mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Imeacht na nIarlaí « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 509
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, September 13, 2007 - 08:58 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Timpeall meán lae, Dé hAoine , 14 Meán Fomhair, 1607, chuaig Aodh Mór Ó Néill agus a rítheaghlach ar bord loinge leis an Róimh a thabhairt air.

Cor mór i stair na hÉireann é.


Déanfaidh mé mo mharana air amárach

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 258
Registered: 11-2006
Posted on Thursday, September 13, 2007 - 09:05 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Déanfaidh mé mo mharana air amárach"

An scríobhfaidh tú do smaointe anseo?

ag tnúth leis.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 706
Registered: 11-2004


Posted on Thursday, September 13, 2007 - 09:21 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sea, níl mórán díbh fós beo ar cuimhin leo an lá sin. ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 511
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, September 13, 2007 - 11:37 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sea, ní smaointe ná cuimhní, ach marana!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 262
Registered: 11-2006
Posted on Thursday, September 13, 2007 - 11:53 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

só beidh tú ag déanamh do mharana agus ag cuimhniú siar ar an lá uafásach úd agus na rudaí a chonaic tú, an bád ag fágáil don Roimh, an caoineadh srl..

Bheadh fáilte roimh do smaointe freisin déarfainn

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 514
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, September 13, 2007 - 11:55 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní bheidh mé faoi só, déarfainn ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 264
Registered: 11-2006
Posted on Thursday, September 13, 2007 - 11:57 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

'Bhfuil tú ag léamh aon rud faoina heachtraí siúd atá fós i do sheanchloigeann ?

(Message edited by Mise_Fhéin on September 13, 2007)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 516
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, September 13, 2007 - 11:59 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhfuil a léithéid ann?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 266
Registered: 11-2006
Posted on Thursday, September 13, 2007 - 12:09 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá ceann faighte agam le déanaí, "Imirce na nIarlaí" atá air.
Ach ní théann sé domhain a dhóthain domsa sa tionchar a bhí ar na Gaeil i ngeall ar a "n-imirce".



(Message edited by Mise_Fhéin on September 13, 2007)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rg_cuan
Member
Username: Rg_cuan

Post Number: 62
Registered: 04-2007
Posted on Thursday, September 13, 2007 - 02:08 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá neart déanta ag an BBC le tamall anuas chun Imeacht na nIarlaí a chomóradh (éist le Blas le cúpla Máirt anuas) agus beidh an seó teilifíse le taispeáint i nGaeilge gan mhoill chomh maith measaim.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 517
Registered: 06-2006
Posted on Friday, September 14, 2007 - 09:21 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Imirce na nIarlaí"?

an é seo é?
http://www.coisceim.ie/Imirce%20na%20nIarlai.html

Ar rítheaghlach Aodha Mhóir taca an lá seo ceithre chéad blian ó shoin, bhí Tadhg Ó Cianáin, croinicí Aodha agus scríobh sé cuntas i dtaobh an aistir. Is dóigh go bhfuil a chuntas i gcló ag Cumann na Scríobhainní Gaelacha ach níl mé cinnte.
Fuair mé leabhar le Tomás Ó Fiaich a chuireadh i gcló na blianta ó shoin ina bhfuil sleachta ón chuntas sin ann.

B'fhearr liom a chuntassan a iniúcadh roimh léamh is athbhreithniú na stairithe is na bhréagstairithe

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 268
Registered: 11-2006
Posted on Friday, September 14, 2007 - 09:37 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sin é é, bunaithe ar léacht Uí Fhiaich atá sé.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 520
Registered: 06-2006
Posted on Friday, September 14, 2007 - 10:33 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Mo mharana:

Ag tús na seachtaine seo, bhí casadh na Mílaoise ag an Aetóip. Tá a féilire timpeall seacht mbliain chun deireadh ar fhéilire an Iarthair. Bhí an-chomóradh is an-spraoi acu.

Seo Rais Haiseanna na nIúdach: Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise agaibh.

Bhí tús ramadain ann inné nó inniu, ag brath ar leagan lucht na Sia nó lucht na Sonaí. Go gcumhdaí Alla sibh!

Taca an lá seo ceithre chéad bliain ó shoin, dhiúltaigh mac Mhic Suibhne Fhanaid uisce is connadh do lucht bháid Aodha is chuir troid orthu. Bhí ar an mbád imeacht ar an fharraige mhór gan na soláthairí seo.

Cor mór i stair na hÉireann: Dúléim an duine i ndeireadh na fríde is ag bun an angar

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 713
Registered: 11-2004


Posted on Friday, September 14, 2007 - 11:32 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Marana maraí nó míreanna mearaí? Is fearr bun an angair ná bun an ancaire, is dócha... Faic na fríde le rá agamsa. Ach amháin gur cor mór a bhí ann, cinnte, nuair a d'imigh an cór mór sin.

GRMA as an gcomóradh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 526
Registered: 06-2006
Posted on Friday, September 14, 2007 - 12:34 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhuail an bád amach ar an bhfarraige mór timpeall meán oíche taca an lá seo 400 bliain ó shoin, ag tnúth go rachaidís i dtír ar Arainn Mhór Thír Chonaill faoi choinne uisce is solárthaí eile

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 272
Registered: 11-2006
Posted on Monday, September 17, 2007 - 06:33 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní raibh mé ró-tógtha leis an gclár "Imeacht na nIarlaí" a bhí ar TG4 aréir.
Bhí an ceann sin ar an BBC i bhfad níos fearr i ndáiríre

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 529
Registered: 06-2006
Posted on Monday, September 17, 2007 - 07:39 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ag fágáil Loch Súilí dóibh, mar a dúirt mé, rinne an long ar Árainn Mhór le haghaidh uisce is bia ach d'éirigh stoirm agus níorbh achmainn dóibh dul i dtír.
Choinnigh siad a gcúrsa cléláimh le Tír Choinaill thar Chuan Shligigh go raibh siad os comhair Chruach Phádraig.

Bhí faitíos orthu go raibh cabhlach shasana i gcuan na Gaillmhe agus mar sin, thiomáin siad leo amach sa bhfarraige ag déanamh caol díreach ar an Spáinn, dá mb'fhéidir leo.

Díol spéise go luann Ó Cianáin go raibh taisí naomh ag Ó Néill, rannchuid den Chroch Chéasta, ina measc mar chosaint orthu

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 273
Registered: 11-2006
Posted on Monday, September 17, 2007 - 07:52 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

'bhfuil scríbhinn Uí Chianáin ar fáil ar líne

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 274
Registered: 11-2006
Posted on Monday, September 17, 2007 - 07:55 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Díol spéise go luann Ó Cianáin go raibh taisí naomh ag Ó Néill, rannchuid den Chroch Chéasta, ina measc mar chosaint orthu"

Chaith siad cúpla taise isteach sa bhfarraige chun an stoirm a cheansú, an ceann le cuid den Chroch Chéasta ina measc

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 531
Registered: 06-2006
Posted on Monday, September 17, 2007 - 07:56 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dia idir sinn is an anacair

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 278
Registered: 11-2006
Posted on Monday, September 17, 2007 - 09:42 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Imeacht na nIarlaí le Tadhg Ó Cianáin thíos:
i mBéarla amháin, faraor

http://www.ucc.ie:8080/cocoon/celt/T100070

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 534
Registered: 06-2006
Posted on Monday, September 17, 2007 - 09:59 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is aisteach sin gan dabht ós sa Ghaeilge a scríobhadh é. Maith an rud go bhfuil an leagan Gaeilge i gcló.

Imirce na nUaisle le Tadhg Ó Cianáin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6195
Registered: 08-2004


Posted on Monday, September 17, 2007 - 10:49 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

http://www.ucc.ie/celt/published/G100070/index.html

quote:

A n-ainm Dhé.
Ag so páirt do scéloib agus d'imthechtoib Uí Néill ón uair forfhágoip sé Eire.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 537
Registered: 06-2006
Posted on Monday, September 17, 2007 - 10:57 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maith thú, a aonghuis.

Thóg tú as an díomá mé!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seanfhear
Member
Username: Seanfhear

Post Number: 2
Registered: 08-2007
Posted on Saturday, September 22, 2007 - 09:49 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní 'Imeacht' a bhí ann ach Teitheadh. Cheap na hIarlaí go rabhadar i mbaol báis. Ní fada ina dhiaidh sin gur gabhadh a gcuid talún.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 562
Registered: 06-2006
Posted on Saturday, September 29, 2007 - 09:43 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Dia domhnaigh in dechmadh lá fichet Septembriss táinic in gaoth go coimhdhíreach a gcertaghoidh na loinge. Gapsat na marnélaigh do láimh, ó nach roibhe ar comas dóip dol don Spáinn, go mbeittis a gcuan Croissic issin m-Britáinn fo chionn dá ló go n-oidhche. Comhairlighit na tigernaidhe {ms page 3} bátor san loing, do bíthin teirce a mbídh agus a ndighe go háirighthe, fós do brígh a ffuaratar gusin tan sin do docomal agus meirten na fairrge, gur uo himairgidhe dóip a léigen gach ndíreach gusin fFrainc. A gcétóir dírgit a gcúrsa gusin fFrainc. Dá lá agus dá oidche dóip ar siobal fo lán seóil. Ní rángator tír ar doman in comhfhad sin. Fós ní maith ro fhitirset cia in cósta áirigthe ba himfhoixe dhóip."


Mar sin, Dé Domhnaigh, 30 Meán Fomhair 1607, cionn is go raibh an ghaoth ina gceartaghaidh, shocraigh lucht na loinge gan dul chun na Spáinne ach a dhéanamh ar Chroissic na Briotáine ag súil go mbeadh siad ann i gceann dá lá.
Cúig lá déag ar an bhfarraige mhór acu anois.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 565
Registered: 06-2006
Posted on Friday, October 05, 2007 - 06:03 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

400 bliain agus inné a thárla sé:

Dhírigh siad féin a gcúrsa go Rouen. Máisea, sheol siad chucusan gan mhoill bád eile ina raibh píolóta Rouen. Tháinig an píolóta ar bord loinge chucu i gcomhdhorcha na hoíche. Thóg siad a seolta, agus bhí siad ar siúl ar feadh na hoíche. An mhaidin arnamhárach, theoraigh an píolóta céanna iad isteach i ríbhéar Rouen, ar an taobh ó dheas den chuan nua dar comhainm Havre de Grace. Timpeall meán lae Déardaoin, lá San Froinsias go díreach, an ceathrú lá de Dheireadh Fomhair agus an t-aonú lá fichead dóibh ar farraige, tháinig said i dtír i mbaile beag ar bhruach an ribhéir chéanna dar comhainm Quilleboeuf......

is cad a bhí fágtha sa long acu mar deoch don 99 duine díobh ach cúig ghalún beorach agus níos lú ná bairille uisce?


Dírgit féin a gcúrsa go Roán. Gidheadh chena ro sheólatar chuca-san gan mhoille aroile bát i n-a mbuí pilóit Rodháin. Tic tra in pileót ar bord loinge chuca a gcomdhorcha na hoidhque. Tógbait a seólta. Bátor ar siobal seachnóin na hoidhche. Ar maidin ar n-a mhárach treóraigidh in pilóit cétna iad a ruibér Rodháin ar in taep bho deass don chuan nua dar comainn Harboure de Grace.
Timchiol meadhóin laoi dia dardaoin, lá S. Pronséiss do shonnradh, in cethramadh lá Octobriss agus in t-aenmad lá fichet dóip ar fairrge, tiagait a ttír a mbaili beg ar brú in ruibéir chétna dar comhainm Cilbuf..... Dognít gné chiúnais agus chomnaidhe ann in méide buí rompa don ló gus in oidhche ar a gcionn. Persa d'uiresbaidh ar chét isseadh bátor sa loing. Ní roibi do shupstaint digi aca ag fágbáil na loingi acht cóic galúin beóra agus ní badh lugha nó énbairille amháin uisce.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Member
Username: Seosamh

Post Number: 1
Registered: 10-2007
Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 04:19 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is mór ag daoine an comóradh seo, ach ní miste a chuimhneamh a dhonacht is a bhí gnóthaí an t-am sin, agus a laige is a mheata a bhí ár muintir féin. 75% d'arm Shasana ag Cionn tSáile, meastar, ba chainteoirí dúchais Gaeilge iad.

Agus Aodh Mór Ó Néill féin, cuimhnímis gur shaothraigh sé an teidil 'iarla' as na céadta Gael is Sean-Ghall a mharú ar son na Sasanach i gceantar Luimnigh. Clann Mhic Gearailt an chuid ba mhó acu.

Cuimhnímis chomh maith gur shaothraigh Ruairí Ó Domhnaill a iarlacht seisean as Gaeil a mharú agus é sa tóir leis na Sasanaigh, ar (Niall Garbh Ó Domhnaill i dTír Chonaill) agus ar Bhrian Óg (na Samhthach) Ó Ruairc in iarthar Bréifne sa bhliain 1603:

M1603.4
Muintir Rudhraighe Uí Domhnaill co na uile chrodh & cethraibh, & iolmhaoínibh do dhol h-i t-Tír Chonaill isin c-ceid mhí d'earrach, & Rudhraighe badhéin co na thionól, & co na thóicestal Gaoidheal & Gall im captin Guest do dol (ria t-teacht aniar dia mhuintir) do dhioghail, & daithe dí-miadha & a easanora ar Ua Ruairc, Brian Ócc amhail ro bhaoí ina mhenmain athaidh rias an tan sin, go ro airccsiot, co ro innirsiot an Breifne etir ith & arbhar, & gach a t-taithaiter dia c-crodh ar ro teichsiot a n-urmhór fo diamhraibh & droibhelaibh na críche. Ro marbhaitt uathadh daoíne eatorra im Eoghan mac an Fhirdhoirche Uí Gallchubhair, & im Thoirrdhealbhach mac Mec Lochlainn torchrattar comhthuitim ré roile don chur sin. Ro faccbhadh drong do Ghallaibh i n-garasun i n-Druim Dá Eithiar ar dáigh aidhmillte na criche ina n-uirthimcheall. Rob' éiccen d'Ua Ruairc beith i n-uathadh sochaidhe h-i f-fedhaibh & h-i f-fáinghlenntoibh, & for oilénaibh uisccidhe a thíre o sin amach. http://www.ucc.ie/celt/published/G100005F/index.html



Fuair Brian Óg bás i Ros Iriala, láimh le hÁth Cinn na Gaillimhe agus é fós gan ghéilleadh dóibh. Cuireadh in uaigh gan aithne ansin é.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 743
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 10:24 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níor chuala mé an taobh sin den scéal riamh roimhe. GRMA.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 299
Registered: 11-2006
Posted on Tuesday, October 09, 2007 - 10:38 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Chuala mé an scéal seo roimhe, ach ní labhraítear faoi mórán mar ní thagann sé go maith leis an íomhá dena "Iarlaí" mar "fíor-Ghaeil"

(Message edited by Mise Fhéin on October 09, 2007)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

cailín bocht (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 09:16 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Chomh leis an scéal sin , níor bhuail Aodh Rua ná a mhuintir buille ag Cath an Bhealaigh Bhuí. Ruarcaigh agus Clann Mhaol Ruanaidh (= Mac Diarmada)a mharagih Sir Conyers Clifford ansiúd.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

cailín bocht (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 09:42 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is fíor do Aonghus. níl aon locht agam ar straois, nó ar straoisín.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

LIAM UILLIAM EOGHAIN (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, October 10, 2007 - 06:41 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Published Date: 22 June 2007
Location: Derry Journal
SAOTHAR SCOLÁIREACHTA



Sa bhliain 1988, thug an Cairdinéal Tomás O Fiaich léacht i Ráth Maoláin , áit " ónar imigh na hIarlaí ar an 14ú Meán Fómhair 1607.
Thug sé an léacht i mBéarla – níl a lán Gaeilge sa cheantar anois, ar an drochuair. Ach, i mbliana, 400 bliain i ndiaidh na hocáide stairiúla sin, tá eagrán nua den léacht curtha ar fáil ag Marcas Ó Murchú ina bhfuil an bunleagan Béarla chomh maith le leagan Gaeilge a rinne Marcas féin. Aistriúchán den scoth atá ann: tá thart fá 30,000 focal sna nótaí a chuir sé leis. Tá níos mó ná 40 grianghraf sa leabhar. Deir Marcas 'go mbeidh an t-eagrán seo an-áisiúil ag mic léinn Ghaeilge nó staire nó ag duine ar mhaith leis bealach na nIarlaí a leanúint go fisiciúil nó ar thuras aigne.' Tá Marcas ag teagasc Gaeilge agus Spáinnise i nDoire o bhí 1993 ann. Rinne sé staidéar ar theanga, stair agus litríocht na Spáinne ar Ollscoil Complutense, Maidrid. Beidh an t-eagrán seo an-úsáideach do dhuine ar bith atá ag foghlaim na Gaeilge, leoga – níl foclóir de dhíth ort! Agus beidh an bunleagan soléite an-úsáideach do dhuine ar bith atá ag foghlaim Béarla fosta! Tá úrscéalta, gearrscéalta agus filíocht ar fáil sa dá theanga, ach ní thig leat a lán leabhar staire a fháil i nGaeilge agus i mBéarla. Tá 'Imirce na nIarlaí' ar fáil in Bookworm, Eason's agus Books and News i nDoire agus i siopaí leabhar ar fud na tíre. Is féidir é a ordú i siopa leabhar ar bith i nDún na nGall. ( Imirce na nIarlaí, Coiscéim, €10/£7.50)

Marcas Ó Murchú, has produced an excellent bilingual edition of a lecture on the Flight of the Earls by the late Cardinal Ó Fiaich.

Saothar scoláireachta. A scholarly work.
Aistriúchán. Translation.
Leagan. Version.
Áisiúil. Useful.
Soléite. Easy to read.
Last Updated: 22 June 2007 12:33 PM
Page 1 of 1

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 581
Registered: 06-2006
Posted on Monday, October 15, 2007 - 11:09 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Chuir na huaisle in iúl do Rí na Fraince go raibh siad ar a fhearann is d'iarr cead air dul go dtí na Spáinne. Thug sé barántas taistil dóibh ach iarradh orthu dul go dtí na Flondras, críoch na Spáinne ag an am sin.

Ní raibh Ambasadóir Shasana sásta futhu agus rinne sé iarracht iad a ghearán leis an rí. Chuir sé Albanach ar ais go Londain leis an fháisnéis.

Taca an lá seo 400 bliain ó shoin, d'fhág an dream Rouen ag déanamh ar an bhFlondras.



"Ar n-a mhárach tra, in cóicedh lá dég Octobriss, gluaissit as Rodhán én-marcach dég ar fhichid ar eachraidh, cúpla cóiste, tri uaigín, timchiol dá fhichid dia gcoiss. Do dheachaidh guibernóir Chilbuf agus mórán do dhaoinibh uaissle in baile dia ttiodhlacadh sealat ón gcathraigh. Gapsat a gced ag in nguibernóir. Glacait barántus ríg Franc uaidh. Tucsat dó mar íoc a sligedh, ge gur thaissealbh a aingidheacht agus a dhroich-inntinn roimhe sin dóip, timchiol dá fhichid éiccin tunna saloinn buí sa loing ar a ttángatar."

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 607
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, October 18, 2007 - 06:20 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Taca an lá seo 400 bliain ó shoin, thrasnaigh muintir Uí Néill ar fad an teorainn idir an Fhrainc is Flondras, fearann na Spáinne ag an am.

Roimhe sin in Amiens, rinne siad iniúcadh ar thrinsí cogaidh (agus shíl mise gur cuireadh tús leo sa chéad chogadh domhanda ) ó chuireadh léigéir ar an mbaile sin ag Rí na Spáinne, agus ar ghabhadh é le trí chomplacht saighdiúirí Éireannacha in arm na Spáinne. Is dóigh go raibh Ó Néill ag siúl go ligfeadh Rí na Spáinne na saighdiúirí Éireannacha in arm na Spáinne leis chun cogadh ar chuir ar an Sasanach. Léigh mé go raibh an t-arm is mó ar domhan ag Rí an Spáinne ag an am, 250.000 fear fhad is a raibh 40.000 fear mar arm seasta ag Rí Shasana ag an am.

Bhí faitíos a gcroí orthu roimh trasnú na teorann dóibh óir shíl siad go dtiocfadh Rí na Fraince ar a mhalairt de chomhairle ina leith agus iad a chur ar láimh ag Rí Shasana , b'fhéidir.

Timpeall meán lae, chuaigh siad isteach i Arras is bhí Éireannaigh eile ag feitheamh rompu, duine ón choláiste Éireananch i nDouai orthu.

Agus in Arras dóibh, chonaic siad giota den Chrois Chéasta, cloigeann San Séamais, dual de fholt Mháire Mhaigdiléana agus corn Íosa. Ná habair nach raibh turasóireacht ar bun ag an am!



"A moch-dheghóil na maitne ar n-a mhárach eirgit a n-ordugadh a gcossanta dá léige as sin go coicrích Flonndruiss agus na Fraingci. Comhnaighit ann begán aimsire. As a haithle léigit go h-Aras iad seacht léige. Ní mór nach roibhe gné d'imegla na sligedh orra uidhe in laithe sin d'áirigthe. Ar ndol asteach sa prím-chathroigh sin dóip timchiol mhedóin laoi in t-ochtmadh lá dég Octobris dognít oirissemh agus comnaidhe gusin luan buí ar a gcionn. Magbethadh ro sgar riú ag fágbáil Rodháin fuaratar rompa sa gcathraigh sin é, ge gur mhessatar go mór go madh baoglach in slige dó. An guibernóir buí ó rígh na Spáinne sa mbaili, glacuiss féin agus maithe na cathrach na tigernaidhe si chuca go subhailceach onórach. Ticit ar cuairt dia saigidh go mbangcéd maith agus go ffíntoibh. Cuirit athair onórach maille re cóistigip taitnemhacha dia ttreórugadh gusna prímh-eguilsib oirrderca bátar sa gcathraigh. Taispentar ilimat do religiassoibh ro-naomhtha mór-lóigigheachta dóibh ar a mbuí rann-chuid mhór don chroich chésta, cenn S. San Sem, cuid d'folt Muire Madalén, cupa as ar ibh in Slánaigtheóir féin deoch in tan buí a gcolainn daonna ar in saogal, go n-imat dí-áirmhe oile. Ticis Eogan Mag Mhathgamhna, in doctúir, i n-a gcomhairrchiss ó Doua gus in dú sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 614
Registered: 06-2006
Posted on Monday, October 22, 2007 - 08:10 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ceithre chéad bliain agus an lá inniu, shroich an dream Douai agus d'fhán siad sa choláiste Éireannach ann, áit ar bhuail siad le maithe is móra Ghaeilge na linne sin ann: Flaithrí O Maolconaire agus Roibeirt Mac Artuir.



[Is dóigh go bhfuil dul amú éigin ar Ó Cianáin, óir seo an 22ú lá Deireadh Fomhair, ní hé an 21ú lá.



"Dia luain in t-aonmadh lá fichet don mhí chéttna ceilibrait do lucht na cathrach. Eirghit cóic léicce oile go cathraigh oirrdirc dar comhainm Doua. Gapsat muinnter na cathrach go ro-onórach chuca iad. Toirlingit ag coláiste Eirennach buí ar costus rígh na Spáinne sa mbaile. Doghnít féin oirissemh sa gcoláiste. Léicit forgla a lochta coimhiteachtae fon gcathraigh. Bátor i n-a gcomnaidhe gusin aoine buí ar a gcionn. Beiriss orra as Flonndrus an t-athair onórach Flaithrí O Maelconaire, prouincial uird minúir S. Pronséiss a n-Eirinn agus in doctúir Roibert Mac Artuir. "

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 615
Registered: 06-2006
Posted on Monday, October 22, 2007 - 08:39 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 638
Registered: 06-2006
Posted on Monday, October 29, 2007 - 10:28 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

taca na lá seo ceithre chéad bliain ó shoin, d'fhág ár gcairde Tournai:


"Dia lúain an t-ochtmadh lá fichet don mí chétna céimnigit assin gcathraigh sin. Bátor tra a mbaili bheag dhess dhaingen, Aat a ainm, seacht léige ón gcathraigh remhráite. Tig guibernóir in baili tar ballaighip amach i n-a gcomdháil agus dia nglacadh chuicce go honórach airmhitneach. Do-dheachaidh badéin a persain día ttreórugudh go a ttighthibh ósta. Comhscaoílter uile ordanáss in baile mar onórachus agus mar shupailcibh a ttoigeachtae. Tig féin go maithip an bhaile dia n-áithreóss as a haithle. Taissealbhuiss a shupailche co n-a dheig-inntinn dóip. San mbaili sin tra dorala Caiptín Seón Blint a ngairessún. Buí go háilghen cennsa forffaoilidh rompa san."

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 644
Registered: 06-2006
Posted on Friday, November 02, 2007 - 11:35 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Timpeall an ama seo 400 bliain ó shoin, bhuail Aodh lena mhac a bhí ina Chornal ar reisimint na nÉireannach in Arm na Spáinne.

Ansin, tháinig an Marcas Spinola, Ceann Foirne Arm Rí na Spáinne i bhFlondras, ó'n Bhruiséil ag cur fáilte roimh Aodh is a dhream.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 651
Registered: 06-2006
Posted on Monday, November 05, 2007 - 02:18 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ar leataobh tamall.

Chuir an bheatháisnéis thuas ar Fhlaithrí Ó Maol Chonaire ionadh orm. Bhí sé le Armáid na Spáinne a bhriseadh ar oileáin Éilís a hAon Shasana.
Ina dhiaidh sin, léigh mé ar alt Alan Titley le déanaí ar an Irish Times go raibh sé gar do Cionn tSáile tráth an chatha.

Ach seo an chuid a chuir mé an spéis is mó ann:

"He communicated (1610) to the Council of Spain, a translation of the original (Irish) statement of one Francis Maguire concerning his observations in the "State of Virginia", between 1608 and 1610, a curious and unique document of the earliest English settlements in the New World and the life and habits of the Indian tribes (Alexander Brown, The Genesis of the United States, Boston, 1890, I, 392-99)."

Ní mé an bhfuil an ráiteas seo ar fáil in áit éigin : Cartlann Ríoga na Spáinne? Chuala mé go bhfuil lear mór stuif Éireannaigh acu.

An bhfuil duine ann a chuardódh an leabhar thuas agus an tagairt ann a aimsiú dom?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 663
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, November 08, 2007 - 11:13 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

seans dá laghad go bhfuil staraí amuigh ansin, nó ábhar staraí, nó fiú duine fiosrach ?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 341
Registered: 11-2006
Posted on Thursday, November 08, 2007 - 11:27 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bheadh suim nach beag agamsa freisin i dtuairimí Mhig Uidhir

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 342
Registered: 11-2006
Posted on Thursday, November 08, 2007 - 11:33 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá scríbhinn Mhig Uidhir le fáil sa leabhar "The genesis of the United States " agus beidh sé ort an leabhar sin a cheannach chun é a léamh

(Message edited by Mise_Fhéin on November 08, 2007)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 665
Registered: 06-2006
Posted on Friday, November 09, 2007 - 07:05 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Nach mbeadh sé i leabharlann ollscoile in áit éigin?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 345
Registered: 11-2006
Posted on Friday, November 09, 2007 - 07:38 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Gan amhras, ach is fada an lá ó d'fhág mé Ollscoil Chorcaí, agus níl sé i gceist agam a dhul ar ais aríst. ;)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 346
Registered: 11-2006
Posted on Friday, November 09, 2007 - 07:39 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

ar aon nós, cá'il ár nIarlaí anois ar a dturas fada?

(Message edited by Mise_Fhéin on November 09, 2007)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 667
Registered: 06-2006
Posted on Friday, November 09, 2007 - 07:53 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Sea, fuair mé amach go bhfuil profaí an leabhair ag Ollscoil in Willemsburg, Virgenia; agus stuif taighde uile an stairí seo.

is trua nach bhfuil "dalta" éigin sa timpeall. ~Ach tá eagrán nua den leabhar ann ó 1994 nó mar sin.
Agus níl uaim ach tagairt don chuntas sin. Cá bhfuil an buncháipéis?



Fós ar leataobh:
ar 5 Samhain bíonn an Sasanach ag ceiliúradh "plota an phúdair gunna" a tharla in 1605, dhá bhliain roimh ár gcairde a bheith ag siúl Flondrais. Comhcheilg Caitliceach mar a thugtar air. Níl mé cinnte, ach an bhfuil baint ag aon chaitheamh anuas, de dheasca an phlota seo, a bheadh ar Chaitlicigh sna chríocha faoi Shasana ag an am agus imeacht na nIarlaí?
Agus nach ioróineach go raibh Guido Fawkes sa Bhruiséil trí bhliain roimh ár gcairde. Sílim freisin go raibh Guido in arm na Spáinne i bhFlondras roimh a fhilleadh ar Shasana roinnt blian roimhe sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6444
Registered: 08-2004


Posted on Friday, November 09, 2007 - 08:24 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí dlúthcheangail eatharthu.

Chuir an iarracht sin sceon ar bhunaíocht Shasana, a chreid narbh ach mionlach cloite iad Caitlicigh.
Maireann an iarmhairt.

Féach nach sé de mhisneach ag Blair dul leis an Eaglais Rómhanach go dtí anois...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 669
Registered: 06-2006
Posted on Friday, November 09, 2007 - 08:32 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Féach nach sé de mhisneach ag Blair dul leis an Eaglais Rómhanach go dtí anois"


B'fhéidir go bhfuil súil aige bheith ina rí,[;-)] rud atá cosctha ar Chaitliceach, ach ní raibh an tAcht sin a choscadh ann roimh 1745, beagnach céad go leith bliain i ndiaidh imeacht Aodha.


Is dóigh áfach gur caitheadh ag an Caitliceach ag an am mar a chaitear leis an Muslamach sa Bhreatain anois .i. faoi amhrais de dheasca an chreideamh

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 674
Registered: 06-2006
Posted on Friday, November 09, 2007 - 10:43 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ar ais chuig Aodh:

400 bliain agus an taca seo, chuaigh sé isteach i Lobháin agus d'fhan sé in ostán darb ainm Óstán an Impire. Ina dhiaidh sin fuair sé dhá "phálás" ar cíos.

Bhuail sé le Sasanach, "Sir Uuilliem Stanlui" a bhí in arm na Spáinne ann. Is léir nach raibh náisiúnachas i réim go fóill ach go raibh Aodh agus a lucht ag éalú ó chreideamh nár bhain leo.




"Dia haoine, in nómadh lá Nouembriss, gluaissis O Néill agus in t-ierla gussna maithip bátar maille riú as Noetor Daam. Bátor an oidhche sin a prímh-chathraigh oirrdirc oireghdha, Louáine a hainm, secht léige. Buí O Néill a ttigh óstae dar comhainm tegh an impire, an t-ierla a ttigh oile. Oirisit tra fon innus sin go cionn deich lá. Ier sin tic Sir Uuilliem Stanlui, senridire saigdiúirthe Saxanach buí a seirbhíss rígh na Spáinne, go morán do dhaoinibh uaisle dia fféchain agus ar cuairt chuca. Ro glacsat assa haithle cúpla páláss onórach issin gcathroigh ar gné chíossae a fforcionn gacha míossa."

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 679
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, November 15, 2007 - 11:23 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí Aodh timpeall seacht mbliana ar trí scór d'aois um an taca seo. Níl fhios agam cé chomh líofa is a bhí a chuid béarla, ach is dócha go raibh sé ar a thoil aige. Níl fhios agam an raibh Fraincis aige nó ar fhreastal sé ar dráma éigin agus é i Lobháin.

Bhí Uilliam Shakespeare trí bliana ar dhá scór d'aois um an taca seo. Nuair a chuir Aodh an droimrith ar an Iarla Essecs in 1599, bhí Uilliam fós ag scríobh a chuid soinéad. Timpeall an ama seo, scríobh sé an dráma Henry V, an t-aon dráma aige go bhfios dom, a bhfuil carachtaer Éireannach ann, an Caiptín Mac Muiris, más buan mo chuimhne, agus na línte aige, baineann siad lena fhéiniúlacht Éireannach: Cad é mo náisiún? a deir an tÉireannach. Ní luaitear creideamh i ndrámaí Uilliam, bheadh sé sin ró-chontúirteach, is dóigh, ach is ionadh dom go bhfuil cúrsaí náisiúntachta ag teacht chun cinn ar bhéal Éireannaigh i ndráma Sasanach.

Ar 25 Feabhra 1601, dícheannadh Essecs ag an bhanríon Éilís Shasana, timpeall an ama chéanna is a chríochnaigh Uilliam Hamlet. Cuireadh i gcló é in 1604, trí bliana roimhe seo, ach ní léir ar léigh Aodh riamh é. Is eol dúinn go ndearna léiriú Hamlet i mbéarla in Dresden in 1626 ach níl fhios agam ar bhfaca Aodh riamh é ach an oiread.

Bhí fhios ag Aodh, is dócha, dá mba bheag ag rialtas Shasana a chuid ceannairí fhéin go rachadh sé dian dó a chloigeann fhéin a choinneáil ar a ghualainn fhéin, gan a aird a chuir i ndrámaíocht.

400 bliain ó shoin, taca an geimhreadh seo, scríobh Uilliam Anthony and Cleopatra; anuraidh scríobh sé Mac Beatha http://coisceim.ie/williamshakespeare.html agus i ndiaidh trí chéad bliain cuireadh Gaeilge air

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 680
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, November 15, 2007 - 11:26 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí Aodh timpeall seacht mbliana ar trí scór d'aois um an taca seo. Níl fhios agam cé chomh líofa is a bhí a chuid béarla, ach is dócha go raibh sé ar a thoil aige. Níl fhios agam an raibh Fraincis aige nó ar fhreastal sé ar dráma éigin agus é i Lobháin.

Bhí Uilliam Shakespeare trí bliana ar dhá scór d'aois um an taca seo. Nuair a chuir Aodh an droimrith ar an Iarla Essecs in 1599, bhí Uilliam fós ag scríobh a chuid soinéad. Timpeall an ama seo, scríobh sé an dráma Henry V, an t-aon dráma aige go bhfios dom, a bhfuil carachtaer Éireannach ann, an Caiptín Mac Muiris, más buan mo chuimhne, agus na línte aige, baineann siad lena fhéiniúlacht Éireannach: Cad é mo náisiún? a deir an tÉireannach. Ní luaitear creideamh i ndrámaí Uilliam, bheadh sé sin ró-chontúirteach, is dóigh, ach is ionadh dom go bhfuil cúrsaí náisiúntachta ag teacht chun cinn ar bhéal Éireannaigh i ndráma Sasanach.

Ar 25 Feabhra 1601, dícheannadh Essecs ag an bhanríon Éilís Shasana, timpeall an ama chéanna is a chríochnaigh Uilliam Hamlet. Cuireadh i gcló é in 1604, trí bliana roimhe seo, ach ní léir ar léigh Aodh riamh é. Is eol dúinn go ndearna léiriú Hamlet i mbéarla in Dresden in 1626 ach níl fhios agam ar bhfaca Aodh riamh é ach an oiread.

Bhí fhios ag Aodh, is dócha, dá mba bheag ag rialtas Shasana a chuid ceannairí fhéin go rachadh sé dian dó a chloigeann fhéin a choinneáil ar a ghualainn fhéin, gan a aird a chuir i ndrámaíocht.

400 bliain ó shoin, taca an geimhreadh seo, scríobh Uilliam Anthony and Cleopatra; anuraidh scríobh sé Mac Beatha http://coisceim.ie/williamshakespeare.html agus i ndiaidh trí chéad bliain cuireadh Gaeilge air

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 689
Registered: 06-2006
Posted on Monday, November 19, 2007 - 06:29 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An mbeadh fhios ag Aodh go bhfuil sé sé mhí ó chuireadh jamestown san Oileán Úr ar bun, ainmnithe i ndiaidh an rí ón raibh seisean ag ealú.

Ní raibh jamestown ar an gcéad lonnaíocht béarlóirí ann, ach seo an chéad cheann a mhair.

Níl fhios agam fós cé hé an Mag Uidhir seo a thug cuntas is a d'aistrigh Ó Maol Chonaire do Philip a Dó.

http://www.virginia.org/jamestown/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 692
Registered: 06-2006
Posted on Friday, November 23, 2007 - 07:10 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Amanathar, 400 bliain ó shoin, i ndiaidh aifrinn is dócha, léim tríocha denár gcairde ar a gcapall agus thug siad bealach na Spáinne orthu ag fágáil na mban is a lucht choimhdeachta sa Lobháin.



"Dia domhnaigh do shonnradh in cóicedh lá fichet Nouembris tochomhláid na maithe si, deichnemhor ar fichit marcach dóip. Ba háil leó dol don Spáinn. Ro fhagoipset a mná uaissle agus drong oile dia lucht coimhitechta a Louáin"

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 353
Registered: 11-2006
Posted on Friday, November 23, 2007 - 07:18 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Níl fhios agam cé chomh líofa is a bhí a chuid béarla"

Bhí Béarla den scoth aige, b'fhéidir níos fearr ná a chuid Gaeilg óir tógadh i measc uaisle na Sasana é go dtí go raibh sé ina fhear. B'in an fáth gurbh Iarla é, má thuigeann tú mé

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 693
Registered: 06-2006
Posted on Friday, November 23, 2007 - 07:33 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní thuigim thú, muis!

Dar ndóigh tá fianaise agat? Cad é mar a bhí a chuid Fraincise, Spáinnise, Laidne?

Nach raibh rúnaí béarla aige? sa gcaoi chéanna is a bhí rúnaí Laidne ag maithe is móra ar fud na mór-roinne ag an am.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 354
Registered: 11-2006
Posted on Friday, November 23, 2007 - 08:31 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níl's agam faoina teangacha eile, ach ní féidir leis fás aníos i Sasana gan Bhéarla !
Níl fianaise agam, ach is cuimhin liom clár faoi, agus b'in pointe a chuaigh i bhfeidhm orm.
B'fhéidir go mbeidh eolas ag daoine léannta eile.

(Message edited by Mise_Fhéin on November 23, 2007)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 355
Registered: 11-2006
Posted on Friday, November 23, 2007 - 08:33 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 694
Registered: 06-2006
Posted on Friday, November 23, 2007 - 10:44 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dar ndóigh scríobh mé thuas
"Níl fhios agam cé chomh líofa is a bhí a chuid béarla, ach is dócha go raibh sé ar a thoil aige."



Shíl mé go raibh fianaise éigin agat. Dála an scéil, an raibh léamh agus scríobh aige, seachas a ainm a shíniú?



Nóta:
Dar ndóigh, ní i dtaca le holc atá mé, ach chaith Herr A. Hitler 18 mí i Learpholl i ndiaidh an chéad chogadh domhanda agus níor thug sé an béarla leis. Déarfadh daoine eile nach labhradh béarla i Learpholl riamh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 356
Registered: 11-2006
Posted on Friday, November 23, 2007 - 10:47 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

As a boy, Hugh O'Neill had been taken into the care of Elizabeth's viceroy, Sir Henry Sidney, and raised as an English nobleman.

Déarfhainn go raibh léamh agus scríobh aige chomh maith

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 695
Registered: 06-2006
Posted on Friday, November 23, 2007 - 10:55 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Nuair a luaigh mé fianaise ní alt gan údar ainmnithe ar irelandseye ná tuairim pearsanta a bhí mé chuige!

Beir bua!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 357
Registered: 11-2006
Posted on Friday, November 23, 2007 - 11:28 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí sé ar an teilifís freisin, ar an gclár "Imeacht na nIarlaí " a chraoladh ar BBC le déanaí

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 358
Registered: 11-2006
Posted on Friday, November 23, 2007 - 11:29 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Rugadh é sa bhliain 1550. Garmhac ab ea é de Chonn Ó Néill, an chéad Iarla ar Thír Eoghain. Nuair a bhí sé naoi mblina d'aois, cuireadh ar dáltachas é chuig Giles Hovendon, Plandóir Sasanach de chuid na Páile. Oileadh é i Sasain i measc uaisle na Sasana, áit ar fhoghlaim sé beartaíocht na cogaíochta agus ealaín na taidhleoireachta.

http://www.flightoftheearls.ie/gaeilge/charactersg.html

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 696
Registered: 06-2006
Posted on Monday, November 26, 2007 - 07:10 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maith thú, a mhise-fhéin.

" Oileadh é i Sasain i measc uaisle na Sasana, áit ar fhoghlaim sé beartaíocht na cogaíochta agus ealaín na taidhleoireachta"

Bheadh sé spéisiúl d'fháil amach cé a chuir foghlaim air

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 360
Registered: 11-2006
Posted on Monday, November 26, 2007 - 07:17 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bíonn clár iontach spéisiúil ar RnaG faoi Imeacht na nGael Uaisle:
http://www.rte.ie/rnag/imeachtnaniarlai1607.html

B'fhéidir go mbeadh rud eicínt faoina dháltachas ar an gcéad chlár de?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 697
Registered: 06-2006
Posted on Monday, November 26, 2007 - 07:19 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Inné, i ndiaidh fágáil na Lóbháine ina ndiaidh, bhuail ár gcairde le marcshlua an Ard-Dhiúic is lean siad ar aghaidh.

Inniu 400 bliain ó shoin, bhuail siad ar aghaidh agus flichshneachta ann.

Ach sa chéad baile mór eile, bhí fógra ag feitheamh orthu, ordú an Ard-Dhiúic filleadh ar an Lóbháin. Chuir Aodh litir ar ais go dtí an Bhruiséil ag lorg soiléiriú an ordaithe, ach níor tháinig ach an dara ordú chucu ag tabhairt orthu fileadh ar ais.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 628
Registered: 06-2006


Posted on Monday, November 26, 2007 - 10:20 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is geall le chomhfhreagraí nuachtáin thú, a Fhirn. Gura fada buan thú!

Ar fhilleadar nó ar leanadar orthu ar aghaidh?
Beidh mé ag tiúineáil isteach don chéad tuairisc eile gan dabht!


A Mhise Fhéin, sin an clár a craoladh i dtosach na bliana seo, is dóigh liom. Tá sraith eile ar siúl anois acu (tráthnóntaí Domhnaigh) ach is deacair é a aimsiú ar a suíomh idirlín. Seo iad an dá pháirt de atá craolta go dtí seo:
rtsp://streaming2.rte.ie/2007/1118/18112007rte-rng-imeachtnaniarlai.rm
rtsp://streaming2.rte.ie/2007/1125/25112007rte-rng-imeachtnaniarlai.rm
(Nílim cinnte an oibríonn an dara nasc fós - ní raibh an comhad curtha suas acu faoin am seo aréir.)

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 698
Registered: 06-2006
Posted on Monday, November 26, 2007 - 10:46 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A abigail,

Sé Jack Bauer an tinfeadh a bhí agam 24 agus real time .


Dar ndóigh tá a gcuid cinniúint breactha ar fud an idirlín; ach ní sceithfidh mé deireach an scéil go fóill.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 629
Registered: 06-2006


Posted on Monday, November 26, 2007 - 11:21 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níl an t-am agam le dhul ag cuartú an idirlín uilig ag cur a dtuairisce... tá mé in ainm is a bheith ag obair anseo!

Fanfaidh mé go foighneach mar sin - nó chomh foighneach agus is féidir liom - don chéad bhluire eile scéil uait. Ach cheap mé nár mhiste insint duit go mbíonn lucht léitheoireachta ag brath ar do chuid focal. Rud é sin a theastaíonn ó na hiriseoirí uilig, de réir mar a thuigim é. (Sin agus na duaiseanna móra iriseoireachta a ghnóthú, ach nílim in áit na garaíochta duit ansin...)

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 699
Registered: 06-2006
Posted on Monday, November 26, 2007 - 11:31 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"go mbíonn lucht léitheoireachta ag brath ar do chuid focal"


(Deargadh leicinn) ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 765
Registered: 11-2004


Posted on Monday, November 26, 2007 - 04:47 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maithigí dom an fógra seo as Béarla, ach baineann sé le hábhar. Má bhíonn éinne in Nua-Eabhrac...

The CUNY Institute for Irish-American Studies in cooperation with the
Consulate General of Ireland, New York, will sponsor a

Commemoration of the Flight of the Earls Event (1607) at
CUNY Graduate Center,Manhattan
(5th Avenue between 34th & 35th Street)
Room C198,
December 7th at 7pm.

A presentation will be made by Catherine McKenna, the Margaret
Brooks Robinson Professor of Celtic Languages and Literature at Harvard
University.

The commemoration will also include traditional Irish music.
While this event is free and open to the public, seating is limited. Please bring photo ID

Please phone 718- 960-6722 to reserve a seat or e-mail

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 633
Registered: 06-2006


Posted on Monday, November 26, 2007 - 06:02 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Admhaím go mbaineann. Ach éist, is cosúil nach mbeidh an chóisir féin ann go ceann deich lá eile... nach bhfágfadh sé sin do dhóthain ama agat le haghaidh Gaeilge a chur ar an bhfógra, seachas é a bhreacadh síos anseo i dteanga choiscthe?

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 361
Registered: 11-2006
Posted on Tuesday, November 27, 2007 - 04:25 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

curtha in eagar

(Message edited by Mise_Fhéin on November 27, 2007)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 766
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, November 27, 2007 - 02:33 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Rinne mé cóip de rud a fuair mé sa phost, agus tá sé ann duitse má mian leat leagan eile a dhéanamh de. Táim féin ró-leisciúil.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 636
Registered: 06-2006


Posted on Wednesday, November 28, 2007 - 08:05 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní fiú é anois. Tá an feall déanta!

(Ach mar sin féin táim buíoch díot as é a chur ar ár súile - dá mbeinn i gcongar don chathair is dóigh go ngabhfainn. Níl de ghearántacht agam faoin bhfógairt féin ach amháin faoin gcaoi ar rinneadh é.)

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 700
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, November 28, 2007 - 12:42 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní i NuaEabhrach amháin a mbíonn ceiliúradh ar siúl.

In Ollscoil Chaitliceach na Lóbháine, sa leabharlann i rith an tsamhradh bhí taispeántas ag tabhairt chun cuimhne bliain ár laochra ina bhunaigh Froinsiasaigh Éireannacha a gcoláiste ann.

Deir an fógra go raibh Froinsiasaigh Éireannacha ann go dtí cúig bhliana ó shoin:



http://www.kuleuven.be/nieuws/berichten/2007/pb14_05_2007.html


http://www.kuleuven.be/nieuws/berichten/2007/pb14_05_2007.html

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 701
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, November 28, 2007 - 12:52 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A dúirt an taoiseach seachtain ó shoin:

http://www.taoiseach.gov.ie/index.asp?locID=166&docID=3612

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 363
Registered: 11-2006
Posted on Thursday, November 29, 2007 - 07:50 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

feicim go bhfuil an clár suas ar shuíomh RnaG anois.

http://www.rte.ie/rnag/imeachtnaniarlai.html

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 702
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, November 29, 2007 - 10:47 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ceithre chéad bliana agus an lá inniu, shroich ár laochra Lóbháin arís agus thug siad an geimhreadh ann

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 769
Registered: 11-2004


Posted on Friday, November 30, 2007 - 10:02 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Muise! Nach raibh geimhreadh acu ann roimhe sin? Thugamar féin an samhradh linne...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 707
Registered: 06-2006
Posted on Friday, November 30, 2007 - 10:14 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ag rámhaillí arís, a shéamais? ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 711
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, December 04, 2007 - 10:40 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní mé cad a bhí sa gceann ag Aodh taca an ama seo ceithre chéad bliain ó shoin.

Bhí Aodh i ndiaidh aontú áirithe a eagrú a chuirfeadh cogadh ar an Sasanach. Timpeall 10 mbliana roimhe, chuir sé ruaig ar an Sasanach ag Briseadh an Átha Bhuí agus d’impigh Sasanaigh Átha Cliath air gan chath a chur orthu.

Bhí fhios ag Aodh nach raibh dul aige bheith leis an Sasanach ach faoi scáth Rí na Spáinne. Ag am áirid, tairisceadh ríocht na hÉireann ag Aodh do Rí na Spáinne.

Bhí cabhair na Spáinneach uaidh mar bheadh gunnaí móra is airtilire acusan a sheasfadh do armlón an tSananaigh.

Faoi 1601, tháinig an tArm Spáinneach ach d’imigh sé i dtír I gCionn tSáile Chorcaí, ach faoi Oíche Nollag, bhí briste ar a arm agus thug said na cosa leo ar ais go hUladh.

Faoi 1603, shínigh sé conradh leis na Sasanaigh ag An Mhainistir Mhór chois Sláine.

Bhí Aodh fós ag brath ar chabhair d’fháil ó Rí na Spáinne. Sin an fáth a thug sé an Spáinn air agus a bhí anois I bhFlondras, fearann na Spáinne ag an am.

Ach ní raibh ag dul leis.

I ndiaidh na mblianta naimhdis idir An Spáinn agus Sasana Éilíse, bhí Éilís ar shlí na fírinne agus conradh síochána i ndiaidh sínithe idir an Spáinn is Sasana.

Is beag airgead a bhí fágtha i státchiste na Spáinne ag an am a mhaoineodh slógadh míleata nach raibh gá leis.

Bhí an Ollainn cairdiúl le Sasana agus bhí arm Shasana ann. Agus bhí an Ollainn in ainm is faoi Rí na Spáinne. Níor mmian le Rí an Spáinne an t-olc a chuir ar an Sasanach ná ar an Ollainneach.

Ba mhian a chroí ag Aodh is dócha labhairt go pearsanta le Pilip 111 na Spáinne chun teacht timpeall na deacreachtaí seo. Tar éis an tsaoil, bhí Aodh ag troid go cróga le naimhde na Spáinne le fiche bliain anuas, ag coinneáil an tSasanach gnóthach agus as slí na Spáinnigh; bhí stádas agus reisimint ag a ghaolta in arm na Spáinne agus bhí sé páirteach i gcogadh na gcreideamh in aghaidh na n-eiriceach amhail na Spáinne.

Ach an t-ordú seo ó ionadaí Rí na Spáinne gan dul go dtí na Spáinne agus fanacht mar a raibh sé: cé’n chiall a bhí leis?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 771
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, December 04, 2007 - 12:17 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Pilip 111"

Cé atá ag rámhaillí?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 712
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, December 05, 2007 - 06:53 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tusa, fós? ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 716
Registered: 06-2006
Posted on Friday, December 07, 2007 - 08:11 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Díol suime ag daoine áirid cumas Uí Néill sa Bhéarla agus sa Ghaeilge fiú.

Ar 7 Meán Fomhair 1599, bhuail Aodh le Roibeard Deibhriús, an Iarla Esseics in aice abhann in Uladh. Ní raibh fear teanga i láthair ach fós choinnigh siad caint le chéile ar feadh leathuair an chloig. Mar sin, bhí béarla a dhothain aige .

Anois, tógadh Aodh i measc Sasanach na Páile cé nach bhfuil mé cinnte cad é a bhí sa Pháil ag an am, nó fiú cá raibh a teorainn.

Ach seo scéal eile:
D’iarr Cú Chonnacht óg Maguír ar a ollamh filíochta, Eochaidh ó hEodhasa, dán grá, mar dh’ea, a chumadh in onóir do Bhríd, iníon Iarla Chill Dara. Chum an file “An Síofra” ( fc: Dánta Grá le Ó Rathaile ). Is léir ón dán freagra gur thuig Bríd go maith cé a rinne an cheapadóireacht agus gur ordaigh sí dán dá chuid féin mar chuid den ghreann. Máthair is seanmháthair Bhríde, Sasanaigh a b’ea iad, agus d’admhaigh sí féin le Fear Ionad Rí Shasana ina dhiaidh sin nach raibh an Ghaeilge RÓlíofa aici.

Dála an scéil, tá Cú Chonnacht ar dhream Aodha sa Lóbháin anois.

Phós Bríd Ruairí Ó Donaill, a thug an MórRoinn air féin freisin, ach ó tharla do Bhríd bheith i measc a muintir féin i gcaisleán Mhá Nuad ag an am, ní dheachaidh sí ina theannta.

Sílim go raibh muintir na Páile ag an am go maith dháthangach.


Mar focal scoir anseo, seo sliocht as leabhar a scríobhadh i Sasana in 1599, ocht mbliana ó shoin darb ainm A Discourse of Ireland: “it is a thing observed in Ireland and grown into a proverb, that English [ settlers ] in the second generation become Irish never English.

Agus tá an drama sin a chuir Shakespeare ar an stáitse sé bliana ó shoin: Henry V.

Tá line ann:

PISTOL: Yield, cur.

FRENCH SOLDIER: Je pense que vous etre le gentilhomme de bonne qualitie.

PISTOL: Qualtitie calmie o custure me. Art thou a gentleman? What is thy name? Discuss.

Anois, tá fhios agam gur deacair béarla Shakespeare fiú do lucht an bhéarla, ach bhí amhrán thuas i measc na Sasanach ag an am darb ainm : Calen o custure me.

Cad é sin in ainm Dé? Deir daoine gur : “ Cailín Óg, a stór, mé” atá ann. Tá sé maíte gur thug saighdiúirí Sasanacha amhráin is focail Gaeilge ar ais go Sasana leo i ndiadh a seirbhís mhíleata ann, agus phioc suas Shakespeare iad.

Ambaist

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6632
Registered: 08-2004


Posted on Friday, December 07, 2007 - 08:27 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is minic bruscar de theanga na mbundúchasach ag saighdiúirí drúisliúla.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 366
Registered: 11-2006
Posted on Friday, December 07, 2007 - 08:28 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dá mbeadh duais san Oireachtas ag dhul le haghaidh an phoist is fearr ar an idirlíon sílim go mbeadh sé ag dhul dhuit a Fhirn leis an gceann sin thuas.
Ana-shuimiúil

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 717
Registered: 06-2006
Posted on Friday, December 07, 2007 - 08:35 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

GRMA, a mise-fhéin, agus tá súil agam go bpléfidh mé na pointí a tharraing tú anuas ar ball

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 774
Registered: 11-2004


Posted on Friday, December 07, 2007 - 09:40 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

mé? Cén ciall leis an sraith focal sin? An bhfuil a leithéid de amhrán ann ón am sin? Is iomaí teoiric maidir le focail a théann ar strae... Ach sin ráite, chuala mé cheana go bhfuarthas Gaeilge in Shakespeare.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 718
Registered: 06-2006
Posted on Monday, December 10, 2007 - 08:06 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Taca an ama seo ceithre chéad bliain ó shoin, fuarthas an scéala seo ón Bhruiséil ( Rúnseirbhís na Spáinne?)

Cuireadh Cormac mhac an barúin, deartháir Aodh , go Sasana agus cuireadh sa Túr Londan é.

Cuireadh Tiarna Bhinn Éadair agus Barún Dealbhna i gcarcar Chaisleán Bhaile Átha Claith.

Marbhadh Mac Mathúna i Muineacháin ag gobhanóir Shasana in Éireann ( Fuarthas amach ina dhiaidh sin nár mharbhadh é )

Cuireadh Brían O Néill, mac Airt, mhic an bharúin, chun báis le Sar Artuir Sitsetsar, Giústas na h-Éirinn.

Cé nár mhór ag Aodh bás a ghaoil ag Sitsetsar, b'iomaí creach a ndearna sé ar thailte is ar mhuintir Aodha.



Cuireadh an scéala seo ar fad lagmhisneach ar ár laochra

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 719
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, December 11, 2007 - 12:18 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An Barún Dealbhna thuas, sílim gur Uilliam Nuinseann atá ann. Bhí an clann de bhunadh Normannach lonnaithe i nDealbhna leis na céadta bliain.

An Uilliam seo, chuaig sé go Ollscoil Oxford sa bhlian 1571, 36 bliain ó shoin. Ní foláir go bhfuil caoga bliain is corradh mar aois aige , gar go leor do aois Aodha.

Dar ndóigh ní raibh ollscoil in Éireann roimh bunú choláiste na Trionóide ag Eilís Shasana in 1592, ceithre bliana déag ó shoin, an bhlian chéanna is a bhunadh an coláiste Éireannach in Salamanca na Spáinne cé gur bunadh an chéad choláiste Éireannach i bParás.

Seo 55 blian ó scrios an Sasanach Cluain Mhac Nóis in 1552.Lárionad oideachais in Éirinn a bhí ann.

Is mar ghníomh den Athleasú Creidimh a chuireadh na coláistí ar bun, cinneadh de chuid Chomhairle Thrionta in 1564, de chéadnithe, léann formálta a chur ar fáil do ábhair sagairt.

Ar aon nós, an tUilliam seo, scríobh sé roinnt dánta Gaeilge, in Oxford dó de réir dealraimh, ina measc:

"Díomá triall ó thulacha Fáil" agus "Cumha na hAthartha".

(Message edited by Fearn on December 11, 2007)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 720
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, December 11, 2007 - 01:25 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An mac Mathúna thuas, taoiseach Chlann Mathúna dar ndóigh, is dóigh gurb é an Mac Mathúna a chuidigh le Aodh cath a chur ar an Sasanach ag Cluain Tiobraid aon bhliain déag ó shoin, an chéad bhuille is bua a thug Aodh i gCogadh an dá Aodh a mhair 1594/5 go síniú an chonradh in 1603.

De réir mar a chuirim aithne ar Aodh, is léir gur thuig sé tabhacht bheith dlúth le do chomhghuaillithe agus tabhacht scaradh comhghuaillithe do naimhde.

Obair mhór é seo ag Aodh dar ndóigh mar bheadh gach muintir in Éirinn ag iarraidh cumhacht a leasa a bhaint amach cuma cé a mbeadh thíos: bheadh daoine ar thaobh na Sasanach seal agus ar thaobh a chéile de réir mar a d'oirfeadh sé dóibh agus dar ndóigh bheadh seanfhaltanas riamh ann idir muintir. Fiú taobh istigh de chlann Mathúna ag an am seo bhí faicsean ag crinneadh a chéile ar mhaithe le cumhacht.

Cad é mar a bhain Aodh dílseacht Mhic Mhatúna amach? Bhí Mac Mathúna pósta ar iníon Aodha.

Dar ndóigh tá fearann Mhic Mhatúna idir fearann Aodha agus an Pháil.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 723
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, December 13, 2007 - 07:59 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is ionadh dom Binn Éadair is a “Thiarna” bheith sa scéal.

Ach cé hé?

Sa 16ú aois, bhí foghlaí mara darb ainm Gráinne Ní Mháille, nó Gráinne Umhaill. ( Tá Umhall in Maigh Eo). Tá sé amuigh uirthi sa bhliain 1575/6 gur iarr sí flaithiúnas ar Iarla Bhinn Éadair, di fhéin is dá foireann, de réir an nóis Ghaelaigh. Diúltadh di. D’fhuadaigh sí mac an Iarla a bhí ina thachrán gur bhain sí amach gealltanas nach ndruidfí an caisleán roimh cuirteoirí choiche agus go mbeadh fáilte chun béile ann di choiche. Go dtí an lá inniu,deirtear go ngléastar an tábla bidh in Caisleán Bhinn Éadair, le áit breise ag am bidh.

Anois, an tachrán sin, an é seo ár dTiarna?

Más ea, Christopher St. Lawrence atá ann, cé nach bhfuilim cinnte an duine chéanna atá ann. Bhí an fear seo ina chaiptín in arm Iarla Esseics i gcoinne Aodha. Ach ná déan dearúd gur tógadh Aodh i measc boc móra na Páile is chuirfeadh sé aithne ar an daoine is tabhachtaí.

Anois, seo duine de bhunadh na Páile in arm Shasana, agus cara ag Roibeard Deibhrúis, Iarla Esseics agus tá focal curtha síos dó:
“I am sorry that when I am in England, I should be esteemed an Irishman, and in Ireland, an Englishman.”
Sílim go bhfuil an mearadh chéanna ar Aondachtaí na linne seo.

Anois eile, luaigh mé ó chianaibh, caractaer Éireannach i ndráma Shakespeare: MacMorris sa dráma Henry V.
Seo a deir seisean:
“Of my nation? What ish my nation? Ish a villain, and a bastard, and a knave, and a rascal? Who talks of my nation?”
(Sea, chuir Shakespeare tús le magadh an tuin Éireannaigh)

Sílim go bhfuil Macmorris bunaithe ar St. Lawrence, Éireannach de bhunadh Normannach in arm Shasana. Dar ndóigh Séamas MAC MHUIRIS Mac Gearailt a chur tús leis an Éirí Amach in 1579. Eireannach de bhunadh Normannach.

Bhí Shakespear róghlic le cúrsaí a chur amach ina dhramaí róshoiléir a chuirfeadh olc ar dhaoine nó ar rialtas. Cé go raibh dramadóirí eile ann sa tréimhse seo, is eisean amháin a tháinig slán ó dochar: Céasadh Thomas Kyd ar an raca; Maraíodh Christopher Marlowe, deirtear gur feallmharaíodh é; agus bhí Ben Jonson i gcarcar de thoradh dráma. Ní raibh sé éasca an fhírinne a chur ar stáitse is gan olc a chur ar dhaoine. Mhaígh turasóir Éilbhéiseach ag an am gur le dramaí a bhfuair an Sasanach a nuacht idirnáisiúnta ag an am.

Fiú I ndiaidh titim ó ghrásta Eiseics , sa chéad eagrán eile de HenryV, baineadh amach gach tagairt don Éireannach, cionn is go raibh Eiseics ciontach as rath Aodha in Eirinn

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 370
Registered: 11-2006
Posted on Thursday, December 13, 2007 - 09:10 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An-shuimúil aríst, gura míle.

Chonaic mé ar an Leabhar "Imirce na nIarlaí" gur scríobh Aodh Mór a ainm "TIRONE" agus Ruairí Ó Domhnaill a ainm "TIRCONAILL"
agus scríobh Cathaoir Ó Dochartaigh "Cahir ODoherty"

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 724
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, December 13, 2007 - 09:54 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is dóigh gur caipéisí comhaimseartha iad a luann tú. An deir an leabhar cá bhfuil na bunchóipeanna? Cén leabharlann? Cén iarsmalann?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 371
Registered: 11-2006
Posted on Friday, December 14, 2007 - 05:26 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní thuigim thú maidir le "cáipéisí comhaimseartha " de?

Ní thugann an t-úadar an áit ina bhfuil siad dúinn, níl ann ach grianghrafanna dena sínithe. Ag breathnú dhom orthub aríst, sílim go bhfuil síniú Uí Dhomhnaill "TIRCONNIL"

(Message edited by Mise_Fhéin on December 14, 2007)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 728
Registered: 06-2006
Posted on Friday, December 14, 2007 - 08:45 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

cáipéisí comhaimseartha : Caipéisí ón aimsir úd.

Is trua nach bhfuil a thuilleadh eolais ann. An bhfuil an leabhar sin go maith?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 730
Registered: 06-2006
Posted on Friday, December 14, 2007 - 09:30 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Comh maith le comhghuaillithe in Éireann, bhí Aodh i dtaobh comhghuaillithe idirnáisiúnta; Pilip III na Spáinne dar ndóigh ar son arm nua-aimseartha is saighdiúirí oilte, na hAlbanaigh ar son gallóglaigh agus báid: agus an Pápa.

Anois, d’eisigh an Pápa bulla in 1570, tríocha sé bliana ó shoin, a d’fhógair coinneallbhá ar Eilís Shasana agus scaoileadh óna geillsínigh Chaithliceacha aon dílseacht di. Fiú thug sé cead a feallmharú. Fiú ina dhiaidh sin, bhí an Pápa sásta saighdiúirí a chuir ar fail do Éirí Amach na nGearailteach beagnach fiche bliain ó shoin. Ach anuraidh, bhí triúr Pápa ann, ceann i ndiaidh a chéile agus tá Pól V sa Suí Naofa ós chionn bliana.

Anuraidh chuir sé litir chuig Séamas I Shasana ag céiliúradh a ríú leis, (trí bliana déanach), ag déanamh comhbhrón leis as an iarracht feallmharaithe air – Comhcheilg an Phúdair Gunna – ag impí air gan géarleanúint a chur ar Chaitlicigh uile a ríochtaí, de dheasca choir dhíorma bheag. Thug sé le fios anois go raibh ar Chaitlicigh bheith dílis dó fhad is nach gcuirfeadh a dhlithe isteach ar a gcuid coinsias.

Bhí baol ann go gcaillfeadh Aodh “Taobh an Chreidimh” dá fheachtas.

Duine de na Borghese an Pápa seo. Tá sé in earraid le Phoblacht na Uinéise, san Iodáil, cheana de dhroim a dlinse ar chléirigh .i. ní raibh Uinéis sásta cead a chinn a thabhairt do cúirteanna eaglasta sna críocha Uinéise thar cúirteanna na Poblachta. Chuir an Pápa Rialtas Uinéise ar faid faoi choinnealbhá agus urghaire ar an gcathair. Ach I ndiaidh sin is uile, fuair Uinéis cead a chinn i dtaobh an ábhar seo.

Amach anseo, bheadh an Pápa i ngleic le Séamas I Shasana i dtaobh Mhionn na Dílseachta a iarrfaidh sé .

An cheist diagachta a bhí suas an bhliain seo, is ceist na grást é: Cad is críoch an ghrást. Bhí diagairí glórach go leor ina thaobh, ach an bhliain seo, d’fhógair an Pápa tost ar na diagairí ar an gceist seo. Níor shocradh an cheist go dtí i bhfad ina dhiaidh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 744
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, December 19, 2007 - 08:26 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tráth dá raibh bhí mé ag síobshiúl ar oileán Sciathanach in Albain agus casadh caisleán liom i nDún Bhéagain in iarthar an oileán. Seo caisleán Mhic Leoid, Taoiseach chlann Leoid le fada an lá go dtí an lá inniu féin. D’íoc mé mo chuid airgid is thug mé turas an chaisleáin. Is beag nár thit mé i lagachar nuair a dúradh linn gurb é an seod is luachaire a bhí acu ná cuach óir a thug Aodh Ó Néill don Mhic Leoid mar bhuíochas as a chabhair nuair a bhí Aodh ag cur catha ar Eilís Shasana . Níl mé cinnte go díreach cad é an chabhair a thug Mac Leoid mar ní dheirtear a bhí ann ach báid agus gallóglaigh.

Ceardaíocht ar fheabhas atá sa rud gleoite seo agus rith sé liom go raibh tuiscint éigin don ealaín ag ár nAodh.

Anois sa gheimhreadh tagann maithe is móra Spáinneacha na cathrach ar chuairt dó. Is dóigh go bhfuil Aodh ag iarraidh cairdeas a cheangal le cinseal na Spáinne, daoine a chuidódh leis. Ach tá mé i muinín cuntas Uí Chianáin agus is beag a deireann sé cad a bhí sa gceann ag Aodh an tráth seo.

Bhí An Athbheochan, sa chiall An Renaissance, ag treabhadh ar aghaidh ar an Mór roinn leis na céadta bliain anois, ach ar chuir ár nAodh suim ann, ní mé? Céad bliain roimhe seo, thug manach óg Gearmáineach darb ainm Máirtín Liútar cuairt ar an Róimh tráth a bhí Michelangelo i réim. Ina dhialann, is beag tagairt aige don ghluaiseacht ealaíne a bhí suas. Dála Aodha, b’fhéidir, bhí a intinn ar chúrsa eile, cé go raibh seo ina chéad cuairt Aodha ar an mórroinn san impireacht is mó a bhí suas ag an am.

Ar chuir sé spéis san ealaíon, ag féachaint go raibh an chuach sin ina shealbh in Éirinn? Sa bhliain seo, níl Rembrandt ach aon bhliain d’aois agus é ó thuaidh in Leiden. Tá an tír seo, An Ísiltír Spáinneach Thuaidh , in ainm a bheith faoi Philip III ach i ndáirire, tá a neamhspléachas aige cé go bhfuil smacht Spáinneach i bhfeidhm anseo san Ísiltír Spáinneach Theas, mar atá An Bheilg, Lucsambarg, is tuaisceart na Fraince na linne seo. Ach tá cos ar bhog éigin ann, agus tá daoine ag teicheadh ó thuaidh mar theifidh go dtí cathreacha mar Amstardam . Mar sin, tá bláthú faoi na healaíona ó thuaidh nach bhfuil ó theas sa Lobháin go fóill. Íoróineach go deo go bhfuil dream Aodha ina dteifigh i bhfearann ina bhfuil daoine ag teitheadh as.

Ní mé ar bhfaca Aodh an liníocht “ Níochán Deasgnáthach na nIosraelíteach” le Abraham Bloemaert a ndearna i mbliana 1606.

Tá an líníocht seo le feiscint sa National Gallery Of Art, Uaisington D.C. agus an duine atá chun dul go University of Virginia chun foinse Mhaguidhir ar chuntas an Oileáin úir a dheimhniú, is féidir leis a shos a ghlacadh i Uaisington is an líníocht seo a scrúdú.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 752
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, December 20, 2007 - 01:56 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cad a bhí sa gceann ag Aodh bocht an geimhreadh seo?

Ar shamhlaigh sé go mbeadh a scéal a insint 400 bliain anonn ar an idirlíon? Seo i bhfad roimh leictreachas, raidio, teilifís, teileagraf, seirbhís poist agus roimh nuachtán. Ach bhí Ó Cianán aige lena dhialann agus bhí file Gaelach ar a dhream, Mac an Bhaird a ainm, agus Aodh ag súil , b’fhéidir go scaipfeadh sé a scéal i measc na nGael agus teacht roimh bollscaireacht a naimhde.

An raibh na smaointe seo ina cheann ar chor ar bith?.

400 bliain roimhe seo, seachas ina dhiaidh, ar 30 Meán Fomhair, 1207, rugadh file in oirthear Impireacht na Peirse in áit atá in Afgánastán na linne seo. Theith a theaghlach roimh bagairt na Mongalach agus é an-óg agus thug siad iarthar na Peirse orthu. É féin, i ndeireadh thiar thall, chaith sé a shaol in áit in oirthoir na Tuirce na linne seo.

Sealaladín a ainm, is tugadh an t-ainm “Rómhánach” air cionn is gur chuir sé faoi sa chuid den tsean impireacht Rómhánach a bhí san Impireacht Peirseach, nó “Rumi”, ina theanga fhéin.

Ní mé ar thaithnigh fílíocht le Aodh.

Seo dán le Rumi, an file is mó faoi ghnaoi sna SAM, más fíor. Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge air:

Tóraíocht.

An ní a ghortaíonn tú, beannaíonn sé thú,
Is é an dorchadas do choinneal!
Is iad do theorainneacha do sprioc.

D’fhéadfainn é seo a mhíniú dhuit
Ach scaoilfeadh sé clúdach gloine
Do chroí –
Rud nach féidir a dheisiú.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 776
Registered: 11-2004


Posted on Thursday, December 20, 2007 - 03:24 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Seo dán le Rumi, an file is mó faoi ghnaoi sna SAM"

Ait an tagairt sin. Ach is é Donald Rumsfeld an Rumi atá againne.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3395
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, December 20, 2007 - 05:13 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Rummy" a chuala mé agus a chonaic mé riamh. Bliain mhaith ina dhiaidh!

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 753
Registered: 06-2006
Posted on Friday, December 21, 2007 - 09:11 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Páirc an rum?

Ba bhreá liom bheith ann agus tart orm! ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 777
Registered: 11-2004


Posted on Friday, December 21, 2007 - 09:20 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 756
Registered: 06-2006
Posted on Friday, December 21, 2007 - 10:11 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Scríobh Rumi go minic i dtaobh fíona.

Dar ndóigh tá an chathair "Shiraz" sa Pheirs, sa Íaráin na linne seo.

Togha fíona é

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 779
Registered: 11-2004


Posted on Friday, December 21, 2007 - 10:24 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Canaigí liom: Sinne chun fíona a fháil...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 758
Registered: 06-2006
Posted on Friday, December 21, 2007 - 10:25 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

nach tú atá súgach?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 782
Registered: 11-2004


Posted on Friday, December 21, 2007 - 11:37 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Meoin na Nollag atá orm.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 759
Registered: 06-2006
Posted on Friday, December 21, 2007 - 12:43 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Meon le neart 40% alcóil, gan dabht ? ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 783
Registered: 11-2004


Posted on Friday, December 21, 2007 - 03:12 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dá mbeadh sé amhlaidh! Táim stucáilte san oifig fós.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 771
Registered: 06-2006
Posted on Monday, January 07, 2008 - 10:09 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A Sheosaimh,
Scríobh tú é seo thíos ar 9 Deireach Fomhair 2007.
Ar mhiste leat cur leis i dtaca leis a bhaint le hImeacht na nIarlaí?


"Is mór ag daoine an comóradh seo, ach ní miste a chuimhneamh a dhonacht is a bhí gnóthaí an t-am sin, agus a laige is a mheata a bhí ár muintir féin. 75% d'arm Shasana ag Cionn tSáile, meastar, ba chainteoirí dúchais Gaeilge iad.

"Agus Aodh Mór Ó Néill féin, cuimhnímis gur shaothraigh sé an teidil 'iarla' as na céadta Gael is Sean-Ghall a mharú ar son na Sasanach i gceantar Luimnigh. Clann Mhic Gearailt an chuid ba mhó acu.

"Cuimhnímis chomh maith gur shaothraigh Ruairí Ó Domhnaill a iarlacht seisean as Gaeil a mharú agus é sa tóir leis na Sasanaigh, ar (Niall Garbh Ó Domhnaill i dTír Chonaill) agus ar Bhrian Óg (na Samhthach) Ó Ruairc in iarthar Bréifne sa bhliain 1603:

"Fuair Brian Óg bás i Ros Iriala, láimh le hÁth Cinn na Gaillimhe agus é fós gan ghéilleadh dóibh. Cuireadh in uaigh gan aithne ansin é."

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Member
Username: Seosamh

Post Number: 147
Registered: 10-2007
Posted on Monday, January 07, 2008 - 02:03 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maith go leor a Shéamais, cé nach bhfuil oiread leabhar thart orm faoi láthair.

Rith sé liom gur léirigh clár RnaG ar an ábhar i rith na seachtaine gné den rud céanna. Rinneadh trácht ar fhear de mhuintir Hovendon a bhí in éineacht le hAodh Ó Néill, ar an loing agus ar an Mór-Roinn ina dhiaidh sin. Casadh dóibh thall fear inste scéil, Spáinneach de chuid na hArmáide a d'éalaigh as an sléacht a rinne Hovendon (is a dheartháir, measaim) orthu in Inis Eoghain, tuairim is 17 mbl. roimhe sin. Bhí Hovendon i ndiaidh athrú idir an dá linn is casadh ar a chéile iad. Hovendon, Ó Néill, Ó Domhnaill, rinneadar go léir slad ar son Shasana ar dhream éigin am éigin roimhe sin. Chonaic siad sa saol go raibh siad sa gcaoi a raibh an dream a ndearna siad féin a lascadh is a loscadh na blianta roimhe sin.

In éineacht le Col. Guest a bhí Ruaidhrí Ó Domhnaill i mbun léigear ar chaisleán Liatroma. De mhaoil a mhainge a tháinig Ó Ruairc, (Brian Óg) amach as. Scriosadar a thaobh tíre agus a mhuintir sa gcaoi go raibh na Sasanaigh a mhaíomh 'that only O Rourk remains aloof in his fastnesses' nó trácht éigin den chineál sin. Mheas siad nach raibh fanta ina theannta ach trí fhichead fear is each.

An bhliain sin, chuaigh beirt de Chloinn Dálaigh, Niall Garbh agus Ruaidhrí anonn go Londain, ag lorg an teidil Iarla. Ruaidhrí a fuair é.

Fuair Brian Óg Ó Ruairc bás den ghalar dubh an bhliain dar gcionn i Ros Iriala an Achréidh. Ag fanacht faoi choim a bhí sé ag an am. Meastar go raibh a aghaidh ar an Mór-Roinn.


Go bunúsach, bhain na Sasanaigh leas as gach éinne acu seal, leis an dream a bhí ina n-éadan a dhíothú dóibh. Na Spáinnigh is Iodálaigh féin a tháinig go hÉirinn le láimh chúnta a thabhairt, díothaíodh iadsan chomh maith! Dún an Óir in iarthar Duibhneach atá i gceist agam, 1580. http://kimbofo.smugmug.com/gallery/510620/2/20961049#20961049 Bhí Ó Néill, Aodh, an tIarla Tír Eoghain in éineacht leis na Sasanaigh ann nuair díothaíodh gach mac máthar dá raibh ann.
Na hUltaigh leis an Muimhneach a bhriseadh agus Plandáil na Mumhan a chur i gcrích. Nuair a bhí an blár sin folamh, ní raibh le déanamh ach na díothadóirí féin a dhíothú!

Nuair a bhí gach éinne eile tar éis éirí amach is a bheith briste ina dhiaidh, d'éirigh Seaan Ó Dochartaigh amach. Nuair a maraíodh é is nuair a briseadh a arm, cuireadh 2,000 fear díobh amach as Inis Eoghain chuig Rí na Sualainne le troid ar a shon in éadan an tSáir sa Rúis. Is cosúil go bhfuil siad amuigh sa troid sin fós mar níor fhill éinne acu ó shoin!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 772
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, January 08, 2008 - 06:46 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maith mar a scríobh tú, a sheosaimh, cé nach léir dom an bhaint a bhí aige le hImeacht na nIarlaí.

Is dóigh go bhfuil tú a rá go raibh na Gaeil is na seanGhaill ar thaobh amháin ag troid eadarthu féin is an NuaGhall ar an taobh eile ag cothú na troda sin ag ag baint gaisneas as.

Níl agam le rá anois ach na pointí seo leanas:
Ní raibh na Sasanaigh aontaithe ach an oiread.
Ní raibh an choimhlint idir na Gaeil níos measa ná aon dream eile ag an am m.sh. ní dheachaidh na Gearmáinigh i dtoll a chéile go dtí 200/300 bliana i ndiaidh seo. Bhí na hIodáiligh ag cuir catha ar a chéile go paiteanta roimh agus i ndiaidh an tréimhse seo. Féach Machivelli a scríobh a sárleabhar céad go leith bliain roimhe seo ag táispeáint do phrionsaí cé chomh cruaigh is a chóir iad a bheith: gan a muintir fhéin a fhágaint as. Ní dheachaidh an tIodáileach i dtoll a chéile mar náisiún go dtí ós cionn 300 bliain ina dhiaidh seo. Fós cothaíodh na healaíona is an léann ann.

Bhain an tÉireannach leas as an sasanach chomh maith. le linn cath Bhéal an Átha Bhuí, d'éirigh le Ó Néill Sasanaigh a mhealladh chun a thaobhsa ar mahaithe le fáisnéis.

Ach tríd is tríd, ní léir dom nach ndearna Aodh Mór aon rud nach raibh ar siúl go forleathan ar fud na hEorpa ag an am, ach rinne sé go cliste é, níba chliste ná an-chuid daoine eile.

Cinnte is trua nach raibh coincheap agus díleas an stáit nó an náisiún níba fhorbartha i measc Gaeil ag an am. ach sin mar a bhí. Bhí an sasanach , an Spáinneach, an Frainceach, is an Ostaireach buille beag chun tosaigh ag an am; de dhroim a dtreise.

Ach ní fhaca mé an clár teilifíse sin, mar sin, ní thig liom tagairt dó.

Buíochas as do thagairtí fhéin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 774
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, January 08, 2008 - 07:37 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A chailín bhoicht,

Scríobh tú é seo thíos ar 10 Deireach Fomhair 2007.
Ar mhiste leat cur leis i dtaca leis a bhaint le hImeacht na nIarlaí?

"Chomh leis an scéal sin , níor bhuail Aodh Rua ná a mhuintir buille ag Cath an Bhealaigh Bhuí. Ruarcaigh agus Clann Mhaol Ruanaidh (= Mac Diarmada)a mharagih Sir Conyers Clifford ansiúd."

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 787
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, January 08, 2008 - 01:36 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

An gceapann tú go mbím ag caint liom féin, a Sheosaimh? Fearn a chur na geasa sin ort scríobh...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 780
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 11:10 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A Aonghuis,
Scríobh tú é seo thíos ar 7 Nollaig 2007.
Ar mhiste leat cur leis i dtaca leis a bhaint le hábhar?







"Is minic bruscar de theanga na mbundúchasach ag saighdiúirí drúisliúla."

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Member
Username: Seosamh

Post Number: 148
Registered: 10-2007
Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 01:58 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Gabh mo leithscéal a Shéamais. An ceart agat, Fearn (nó a bhean) a chuardaigh an breisín agus a scríobh: -- Is dóigh go bhfuil tú a rá go raibh na Gaeil is na seanGhaill ar thaobh amháin ag troid eadarthu féin is an NuaGhall ar an taobh eile ag cothú na troda sin agus ag baint gaisneas as. --


Is é mo dhearcadh orthu go léir gur i ndiaidh a chéile a chonaic na Gaeil (agus na Sean-Ghaill) a n-aimhleas is a leas. Ní dóigh liom go raibh éinne acu 'cliste' ar chaoi ar bith agus a sliocht orthu siúd a shíothlaigh ina leiciméirí thar lear. Á saobhadh féin ar thacaíocht na Spáinne a bhí siad nuair nach raibh sé i bhfad blianta ó bhíodar féin ag sléachtú na Spáinneach ar chladaí na hÉireann roimhe sin.

Muintir Uí Mhórdha amháin a thuig a dhonacht a bhí an scéal ón tús agus a ghlac an taobh ceart in gach rúscadh in éadan na nGall glún i ndiaidh glúine. Sléacht Mhullaigh Mhaistean http://nq.oxfordjournals.org/cgi/reprint/47/4/423 a mhúin an ceacht dóibhsean sa mbliain 1578.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6756
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, January 09, 2008 - 04:24 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ag tagairt do seo a bhí mé, a Fhirn:

quote:

Tá sé maíte gur thug saighdiúirí Sasanacha amhráin is focail Gaeilge ar ais go Sasana leo i ndiaidh a seirbhís mhíleata ann, agus phioc suas Shakespeare iad.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 784
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, January 10, 2008 - 08:03 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maith thú arís, a sheosaimh agus tiocfaidh mé ar ais chugat ar ball.

Ach ní thuigim an ráiteas seo uait go hiomlán:
"Ní dóigh liom go raibh éinne acu 'cliste' ar chaoi ar bith agus a sliocht orthu siúd a shíothlaigh ina leiciméirí thar lear"

Cad é go díreach a bhfuil tú ag cur ina leith, cé hiad agus cad an an fhianaise agat?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Member
Username: Seosamh

Post Number: 150
Registered: 10-2007
Posted on Thursday, January 10, 2008 - 03:11 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Le cur ina leith: Tréas in aghaidh na hÉireann. Shaothraigh Lord Tyrone agus Lord Tyrconnell a dteidil as sléacht a dhéanamh in Éirinn, ar shon Shasana, agus theitheadar as an tír in áit fód a mbáis a dhéanamh di.

Cé hiad: Lord Tyrconnell agus Lord Tyrone.

Fianaise: Ar fud an bhaill. Anois, cé go bhfuil locht agam ar an mbeirt, tuigim a leagan amach. Braithim go bhfuil muintir na linne seo caochshúileach sna lochtanna a bhí orthu mar laochra Gaeil. Sinsear an dreama a chreideann anois nár theitheadh é Teitheadh na nIarlaí, d'fhéadfaí a mhaíomh gur dhíbir siad iad. Féach nár éiligh thar dhá dtrian de mhuintir Uí Shúilleabháin Béara as an Mumhain:

M1602.15
Rob' éiccen d'Ua Suillebháin, d'Ua Choncobhair Ciarraighe, & d'Uilliam Burc mac Seain na Semar co na m-becc bhuidhin (uair ní rabhattar-sidhe uile, acht easbhaidh ar tri céd) anmhain acc Echdhruim Ó Maine le h-iomghuin, & ré h-iombualad, cothughadh lé cathlathair, & fromhadh a f-fíorgaiscceadh fris na h-il-chédaibh báttar http://www.ucc.ie/celt/published/G100005F/index.html

Cé a d'ionsaigh iad? Gaeil, Gall-Ghaeil is Gaill. Fad an bhealaigh as Dún Baoi go Liatroim, ionsaíodh iad. Ar theith siad as an Mumhain, nó ar díbríodh iad? Díbríodh iad, measaim. Na hIarlaí seo chomh maith, d'fhéadfaí a mhaíomh ina leith, an dá Iarla, Ó Néill is Ó Domhnaill, gur díbríodh iad. Sin, nó theitheadar. Gaeil agus Gaill in éineacht a dhíbir iad.


Maidir le Ruairí, chuaigh in ucht rí Shasana agus tugadh cead dó pilleadh ar a thalamh in áit a bheith siar is aniar in Íochtar Chonnacht agus Tír Chonaill:

M1602.38
Ro thocaithsiot ....
O ro h-airléugaitt .... Tiagaitt iarttain, & ro fiadhaighitt lasin n-general, & do-ratt onóir & airmhittin mór do mac Uí Dhomhnaill, & do-róine sídh fris a h-ucht an righ, & ro naidhm a chairdes fris-siumh sainrith. Comhairléiccis dó iaramh dol dia athardha diamadh lainn lais.


Duine amháin, Ó Ruairc, a sheas amach ón uirísliú:

M1603.1
O Neill Aodh mac an Fhirdhorchae, & urmór Gaoidheal Leithe Cuintt do thocht fó shídh cenmotá Ua Ruairc ar ro h-erfhuaccradh sith coitcenn, & aisecc a fhola, & a dhuithche dá gach aon la badh áil o mhórdhacht an rígh King Sémas iarna oirdneadh i n-ionadh na bainríoghna ós Saxaibh Frainc, & uas Eirinn.



Ruairí ag loscadh is ag lot Gael ar shon Shasana:

M1603.4
Muintir Rudhraighe Uí Domhnaill co na uile chrodh & cethraibh, & iolmhaoínibh do dhol h-i t-Tír Chonaill isin c-ceid mhí d'earrach, & Rudhraighe badhéin co na thionól, & co na thóicestal Gaoidheal & Gall im captin Guest do dol (ria t-teacht aniar dia mhuintir) do dhioghail, & daithe dí-miadha & a easanora ar Ua Ruairc, Brian Ócc amhail ro bhaoí ina mhenmain athaidh rias an tan sin, go ro airccsiot, co ro innirsiot an Breifne etir ith & arbhar, & gach a t-taithaiter dia c-crodh ar ro teichsiot a n-urmhór fo diamhraibh & droibhelaibh na críche. Ro marbhaitt uathadh daoíne eatorra im Eoghan mac an Fhirdhoirche Uí Gallchubhair, & im Thoirrdhealbhach mac Mec Lochlainn torchrattar comhthuitim ré roile don chur sin. Ro faccbhadh drong do Ghallaibh i n-garasun i n-Druim Dá Eithiar ar dáigh aidhmillte na criche ina n-uirthimcheall. Rob' éiccen d'Ua Ruairc beith i n-uathadh sochaidhe h-i f-fedhaibh & h-i f-fáinghlenntoibh, & for oilénaibh uisccidhe a thíre o sin amach.

--- Bhí Ó Ruairc cúngaithe isteach i ndeisceart Liatroma feasta.


Ruairí ag umhlú do Shasain is ag glacadh lena theideal:

M1603.8
Téid iarttain Niall Ó Domhnaill go Saxaibh d'iarraidh maithmhe ina choiribh & d'faghail lóghaidheachta a sheirbhíse, & a fhoghanta do choroin t-Saxan ón Righ Semus. Do-dheachaidh Rudhraighe Ó Domnaill go Saxaibh on modh c-cédna gion gur bhó h-ionann a f-foghnamh a n-dís don choróin, & baoí gach aon aca acc foillsiucchadh a cheirt ar Thír Chonaill, conadh ann ro ordaigh an rí & an comhairle Rudhraighe Ó Domhnaill ina iarla ós Tír Chonaill, & a dhúthaigh féin do Niall .i. o Leachta Siubhaine siar, gusan Sesccann Lúbánach thall, & abhus ar gach taoibh don Fhind & tiaghaitt ar aon i n-Erinn fó shidh & chóra iar reidhiucchadh etorra amhlaidh sin.



An Ruarcach ar chreach Ruairí é in éineacht leis an gCaiptín Guest an bhliain roimhe seo:

AOIS CRIOST, 1604. Aois Criost, Mile, Se chétt, a cethair.
M1604.1
Ua Ruairc Brian Ócc mac Briain na Murtha, mic Briain Bhallaigh mic Eocchain do écc i n-Gaillimh an 28. Ianuarii, & a adhnacal i Mainistir Ruis Iriala ag braithribh S. Fronseis. Ro ba dainimh écc an t-í tesda annsin, ar bá h-ei-sidhe Post Congmhála, & gabhal fulaing Catha Aodha Find, tuir catha ar chalmatas, Rinn agha & iomghona Ua m-Briuin, fer crodha, cosantach ná ro léicc an Bhreifne do baoghlucchadh ina ré, fer fosaidh forniata, cennais fri cairdibh, niata fri naimhdibh, fer ro badh dearscaightech iocht & eineach, uaisle & oirbert, anadh & oirisiomh ré h-athaidh don chenél dia m-baoí.

I dtaca le feall Uí Néill, níl le déanamh ach Dún an Óir a lua arís anseo. Ní beag san. Glacaim leis gur leor nod don eolach.

Dlíonn daoi tiubhas teagaisc,
's tearc teagasc ón tsaoi treoreach
's tuigeann fear léinn leathfhocal;
is is leor nod don eolach.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 790
Registered: 06-2006
Posted on Friday, January 11, 2008 - 07:55 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Nár laga Dia thú, a Sheosaimh.

Beidh mé ag díleá a scríobh tú roimh fhreagairt.

An mbeadh sé ní b'fhusa duit labhairt i dtaobh cad a bheifá ag súil leis agus an "chlisteacht" seo i réim, an chlisteacht seo nach léir duit?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Member
Username: Seosamh

Post Number: 151
Registered: 10-2007
Posted on Friday, January 11, 2008 - 08:35 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

'Clisteacht' Aoidh Uí Néill a Fhirn, ní mise ach daoine eile chomh maith leat féin (8/1/08 thuas) a mhaígh leis é:

ARÉ 1616 :
.... Tigherna tend tóthachtach go n-gaoís, go n-gliocas, & go n-amhainsi indtleachta, & aigneadh an t-í testa annsin. ..... http://www.ucc.ie/celt/published/G100005F/index.html

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 791
Registered: 06-2006
Posted on Friday, January 11, 2008 - 10:46 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cad é go díreach an chlisteacht atá in easnamh air?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Member
Username: Seosamh

Post Number: 153
Registered: 10-2007
Posted on Monday, January 14, 2008 - 09:16 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ba Iarla Sasanach é a mharaigh Éireannaigh go fealltach a theastódh uaidh féin go géar ar ball, mar go mba Éireannach é féin i ndeireadh thiar.

Mharaigh sé Iodáiligh is Spáinnigh in Éirinn ar shon a mháistrí i Sasana, theith chun na Mór-Roinne ina dhiaidh sin ag lorg cabhair Rí na Spáinne is cabhair an Phápa len é féin a chur i gcumhacht in Éirinn ar ais.

Maidir lena chlaíomh a bheartú ina lagar deiridh is a bhagairt go dtroidfeadh sé éinne a d'abródh nach raibh a aird ar sheanthír aige, ní raibh ansin ach rámhaillí le hionad a aimsiú dó féin ar churaclam na bunscoile.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 795
Registered: 06-2006
Posted on Monday, January 14, 2008 - 09:50 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Díol inspéise a scríobhann tú cé nach dtagaim le do léamh ná le do righneas breithiúnais.

Níl fhios agam an niachas na ridaireachta is bun le do thuairim nó idéal an náisiúnahcais, cé go scríobhfaidh mé mar a bhain Aodh Mór, dar liom, gaisneas as niachas na ridaireachta, chun an lámh in uachtar a bhaint amach, slán bhéas mé.

Mar thaictíc, níor oibrigh an "troid go bás" don Seapánach roimh an Meiriceánach. Treise lámh ba thrúig báis dó agus "caipiteal". Scríobhfaidh mé ar sin ar ball, le cúnamh Dé.

Dar ndóigh ní raibh Cabhair riamh ón Sasanach le haghaidh a dtroideanna eadarthu fhéin. Sa 15ú aois, bhí a gcogadh cathartha acu. Sa 1549, bhí eirí amach na Coirne acu. Sa 1569, bhí Eirí amach mór an Tuaiscirt acu. Sna 1580achaí, bhí Eirí amach Ocsfoird acu, (nár oibrigh). Sa 1601,cúplá bliain ó shoin, rinne ár gcara Roibeard Deibhrúis, nó Eisics duit, ós rud é gur fearr leat tideal, iarracht éirí amach in Londain.
Dar ndóigh, i gceann daichead bliain eile, beidh an Sasanach ag gearrradh, ag sceanairt, ag sleáigh, ag pléascadh, ag caitheamh a chéile ina darna cogadh ceathardha. Más mian leat Stailín an Aontais Sóibhéadaigh a thuiscint, déan staidéar ar Annraoi VIII Shasana. Rinne sé scrios ar a mhuintir fhéin.

An é seo an dream a shíleann tú a raibh aontaithe in aghaidh an Éireannaigh nach raibh ag tarraingt le céile?

Preit! A Dhuine, tá duine éigin nach bhféachann na fíorais ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Member
Username: Seosamh

Post Number: 154
Registered: 10-2007
Posted on Monday, January 14, 2008 - 10:59 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Fág uait Rhydychen (= Áth an Daimh) na bliana 1580 agus glac chugat feall mór Aoidh Mhóir na bliana céanna sin ag Dún an Óir. Is náire idirnáisiúnta a ndearna Aodh Mór agus a chomhghleacaithe ar an dream Spáinneach is Iodáileach a fuair Séamas (mac Muiris) Mhic Gearailt anall ón Mór-Roinn an dá bhliain sin. Fuair sé an chabhair sin ón bPápa, as an bhFrainc agus as an Spáinn. Rinneadar, na hEiliseoirí, .i. Ó Néill is a chuan, slad ar Chorca Dhuibhne trí chéile lasmuigh den Dún leis. In éineacht leis bhí an bheirt chiníoch, Sior Walt Raleigh agus Ed Spencer, An Tiarna Grae de Bhilton agus Sior Ed Denny.

Beirt a ghabhadh sa chomharsain le linn an iomhsuí, sracadh ó chéile iad ag Cill Mo Cheallóg: féach Conn Ó Ruairc agus Pádraig Ó hÉilidhe faoi uimhir 2 anseo: http://newsaints.faithweb.com/martyrs/Ireland01.htm http://www.catholicireland.net/pages/index.php?nd=68&art=864#section1 agus http://cat.inist.fr/?aModele=afficheN&cpsidt=2028863

Nuair a ghéill muintir an Dúin do na hEiliseoirí seo a raibh Aodh Mór ina measc, bascadh iad uile le baint na gcloigne de 600 Iodáileach, Spáinneach is Éireannach idir fhir is mhná, eachtra ab údar le baisteadh 'Gort an Ghearradh' ar an áit in aice an Dúin. Measaim go n-éireoir as adhradh an Iarla Aodh Mór is an Dálaigh nuair a thuigfear a scéal ina n-iomláine.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 797
Registered: 06-2006
Posted on Monday, January 14, 2008 - 12:32 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"1580 agus glac chugat feall mór Aoidh Mhóir na bliana céanna sin ag Dún an Óir."

Bhí mé ag lorg fianaise go raibh sé ann. An bhfuil sé agat?



An bhfuil do thuairim i dtaobh Aodha ar aon dul le scéal Geandaí? Múineadh béarla dó ina pháiste, oileadh i slite an tSasanaigh é. Cuireadh scoil Sasanach air is oideachas le cois a dhéanfadh slí beatha Sasanach dó : aturnae. Thug sé an Afraic Theas air féin ag cuidiú leis an Sasanach a bhí ag déanamh cos ar bolg ar a mhuintir fhéin, a thír féin agus ar an Afraic Theas. Bhí sé mar giolla liachta in arm Shasana in aghaidh na mBórach.

Fear eile a d'fheall ar rud éigin gan dabht de dhroim chúinsí a oilte is a thógtha!!!!!!

Dhe! Sílim go bhfuil tú ró-righin is ró-dhian ar Aodh.

Dála an scéil ar sheas tusa amach go bun an angair .i. an bás ar son principil nó idéil le déanaí? ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 798
Registered: 06-2006
Posted on Monday, January 14, 2008 - 12:59 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Anois go raibh deis agam na sleachta as na hAnnála a léamh, ní fheicim iontu ach an frustrachas a ghlac na taoisigh uile i ndiaidh briseadh Chionn tSáile cé nach nglacfadh siad comhairle Aodha Móir.

An raibh pointe eile agat?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 799
Registered: 06-2006
Posted on Monday, January 14, 2008 - 01:57 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A aonghuis,
Luaigh tú mná rialta is saighdiúirí dhrúisiúla i dtaca le hImeacht na nIarlaí.

Níl fhios agam cad é atá ar d'aigne ach an bhfuil rud éigin ann ar mian leat a roinnt linn?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6776
Registered: 08-2004


Posted on Monday, January 14, 2008 - 03:20 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tagairtí fánacha d'abairtí s'agatsa.
Sin a bhfuil ann.

Bíonn sprioc de dhíth le foghlaim teanga a spreagadh. Cabhraíonn macnas!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Member
Username: Seosamh

Post Number: 155
Registered: 10-2007
Posted on Monday, January 14, 2008 - 04:26 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

... ag lorg fianaise go raibh sé ann. An bhfuil sé agat?

Tá a Fhirn. Ní rún ar bith é ach gúgláil chuige murar leagas nasc i measc an chnaip thuas duit. Tá an t-eolas ann mo léan. Is mór idir giollaíocht Mohathma agus sceanairt Aoidh, is eagal liom.

An bhfuair mé bás go fóill? Ní bhfuair buíochas le Dia, nó má fuair, tharla i saol nach cuimhin liom anois, ach ar ndóigh, ní bhainimse le Teitheadh na nIarlaí.

An bhfuilim ródhian ar Aodh Mór? Tá agus tá a fhios agam go bhfuil. Tá an ceart agat na sleachta go léir a fhoilsiú anseo agus a mhóramh i rith na bliana ar fad. Tá meas mór agam ar Aodh Mór i ndáiríre agus ar Eoghan Ruadh faoi lár an chéid, ach gur loic Eoghan seal orainn ag Doire chomh maith. Níl saoi gan locht agus mo Ruarcach féin, Brian Óg, chuaigh sé le taobh an tSasanaigh ar feadh roinnt míonna le barr míshásaimh faoi ruaig a thug Aodh Ruadh (An Dálach) faoina dheartháir cliamhain, Ó Conchobhair Donn. Thuig an Ruarcach a fhurasta a bhí sé ar dhuine fanacht iata is dílis i dTír Chonaill. An té a raibh a thalamh is a mhuintir ar mhachaire Chonnacht, glúnta de throid caite in éadan an oilc aige, níorbh aon ribín réidh é.
Sin agus gur shnaidhm Aodh Ruadh, le ceilg, cuing an phósta idir a dheirfiúr Róise Ní Dhomhnaill agus pleib de leasdeartháir, Tadhg an Fhíona Ó Ruairc, fear nach ndearna maith riamh. Loiceadar i ndiaidh a chéile.

Cé tá fanta againn? Muintir Uí Mhórdhá (sular bogadh go hOireacht Uí Chonchobhair iad), Ó Donnabháin Rosa, cainteoir dúchais Gaeilge agus Mícheál Mac Dáibhéid, cainteoir dúchais Gaeilge eile. An chuid is mó den dream ceart, chuaigh siad ar troigh gan tuairisc na staire orainn, is níor tharraing clú riamh lena linn na ina ndiaidh. Ní labhróidh ar a son ach tocht taobh re tuinn tráthnóna.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 800
Registered: 06-2006
Posted on Tuesday, January 15, 2008 - 09:28 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

“... ag lorg fianaise go raibh sé ann. An bhfuil sé agat?

Tá a Fhirn. Ní rún ar bith é ach gúgláil chuige murar leagas nasc i measc an chnaip thuas duit. Tá an t-eolas ann mo léan.”

Rinne is beag fianaise a fuair mé ach amhras. Níl daoine ar aon fhocal fiú an raibh Rálí, fear na bprátaí agus na rothar, ann. Bí id fhear maith agus cuir do mhéar ar an bhfianaise dom.



“ Is mór idir giollaíocht Mohathma agus sceanairt Aoidh, is eagal liom. “
Is mór cinnte ach is beag idir a dtógáil is a gcloí le taobh an impiriúrachais roimh breith chinniúnach idir láneolas an dá rogha. Seo urra caractaera Aodha agus Mhathatmais ar aon.

“An bhfuair mé bás go fóill? Ní bhfuair buíochas le Dia, nó má fuair, tharla i saol nach cuimhin liom anois, ach ar ndóigh, ní bhainimse le Teitheadh na nIarlaí.”

Glacaim leis mar sin, nach luíonn tú na hionchais chéanna ortsa is a leagann tú ar Aodh, a chuain, is eile.

“An bhfuilim ródhian ar Aodh Mór? Tá agus tá a fhios agam go bhfuil.”

Tá go deimhin. Níl sé ceart nó cóir duine a mheas as a réim staire. Léigh Machievelli. Níor tháinig cibé idéal a chuimlíonn do smaointe air i bhfeidhm go fóill.

“Tá an ceart agat na sleachta go léir a fhoilsiú anseo agus a mhóramh i rith na bliana ar fad. Tá meas mór agam ar Aodh Mór i ndáiríre agus ar Eoghan Ruadh faoi lár an chéid, ach gur loic Eoghan seal orainn ag Doire chomh maith. Níl saoi gan locht agus mo Ruarcach féin, Brian Óg, chuaigh sé le taobh an tSasanaigh ar feadh roinnt míonna le barr míshásaimh faoi ruaig a thug Aodh Ruadh (An Dálach) faoina dheartháir cliamhain, Ó Conchobhair Donn. Thuig an Ruarcach a fhurasta a bhí sé ar dhuine fanacht iata is dílis i dTír Chonaill. An té a raibh a thalamh is a mhuintir ar mhachaire Chonnacht, glúnta de throid caite in éadan an oilc aige, níorbh aon ribín réidh é.
Sin agus gur shnaidhm Aodh Ruadh, le ceilg, cuing an phósta idir a dheirfiúr Róise Ní Dhomhnaill agus pleib de leasdeartháir, Tadhg an Fhíona Ó Ruairc, fear nach ndearna maith riamh. Loiceadar i ndiaidh a chéile.

Cé tá fanta againn? Muintir Uí Mhórdhá (sular bogadh go hOireacht Uí Chonchobhair iad), Ó Donnabháin Rosa, cainteoir dúchais Gaeilge agus Mícheál Mac Dáibhéid, cainteoir dúchais Gaeilge eile. An chuid is mó den dream ceart, chuaigh siad ar troigh gan tuairisc na staire orainn, is níor tharraing clú riamh lena linn na ina ndiaidh. Ní labhróidh ar a son ach tocht taobh re tuinn tráthnóna.”


Cogar a mhic, is daoine a mbíonn a mheas again, saighdiúirí, polaiteoirí, daoine a mbíonn ag iarraidh saol a mhéine a bhaint amach mar b’eol dóibh é. Ní naoimh iad ná gaiscigh na miotaseolaíochta. Cad chuige iad a mheas dá réir le iarghaois, fealsúnachtaí eile, moráltachtaí ele? Ní raibh riamh saoi gan a locht.

Níor chuir mé romham éinne a móradh ach Imeacht na nIarlaí a cheiliúradh is a mheas beagán; ach de réir mar a chuirim eolas is aithne ar Aodh Mór, cuireann a aitheantas is a ghníomhartha iontas orm, a intleacht, a aireag, a sheiftiúlacht, a chumas maireachtála, a chumas gach taobh a imirt, an chaoi nár loic sé roimh coinsias is glac taobh i ndeireadh na fríde.

Ní naobh é. Ní duine gan locht é. Ach tá buanna aige atá gann go leor ar saol na nGael, agus ar fud an domhain .

B’fhearr liom é ná aon pholaiteoir atá suas in Éirinn na linne seo nó le tamall.

Más mian leat bheith ró-dhian air, agus an cead sin agat dar ndóigh, bíodh do mheas cothrom agus ní de dhroim dhearcadh saoil nach raibh riamh praicticiúil ná pragmatach ina aimsir

Beir bua

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh
Member
Username: Seosamh

Post Number: 156
Registered: 10-2007
Posted on Tuesday, January 15, 2008 - 12:20 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

I mbeagán focal a Fhirn, abraíodh tú féin amháin nach raibh Iarla Tirone i mbun sléachta ar shon Shasana i gCorca Dhuibhne, is caithfidh an saol is a mháthair theacht ar aon tuairim leat, sin, nó a chruthú arís eile duit go raibh sé ann. Oscail do shúil is siúil do mhéarchlár. Ní mise a chum ná a cheap. Gach Gael is Gall a scríobh air leis na céadta bliain anuas, luadar é, na Gaeil le brón, na Gaill á lua le gliondar.

Dá n-inseoinn duit anois go ndearna an tIarla Sasanach céanna sléacht Sasanach ar Chlainn Iain Mhóir (Mhic Dhomhnaill) in Aontroim is é is dócha ná a mhalairt go gcuirfeá an dalladh dubhach ort féin faoi sin chomh maith, ach ní abród a dhath, nó beir ag éileamh aistí is seolta idirlín. Nach olc an mhaise sinn féin a chaochadh ar an stair a bhfuil glacadh ag an saol mór is an domhan donn leis!



.... bíodh do mheas cothrom agus ní de dhroim dhearcadh saoil nach raibh riamh praicticiúil ná pragmatach ina aimsir. ....

Is sách dona liom na focail iasachta a thosaíonn le 'p' ach is measa liom go brách na focail 'pragmatach' is 'praicticiúil'. Tá múisc na slimeadóireachta ag baint leo ar bhealach éigin. Polaiteoirí a thiteann i dtuilleamaí a leithéide go minic, óir is minice ina ngá iad ná cosmhuintir an ionracais. Is furasta an scéal a leagan amach mar a bhí lena linn:

Éire, breith nó fág! Is céard a rinneadar?



... Glacaim leis mar sin, nach luíonn tú na hionchais chéanna ortsa is a leagann tú ar Aodh, a chuain, is eile.

Ní bheinn chomh sciobtha ag sciorradh amach thar lear is a bhí na hIarlaí is na huaislí sin. Murar mhian leo Éire a ghabháil, nár mhian leo fuil a namhad a stealladh ar fud an bhaill? D'fhágadar tír a bhí tórmach le fodar béil claimh ina ndiaidh. Arbh ea nár theastaigh uathu Gaill a mharú? Ba mhó acu stiall a gcraicinn féin a thabhairt slán, is léir, ná cos a chur i bpoll le dream arbh mhór ab fhiú a chur go Poll Tí Lábáin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 805
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, January 16, 2008 - 08:14 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhal, a sheosaimh, deirim a deirim is ní dheirim nach deirim.

Ach is léir go bhfuil do bharúil stóinsithe fhéin agat. In ionad sneá a lorg i mo pheirúic, agus is iad atá fearsing,creidim; molaim duit do leagan fhéin a chur suas.

Níl lá loicht agam ar do chuid barúlacha.

Beir bua. :-)



©Daltaí na Gaeilge