsach? Nó a mhalairt? Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6277 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 05, 2007 - 08:32 am: | |
Pisreog. Deirtear é nuair atá droch scéal á insint. Ní mian leis an té atá ag insint an scéil go dtarlódh rud ar bith dá short san ionad ina bhfuil sé á insint. Bealach eile le "i bhfad uainn an droch rud" a rá. (Message edited by aonghus on October 05, 2007) |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, October 05, 2007 - 09:09 am: | |
Sea, sin é. Measaim go bhfuil coibhneas áite (: an t-urú) le feiceáil/le clos ann. Is ag tagairt don áit a bhfuiltear ag insint an scéil anois atá an coibhneas. Is é sin, 'go raibh gach ní slán ann', mar ní raibh gach ní slán san áit ar tharla an eachtra. cf. Fan mar a bhfuil tú (v. fan mar atá tú) |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 176 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, October 05, 2007 - 10:24 am: | |
Aha! Bhí mé ag déanamh iontais den urú sin. Ach, más tagairt don áit atá san abairt, is ceart an t-úrú a bheith ann. Tá sé sin soiléir anois. Go raibh maith ag an bheirt agaibh. Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, October 05, 2007 - 02:40 pm: | |
Není zač a Mhícheáil! (Is suíomh an-áisiúil é sin!) |
|