Author |
Message |
Paddyplaisteach
Member Username: Paddyplaisteach
Post Number: 6 Registered: 02-2007
| Posted on Wednesday, July 25, 2007 - 07:55 pm: | |
Níl ann ach 'píosa craic', ach tá spéis agam sa cheist seo le tamall anuas: an féidir (nó arbh fhéidir riamh) leis an nGaeilge a bheith scríofa ar nós éigin gan aon chomhartha fada a úsáid, mar is féidir leis an nGearmáinis (Glueck, seachas Glück, m.sh.)? Ar ndóigh, is féidir linn focail áirithe a litriú ar shean-nós - foghmhar, seachas fómhar, mar shampla, nó claidheamh seachas claíomh. Ní mé mar sin, an bhfuil rialacha ginearálta ann ina thaobh sin, ionas nach gá comhartha fada a úsáid in aon chor? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 678 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, July 26, 2007 - 10:11 am: | |
Is fe/idir e/ seo a dhe/anamh. Ach seachas sin (agus is ar éigin a ghlacfaí leis sin), bheadh litriú teanga eile ann. |
|
Paddyplaisteach
Member Username: Paddyplaisteach
Post Number: 7 Registered: 02-2007
| Posted on Thursday, July 26, 2007 - 11:21 am: | |
B'é an litriú féin a bhí cuid níos mó i gceist agam, a Shéamais, seachas bealach éigin eile ina bhfuilimid in ann comhartha fada a léiriú... Mar a luaigh mé, is féidir linn 'foghmhar' a scríobh in ionad 'fómhar', nó 'claidheamh' in áit 'claíomh' ar shean-nós, ach cad faoi rud éigin mar 'ádh', nó 'áit', nó 'beagán', mar shampla? Is iad na 'á'-anna an fhadhb, is dóigh. Adhadh? Adhait? Beagadhan? An raibh a leithéidí d'fhoirmeacha ann riamh?? (Message edited by paddyplaisteach on July 26, 2007) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 681 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, July 26, 2007 - 03:56 pm: | |
Cad a bheadh agat in ionad 'é'? ao? In ionadh 'í'? aoi? léi..leao? iiiúúú! |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1786 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 26, 2007 - 05:40 pm: | |
Níos mo chun an phointe (maith dom as an mbéarlachas!), is ceart dúinn gan comhfhulaingt a bheith againn gan síntí fada a úsáid i scríobh Gaoluinne. Príomhchuid iad den teanga scríofa, ní cóir dúinn éirí astu. -- Fáilte Roimh Cheartú -- Muna mbíonn téarma Gaoluinne agaibh ar rud éigin, bígí cruthaitheach! Ná téigí i muinín focail Bhéarla a úsáid, údar truaillithe é sin dod chuid cainte. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 409 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, July 26, 2007 - 07:02 pm: | |
Is fíor go bhfuil siad níos líonmhaire ó theacht an chaighdeáin, ach tá na síntí fada céanna le fáil sa teanga ó ré na Sean-Ghaeilge i leith. Níl aon dul astu. Agus seachain tú féin ar na seanlitrithe a athchumadh! Féach an focal "bá" mar shampla. Is focal débhríoch é: ciallaíonn sé trua nó dul faoi uisce. Dhá fhocal éagsúil a bhíodh ann in aimsir na seanlitrithe: "báidh" a bhí ar an mothúchán agus "báthadh" ar an modh báis. Ní raibh ann do na trí foirmeacha a luaigh tú thuas. Más suim leat na seanlitrithe, bheadh sé chomh maith agat foclóir Dinneen a fháil - níl sé ró-dhaor ar athláimh. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Paddyplaisteach
Member Username: Paddyplaisteach
Post Number: 8 Registered: 02-2007
| Posted on Thursday, July 26, 2007 - 09:26 pm: | |
quote:Níl aon dul astu Sin an cheist a raibh spéis agam inti agus a raibh bhur dtuairim á lorg agam uirthi. Do bharúil, mar san? Fiú sa sean- sean-Ghaeilge? Bhuel, tá an ceart agat, tríd is tríd, is dócha. Tá foclóir Ó Domhnaill agam - b'fhéidir go bhfuil cóip an Dinneen ag teastáil uaim freisin. Ach a Shéamais, bheadh 'é' = eidhe/eithe; 'í' = idhe (Bean Sidhe, m.sh.), is dóigh liom. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 683 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, July 27, 2007 - 10:31 am: | |
Cluiche/cleas suimiúil é seo atá agat, ach sin uile. |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, July 27, 2007 - 06:39 pm: | |
Ó, sin a' méid, tá an ceart ar fad agat! |
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 94 Registered: 11-2005
| Posted on Friday, August 03, 2007 - 01:03 pm: | |
De réir 'A Grammar of Old Irish' (lch. 20) I láimhscribhinní ársa bhaintí feidhm as gutaí dúbailte chun fad a thaispeáint go hannamh eg. 'baan' i n-ionad 'bán' agus 'ee' i n-ionad 'é'. Séamus Ó Murchadha |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3179 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, August 03, 2007 - 06:54 pm: | |
quote:bhaintí feidhm as gutaí dúbailte chun fad a thaispeáint go hannamh eg. 'baan' i n-ionad 'bán' Ní go minic a fhaightear an tseift sin sna seanlámhscríbhinní, áfach, agus chuaigh na gutaí dúbailte as faisean go luath. "Bán" a scríobhtar de ghnáth, agus mar sin de. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|