Author |
Message |
Jenny (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 01:29 pm: | |
Hello mór do gach duine anseo! Is mise Jenny is as cathair na gaillimhe mé agus mé ag déanadh stáidéar ar an ngaeilge, an bhfuil suim le aon duine i litríocht na gaeilge? ba mhaith liom píosa díospáireacht a dhéanamh faoi scríbhneoirí agus filí srl! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 529 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 01:53 pm: | |
Hi Jenny! Cinnte, tá suim agam. An bhfuil tuairimí conspóideacha agat? Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Jennyarís (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 02:06 pm: | |
Níl tuairimí concpóideacha agam really! cén sort filíocht nó scríbhneoireacht a léann tú? Is maith liom Michael O Conghaile agus Padraic Ó Conaire |
|
Jennyarís (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 02:13 pm: | |
táim féin ag léamh Deoraíocht aníos agus ag baint sult as. Is stíl easca é ó thaobh an teanga de. An bhfuil sé léite agat? |
|
Jennyarís (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 02:15 pm: | |
cá bhfuil an Eilbhéis? bhí mé ag caitheamh súi lar do profile :L |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 734 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 03:21 pm: | |
Eilbhéis Prioslaí? D'imigh sé ón bhfoirgneamh. ;-) An Eilvéis, sin Switzerland. Léigh mise Deoraíocht blianta ó shin. Cheap mé go raibh mórán focal deacra ann ag an am. Ní raibh mé an-sásta leis mar úrscéal, i bhfírinne. Ró-dhuairc, freisin. Ar léigh sibh Pádraigh Ó Miléadha riamh? Sin an file a scríobh mé faoi in Lá Nua. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6270 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 05:25 pm: | |
Agus thug tú an mholadh dó. Aontaím leat maidir le deoraíocht. Thar a bheith Duairc. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 530 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 06:13 pm: | |
Níl "Deoraíocht" léite agam. Cheannaigh mé "An Fear a Phléasc" le Mícheál Ó Conghaile roinnt seachtainí ó shin, ach níl an t-am faighte agam fós lena léamh. Léigh mé "Caisleáin Óir" le déanaí... "Machnamh Seanmhná" le Peig Sayers... cúpla cnuasach gearrscéalta de chuid Phádraic Bhreathnaigh... Is iad na leabhar atá mé a léamh faoi láthair ná "Cré na Cille" (á athléamh agam) agus "An Crann os Coill" le Vincent Morley - cur síos atá ann ar bheatha an fhile Aodh Buí Mac Cruitín. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6272 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 06:18 am: | |
Fuair tú cóip de bharr an fógra i La, mar sin. Iontach. Mo liosta anseo http://www.daltai.com/discus/messages/20/27610.html |
|
Jennyarís (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 07:58 am: | |
Caithfidh mé a rá nach gceapann mé go bhfuil Deoraíocht deacair a léamh ach níl sé críochnaithe fós agam! Is aoibhinn liom an leabhar An Fear a Phléasc is leabhar "off the wall" é! Tá go leor tagairtí do dhaoine aeracha. Is maith liom Máirtín Ó Cadhain ar léigh tú Dhá Scéal? Is carachtar an-mhaith í Caitríona |
|
Jennyarís (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 08:00 am: | |
an féidir leat an nasc a cur suas ar an léirmhéas a scríobh tú faoi Pagraic Ó Miléadha b'fiú é a léamh, GRMA |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 736 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 09:37 am: | |
http://www.daltai.com/cgi-sys/cgiwrap/daltai/discus/show.pl?tpc=21&post=62925#PO ST62925 Tá An Fear a Phléasc ar an seilf agamsa, freisin. Léigh mo chara é, agus deir sé go bhfuil sé an-aisteach. Léigh mé Caisleáin Óir tamall ó shin (fuair mé é mar dhuais ó Beo!). Leabhar maith, ach is ró-mhinic a luann sé na caisleáin chéanna... Machnaimh Seanmhná, sin go hiontach ar fad. Cheap mé go raibh Cré na Cille as cló fós - cá bhfuair tú é? A Aongus, an raibh fógra ann faoi sin nach bhfaca mé? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6273 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 10:36 am: | |
Chuir Abigail fógra i Lá ag lorg cóip dara láimhe, agus fuair sí ceann is cosúil. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 740 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 10:56 am: | |
Sin an dóigh chun mórlitríocht na hÉireann a fháil, is dócha... |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 295 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 10:59 am: | |
feicim go bhfuil Fontenoy ath-fhoilsithe mar chlúdach bog. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 531 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 11:31 am: | |
Scríobh Aonghus: quote:Chuir Abigail fógra i Lá ag lorg cóip dara láimhe, agus fuair sí ceann is cosúil. Fuair go deimhin - agus is é an t-eagrán crua é, rud a chuireann go mór le pléisiúr na léitheoireachta dar liom. B'fhiú a luach é gan amhras. Scríobh Séamas: quote:Sin an dóigh chun mórlitríocht na hÉireann a fháil, is dócha... An t-aon dóigh amháin, sa gcás seo! Bhí mé ag faire amach air le fada an lá. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|