mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Scéal ó Nua-Eabhrac « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Paul (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, August 30, 2007 - 04:43 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A chairde,

Caithim um lóin i bpáirc bheag i lár Nua-Eabhraic agus nuair a bhí mé ann inniu,
shúigh mé i gcúinne ciúin ag ithe curaí sicín agus ag léamh leabhair Michael Collins le Tim Pat Coogan. Arsa seanfhear in aice liom [i mBéarla], “An Éireannach thú?” Dúirt mé leis gurbh Gael-Méiriceánach mé ach bíonn suim an-mhór agam i stáir na hÉireann, Cogadh na Saoirse go háirithe. D’inis sé liom gurbh as Beanntraí é, agus go raibh aithne aige ar nia Mhichael Collins. Lean sé ar aghaidh, agus d’inis sé fosta gur tharla pléasc mhór ar Whiddy Island, in aice Beanntraí. Níor chuala mé faic faoi sin a riamh (Whiddy Island, fiú)... Phléasc tancara ola darbh ainm Betelgeuse i 1979. Dúirt sé go raibh a chol ceathrair maraithe sa phléasc, chomh maith le dhá scór duine eile (ní raibh sé a chorp aimsithe go dtí ocht mí tar éis an phléasc). Luaigh sé go raibh agra dlí (in aghaidh Gulf Oil, srl) ar siúl fós). Bhuel, bhí um lóin beagnach críochnaithe agam, agus d’fhág mé “slán agus beannacht” air, agus chuaigh mé ar ais go dtí an oifig. Tar éis an comhra sin, fuair mé an suíomh idirlín seo: www.irelandsislands.com, le níos mó eolais faoi Whiddy Island, is araile.

Sin é mo scéal....

Paul

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 698
Registered: 11-2004


Posted on Friday, August 31, 2007 - 03:13 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Dá mbeadh an comhrá sin as Gaeilge, bheadh sé ní b'fhearr fós! Ar luaigh tú leis go raibh Gaeilge agat?

Am lóin atá i gceist agat, is dócha.



©Daltaí na Gaeilge