Author |
Message |
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1867 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, August 28, 2007 - 04:25 pm: | |
Haigh ’S fada a d’fhoghlaim mé gur "eicínt" a bhí ag na daoiní ins a’ chuid is mó do Mhumhain, do Chonnachta, agus "in(t)eacht" ag muitir Thír Chonaill. Mar sin, cad chuighe ’bhfuil "éigin" sa chaighdeán muna mbaineann duine ar bith feidhm as? Agus d’amharc mé ar an LASID (Linguistic Atlas and Survey of the Irish Dialects), agus fuair mé amach go rabh 12 phointe (ar 88 san iomlán!!!) in Éirinn ina n-abartar "éigin". Tá siad uilig i ndeisceart na tíre. Cad chuighe ’n diabhal ar cuireadh sin sa chaighdeán munab fhuil sé ach in 12 faoin 88 do na canúintí???? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 691 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, August 28, 2007 - 04:31 pm: | |
Is cuma. Táim éiginnte faoin bhfáth. Ach tá sé ag an móramh anois, mar tá i bhfad níos mó foghlaimeoirí ann ná cainteoirí dúchais. Tá géarghá ann le caighdeán, agus is fiú cloí leis. Scríobh éigin, deir éicint, más maith leat. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1868 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, August 28, 2007 - 08:12 pm: | |
quote:tá i bhfad níos mó foghlaimeoirí ann ná cainteoirí dúchais. Tá níos mó daoiní le droch-Ghaeilg ná daoiní le Gaeilg cheart, agus an ionann sin is a ráidht gur fearr a’ droch-Ghaeilg? Ní maith a rinneadh ’n caighdeán sin, sin a’ méid. Agus is iomaí duine atá ar aon intinn liom. quote:Scríobh éigin, deir éicint, más maith leat. Leis an fhírinne a ráidht leat, deiream "ineacht" agus scríobham "ineacht" mar a deirtear i nGaoth Dobhair, agus is cuma liom sa tsioc fá dtaobh do dhíchiall a’ chaighdeáin sin. Agus chan mise amháin a ghníos sin. Tá leabharthaí agam i gcanúint Thír Chonaill agus faghthar "in(t)eacht" iontu gomh maith... Ach amannaí, ba mhaith liom tuigbheáilt cad chuighe ar toghadh leagan iontach annamh do rogha ar leagan atá coitianta in achan chúige don tír lena chur sa chaighdeán... Tá eagla orm nach bhfuil ’s aige duine ar bith (ná aige lucht déanta ’n chaighdeáin féin) ! Ar nós cuma leofa a rinn siad cuid don chaighdeán, dar liom. (Message edited by lughaidh on August 28, 2007) Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6065 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 29, 2007 - 05:59 am: | |
Ó tharla go bhfuil an chuid is mó acu marbh, ní dóigh liom go bhfuil freagra do cheiste ar fáil. Cinnte, níl sé ar fáil anseo. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 236 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, August 29, 2007 - 09:48 am: | |
"LASID (Linguistic Atlas and Survey of the Irish Dialects)" 'bhfuil an taighde seo ar fáil do chuile dhuine? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 692 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, August 29, 2007 - 10:21 am: | |
Tionscadal do lucht na n-ollscoileanna é seo, déarfainn. Is mór an trua nach bhfuil an CO láidir go leor in Éirinn go nglactar leis. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6071 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 29, 2007 - 10:32 am: | |
Tá. Glactar. Eachtrannach (do dhála fhéin) é Lughaidh. Usaidtear canúintí i saothar ficsean, mar is dúil. Bíonn gach rud eile caighdeánach go maith, muna bhfuil ceantar beag airithe i gceist. Maidir le LASID, tig leat é cheannach ar €140. http://www.celt.dias.ie/publications/cat/e/e2-7.html |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 238 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, August 29, 2007 - 10:36 am: | |
€140... in aos an Idirlín! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 239 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, August 29, 2007 - 10:38 am: | |
Lughaidh, an bhféadfá na nótaí a bhaineas le huimhir a 60 a chur ar fáil ar an tsuíomh seo (Message edited by Mise_Fhéin on August 29, 2007) |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 240 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, August 29, 2007 - 10:39 am: | |
Jab gearr is greamaigh má thuigeann thú mé ;) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1870 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, August 29, 2007 - 04:49 pm: | |
quote:'bhfuil an taighde seo ar fáil do chuile dhuine? Thig le achan duine é a cheannacht. Tá cóip don chéad imleabhar agam, agus fótachóipeannaí do chupla rud as na himleabharthaí eile (an stuif a bhaineas leis na canúintí a bhfuil suim agam iontu) quote:Tá. Glactar. Eachtrannach (do dhála fhéin) é Lughaidh. ’Dé ’n bhaint eadar sin agus mé ’bheith ’mo strainséir? quote:Maidir le LASID, tig leat é cheannach ar €140. Ach is féidir na himleabharthaí a cheannacht "separately" (?). quote:Lughaidh, an bhféadfá na nótaí a bhaineas le huimhir a 60 a chur ar fáil ar an tsuíomh seo Tá a mbarraíocht ann !!! Agus tá siad uilig i gcineál IPA do chuid an údair, ’s iomaí siomból ann nach bhfuil san IPA "normálta" ar chor ar bith! Faigh an leabhar i leabharlann nó i siopa leabhar, nó cuir ceist níos cruinne orm. Cha dtig liom achan rud a scríobh anseo. Agus níl ach an chéad imleabhar agam, mar a d’úrt mé. Pointe 60: Aclare, Co. Shligigh. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6074 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 29, 2007 - 04:59 pm: | |
quote:’Dé ’n bhaint eadar sin agus mé ’bheith ’mo strainséir? É seo: go bhfuil do thaithí ar saol na Gaeilge in Éirinn teoranta. Sin an méid. Mar a dúirt tú féin, ar an ollscoil d'úsáid sibh an Caighdeán le haghaidh ábhar scríofa. Scríobh Séamas quote:Is mór an trua nach bhfuil an CO láidir go leor in Éirinn go nglactar leis. Freagra ar sin a bhí á thabhairt agam. Go bhfios dom níor chuir aon chainteoir líofa as Éirinn i gcoinne an CO anseo. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6075 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 29, 2007 - 05:54 pm: | |
quote:Ach is féidir na himleabharthaí a cheannacht "separately" (?). Sin ceist mhaith. "ina gceann agus ina gceann" bhféidir? Nó "Is féidir imleabhar amháin a cheannach". |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1873 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, August 29, 2007 - 06:45 pm: | |
Is amhlaidh atá ’s agam go nglactar leis an ChO ar an iomlán in Éirinn, ach tá cuid mhaith daoiní fosta a deireas go bhfuil cupla rud ann nach bhfuil loighiciúil ar chor ar bith. Cib bith, tá cead agam scríobh mar a scríobham in áit scríobh sa chaighdeán, sin a’ rud is tábhachtaí. Smaoitigh mé ar "ina gceann agus ina gceann" fosta, ach cha rabh mé cinnte (nárbh ionann sin agus "one after another?"). Ba chóir ceist a chur ar dhaoiní eile, má tá smaoitiú ineacht acu fá dtaobh dó... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6077 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, August 30, 2007 - 06:20 am: | |
Comhghéilleadh atá in aon chaighdeán. Sé mo thuairimse (go pragmatach) gur fearr ann ná as é, chomh fada agus go n-úsaidtear mar a bhí i gceist é, i. le haghaidh rudaí "os canúnach". quote:tá cead agam scríobh mar a scríobham in áit scríobh sa chaighdeán, sin a’ rud is tábhachtaí. Gan amhras. quote:nárbh ionann sin agus "one after another" "Ceann in ndiadh a chéile" a bheadh agamsa ansin. Ach thiocfaidh go bhfuil an cheart agat. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1874 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, August 30, 2007 - 07:07 am: | |
Tá mé i ndiaidh súil a chaitheam ar fhoclóir De Bhaldraithe (lch. 492) agus tháinig ar: "One after the other": duine i ndiaidh an duine eile (nó ceann i ndiaidh an chinn eile, más rudaí atá i gceist). "One by one": ina nduine agus ina nduine / ina gceann agus ina gceann. Sileam go mbeadh "one by one" fóirsteanach go leor in áit "separately" ins a’ chomhthéacs sin. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 694 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, August 30, 2007 - 09:27 am: | |
Gach imleabhar ar leith a cheannach (ina aonar). Na hiomleabhair ar leith a cheannach. Imleabhair áirithe den sraith a cheannach. Leabhair éagsúla den tsraith a cheannach. Ceann ar cheann. ... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6080 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, August 30, 2007 - 11:04 am: | |
Iad san ar fad go deas. "Is féidir na himleabhair ar leith a cheannach" a thagann is gaire don rud a bhí i gceist ag Lughaidh, silím. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1875 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, August 30, 2007 - 11:25 am: | |
Churfainn na foclaí in ord eile: gach imleabhar a cheannach(t) ar leith. Chiallóchadh "Gach imleabhar ar leith a cheannacht" "to buy every exceptional book", dar liom. Cha sileam go mbeadh na habairtí eile "Imleabhair áirithe den sraith a cheannach. Leabhair éagsúla den tsraith a cheannach" fóirsteanach anseo. Níl an chiall cheart acu. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6083 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, August 30, 2007 - 12:27 pm: | |
Ní gá gur éisceachtúil atá i gceist le "ar leith" Ach is dócha go bhfuil ciall leis an méid a deir tú. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 695 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, August 30, 2007 - 02:04 pm: | |
Beatha duine a thoil. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 242 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, August 31, 2007 - 04:00 am: | |
"Tá a mbarraíocht ann !!! Agus tá siad uilig i gcineál IPA do chuid an údair, ’s iomaí siomból ann nach bhfuil san IPA "normálta" ar chor ar bith! Faigh an leabhar i leabharlann nó i siopa leabhar, nó cuir ceist níos cruinne orm. Cha dtig liom achan rud a scríobh anseo. Agus níl ach an chéad imleabhar agam, mar a d’úrt mé. Pointe 60: Aclare, Co. Shligigh." An bhféadfá sliocht beag amháin a thabhairt dhomsa? Líne amháin, líne géar. Chun mo chuid súile a cheansú. Is as iarthar Shligigh mé só tá suim nach beag agam ann. Beidh sé orm an t-imleabhar sin a fháil. An mbíonn siad ar fáil sna leabharlannaí mar níl 140 yo yos ar bith agam le chaitheamh orthub. (Message edited by Mise_Fhéin on August 31, 2007) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1877 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, August 31, 2007 - 09:14 pm: | |
Ceart go leor, seo cupla rud as an chéad imleabhar (leis na mapannaí). Thogh mé cupla pointe suimiúil: 1. I sold = ˈjiəl m´ə 82. we get = ˈfɑː(N) mïd´ 85. also = xo ˈmɑ 86. You will get = jofə tu 91. did you eat? = ər ˈd´i tuː 94. something = ro̤dek´iːn´t´ 126. looking = d´arku 242. why did you not come? = ˈtɪg´ɪ nɑx ˈdɑn´ig´ tu 243. (he) comes = t´ig´ən 256. (he) makes = d´iənən 299. whatever you will give me = ro̤d ɛr ˈb´ihʔ v´ɛrhəs tə ɣo̤m Ní 140€ ach 40€ atá ar achan imleabhar (agus níl mé cinnte ach sileam go rabh siad níos saoire i siopa Chonradh na Gaeilge, nuair a bhí mé ann cupla bliain ó shoin). Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, September 01, 2007 - 09:48 am: | |
'Éicin' an litriú a bhí sa tsean-Ghaeilge. 'Éigin' a bhí ag Céitinn. Is é atá le fáil sa litríocht ón 17ú céad i leith agus tá sé fós beo sa Mhumhain. Níl aon bhunús stairiúil leis an 't' a bhíonn ag deireadh an fhocail i gcanúintí áirithe. 'An féidir imleabhair aonair a cheannach?' = 'Can individual volumes be bought?' 'An féidir imleabhair ar leith a cheannach?' = 'Can particular volumes be bought?' 'An féidir imleabhair a cheannach ina gceann agus ina gceann?' = 'Can volumes be bought one by one?' |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1883 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, September 01, 2007 - 02:55 pm: | |
quote:tá sé fós beo sa Mhumhain. Cuid bheag acu. Ach ní hé sin a deireas an chuid is mó do na Gaeilgeoirí dúchais inniu. quote:Níl aon bhunús stairiúil leis an 't' a bhíonn ag deireadh an fhocail i gcanúintí áirithe. Is iomaí fuaim nach bhfuil aon bhunús stairiúil leofa agus a deirtear ar aon nós sna Gaeltachtaí... Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 484 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, September 01, 2007 - 06:21 pm: | |
Bíonn caighdeáin caomhach. Is é an C.O. atá éisceachtúil ar bhealach, sa méid is go bhfuair sé réidh le roinnt mhaith foirmeacha ar foirmeacha stairiúla iad agus atá fós beo sa gcaint i gceantair áirithe. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 332 Registered: 06-2007
| Posted on Sunday, September 02, 2007 - 08:44 am: | |
"Pointe 60: Aclare, Co. Shligigh." Mise féin SRL, an bhfuil aon duine le 'Doegan Recordings' agaibh? Fuair mé cóip (níl sé ach 25 euro), agus bhí Sligeach/Sligigh ann. Bíonn cúpla seanfhear ag canadh agus ag léamh filíochta air le díol |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 245 Registered: 11-2006
| Posted on Monday, September 03, 2007 - 07:16 am: | |
"Ceart go leor, seo cupla rud as an chéad imleabhar (leis na mapannaí). Thogh mé cupla pointe suimiúil: 1. I sold = ˈjiəl m´ə 82. we get = ˈfɑː(N) mïd´ 85. also = xo ˈmɑ 86. You will get = jofə tu 91. did you eat? = ər ˈd´i tuː 94. something = ro̤dek´iːn´t´ 126. looking = d´arku 242. why did you not come? = ˈtɪg´ɪ nɑx ˈdɑn´ig´ tu 243. (he) comes = t´ig´ən 256. (he) makes = d´iənən 299. whatever you will give me = ro̤d ɛr ˈb´ihʔ v´ɛrhəs tə ɣo̤m Ní 140€ ach 40€ atá ar achan imleabhar (agus níl mé cinnte ach sileam go rabh siad níos saoire i siopa Chonradh na Gaeilge, nuair a bhí mé ann cupla bliain ó shoin)." Gura míle as sin, an mbaineann na pointí siúd le hÁth an Chláir i gcontae Shligigh dála an scéil? ní thuigim an pointe seo: "v´ɛrhəs" as "Rud ar bith a thabharfas tú dhom" "an bhfuil aon duine le 'Doegan Recordings' agaibh? Fuair mé cóip (níl sé ach 25 euro), agus bhí Sligeach/Sligigh ann. Bíonn cúpla seanfhear ag canadh agus ag léamh filíochta air" cén áit a mbíonn sé ar fáil a Bheirn. cé hiad na daoine a mbíonn ar an dlúthdhiosca. An dtugtar ainmneacha/sloinnte nó an luaitear sráidbhailte nó bailte fearainn ar leith ann. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1889 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, September 03, 2007 - 08:20 am: | |
quote:Gura míle as sin, an mbaineann na pointí siúd le hÁth an Chláir i gcontae Shligigh dála an scéil? Baineann. quote:ní thuigim an pointe seo: "v´ɛrhəs" as "Rud ar bith a thabharfas tú dhom" Sin "rud ar bith a bheirfeas tú dhom". Bheirfidh = will give (it’s an Ulster form). It’s an archaism. Tabharfaidh derives from older do-bheirfidh. The -eas is the relative ending, of course. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, September 03, 2007 - 02:33 pm: | |
Is fíor a bhfuil scríofa ag Abigail thuas, agus dá mbeinnse ag cumadh caighdeáin bheadh an toradh níos coimeádaí agus níos dílse d'fhoirmeacha stairiúla ná mar atá an Caighdeán Oifigiúil. Ach níor tugadh droim láimhe do leaganacha stairiúla a bhí beo sa chaint gan chúis. Ní gá go n-aontódh gach duine le gach cinneadh a rinneadh, ach caithfear a rá go raibh níos mó Gaeilge dearmadta ag Niall Ó Dónaill agus a chuid chomhghleacaithe ná mar atá sealbhaithe ag na foghlaimeoirí a bhíonn ag caitheamh anuas ar an obair éifeachtach a cuireadh i gcrích. Mar shampla, b'fhearr liom féin dá mbeadh an fhoirm stairiúil 'gheibhim' sa Chaighdeán, rud a bheadh ag teacht le múnla an bhriathair sin san aimsir fháisitineach. Ach síleadh ag an am gur chóir 'faighim' a aithint de ghrá na rialtachta. Cé nach é sin an cinneadh a dhéanfainnse, ní fhéadfainn a shéanadh go bhfuil loighic áirithe ag baint leis. |
|