Author |
Message |
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 707 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, September 13, 2007 - 09:33 am: | |
Beidh Feis Nassau an AOH ar siúl Dé Domhnaigh, agus beidh scafta dínn ó Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín ann ag canadh agus ag caint as Gaeilge. Beimid faoin dair mhór (tá súil agam) sa tráthnóna ar fad. Beidh comórtas amhránaíochta thraidisiúnta ann, freisin. Ba dheas daoine Dhaltaí a fheiscint ann! http://www.nassauaohfeis.com/ |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 512 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, September 13, 2007 - 11:39 am: | |
Mo cheol sibh! is maith liom an meascán Éireannach Albanach ann ;-) |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 263 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, September 13, 2007 - 11:55 am: | |
Bhí díomá orm gur thug Nuacht TG4 "Long Island" ar Inis Fada aréir.. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 515 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, September 13, 2007 - 11:57 am: | |
Ná habair go bhfuil cath eile na nainmneacha amhail Daingean Uí Chúis ar na bacáin ! ;-) |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 265 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, September 13, 2007 - 12:00 pm: | |
Ó gan amhras sure ní baile Gaelach é go cath ainm |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 708 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, September 13, 2007 - 01:49 pm: | |
Cad a dúirt siad fúinn ar TG4? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 709 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, September 13, 2007 - 01:54 pm: | |
DAS, tá conspóid ann. Tá Inis Fada ann leis na cianta, agus is dócha gur bunaíodh é ar an Inis Fada atá in Éirinn. Ach ceapann lucht na gramadaí go mba chóir Inis Fhada a úsáid. Agus seachnaíonn daoine eile an chonspóid agus scríobhann siadsan Oileán Fada, ainm nach bhfuil stair ar bith ann dó. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 63 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, September 13, 2007 - 02:09 pm: | |
Cá bhfuil Inis Fada na hÉireann go díreach? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 710 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, September 13, 2007 - 02:54 pm: | |
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 267 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, September 14, 2007 - 06:04 am: | |
"Cad a dúirt siad fúinn ar TG4?" Bean as Inis Fada ach as Conamara ó dhúchas di a gcaill a mhac sa Twin Towers a bhí ann. Hunter ab ainm di sílim. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 518 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, September 14, 2007 - 09:23 am: | |
Hunter? Sloinneadh fíorChonamarach é go deimhin! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 269 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, September 14, 2007 - 09:53 am: | |
is féidir leat é a fheiceáil ar shuíomh TG4 más maith leat a Shéamais faoin dáta 11/9/2007 |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 711 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, September 14, 2007 - 10:00 am: | |
Nós atá againne sloinne a fir a thabhairt ar an mban tar éis a pósta di... Ó Inis Fada, a chónaíonn ar Inis Fada, ach as Conamara i gcónaí, sílim. |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 522 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, September 14, 2007 - 10:40 am: | |
Á! Ní nós gaelach é. Ní bhíonn ar an mbean athrú lipéide a ghlacadh! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 712 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, September 14, 2007 - 11:06 am: | |
An fíor sin? D'fhoghlaim go n-iompaíonn iníon Ní X go bean Uí Y... |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 525 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, September 14, 2007 - 11:16 am: | |
Ní iompaíonn. In ionad an aon rogha amháin ann, bíonn an dá rogha ann. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 270 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, September 14, 2007 - 11:19 am: | |
Tá an ceart ag Fearn |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 67 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, September 14, 2007 - 11:22 am: | |
Is féidir le bean an dá rud leagan bheith aici, creidim. Abair, Blinne Ní Labhail Uí Mhaolchroibhe srl. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 271 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, September 14, 2007 - 11:26 am: | |
Ach, is nós Gaelach é nach nglacfadh bean sloinne a fear chéile. Ach bheadh a shloinne ag na leanaí |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 527 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, September 14, 2007 - 12:54 pm: | |
Á, nach deas an fheis? Bheith ag ithe caiscín is ag éisteacht le ceol na bpíobaí chatha; nó an phíob mhór mar a thugann an tAlbanach air: tugann siad an Ceol Mór ar an gceol seo nó Tachtadh na gCat mar a thugaimse air. Bíodh sé ina éisteacht mhaith agaibh! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3227 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, September 15, 2007 - 01:04 pm: | |
quote:tugann siad an Ceol Mór ar an gceol seo Ach, a Fhirn, ní hionann an "ceol mór" agus ceol ar bith a thagann ón bpíb mhála. Séard a chloistear de ghnáth ná máirseálacha, ríleanna, agus mar sin de, agus ní ceol mór iad sin ar chor ar bith. Is annamh a chloistear an ceol mór (aka pìopaireachd ~ pibroch) taobh amuigh de venues áirithe do na cognescenti. Agus ar DD, ar ndóigh. Féach an t-alt seo: http://en.wikipedia.org/wiki/Pibroch Agus más fearr leat guth na cláirsí, is féidir leat píosa ceoil mhóir, Cumha Chraobh na dTéad ~ Lament for the Harp a chloisteáil ar an uirlis sin ar an albam Queen of Harps le Ann Heymann. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 528 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 07:25 am: | |
A Dhe'n Fhios, Seans gur chaill tú an greann agus an íoróin a chuir mé sa teachtaireacht roimhe ;-) |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 276 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 09:39 am: | |
"Tugann siad an Ceol Mór ar an gceol seo nó Tachtadh na gCat mar a thugaimse air. " GOA :) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 714 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 10:00 am: | |
Bhuel, chuala mé na Cait Mhóra sin inné, agus chonaic na babóga ag damhsa. Agus thugamar blaiseadh beag bídeach Gaeilge do roinnt cognescenti...Beidh scéalta agam ar an bpodchraoladh agus an bhfíschraoladh ar ball, lcD. Chun scéal mór a dhéanamh de rud beag... (Message edited by Séamas_Ó_neachtain on September 17, 2007) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3229 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 10:03 am: | |
quote:Seans gur chaill tú an greann Níor chaill mé an iarracht. ;-) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 535 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, September 17, 2007 - 10:04 am: | |
ach níl a shliocht ort...;-) |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 72 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, September 21, 2007 - 07:40 am: | |
A Shéamais, Ba é sin túsa a chuala mé ar Blas - clár Gaeilge an BBC - an oíche faoi dheireadh? Píosa suimiúil a bhí ann agus labhair tú go maith! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 717 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, September 21, 2007 - 09:37 am: | |
B'shin mise, ceart go leor. Go raibh maith agat. Tá áthas orm gur chuala duine é! |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, September 24, 2007 - 07:58 pm: | |
|
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, September 25, 2007 - 05:23 am: | |
..... Bean as Inis Fada ach as Conamara ó dhúchas di a gcaill a mhac sa Twin Towers a bhí ann. Hunter ab ainm di sílim. Mar ábhar spéise, athraíodh Ó Fiachna > Feighney > Hunter in áiteanna, ach Feighney [f'i:xəni:] (.i. guta cúnta idir x & n) atá ar an gcuid is mó den mhuintir sin san iarthuaisceart i gcónaí. Cloistear [f'əxəni:] chomh maith céanna amuigh faoin tuaith. An dála céanna é ag Ó Fiaich, chuile sheans, in áiteanna eile. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 722 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, September 25, 2007 - 10:03 am: | |
Go raibh maith agat, a Unreg. Agus tá cartlann ann! Táim ar an gclár Blas ó Dhéardaoin. http://www.bbc.co.uk/radio/aod/mainframe.shtml?http://www.bbc.co.uk/radio/aod/ul ster_aod.shtml?ulster/blas Agus go foirfe, is féidir '15 nóiméad ar aghaidh' a bhualadh, agus sin an áit cheart! (Message edited by Séamas_Ó_neachtain on September 25, 2007) |
|