Author |
Message |
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 287 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 09:15 am: | |
http://gaeilgefaoithalamh.blogs.ie/2007/10/01/forogra-an-airm-runda/ D'eisigh an Ginearál an Forógra, tá súil agam go mbeidh chuile shaighdiúir ag cloí leis. Cé hé an Ginearál ar aon nós? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3254 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 10:11 am: | |
Níl a fhios agam beo, ach is maith liom é! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 289 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 10:25 am: | |
"Níl a fhios agam beo" Fearn.. b'fhéidir? :) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3258 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, October 03, 2007 - 08:27 pm: | |
Tú féin? ;-) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 291 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 07:16 am: | |
Ní mé atá ann. Níl mo chuid Gaeilge chomh cruinn |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3259 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 09:42 am: | |
Chuir sé Vincent Morley i gcuimhne dom nuair a léigh mé a bhlog den chéad uair. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 293 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 09:47 am: | |
Cé hé an duine seo Vincent Morley? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 738 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 10:33 am: | |
Duine a bhíodh an-ghnóthach ar an idirlíon. Bíonn sé ag scríobh leabhar le tamall anuas. Bhíodh an suíomh An Fáinne Óir aige. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6274 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 10:50 am: | |
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 294 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 10:55 am: | |
á sea, bhí mé ag caint leis tráth ag iarraidh mo bhlagsa a bhíodh agam a chur ar a shuíomh An Fáinne Óir. Ach ní raibh sé ag cur leis a thuilleadh. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 532 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 04, 2007 - 12:21 pm: | |
Airím a bhfuil i gceist agat, a Dennis. Tá roinnt cosúlachtaí méine agus tuairime le brath ann, ach ina dhiaidh sin is uile ní dóigh liom gurb é féin atá ann. Tá an stíl scríbhneoireachta éagsúil ar bhealaí suntasacha (úsáid an fhocail "céard", cuirim i gcás, nó foirmeacha scartha na mbriathrach.) Más Vincent Morley atá ann tá sé á cheilt féin orainn go maith! Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|